Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday 9 April 2019

Aistriúchán Gaeilge ar An Sciobairín (Revenge For Skibbereen) le Séamus Mac Conmidhe

A Athair caoin is tric a bhíonn tú ag caint ar Éirinn bháin,
A harda glas', a bánta fras', a sléibhte mór' fiáin',
Áit suí rímhaith ag rí is flaith, níl tír ar bith níos breá',

Mar sin cad chuighe ar thréig tú í,
In's dom anois cén fáth?

A Mhaicín breá ba bhuan mo ghrá ar Éirinn bháin go deo,
Go dtáinig dubh ar phrát', orú, is chaill mé caor' is bó,
Le cáin is cíos a bhí mé thíos, gan spré agam ná maoin,
Is sin an fáth, mo chreach is mo chrá, ar fhág mé Sciobairín.

Sa dúlaíocht a tháinig siad, beidh cuimhne agam go deo,
An tiarna is an pílear leis le creataí an tí a dhó,
Le sinn a chur i mbéal ár gcinn amach i mbéal na sín’.
A-gus sin fáth, arís, mo chrá, ar fhág mé Sciobairín.

Go ndéana Dia a mhaith uirthi, do mháthair mhuirneach dhil,
Le huafás croí is scéin thit sí ar bharr an tsneachta ghil,
Níor éirígh sí arís a chroí, ach shiothlaigh ansin uainn,
Anois is buan atá a suan i reilig Sciobairín.

Ní raibh tú ach an dá bhliain d'aois, tú beag is lag is bocht.
Ní fhágfainn thú le cairde gaoil nó mo shloinne féin a bhí ort.
Chuach mé thú i mo chóta mór le coim na hoíche caoin.
Le hosna throm a thriail mé liom is thréig mé Sciobairín.

A Athair caoin ní fada uainn go bhfreagrófar an glaoch,
Beidh feara fáil go teann i ndáil faoi bhratach ghlas na laoch.
I gceann an tslua chun báis nó bua bead daingean dána righin,
faoi éide is airm, is tógfad gairm, i gcuimhne Sciobairín!