Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Thursday 31 July 2014

Blúiríní páir

Smál
boladh an bháis
is níor fhead mé
m'aird a thiontú uaidh
ná níor fhéad mé a chlúdach


come to me on bended knee,
my sweet, my dear, my love,
and I will show you how to fly,
and release you like a dove.

Tuesday 29 July 2014

10 bhFíric Fút atá Dochreidte Fíor!


1. Tá tú á léamh seo anois.
2. Tugann tú faoi deara gur fíric amaideach í seo.
4. Níor aithin tú gur scipeáil mé uimhir a trí.
5. Tá tú á sheiceáil anois.
6. Tá meangadh gáire ort.
7. Tá tú fós á léamh cé go bhfuil seo amaideach.
9. Níor thug tú faoi deara gur scipeáil mé uimhir a hocht.
10. Ta tú á sheiceáil is tá miongháire ort gur buaileadh bob ort arís.
11. Tá tú ag baint taitnimh as seo ar fad.
12. Níor thug tú faoi deara nach raibh ach deich bhfíric le bheith ann!


Monday 28 July 2014

Do Shiúlas Romham Amach (Aistriúchán ar As I Roved Out le Planxty)

Do shiúlas romham amach ar maidin
ag breathnú na mbláthanna is ag siúl sna cluanta
cé a d'fheicfinn romham ach mo ghrá geal álainn Is í suite faoi gcrann saileach thall
Bhaineas mo chaipín is do bheannaíos di Bheannaíos di sin go cróga Nuair a chas sí chugam, tháinig sruth deor uaithi ag rá 'A ghiolla, nach tú a chur ar strae mé?'
Thugas féin mo fháinne óir duit fáinne óir le caitheamh ar do mhéirín caol ach bhrisis na geallúintí úd a rinnis liom is phós tú cailín na dtailte
Dá bpósfainn cailín na dtailte a stór Áiféal ina thaobh sin bheadh orm choíche Nuair a thiteann an mí-ádh ní thig liom éalú Bhí dalladh púicín orm gan aon agó
Nuair a théimse chuig an leaba mo shuain Bíonn mo ghrá geal ag rith tríom aigne Is nuair a chasaim le barróg a bhreith ar mo stóirín in áit an óir anois tá prás
Agus is fada liom go tiocfaidh an t-arm abhaile Ó na West Indies, ó Mheiriceá is ón Spáinn go mbeidh gach fear pósta ag a bhean chéile go gcasfar ar a chéile sinn beirt athuair


As I Roved Out
As I roved out on a bright May morning
To view the meadows and flowers gay
Whom should I spy but my own true lover
As she sat under yon willow tree

I took off my hat and I did salute her
I did salute her most courageously
When she turned around well the tears fell from her
Sayin’ “False young man, you have deluded me

A diamond ring I owned I gave you
A diamond ring to wear on your right hand
But the vows you made, love, you went and broke them
And married the lassie that had the land”
 
“If I’d married the lassie that had the land, my love
It’s that I’ll rue till the day I die
When misfortune falls sure no man can shun it
I was blindfolded I’ll ne’er deny”
 
Now at nights when I go to my bed of slumber
The thoughts of my true love run in my mind
When I turned around to embrace my darling
Instead of gold sure it’s brass I find
 
And I wish the Queen would call home her army
From the West Indies, Amerikay and Spain
And every man to his wedded woman
In hopes that you and I will meet again.

 (aistriúchán a rinne mé do Mo Hat Mo Gheansaí, agus roinnt athruithe ag Oisín Walsh-Peelo.)

Tuesday 8 July 2014

Qu'ils mangent du foot (Nach n-Íosfaidís Peil?)

Qu'ils mangent du foot

seo chugainn an samhradh
seo chugainn an samba
keepie-uppies ar an trá
is iar-imreoirí sacair shasana ar an teilfís gach aon lá

seo chugainn corn an domhain

seo chugainn an bochtanas
seo chugainn ciréibeacha
seo chugainn mothúchán deas te teolaí istigh
seo chugainn staid folamh i gceann 20 bliain
seo chugainn favelas atá a ndíbirt amach

seo chugainn camastaíl fifa is fai na héireann
sinne ag íoc fai, ag íoc fifa, a íocann blatter,
a íocann an píobaire a roghnaíonn an port.

ach is cuma mar tá sacar againn

paisean

ar doimhne é ná aon phaisean eile
breathnaimis ar an sacar.

an ceann mór
na braisíligh sa mbaile

drochstaid na tíre?
nach cuma, seo chugainn an sacar

brú an cnaipe dearg anois má theastaíonn tuilleadh sacair uait
brú cnaipe an ATM le feiceáil an bhfuil airgead fágtha in aon chor agat
brú cnaipe d'inchinne le tosú ón tús, clár bán, bán.

foc opium tá sacar againn

seo chugainn corn an domhain
góóóólaaazzzzzóóóó
teanga mhícheart
CÚÚúúlll
a bhaineann croitheadh as an eangach

níl greim bídh le cur i mo bhéal ach is cuma mar tá sacar againn.
tá an domhan uile imithe chun foic
sinne ar an dé deiridh

táimid fós ag íoc as lucht na mbanc
déanfaimis dearmad air sin
tá cónaí orm i gcill dara
ó d'éirigh an trácht níos éadroime
níl se chomh dona sin
dochtúirí is banaltraí scaipthe ar fud na cruinne

éist do bhéal nach bhfuil sacar again?

nach bhfeiceann tú, tá sacar againn?

briseadh mo chroí
mionsmidiríní
cara imithe ar an ól
cara eile leat fós ar an dól
is an t-aon cheann eile thart ag filleadh abhaile ar an astráil tar éis sochraide
ach ná cuireadh sé ó chodladh thú
mar is féidir linn uile breathnú ar an sacar

déan ceiliúradh ar an deá-rud, agus dearúd an drochrud
i bhfad uainn é
ná smaoinigh ar na favelas

tá malaí mór moolah,
a pháistí an bhochtanais,
de dhíth orthu seo
is féidir go mb'fhéidir go...

ach is cuma
comhluadar chomh fucked.

seo chugainn corn an domhain
níl cead a dhiultiú
óir is é seo corn an domhain agus
bainfidh tú taitneamh as.

tá galar éigin ag dó trí mo ghoile amach
measann na dochtúirí
nach bhfuil fágtha ach 6 mhí
ach is cuma
mar go mbeidh craobh an choirn thart faoi sin

is beidh ladrainn obama fós ag ladradh
fear duaise, fear síochána
is lucht na cúleisteachta, éist, fuist, goile, éist soicind, cúl.

seo chugat corn an domhain a bhainfidh díot an uile eagla

cúléisteacht dhigitithe
caithfear breathnú
caithfear éisteacht

suí isteach agus déan series record orm

breathnaigh ar mo 64 cluiche
breathnaigh agus osclófar
do mheon ar dhomhan úr
agus tuig nach bhfuil aon rud eile ann duit
agus nach cuma
mar ar deireadh thiar thall
nach bhfuil focain sacar againn

Seo chugainn corn an domhain

níl cead a dhiultiú

óir is é seo corn an domhain agus
bainfidh tú taitneamh as.



Monday 7 July 2014

Mo ghrása

Tá mo ghrása ag teacht chugam anocht.


Tá sé pósta agus íocann sé asam.