Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Friday 10 November 2017

‘Translations’ – thiocfadh leis a bheith níos fearr

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana sa bhliain 2013)
DRAMAÍOCHT : Millenium Forum Productions, compántas as Doire faoi stiúir Adrian Dunbar atá tar éis an léiriú is déanaí de Translations Le Brian Friel a thabhairt chun ardáin sa Gaiety san ardchathair.
Tá an dráma suite i scoil scairte i mBaile Beag-Ballybeg sa bhliain 1833. Isteach sa bhaile iargúlta seo tagann Arm na Breataine, a bhfuil sé de chúram acu logainmneacha na hÉireann a aistriú go Sacs-Bhéarla an Rí.
Filleann Owen, deartháir Mhánais ar a bhaile dúchais tar éis sé bliana a chaitheamh i mBaile Átha Cliath. Ina theannta tá an Leifteanant Yolland atá ag obair don tSuirbhéireacht Ordanáis ar mhaithe le léarscáil na hÉireann a chur ar fáil. Feidhmíonn Owen mar aistritheoir agus mar idirghabhálaí idir an t-arm agus muintir na háite.thumb_33668_default_medium
Tosaíonn Owen agus Yolland ag aistriú na n-áitainmneacha; athraíonn Druim Dubh ina Dromduff an Bhéarla, agus athraíonn Poll na gCaorach go Poolkerry agus Burnfoot a dhéantar as Bun na hAbhann. Éiríonn aighneas idir Yolland agus Manus as grá na beirte do Mháire, bean áitiúil.
Suíomh ábhairín ait atá sa Gaiety do dhráma mar seo is gá dom a rá agus seans gur bhain seo ó thús an dráma. Agus an lucht féachana ag bailiú isteach seinneadh ceol gaelach ar an mbosca ceoil ach ba dheacair creidiúint i gcéadradharcanna an dráma de bharr an fhoirgnimh a bhí timpeall orainne lucht féachana.
Ar bhealach níor tugadh ár ndóthain ama dúinn creidiúint sa scoil scairte a bhí ag titim amach os ár gcomhair in amharclann órmhaisithe ar nós an Gaiety. Seit an-chumasach a cuireadh inár láthair, binn tithe ar an dá thaobh, céimeanna na scoile istigh sa lár le crainn sceirdiúla ghaothscaipthe ar chúl is ag déanamh fráma timpeall ar an radharc. Cnoic dhonna stílithe agus cúlra gorm taobh thiar, is réaltaí na hoíche ann leis, do radharcanna faoi leith a chuir leis chomh maith.
Ghlac sé roinnt ama ar an dráma féin socrú isteach ann féin is bhí laigí áirithe ag baint le haisteoireacht Barry Ward. Tá an dráma i mBéarla ach na haisteoirí in ainm is a bheith ag labhairt Gaeilge, cé is moite de na saighdiúirí. Sa lá atá inniu ann is rómhinic ar fad tionchar Bhéarla na stát a chlos ar Bhéarla daoine sa tír seo, agus ar an bhfaraor géar bhí sé sin le clos i roinnt canúintí.
Ní féidir creidiúint gur daoine ag labhairt Gaeilge má chloiseann tú tionchar Bhéarla Mheirceá ar a gcuid cainte. Ag pointe amháin seineann fuaimrian éin ach le fírinne bhain seo ó scéal, ní raibh sé inchreidte in aon chor bhraitheas.
Laige ollmhór ar an dráma ná nach raibh mórchuid na n-aisteoirí in ann an logainmneacha Gaeilge a fhuaimniú i gceart. Nuair ba air sin ba mhó a bhí príomhchoimhlint an dráma ag braith bheifeá ag súil go ndéanfaí iarracht máistreacht a bhaint amach orthu. Laige eile ná gur tugadh ‘Máire’ agus ‘Moya’ ar an mbean chéanna ag pointí éagsúla.
Is mó go mór Gréigise agus Laidine atá le clos sa dráma ná Gaeilge de bharr gur fear mór clasaicí é Máistir na scoile ach go minic is rídheacair déanamh amach céard a deirtear le mungailt a gcainteanna. Le filleadh an mhic dhrabhlásaigh agus an Mháistir cuirtear splanc sa dráma agus lasair sa bharrach. Déantar amhlaidh arís nuair a thuigtear scéal Yolland, fear tuisceanach a thugann gean a chroí don áit agus don chailín áitiúil de réir a chéile.
Is léir go raibh script mháistriúil idir lámha ach nílim cinnte gur chuir an aisteoireacht mórán leis. Go bhfios dom tá leagan Gaeilge den dráma ann, agus de bharr go ndúirt Friel féin go mba chóir gur i nGaeilge a scríobhfaí é, cá bhfuil an dream a léireoidh an leagan sin?
An rud is fearr faoin dráma ná na caidrimh a ndéanann sé cur síos orthu agus an dul i ngleic le galldú na hÉireann. Chuirfeadh seo aon Éireannach ag smaoineamh ar bhánú na Gaeilge agus córas gallda na n-ainmneacha agus logainmneacha, córas seafóideach ar fad ar fad, tá súil agam. Is ar an mbonn sin a mholfainn daoine dul ag breathnú air. Ar an iomlán is dráma taitneamhach go maith a bhí ann agus bhí go leor lón machnaimh le fáil as.
An rud ba laige ar fad na críoch obann an dráma, seans gurb é sin a bhí i gceist ag Friel féin ach tháinig sé aniar aduaidh ormsa, is daoine eile a raibh mé ag caint leo ina dhiaidh.
B’fhearr liom go dtabharfaí deis do dhuine súp a bhaint as an deireadh gan é a rith uaidh. Ó thaobh na scripte de chomh maith, bhraitheas go raibh coimhlint nár tugadh chun réitigh idir Owen agus athair is chuirfeadh sé leis go mór dá ndéanfaí cardáil air sin.
Tá sé ar siúl arís san oíche amárach, Dé Sathairn, 30 Márta 2013, sa Gaiety Theatre, Sráid an Rí Theas, BÁC 2. Céadléiríodh an dráma ag Guildhall Dhoire sa bhliain 1980. Dob é an chéad léiriú é den Field Day Theatre Company a bhunaigh Friel agus Stephen Rea. Leanann an dráma tuairim is 2 uair agus 15 nóiméad agus €15 go €30 atá ar na ticéid.
Cliar
Hugh – Des McAleer
Doalty – Conan Sweeny
Jimmy Jack – Niall Cusack
Maire – Jade Yourell
Owen – Dermott Hickson
Sarah – Genevieve Barr
Lieutenant Yolland – Paul Woodson
Captain Lancey – Nick Tizzard
Bridget – Muireann Bird
Manus – Barry Ward

No comments:

Post a Comment