Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Thursday 19 November 2015

1 Áiseanna Deiseanna Foghlamtha Gaeilge: do Chonradh na Gaeilge 2015

Irish language learning resources 2015 


Cúrsaí/Courses
Now You're Talking - youtube https://www.youtube.com/watch?v=7nz--LpYC30&list=RD7nz--LpYC30#t=12
BBC Giota Beag http://www.bbc.co.uk/irish/articles/view/625/english/
Independent http://www.independent.ie/life/family/learning/learn-irish-with-liam-o-maonlai-26460087.html  free online course with PDFs and MP3s for download.
RTÉ’s multimedia course Turas Teanga (www.rte.ie/tv/turasteanga) remains a popular choice for intermediate level learners.
Aip
Duolingo
Ar líne/Online
Gmail, Twitter, Facebook all have at least desktop version available in Irish/ ar fáil i nGaeilge
Bank of Ireland ATMs
http://indigenoustweets.com/ga/ - all tweets in Irish/all Irish blogs too.
Facebook group called "Gaeilge Amháin" 6,000+ members, mad craic.
Foclóirí/Dictionary
www.teanglann.ie - great dictionary resources, grammar, sound files
Abair.ie – An amazing voice synthesiser for Irish text. Can help train you in your pronunciation.
TV/Teilifís/Raidió
TG4 http://www.tg4.ie/ Tg4 – Ireland’s Irish language TV station. Watch TV shows originally in Irish! Check out the Ros na Rún page (and click “Féach ar” [watch]) to watch a soap opera entirely in Irish!
Raidió na Gaeltachta - http://www.rte.ie/rnag/
RnaG – Ireland’s main Irish language radio station that you can listen to live. This is the best way to hear what the language actually sounds like! The entire page is in Irish, but click on “RnaG beo” (beo=live) link beside the radio image in the top-right to open up the stream.
Raidió na Life http://www.raidionalife.ie/
Raidió Rírá http://www.rrr.ie/ pop music
Publications/Foilseacháin
http://beo.ie/
Beo! is a monthly magazine made accessible by its interactive glossaries which enable the reader to click on difficult phrases and get an English language translation.  wide range of articles
Tuairisc - online paper http://tuairisc.ie/
Nós - http://nos.ie/ - online magazine
Wednesdays Irish Independent insert –Seachtain
Cén áit le dul? Places to go
Conradh na Gaeilge, 6 Harcourt Street - bookshop, bar, An Siopa Leabhar, Club Chonradh an Gaeilge
An Ciorcal Díospóireachta https://www.facebook.com/anciorcal debating group
Turas treoraithe timpeall na cathrach a dhéanamh leo as Gaeilge -tours in irish https://www.facebook.com/maitiu.tours?fref=ts
An Béal Bocht - oíche shóisialta- social/music/poetry night check out facebook
GaelGÁIRÍ- stand up as Gaeilge.
Siopa beag Gaelchultúr ar Shráid an Chláraigh
Óga Yóga- Yoga in Irish
Áras Chrónáin - Irish language centre in Clondalkin
Ciorcal comhrá TCD sa Bhutrach gach Céadaoin Irish conversation circle in Buttery in TCD on Wed.
An t-Ionad Buail isteach, Connolly Books, Barra an Teampaill gach Aoine idir 1.00 is 4.00 i.n. Fridays between 1 and 4 in Temple Bar.
Central Hotel, Exchequer st (Cén Ghaeilge atá air?) gach satharn ag a 1.00 a clog i.n. Saturdays
Bíonn ciorcal cómhra eile sa Czech Inn (Sráid Essex) oíche Dé Mháirt @ 7pm freisin. Conversation circle in pub Tues.
Tá thart fá 35 mhaidin chaife trí Ghaeilge sa liosta ag an nasc seo  - coffee mornings
http://nasclegaeilge.org/maidineacha-caife/ .  
Teach Tabhairne Molloys sraidbhaile Thamhlacht chuiile Deardaoin ag a 8 a clog



Saturday 14 November 2015

Sonnet le David Wheatley agus The Bridge le Tom Pickard aistrithe go Gaeilge,

An Droichead
Tom Pickard
Chuimil sí a ghualainn
lena sciorta agus í ag dul thairis
agus chuir beoir ar an mbord
nár íoc sé as. Níor aithin éinne,
a saoiste fiú. Nuair a cheannaigh sé ceann eile
le nóta cúig euro, thug sí briseadh as deich dó.
Agus é ag fanacht sa charr fada basctha
trasna ó fhuinneog chuntar an bhia
bhailigh sí gloiní agus chuir snas ar na boird
le ceirt fhliuch, scuab a cuid gruaige, scáthán
idir seilfeanna an bhiotáille
agus smear beoldath trasna a béal.
Chomhairigh fear an tí an t-airgead tirim agus bhreac nótaí
ar chúl mataí beorach a bhí greamaithe taobh thiar den scipéad.
Ag tiomáint dóibh trí na bruachbhailte brádándaite
thit an chathair léi fúthu.
Pháirceáladar faoin droichead
agus d’amharc isteach san uisce crón.
Tá triocha nóiméad agam sula n-aithneoidh sé imithe mé.

D’ardaigh an teasaire buí-chuirtín d’fhómhar-aer timpeall orthu
iad ag grá-focáil lena gcuid éadaí orthu
i gcúl an chairr fhada, saothar anála ar an inneall.
Ainmhí fada aonair ag bogadh thart faoi charnán cótaí.
Lena monarchana tréigthe
agus a longchlósanna druidte bhuail an abhainn
a cuid cromán in éadan na gcéanna tite,
in éadan na sleamhnán a bhí díomhaoin, is in éadan chnámharlaigh na stáitsí lastais.
Blocanna árasán de shíor i dtreo an imill ar an mbruach thall.
Roinnt fuinneoga dorcha, roinnt lasta:
bean ag glanadh gréithre agus fear ag cócaráil suipéir dhéanaigh
Soilsí ó theilí teilgthe ar dhallóg dhúnta.
D’fhéach sé in airde ar an droichead a thrasnódh sé lá arna mhárach
ag dul ó dheas, ar thoir poist, ar thóir saoil.
Rachainn leat dá bhféadfainn.





Thursday 12 November 2015

Tuairimí

Roinnt smaointe

Léigh mé na gearrscéalta agaibh agus thaitin siad ar fad liom. Táim ag súil leis na teidil a chlos anois!

Scéal 1 an-deas, thaitin athrá na línte ag an tús agus ag an deireadh liom. Seans go mbeadh tuilleadh cúlra go maith, cé hí agus dá bhféadfaí bheith soiléir faoi sin sa chéád alt nó mar sin ach seans mar sin féin go bhfuil an scéal iomlán mar atá agus go gcabhraíonn loime leis.
Scéal 2

 An-mhaith agus suimiúil, díreach rud a rith liom an bhfuil an píosa “Bhí boladh uafásach tobac agus beorach ag teacht amach óna béal agus bhí a lámha súicheach.” róshoiléir(obvious)? An féidir an rud céanna a chur trasna gan a rá chomh neambhalbh sin? Measaim go gcabhródh sin leis. An píosa deiridh nílim cinnte an bhfuil sé soiléir go leor, cén rud a tharlaíonn i bhfírinne? Ceapaim go gcabhródh sé dá mbeadh beagán réamhmhacallú air agus an cur síos deiridh níos cinnte.

Scéal 3, an-mhaith agus an-leárgas tugtha ar an gcarachtar. Seans gur carachtar gan fód atá sa leaid, seans gur sin atá uait áfach. Díreach rud amháin a rith liom faoin gcéadalt,
“ba ró-mhilis a phóg” cuireann seo an chomhairle a léamar a dúirt gan aon rud a bhfuil taithí againn air a fheiceáil a scríobh. Baineann tú úsáid as teanga an-saibhir mar sin seans gur sin is fearr duit ach an bhfuil an chéad alt seo rómhilis ar fad mar chur síos, agus na nathanna ró-éasca duit? Seans go bhfuil uait corr nua a bhaint astu ach measaim go mbeadh sé suimiúil feiscint conas é sin ar fad a chur in iúl trí úsáid a baint as nathanna nach bhfacamar riamh cheana?

Níl anseo ach tuairimí agus i bfhírinne thaitin na scéalta ar fad liom, tá rud éigin spéisiúil/taitneamhach faoi gach ceann acu. Molaim an obair.

Sunday 8 November 2015

The Dirty Dust, Titley, Cré na Cille, Máirtín Ó Cadhain

(ag iarraidh fabhtanna a aimsiú anseo a bhíos.)

Bhain mé an-sult as an tiontú seo a léamh. An cheist is mó a bhí ag dó na geirbe agam ná an mbainfeadh an Cadhnach úsáid as an mBéarla seo é féin? Is féidir a bheith nach mór cinnte nach mbainfeadh. Tá léite agam go raibh rian na Victeoiriach ar Bhéarla a Chadhnaigh. Ceist eile a bhí ag déanamh tinnis dom, ná smaoineamh dá dtógfaí ar na saolta seo é agus Béarla ina chloigeann an mar seo a scríobhfadh sé é? Is féidir gur mar seo a bheadh, ach measaim go mbeadh i bhfad níos mó Béarlagair agus caint ríbhlasta thíríuil na tuaithe ann. Dúradh faoi Cré na Cille go raibh móran chuile fhocal ó Bhearna go Carna ann agus taoscadh na farraige a bheadh ann móran chuile fhocal ó Bhanglaidéis go California a chur sa tiontú gan amhras.

Tá tionchar Bhéarla Mheiriceá ar aistriúchan seo Titley le 'hillbilllies' ar 'lucht an tsléibhe' in áit' the mountain folk' nó 'mountainy people'. Tá Béarla reatha dhomhan an Bhéarla trí chéile ann 'happy out' agus mar sin de. Ar 'gailimaisíocht' tá 'bullshit' ag an Titlíoch, nílim cinnte an bhfuil seo dílis ar fad agus is dána an té a chuirfeadh roimhe 'an raicleach' a athrú ina 'the cunt'. Seans gur sin is túisce a rithfeadh leat sa la atá inniu ann ach seans go bhfuil sé rud beag thar cailc anseo.

Tá 'sipping and supping' aige ar 'ag diúgaireacht' is éasca seo a cháineadh mar rud beag Titliúil a bheith sáite isteach, féirín nach raibh gá leis ach is féidir, fós, gur bhraith sé gur theip air ceol na bunteanga a thabhairt leis áit éigin eile is go raibh air an comhar a chúiteamh anseo.

Athraítear 'mo ghrá é Hitler' ina 'Hitler's my darling' ní oireann sé seo dar liom, 'I love Hitler' no, 'Good man Hitler' a bheadh agam air.
 
Ansin 'pruchóigín' go 'kip' arís eile rian an Bhéarlagair, ach le 'pruchóigín brocach' tá 'crap' aige, ní fheicim go bhfuil seo níos oirúnaí ná 'filthy' nó mar sin.

Maidir le 'Caitríona Paudeen' ceapaim gur peaca marfach an 'Paudeen' seo, aisteach go leor mar go ndeir Totley sa réamhrá nár theastaigh uaidh cuma na mbochtán a chur orthu. Níl i ngalldú ainmneacha dá leithéid dar liom ach seafóid atá imithe ó mhaith agus as dáta ar fad. Bíonn na hainmneacha pearsanta lán-Ghaelach nó lán-Ghalldaithe.

'mise a chuir na hordógaí ort' athraithe ina 'I closed your eyes.' Measaim go gcailleann seo an gníomh fisiciúil a bhaineann le súile duine a dhúnadh, is féidir a rá go raibh a leithéid de phost i bhfad níos normálta i sochaí an lae úd agus go raibh Titley ag iarraidh go mbeadh an éifeacht chéanna aige seo don léitheoir reatha is don dream úd a cuireadh ina leith an leabhar a léamh os ard timpeall na tine. Mar sin féin measaim gur leimhe go mór an rud a chuireann Titley ina áit.

Beidh sé suimiúil feiscint cén cruth a bheidh ar iarrachtaí Mhic an Iomaire agus Robinson. Spéisiúil go maith tá ráite ag CIC go bhfuil súil acu an leabhar a bheith aistrithe go 20 teanga eile in imeacht roinnt ama eile.