Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Wednesday 23 March 2022

Sliocht as Tinte na Farraige Duibhe á léamh ag an aistritheoir

Seo sliocht as Tinte na Farraige Duibhe á léamh agamsa. Tá an leabhar féin ar fáil ó Leabhar Breac Ceannaigh an leabhar!

Taifeadadh é seo mar chuid den tsraith Teachtaireachtaí ar @raidionalife

Ba bhreá liom leagan closleabhair a chur amach uair éigin (ach sílim go bhfuil cleachtadh de dhíth orm!) An chaibidil á léamh agam

Seod é an clár ar a bhfuil Tinte, ó 7.15 nó mar sin ar aghaidh. Éist anseo: leis an gClár Teachtaireachtaí (Téama 'Oíche')

 Gach ceart ar cosaint. Seo an sliocht ón gcéad Chaibidil:

 


 

“Tá sé sin craiceáilte. Níl seans ar bith go n-éireoidh leis.” Phrioc Sál an tine le maide. D’fhéach sé na spréacha ag éirí san aer i dtreo an phláinéid dheirg a líon an spéir os a gcionn.
“Fan go gcloisfidh tú an scéal ar fad,” arsa Ríosa. “Lean ort, a Shabhair.”
Bhain Sabhair gal as a thoitín. Leis an lámh eile, chaith sé cloch chruinn in airde san imtharraingt lag, agus ghlac de phlab ina bhois í. Bhí an triúr acu suite i gciorcal timpeall ar thine bheag: Sál, Ríosa agus Sabhair, é ina chlapsholas ar Roghail, an ghealach bheag ba bhaile dóibh. Go hard, bhí an pláinéad dearg, Na Hasta, ag breathnú anuas ar an triúr mar a bheadh súil mhór spéire ann.
Lig Sabhair sruth deataigh as a bhéal. Ghlac sé anáil eile, rinne casacht bheag agus thosaigh arís, “Tá sé an-simplí. Fuair mé scéala. Beidh an obair sa mhianach ag teacht chun deiridh an tseachtain seo agus tá an roicéad lastais deireanach le fágáil maidin amárach féin. Gnáthroicéad lastais a bheidh ann, ceann féinstiúrtha ... gan foireann. Ní gá dúinn ach léimt ar bord — agus amach linn sa spás mar a bheadh piléar ann. Fágaimis an chloch shuarach seo inár ndiaidh sula bhfaighidh an chóilíneacht bás thart timpeall orainn.” 


“Nach mbeidh an tslándáil ar an raon roicéad an-dian?” arsa Sál. “Ní éireodh libh dul thairsti.”
“Fágaigí cúrsaí slándála fúmsa,” agus chaith Sabhair smuga mór seile isteach sa tine.
“Agus cé sa diabhal a stiúrfaidh an roicéad, má éiríonn linn dul isteach ann ar chor ar bith ... tusa an ea?” a d’fhiafraigh Sál. Bhain Sabhair gal eile as a thoitín agus theann sé a ghreim ar an gcloch, “Mhínigh mé é seo ar fad cheana. Roicéad féinstiúrtha a bheidh ann. Ní bheidh deacracht ag Ríosa an inchinn shaorga a dhíchumasú agus tabharfaidh an ríomhaire stiúrtha chuig an stáisiún spáis muid. Beidh deiseanna go leor sleamhnú isteach sa stáisiún féin nuair a thiocfaidh muid chomh fada leis. Ní bheidh aon súil acu go mbeidh duine ar bith ar bord, mar sin ní bheidh siad dár lorg.” 


“Ó, togha uilig,” arsa Sál. “Ní fheicimse go mbeidh gá agaibh liomsa, mar sin. Is cuma liom má chuirtear ar ais isteach sa phríosún sibh nó má fhaigheann sibh bás amuigh sa spás, ach ó mo thaobhsa de, ní theastaíonn uaim baint ná páirt a bheith agam leis an tseafóid seo.”
Sheas Sabhair go tobann. “Bhfuil a fhios agat, a Sháil, is cladhaire thú. DJ dioscó.” Rinne sé gáire searbh. “Beidh tusa sáinnithe ar an gcloch seo go brách na breithe.”
“Teastaíonn uaimse fágáil chomh maith le duine ar bith,” arsa Sál gan breathnú ar Shabhair. “Ach ní ar an mbealach sin, agus ní leatsa.” 


“A Sháil, gabh i leith.” Rug Ríosa greim ar a lámh. “Caithfidh tú teacht in éineacht linn. Ná fan go dtí an nóiméad deireanach. Is gearr nach mbeidh saol ar bith agat anseo.”
Sheas Sál agus tharraing sé a lámh ó ghreim Ríosa. Thiontaigh sé ón tine chnámh agus bhreathnaigh amach ar an gcathair. Bhíodar ar mhullach cnoic amuigh san fhásach, achar beag taobh amuigh de phríomhchathair na cóilíneachta. Bhí soilse geala na cathrach ina loinnir ar bhrat dubh an fhásaigh fúthu. Nach brónach an radharc é, a smaoinigh Sál. Tógadh an triúr acu ar an ngealach seo, sa chathair sin thíos, ach bhí leath na cathrach tréigthe anois, agus na daoine a bhí fágtha, bhíodar ag déanamh tréaniarrachta í a fhágáil chomh luath agus ab fhéidir, sula dtitfeadh an chóilíneacht ar fad as a chéile ina raic ainrialach. Ach ní raibh sé chomh héasca sin. Bhí praghas na dticéad i bhfad ró-ard agus ba bheag duine a bhí fágtha a raibh dóthain airgid acu le héalú.

“Seo, gabh i leith uait, a Sháil.” Rinne Sabhair iarracht gáire geal a dhéanamh. “Beidh gá leat, gan amhras.” Bhain sé gal mhór as a thoitín. “Sé an chaoi a bhfuil sé, ní éireoidh liom an tslándáil a chur ó mhaith, tuigeann tú, gan méarlorg duine éigin atá glan, duine éigin nach bhfuil a chuid sonraí ag na póilíní.”
“Ó, tuigim anois thú,” agus lig Sál osna.
“A Shabhair!” bhí Ríosa ina seasamh anois. Chas sí chuig Sál, “Ní mar sin atá sé ar chor ar bith, a Sháil. Caithfidh tú teacht linn. Táimse ag iarraidh go dtiocfaidh tú in éineacht linn.”
“Mar sin atá sé, gan amhras!” arsa Sabhair. “Tarlaíonn go bhfuil tú úsáideach dúinn agus má tá splanc céille ar bith ionat tapóidh tú an deis agus í agat.” 


“Ní hea in aon chor!” arsa Ríosa agus í ag siúl timpeall na tine i dtreo Shabhair.
“Ná cuir do chuid cainte amú, a Ríosa.” Chas Sál ar ais chun na tine. Bhí Sabhair agus Ríosa ar aghaidh a chéile anois agus amharc dubh á thabhairt ag an mbeirt ar a chéile. Ní raibh Ríosa ach leath chomh hard le Sabhair ach bhí a lámha fáiscthe ina ndoirne lena taobh aici. “Ná bac leis, a Ríosa,” arsa Sál arís. “Tuigim cúrsaí anois, ní rachainn leis an dearg-amadán sin pé scéal é. Ná bac leis.”
“Sea, ná bac leis,” arsa Sabhair. “Is léir gur cladhaire thú, a Sháil, agus is maith a bheidh sé tuillte agat buinneach dhearg an bháis a chac asat ar an ngealach shuarach seo.” Chaith sé an chloch amach sa dorchadas agus shiúil sé leis go sciobtha, síos an learg ghéar i dtreo na cathrach.
“A Shabhair, in ainm Dé, tar ar ais,” a ghlaoigh Ríosa ina dhiaidh ach freagra ní bhfuair sí.
Chualadar trost Shabhair ar ghaineamh an bhóthair agus ansin thit ciúnas ar an oíche. Bhí an tine ag cnagarnach léi go fóill, spréacha á ligean chun na spéire aici.
“Tá sé ina chac agat anois,” arsa Ríosa agus lig osna. “Ní raibh sin stuama.”
“Cad a rinne mise?” 


“Bhuel, níl críochnaithe aige sin leatsa go fóill,” arsa Ríosa. “Tá eagla orm, a mhic ó, nach bhfaca tú a dheireadh go fóill. Íocfaidh tú as.” D’fhéach Ríosa agus Sál ar Shabhair ag imeacht uathu, agus nuair a d’imigh sé as radharc, thosaíodar féin ar an mbóthar, iad ag imeacht tríd an meathdhorchadas ar ais chuig an gcathair. 


Bhí an tine chnámh thart ar thrí chiliméadar ón gcathair agus shiúladar an chuid is mó den tslí ar ais gan focal eatarthu. Bhí an oíche meirbh fós agus bhí tormán na cathrach le cloisteáil i bhfad ar shiúl. Duine dainséarach é Sabhair, a smaoinigh Sál, agus chuir sé eagla air go raibh Ríosa ag coinneáil a chomhluadair go fóill. D’fhéach sé síos ar Ríosa lena thaobh fad a bhíodar ag siúl. Bhí sí gléasta i seanchulaith spáis dhubh a bhí teann ar a colainn, rud a chuir cuma sheang shlachtmhar uirthi. Ach ní raibh Sál meallta aici. Bhí sí beag agus leochaileach i gcónaí. Ansin chuimhnigh sé ar a cuid oibre.
Bhí Ríosa ag reic drugaí sna clubanna oíche agus ba é Sabhair a bhí á soláthar, é mar shaoiste aici ar bhealach. Bhí Sál ag obair mar DJ sna clubanna céanna, agus ba mhinic a d’fheiceadh sé an foréigean a bhain leis an saol sin. Bhí Ríosa sáite i gceartlár gach ruda. Ba chuma leis cad a dhéanfadh sí chun a cuid a shaothrú, ach na daoine a raibh lámh acu sa saol sin bhí siad contúirteach, éigiallta. Agus bhí Sabhair i measc an dreama ba mheasa acu. 


Ach cad a d’fhéadfadh sé a dhéanamh? Ba gheall le deartháir le Ríosa é Sál. Bhí aithne acu ar a chéile ó bhíodar an-óg; ba ar an tsráid chéanna gar don mhianach a tógadh iad. Bhí cónaí orthu le chéile anois, an bheirt acu in árasán beag i lár na cathrach. Ó am go ham, agus iad fós ina ndéagóirí, ba leannáin iad, ach níor mhair sé sin i bhfad riamh. Bhídís ag argóint agus bhídís in adharca a chéile. Iad le chéile lá amháin agus scartha an chéad lá eile, bhíodar ann agus as, arís agus arís, agus faoi dheireadh thiar, rinneadar socrú de chineál. Anois, agus le fada, ba dhlúthchairde iad agus b’in an méid. Fuair Sál amach go luath nach bhféadfadh sé rud ar bith a rá le Ríosa. Bhuel, d’fhéadfadh sé a rogha ruda a rá léi, ceart go leor, ach ní éistfeadh sí leis. 


Ach níor chóir dósan a bheith ag seanmóireacht pé scéal é. Bhí seisean gafa sa domhan céanna, nach mór — na clubanna céanna, an saol céanna. Ach DJ maith a bhí ann, bhí a fhios aige sin, agus ba é sin an t-aon dóchas a bhí aige. Bhí na clubanna gnóthach go fóill beag, cé go raibh an chuid eile den chathair bánaithe. Daoine óga a bhí fágtha den chuid ba mhó toisc gurbh iad an dream ba bhoichte. Theastaigh uathu éalú ón gcruachás ina raibh siad, agus bhí a ndúil sa damhsa agus sa spraoi istoíche ag éirí níos tréine de shíor, agus bhí Sál ag baint clú amach dó féin ag casadh na gceirníní dóibh.
Dá dtabharfadh duine éigin ón taobh amuigh aird air, duine éigin ó na clubanna móra ar cheann de na stáisiúin spáis, cuir i gcás, b’in an bealach ab fhearr a bheadh aige imeacht ón gcloch seo, i bhfad níos fearr ná síob mhídhleathach a ghlacadh ar roicéad lastais in éineacht leis an ngamal sin, Sabhair. Chaithfeadh sé labhairt le Ríosa, ní raibh a fhios aige conas, ach chaithfeadh sí é a thuiscint, chaithfeadh sí é a chreidiúint. D’imeoidís ón ngealach seo ar bhealach éigin eile, d’imeoidís ó Roghail. Ní raibh i bplean Shabhair ach lámh a chur ina mbás féin. 


Shroich siad na ráillí ar imeall na cathrach agus stad siad ag an bhfál ard a sheas idir an chathair agus an fásach. D’fhéach Ríosa suas ar Shál agus bhí miongháire ar a haghaidh aici. Lonraigh solas dearg an phláinéid mhóir ina súile. “An bhfeicfidh mé ag an gclub thú?”
“Feicfidh, cinnte,” ar seisean. “Caithfidh mé ceirníní a fháil ón árasán ach ní bheidh mé i bhfad.” D’fhéach sé uirthi agus í ag dreapadh thar na bhfál agus ag imeacht isteach sa chathair i dtreo an chlub. Caithfidh mé labhairt léi, a dúirt sé leis féin arís. Léim sé thar an gclaí ansin agus thosaigh ag imeacht síos an bóthar i dtreo an árasáin. 


Bhí an bóthar lasta ag solas na bhfógraí neoin a bhí ar crochadh ó shreanga idir na foirgnimh arda. Bhíodar ar siúl i gcónaí agus iad ag caochaíl leo, cé go raibh na siopaí a bhí á bhfógairt acu dúnta anois. Bhí Sál faichilleach agus é ag gluaiseacht trí na sráideanna folmha. Bhí sé rud beag níos lú ná an gnáthdhuine ar Roghail agus bhíodh sé cúramach agus é amuigh ar na sráideanna istoíche. Ó thaobh a mhéide de, bhí Sabhair ar nós an tromlaigh, ach ba de sheansliocht a bhain leis an ngealach é, sliocht a d’fhás ard san imtharraingt lag leis na céadta bliain anuas, ach ba go gairid sular rugadh é a tháinig tuismitheoirí Sháil go Roghail, as pláinéad a bhí i bhfad ar shiúl, agus mar sin, cosúil le Ríosa, bhí sé beagán níos lú. Bhí sé gléasta mar ba nós leis, gruaig bearrtha go gearr agus éadaí loma dubha. Ní raibh aon chuma air gur duine saibhir a bhí ann. Ní shílfeadh éinne go raibh rud ar bith luachmhar á iompar aige, rud ar bith ab fhiú a ghoid, ach fós féin, bhí an ghadaíocht agus an choiriúlacht ag éirí níos coitianta, lá i ndiaidh lae, i gceantracha tréigthe na cathrach go háirithe, agus shiúil Sál leis go sciobtha nó gur shroich sé a shráid féin.

 

*** 


—D’fhéach sé in airde ar na réaltaí agus ar fhíor na spéire. Bhí an gaineamhlach ag oscailt amach roimhe agus chonaic sé solas an raoin roicéad beagán ó dheas ón áit ar a raibh sé ag díriú.