Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Saturday 29 March 2014

Dán - FOCal

FOCal

teastaíonn focal don mhothúchán seo
cá bhfuil an foclóirí a chuirfidh ar bhóthar mo leasa mé?

theastódh focal fada, ilshiollach
uaidh seo
é sínte fada ó thaobh go taobh leathanaigh nó fiú dá mbeadh leath-
fhleiscín-deireadh-líne ann a léireodh gur deacair a theanntú is a choinneáil
is sanas nach eol d'éinne
is go measfaí bunús lochlannach, gaelach, gallda, francach, laidineach leis
toisc a aduaine a bheadh
is b'ionann ainmneach is ginideach is tabharthach is iolrach dó
agus ba bhriathar é leis a bhféadfaí a athrú siar aniar chun tosaigh agus a thabharfadh beachtú is mearthuiscint dúinn ar an móthú seo
tugaim iarracht faoi


GRÁin