Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Friday 10 November 2017

Faoistin - Dráma Aon-Ghnímh

Troscáin: Ar an taobh clé tá suíochán agus bord, sa lár níl ach mionphíosaí smionagair agus ar dheis tá bord aifrinn clúdaithe le clúdach bán nó altóir de chineál a bhfuil cútraimintí an aifrinn air, ina measc, cailís, bíobla agus coinnle.

Leagan amach an ardáin: Glacann an garda an taobh clé den ardán, glacann Kev an lár agus an Sagart an taobh dheas.

Soilse: Trí spotsholas dírithe ar na carachtair aonracha, ba chóir go soilseodh an spotsholas an carachtar agus an troscán timpeall air gan mórán de na carachtair taobh leis a thaispeáintar chor ar bith más féidir. Fanann spotshoilse carachtar nach bhfuil ag labhairt múchta, seachas cúpla eisceacht.

Tá an garda gléasta in éide ghardía, fear ard, cuma stuama air. Ta an sagart gléasta in éadaí dubha an tsagairt maille lena bhóna bán teann timpeall a mhuiníl, fear tanaí seang, a bhfuil cuma chráite air, gan aon bheocht ann ach rian den fhearg is mórchúis. Tá Kev gléasta i gculaith reatha bán agus dúghorm, dá mhéad brandaí spóirt air is ea is fearr é, tá a ghruaig gear is gel ann chun tosaigh le glibín beag giobalach gruaige ag gobadh amach. Labhraíonn se le canúint thréan Bhaile Átha Cliath. Fáinní ar a mhéara, is slabhra timpeall a mhuiníl. Tá sé meánach ó thaobh airde agus tanaí, cuma mhíshláintiúil air. I dtús an dráma tá cuma bheoga air agus é ag míniú an scéil dúinn ach athraíonn seo de réir mar a leannan an dráma ar aghaidh is ag dul i bhfeirge agus ar mire atá sé, goilleann a scéal go mór air go dtí go dtagann beagán den stuamacht chuige arís ag an deireadh ar fad.


Ardaítear an Brat


Sagart: (ag seasamh, go sollúnta, fadálach, guth beagáinín beag leadránach) In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.

Kev: (ag breathnú amach ar an lucht féachana ó dhuine go duine ag míniú an scéil ar nós gur seanchara leis an lucht féachana é) Rugadh é thuas i Móirín, an teach scriosta sin ar chlé ag an mbarr, an ceann leis an tolg taobh amuigh sa ghairdín chun tosaigh le féar ag fás anuas as. Aisteach go dtabharfá gairdín ar an bpaiste beag féarach sin. Díreach in aice leis an áit ar scaoilt Paudge a chloigeann ar an mbóthar, gcuimhin leat? An fhuil fucan ar fud na háite is Paudge laidhc- “táim dallta, táim dallta” bhí an ceart aige, bhí sé fucan dallta ag an bhfuil, ag dul isteach sna súile aige.

Sagart: A Bhráithre, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne chun go mb'fhiú sinn an t-Aifreann a cheiliúradh.

Kev: Bhuel, rugadh thuas ansin é, rugadh sá teach é, ní raibh an t-am, nó rud éigin, dul go dtí an t-oispidéal, Ceapaim gur thug dochtúir cuairt ar an teach ina dhiaidh ach nach cuma, b’shin mar a bhíodh ag an am, crua amach is amach, ón gcliabhán!

Garda(Tagann garda isteach sa seomra agus suíonn síos, cúpán caifé ina láimh aige, tá bord ós a chomhair, tagann sé isteach agus suíonn air, ar nós go bhfuil sé ar a chompord,  agus labhraíonn go cneasta ach bríomhar) Céard a thárla? Díreach abair linn, tuigimid gur drochscéal ar fad atá ann agus gur baineadh siar asat ach caithfidh tú a thuiscint go gcaithfimid fáil amach?

Sagart: Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha sioraí sinn.  #Pobal: Áméin.#

Kev: Bhíodh se i gcónaí ag fanacht linne nó le Dan nó duine de na leaids, rudaí lena thuistí tuigeann tú. Bhí a fhios ag gach éinne thuas in aice leo i Móirín é, go raibh siad ag troid laidhc, dhera nach gcloisfeá iad agus tú amuigh ar an tsráid fiú, ach níor labhair éinne faoi riamh, tost, ciúnas…

(Ag briseadh isteach ar an gcaint i lár abairte)
Sagart: (fuaimíonn gach focal go soiléir is deir go tréan iad) Tusa, a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn.Tusa a thógann peacaí an domhain, glac lenár nguí.Tusa atá i do shuí ar dheis an Athar, déan trócaire orainn.

Kev: An gcuimhin an garráiste Maxol thuas ag barr an bhóthair? Lá éigin nuair nach raibh pingin againn, sé sin lá de na laethanta nach raibh pingin inár bpócaí againn, gcuimhin leat go ndeacaigh sé isteach sa siopa ann,  bhuel chuir Dan isteach sa siopa é le stuf a fháil dúinn, agus tháinig se amach le bosca lán de Monster Munch, an bosca ar fad, a leithéid seo,( ag léiriú cé chomh mór is a bhí an bosca) agus shiúl amach leis agus thugamar na sála linn, a dhera, níor thaitin Monster Munch móran liom i ndiaidh sin, caithfidh gur ith mé 10 bpaicéad an lá sin de bharr nach raibh aon rud eile le déanamh againn, thugamar mionn tar éis na h-eachtra sin nach n-íosfaimis paicéad Monster Munch go deo na ndeor, agus bhfuil fhios agat, ní dóigh liom gur ith mé riamh arís iad, ha…. (casann ón slua, ciúnas siúleann thart agus casann ar ais chuig an slua. )

Garda:Tuigtear dúinn gur tharla ionsaí de chineál agus dáiríre ag an bpointe seo níl mórán eile gur féidir liom a rá ina thaobh seo.

Sagart:  Óir is tú amháin is naofa. Is tú amháin is Tiarna. Is tú amháin is ró-ard, a Íosa Críost, mar aon leis an Spiorad Naomh i nglóir Dé an tAthair. Áiméan.

Kev: (go h-aisteach ag míniú scéil nach bhfuil fonn air a mhíniú) Mharaigh sé duine, ceapaim, an lead sin, an lead a rugadh thuas i Móirín, is dócha nach bhfuil aon fhírinne ann dáiríre nó rud éigin, ach sin a deir siad pé scéal é, gur mharaigh sé sagart nó rud éigin mar sin, ceapaim gur fhág sé an tír ansin agus d’imigh go Sasana nó rud éigin.

Sagart: Is beannaithe thú a thiarna, a Dhia na cruinne mar gur bhronn tú orainn an fíon seo a ofrálaimid duit. An talamh agus saothar an duine a thugann é mar thoradh agus déanfar de, deoch spioradálta dúinn.

Kev: Chuaigh sé ar altramas níos luaithe ina shaol, bhuel, tógadh ar altramas é ar ndóigh, ach, a, bhí sé fillte ar an teach uair éigin, caithfidh go raibh, ar aon nós, mar bhí sé ar scoil linne ar feadh tamall de bhlianta ar a laghad, thart ar rang a 3 nó 4 go dtí an chéad bhliain, ní bhíodh sé ar scoil ina dhiaidh sin… ní dóigh liom.

Sagart: (go bríomhar le rithim an Aifrinn) An oíche ar tugadh suas é thóg sé an t-arán, ghabh sé buíochas leat, thug moladh duit, bhris an t-arán agus thug dá dheisceabail é a rá…Glacaigí agus ithigí uile é seo: óir is é seo mo chorp a thabharfar ar bhur son.

Garda:
Bhuel ag an bpointe seo níl mórán eolais again i dtaobh an cháis, is féidir linn a dhearbhú gur thángamar ar chorpán ag teach an pharáoiste i mBaile Mhóirín, sin an méid.

Kev: Bhíodh sé cineál ciúin mar lead, gach éinne eile ag magadh faoi na múinteoirí nó ag pleidhcíocht, ach bhíodh seisean ciúin go leor, Scoil Náisiúnta na mBuachaillí i gCill Raithín.

Sagart:  Ar an gcaoi chéanna, tar éis an tsuipéir, thóg sé an chailís, ghabh sé buíochas leat arís, mhol thú, thug dá dheisceabail í, á rá: Glacaigí agus ólaigí uile aisti seo: óir is í seo cailís mo chuid fola, fuil an nuathiomna shíoraí. Doirtfear í ar bhur son agus ar son an chine dhaonna chun maithiúnas na bpeacaí. Déanaigí é seo i gcuimhne ormsa.

Garda: (ar nós go bhfuil sé ag caint le h-iriseoirí, stadann sé, agus bíonn tostanna eatramhacha ann agus an garda ag súil leis an gcéad cheist eile.)
Níl, ní féidir, caithfear an corp a aithint go h-oifigiúil fós. Tá duine amháin tógtha againn, ceart, tá. Níl éinne eile á lorg againn ag an bpointe seo. Fiosrúchán dúnmharaithe, atá i gceist ag an bpointe seo, sea, tá duine á cheistiú faoi láthair. Níl aon eolas tagtha as sin go fóill. Ní bheidh aon ráiteas eile a dhéanamh againn go ceann tamaill ar a laghad. Go raibh maith agaibh.

Kev:  Ciceáladh amach é mar a tharlaíonn, as an mheánscoil, Meánscoil na mBuachaillí Chill Ráithín, áit a bhí níos measa ná an ‘Joy dar le roinnt, ceapaim, ní bhíodh sé leath chomh dona le roinnt de na leaideanna eile sa rang ach caithfidh go ndearna sé rud éigin a bhí go h-iomlán thar fóir ar fad, rud éigin uafásach dáiríre, le bheith ciceáilte as an scoil sin. Chaithfeá rud éigin an-dona a dhéanamh le bheith ciceáilte as sin.

Sagart:  Ár nAthair atá ar neamh, go naofar d'ainm, go dtaga do ríocht, go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.

Kev: Ansin bhí sé imithe ar feadh tamaill ní fheadar cá h-áit, dúirt roinnt go raibh sé le h-aintín agus uncal leis áit éigin i Loch Garman nó Port Láirge, ar ndóigh níor thuigeamar aon rud faoi na h-áiteanna sin ach gurb fheirmeacha móra iad dar linne. An fáth go rabhamar buartha faoi? Bhuel bhí sé mar chara againn is dócha, agus cuireann tú suim i rudaí dá leithéid nuair a imíonn duine mar sin, gan tásc gan tuairisc a bheith air. Ach caithfidh gur tháinig sé ar ais, más fíor do na scéalta ar aon nós.

Sagart:  Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu, agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne ár bhféichiúnaithe féin, agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc. Áiméan.

Garda: (go stadach, sméideann sé a chloigeann ag an deireadh ar fad) Má ta tuilleadh eolais ag éinne i dtaobh an cháis, nó aon rud as an ngnách a tharla ar an láthair seo nó gearr dó nó aon ní eile, dá laghad é, bheimis buíoch de na daoine sin dá dtiocfaidís chugainn leis an eolas atá acu a roinnt linn. Go raibh maith agaibh, arís, sin an méid atá le rá againn ag an bpointe seo.

Sagart: Saor sinn ó gach olc, impimid ort, a Thiarna. Tabhair dúinn síocháin lenár linn, ionas go mbeimid, le cabhair do thrócaire saor ón bpeaca i gcónaí agus slán ón uile bhuairt agus sinn ag súil go lúcháireach le teacht ár Slánaitheora, Íosa Críost.

Kev: (ag éirí níos gáifí ina gheaitsí agus níos feirgí agus níos goilliúnaí leis, binibeach ag an deireadh) Bhuel is cosúil go ndeacaigh sé isteach sa teach ar nós. Tharraing sé amach ar an bhfaiche chun tosaigh é, An Teach Paróiste, tharraing sé amach ar bhféar chun tosaigh é agus dúirt leis dul ar a ghlúine. #An bhfuil a fhios agat céard a fhaigheann tú má chuireann tú paróiste isteach ar an ríomhaire leis an spellcheck(litreoir)?  Tagann parasite suas.#

D’iarr an sagart air an raibh cead aige tosú ag guí! Caithfidh gur thuig sé, an focar, An t-Athair Cooney an t-ainm a bhí air, is cuimhin liom é, fear focan aisteach. Nach mbíonn siad ar fad focan aisteach? Bhí sé sa scoil againn go minic.

Sagart: Adhraimid Thú, móraimid Thú, tugaimid glór Duit.

Garda: Cén fáth.. céard a tharla, caithfidh tú rud éigin a rá linn.. cén fáth?

Sagart: (go h-aisteach cairidúil)Anois a bhuachaillí deirfimid amhrán deas.

Kev: Bhí roinnt mhaith de na leads(anna) nach raibh sásta lena chac siúd ach fós féin bhíodh eagla orainn roimhe chomh maith, bhíodh sé an-focan-dian ar fad.

Sagart
Ach caithfear cuimhneamh, níor ainglí na buachaillí ar fad a bhí ar an scoil sin. Bhíodar ann mar nár theastaigh siad ó éinne. Ní raibh siad ón tsochaí, Ní raibh siad ag teastáil. Muide a thóg isteach iad, muide a thug fóirithint agus foscadh agus foghlaim dóibh, muide an t-aon rud a bhí acu.

Kev: Bhuel ar aon nós, an lá sin, is cosúil gur bhuail mo dhuine, an lead a rugadh thuas i Móirín, an lead faoina raibh me ag labhairt, bhuel, bhuail sé ar an doras aige, ar dhoras an tsagairt.

Sagart: Cé atá ann?

Kev: (go mall is abraíonn na cnaganna amach go hard, ligeann se gur ag cnagadh ata anois,  is déanann cruth beag lena lámh leis an bhfuinneog bheag a chur in iúl)

CNAG, CNAG, CNAG

Is nuair a tháinig se chuig an doras, bhí sé sean go maith ag an bpointe seo, sna seachtóidí déanacha déarfainn, tháinig sé amach aguis bhreathnaigh trín bhfuinneog bheag ghloine ag barr an dorais.

Sagart: (ag éirí beagáinín beag buartha) Cé atá ann? Cé atá ann? Cé atá amuigh ansin ?

Garda: Cén fáth, Cén fáth go ndearna tú seo? Abair linn, abair rud éigin linn, tá tú ag suí ansin i do thost mar a bheadh balbhán ann, díreach mínigh dúinn ar tharla ann? (tost) An mar sin é? (ag pléascadh) Abair linn níos mó i dtaobh an duine a mharaigh tú!

Kev:

CNAG, CNAG, CNAG

Agus d’oscail sé é, an sean-amadán, mar osclaíonn sagairt doirse, agus tháinig sé amach, a deir siad.  Tar éis an doras a oscailt, é seasta díreach ansin ar thairseach an dorais, is an t-aer fuar ag sleamhnú isteach thairis.

Agus d’aithin sé é ag seasamh ann ós a chomhair buachaill ón rang a bhí faoina chúram do bhliain amháin ar an meánscoil. An Comaoineach Naofa. An Teagasc Focan-Spioradálta. Dia. Fear nach ann dó dáiríre.

Garda: (go sollúnta tuisceanach agus dáiríre) Táimid anois den tuairim go mb’fhéidir go raibh baint éigin ag an mbás seo le tuairiscí a bhí ar an nuacht le tamall anois, faoi thréimhse thart ar 10 mbliana ó shin, agus iarrtar ar éinne a mbeadh eolas acu ina thaobh seo teacht chugainn.

Kev: Bhuel thóg sé amach ar an bhfaiche é, agus chur ar a ghlúine e, (le binb agus ag síneadh a mhéire agus a láimhe in aon ghluaiseacht amháin) ar do focan-ghlúine!

D’iarr sé air céard a bhí uaidh, d’iarr sé air an bhféadfadh sé paidir a rá…

Sagart: (ar a ghlúine dó anois deir sé go stadach) an bhféadfainn paidir bheag a rá sula, sula….

Kev: (ag suí?, an-ghruamacht air) Móirín, ní fheadar céard is ciall leis fiú? Mór-ín Mór beag? Focan amaideach mar ainm. An lead a rugadh thuas ansin. An gcuimhin leat é? An lead a rugadh thuas i Móirín? Sin mise.

Sagart: (seasta anois) Óir is tú amháin is naofa. Is tú is is críost, is Tú amháin is ró-ard, a Íosa Chríost. ###Caithfidh líne éagsúil ón sagart a bheith anseo!####?

Kev: (ar nós go bhfuil sé ag freagairt na líne roimhe faoi Íosa) Mise, mise a rugadh thuas i Móirín sa teach ar chlé, an tolg sa ghairdín chun tosaigh an féar ag fás anuas as.

Chuaigh mé suas ag Móirín le déanaí, tá an teach fós ann, níos sine cinnte, na fuinneoige ar fad briste agus iad bordáilte suas anois, tá an tolg fós amuigh sa ghairdín chun tosaigh agus tá an féar ag fás as go rábach.

(cuireann cluas le héisteach air mar dhea agus féachann go fíochmhar ar an slua ach is léir an fhulaingt an crá agus an cos ar bolg ann, tosaíonn ag caoineadh, briseann tocht isteach ar an ghlór)

Cé a rugadh ann a deir tú? Focan mise, mise a rugadh thuas i Móirín.

(tost)

Garda(Mar a bheadh se ag caint is é ar an nuacht) Fuaireamar corp fir ag a 3 a chloig tráthnóna, taobh amuigh de theach an Pharóiste i Móirín, agus ó fhiosrúchán an phaiteolaí stáit measaimid gur féinmharú atá i gceist agus mar sin tá deireadh lenár gcuid fiosrúcháin dúnmharaithe. Corp fir óig sna fichidí measaimid, le gruaig dhonn, airde thart air 5 throigh 10 n-orlach, iarrann an Garda Síochána air éinne a mbeadh aithne acu ar an duine seo teacht i dteagmháil linn ag stásiún Chill Raithín ar 01-2889288, arís sin 01-2889288 má ta aon eolas i dtaobh an cháis agaibh.

Sagart: Tá an tAifreann thart.
Imigí faoi shíocháin.

Garda : Buíochas le Dia.


(Imíonn an solas, dorchadas, cloistear clingeadh cligíní séipéil i bhfad i gcéin agus ar deireadh tost )


Íslítear an brat


CRÍOCH

No comments:

Post a Comment