Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday, 22 April 2025

Ní Liomsa an Teach Álainn Seo - léirmheas drámaíochta

Fiosrú suimiúil ar cheisteanna féiniúlachta, idir inscne agus náisiúnacha. Ealaín phéintéireachta álainn in úsáid. Tosach agus eireaball i mBéarla ar chúis nár thuigeas ar fad.

Scéal grá leispiach iontach ina lár, a théann chun castachta nuair a thagann amhras féiniúlachta ar dhuine acu. Cabhraíonn an Donn Cuailgne léi/leo/leis teacht ar thuiscint níos fearr fúthu féin. Chuaigh an dráma i bhfeidhm orm. Dráma aonair a raibh beagán an iomad ama i gceist leis an athrú idir na carachtair, arbh fhearr beirt aisteoirí chun é sin a réiteach? Chabhraigh culaith an Doinn le cruthú an charachtair ach bhain a t-athrú an teannas den léiriú. Ba dheas Gaeilge Mhaigh Eo a chlos ann - canúint nach gcloistear go rómhinic san Ardchathair.

Ní Liomsa an Teach Álainn Seo - Smock Alley Theatre 1662

Ba dhána an carachtar an Donn Cuailgne agus uaidh siúd a tháinig cuid mhór den ghreann, agus den fhearúlacht nimhe roimh dheireadh. Uaireanta is féidir le sainchanúint ar charachtar faoi leith a bheith mar bhac tuisceana. B’fhearr an deireadh a choinneáil níos teinne agus níos giorra. Bhraith sé mar a bheadh críoch bhréagach nó dhó ann agus go raibh ar tháinig roimhe á athrá. Ar an iomlán d'oibrigh sé mar dhráma agus chuir mé ag smaoineamh go domhain faoi na ceisteanna lárnacha ann, go háirithe i bhfianaise a bhfuil ag tarlú do chearta daoine trasinsneacha ar fud an domhain faoi láthair. Croí mór maith ann, agus spléachadh tuisceanach ar cheisteanna cultúrtha agus féiniúlachta, shíleas. Iontach a leithéid a bheith á phlé sa Ghaeilge.

17 + 18 Aibreán | Scoil na mBuachaillí
Léiriú de chuid Cult Collective. Anna Ní Dhúill a scríobh agus a stiúraigh.
Seoirsín Bashford mar aisteoir ann.




No comments:

Post a Comment