Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday 24 December 2013

Is túisce tús scéil ná deoch.

Níor chasas ach le bean amháin a raibh Layla uirthi riamh agus b'shin ag a se a chlog ar maidin agus an ghrian ag éirí i dteach mac léinn i mBoston.

Dán grá

Scríobhfad dán amháin deiridh grá duit
Ach seo an ceann deiridh cinnte
agus scriosfad an uile cheann eile.
Sin é. Déanta.

Saturday 14 December 2013

Croithigí Daoibh an Deannach - aistriúchán ar 'Shake the Dust' le hAnis Mojgani

Croithigí Daoibh an Deannach



Sárdhán ar fad ar fad é seo, is é tiontaithe go Gaeilge agam, chuile sheans gur chaill mé roinnt mhaith de ach 
rinne mé mo dhícheall leis!


le hAnis Mojgani

An ceann seo díreach, seo ceann do na cailíní ramhra
seo ceann do na deartháireacha óga,
seo do mheatacháin an chlóis scoile
is do mhaistíní na hóige a chráigh iad
do iarbhanríon an debs, agus do lucht cispheile na gciseán
is do lucht ite cereals oíche is don seandream fáilteoirí doras tosaigh Walmart a oibreoidh choíche
croithigí daoibh an deannach

seo do na binsí agus do na daoine in airde orthu
do na tiománaithe bus a thiomáineann thar mhilliún iomainn bhriste
do na fir a chromann ar thrí phost díreach le go seasfaidh a bpaistí
do na scoláirí oíche agus rothaithe an mheán-oíche a thugann faoi eililt
croithigí daoibh an deannach

Seo dóibh siúd atá dhá bhliain d'aois is nach dtuigtear mar go labhraíonn siad idir Ghaeilge agus bhriathar Dé
croithigí daoibh an deannach

seo do bhuachaillí na ndeirfiúracha fíor fíorálainn
croithigí daoibh an deannach

do chailíní na ndeartháireacha atá ag dul le ceangal
do dhaoine cúthaileacha an chúinne sa rang corpoideachais agus iad siúd deich mbliana d'aois a bhfuil scáth orthu roimh cheathanna poiblí
do ghasúr síordhéanach an ranga mar go ndearmadaíonn sé cód a chealtáin
don chailín sin ar grá léi duine eile
croithigí daoibh an deannach

seo do na fir chrua a shantaíonn grá ach a thuigeann nach dtiocfaidh
dóibh sin a ndéantar dearmad orthu, an dream nach seasann leasuithe an fód dóibh
dóibh siúd a ndeirtear leo labhairt díreach nuair a labhraítear leo, is ansin ní labhraíonn éinne leo riamh. Labhair gach uile uair a seasann tú, le nach ndearmadóir tú féin.
Ná lig do nóiméad sleamhnú thart nach gcuireann i gcuimhne duit go mbuaileann do chroíse 100,000 uair sa lá agus go bhfuil do dhóthain galún fola ann le haigéan a dhéanamh asat

Ná bí socair go socródh na tuillte seo is go mbaileodh an deannach seo i do chuid féitheacha
Seo don phéidifilach aontumha a choinníonn air ag streachailt
Seo do na múinteoirí filíochta agus na daoine a théann ar saoire leo féin
Do na braonta allais ó liopaí Mick Jagger lasta agus don sciorta ar chromáin chasta Tina Turner ghasta, do na flaithis bheaga is chráite a bhfuil Tina tar éis taisteal tríothu
Seo do dhream na tuirse, lucht céapars, teaghlaigh na mbeidh riamh mar na Cleavers, le dinnéaracha dea-dhéanta agus mic amhail Wally is an Beaver.

Seo do lucht an bhiogóideachais
lucht an ghnéasachais
seo do na marfóirí
Seo do chait theach mór an phríosúin ag iompú ina slánaitheoirí agus don chaoi a dtagann earrach i ndiaidh an uile gheimhreadh
Duitse é seo.
Duitse é seo.

Déan cinnte go bhfuil tú bailithe leat faoin am go bhfilleann an t-iascaire
Mar, díreach ar nós an lae, freastalaím an dá thrá, agus chuile uair a scríobhaim, chuile uair a osclaím mo shúile duit gearraim uaim píosaí díom féin díreach le bronnadh ort.
Croith díot an deannach mar sin agus tabhair liom tú nuair a dhéanann, mar níor domsa riamh é seo.
An uile rud siar is aniar, soir is anoir, soir duitse é
Mar sin beir greim ar an gcruinne seo as a phionnaí éadaigh agus croith amach é arís is arís eile is léim ar barr, agus tóg ar spionn é agus nuair a léimeann tú de arís croith arís é mar is leatsa seo.

Déan cinnte gur fiú mo chuid focal, cinntigh nach díreach dán eile a scríobhaim é seo, nach díreach oíche eile a shuíonn go trom lastuas dínn uile. Siúil isteach ann, is sú isteach é, lig dó tuairteáil isteach trí hallaí do chuid lámh, ar nós na milliún bliain de na milliúin filí, ag cúrsaíl 'nós fola, 'pumpáil is ag cáibleáil, ag múnlú na beatha duit, ar chroith díot an deannaigh duit.

Mar sin nuair a bhuaileann an chruinne cnag ar do dhoras tosaigh, beir greim dhaingean ar an mbascrann agus oscail leat, ag rith amach ina lámha leathana fáilteacha sínte le do chuid lámh os do chomhair amach, barra do chuid méar ar crith, chuile sheans.

Thursday 28 November 2013

Bheartaíos dán a scríobh duit- Splancdhán

Bheartaíos dán a scríobh duit
EPÓM


Voice Recorder >> (éist anseo)
Bheartaíos dán a scríobh duit a stór
bheartaíos a scríobh mar is nós linn sa saol iarbhír seo
ar an bpáipéar digiteach, ar an ríomhaire glúine, an laptop
mar is nós linn, a thaisce
agus bhíos amuigh
agus dúirt an ríomhaire go raibh uair an chloig de cheallra aige
agus cheapas go bhféadfainn sin a líonadh
le fuinneamh mo chuid focal
is thosaigh an tonn grá seo ag briseadh ar an trá dhigiteach
is ag briseadh is ag briseadh
ina maidhmeanna
is moghlaeirí na trá caite ina smidiríní
faoi thonn mo ghrá duit

is mé ag druidim le deireadh an dáin
is le fuinneamh mo shaoil is mo cholainne
caite leis is leat
isteach is istigh
go domhain
buailte briste

ar dhuirling dhigiteach an tsaoil iarbhír
is bhíos ag éirí sásta leis an dán
drochnós
nuair a chuala mé ping-ín beag amháin a dúirt
an ping a dúirt

12 nóiméad fágtha go suanfaidh an ríomhaire, 12 nóiméad.

is thuigeas go mbeadh orm
an tonn a chur faoi smacht
an tonn filíochta a bhrú
is a choinneáil liom
mar bhí sé ag teacht chomh tiubh te tapaidh
as mo bhéal
is focail nár thuigeas féin
ag teacht leis
ag sleamhnú thar liopa amach
pléascánta, roisiúil, meargánta
is go raibh an rás tagtha is é leathrite cheana

7 nóimead fágtha de shaol an cheallra. 7 noiméad go suanfaidh an ríomhaire.

ach bhí sé togh mar thuigeas go raibh an plug tógtha liom amach
amach liom leis an ríomhaire glúine,
an laptop,
an trá dhigiteach,
an pár digiteach,
sa saol iarbhír

5 nóiméad fágtha go suanfaidh an ríomhaire.

Ach bhíos ag éirí beagán buartha
agus bhí orm an tonn filíochta
an tonn chun grá seo duit
a ghrá,
a rún,
a lao,
a chur faoi chois
is a cheapadh ar an leathanach

is bhí an mheadaracht foirfe
is bhí an stíl gan locht
is bhí buillí is rithimí na siollaí gan cháim

3 nóiméad go suanfaidh an ríomhaire.

ach bhí na tonnta is na rabhartha
filíochta is grá seo ag teacht uaim amach fós

is bheartaíos dul i dtreo mo mhála is an plug a fháil
ach faraor
níorbh ann don phlug
mar bhí mo chara fealltach tríchosach sáite
i mballa sa bhaile

Is mise gan phlug.

Nóiméad amháin go suanfaidh an ríomhaire.

agus an dán ba dheise is ba fhoirfe
a thaispeánfadh mo ghrá duit is dár gcaidreamh
scríofa agam ar an trá dhigiteach, ar an ríomhaire glúine seo,
sa saol iarbhír.

is d'imigh an scáileán as.

Friday 26 July 2013

'World Without You' le Hudson Taylor aistrithe go Gaeilge - Domhan Gan Tú

Ar saoire dom a bhíos ach roinnt ama le meilt agam mar sin d'aistrigh mé seo.

World Without You le Hudson Taylor

Domhan Gan Tú

ní thuigeann tú an rud atá caillte agat
is mé féin ag fanacht thart le do ghlaoch
ní thuigeann tú an rud atá caillte agat
is tuigeann tú anois nach púca me
ba bhreá liom saíocht an fortune cookie anois
b'fhearr dom i bhfad é
ach tá solas seo na hoíche ar siúl a'm
le bealach abhaile a léiriú duit

dtuigeann tú conas a mhothaíonn sé titim chugtasa
dtuigeann tú conas a mhothaíonn mo ghrá duit
blaisim gach uile dheor a shilis dom go dtí seo
ná dearúd cé thú féin, 'tú-atá-ann

domhan gan tú, céard a dhéanfainn, céard a dhéanfainn gan bheith leat?

Ar fhreastail tú ar rang, rang le do chairde a roghnú?
tuigim féin cá bhfuil tú is ní grá aon lae ar ngrá
dúirt tú go raibh agam a raibh uaim is ag deireadh na dála, d'fhág tú mé
ní duine mé a thuilleadh, gan tú níl ann ach fulaingt fút(sa)



Tuesday 11 June 2013

Písín próis

Thug an ghrian geábh domhain órga isteach trí shlataí coincréide na hollscoile ag aibhsiú na mac léinn ina nduine is ina nduine de réir an chloig gur líon a niamhracht an t-urlár ar fad.

'It did in me bollocks!' Anois seo chugaibh príomhcharachtar an sceitse seo, PD. Ciúnaigh tú féin ansin a mhac.

Fake-Bréagfhear

Féach is bréagfhear é
cén fáth gur grá leat é
is do bhí an locht orm féin
tabhairt go fíochmar fé
agus más díreach cluiche é
cad chuige caoineadh

deirtear liom gur chóir tú a dhearmadú

(leathaistriú beag ar an amhrán Fake leis na Frames)

Dáinín

Inis scéal dom
a chumainn
nach ann ach
leathscéal
is béadsa
splanctha i do
dhiaidh

Mála Duitse

Tá a bhfuil ann de rudaí áille sa mhála seo duit a ghrá
Chuile bhláth cumhra, gach scáth fionnuar
Is milse a bhfuil ann ná a bhfuil de mhilseacht sa chruinne uile
is is gleoite agus is glaine, is gléine, is mó, is deise, is tarraingtí
is saibhre, is scothaí(mas focal sin a stór) is fearr,
sea is fearr a bhfuil istigh anseo ná aon ní
miotalach lonnrach, aon áras fairsing, aon fhaiche mhín
aon impireacht cheansa, aon phóigín dá fheabhas is dá mhilse
agus tá a bhfuil agam thíos istigh agus
leis, breis, tuilleadh is níos mó ná sin arís
níos suaithinsí, níos dochreidte, níos croíspreagthaí, níos cuimsithí
ná eachra buille álainn gona gcosa in airde
gealadhram, drugaí an tsaoil seo is an tsaoil eile
níl farraige níos doimhne, níl tobar níos úire
níl ithir níos doinne, níl oighear níos trédhearcaí
níl duine níos suáilcí
ach i ndiaidh sin is uile is mé á iompar chugat
chailleas é, is faoina mheáchan aisteach
thit sé go grinneall
is d'imigh as

Blag úr

Breacfad roinnt de na scríbhninní fánacha úd atá caite timpeall mo shaoil ar bhlúiríní páir.

Písín

Lig do ski
i mBanladheis
nó i mBanglachlé

Blúirín

Gach réalta sa spéir
gach speirm sa seamhan
chuile ghráinnín gainnimh
ar aon tráth. 

Ní raibh
áireamh orthu. 

Níor mhatamaiticeoir é ach thuig 
sé go raibh an uimhir mór

Dán - Gan Teideal

feicim tú fós
sa gheansaí teann gorm
le brón id ghnúis
mé do do thógáil amach sa ghairdín cúil
le tú a  mhealladh
feicim d'aghaidh
is í lán díot
d'anam
d'íogaire, do leochaile
táim fós ag iarraidh tú
a mhealladh, a bhréagadh
sa ghairdín cúil sin
ach is im ghnúis féin a fheicim an brón
táim fós ag iarraidh tú a bhréagadh
chun suain
ach tá an lá ag teacht
an fiú codladh

Ingneachán Éadromchosach

(do Nioclás Mac Liam as an tinfeadh)

Mo cheol thú a chaitín
a shiúlann fiar mo chosáin
i dtreo chúl an gharraí go maorga

mo ghrá go daingean thú
a phuiscín riabhaigh
nochtann tú dom do
bhánbhrollach le crónachán

mo chroí thú a phangúir
leath-riastaí
ó a ingneacháin éadromchosaigh
choinnneodh a bhfuil de chaithníní
gáis in aer íor na spéire
in ard airde spéire tú

is éadrom do choischéim
ach is éadroime
mo choiscéim féinig
i ngeall air.