Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Monday 29 September 2014

saol

Seo an deireadh anois
beagnach ann
a deir an cultcheannaire

ó nár aoibhinn
bheith cinnte
faoi sprideanna spéire 
is neacha osnádúrtha

nach dtabharfadh sé 
codladh na hoíche dúinn

a cheannaire abairse an lá 
is díolfad mo theach

a cheannaire?
ródhéanach.

N11- splanc-chuimhneamh

Thurlaing luath den bhus le beirt chara, deartháireacha, is muid ag dul ar scoil
ar an N11, bhí rud eigin le taispeáint ag an gceann ba shine dúinn, dúirt sé,
seanfhoirgneamh BSL, réidh le díol, folamh le míonna.
bhí an féar ard agus sceacha ag fás as na boscaí plandaí
chuaigh isteach faoi ghliondar-uafás
graifítí dearg agus cáirpéid fhliucha
sluaghairmeacha gáirsiúla smeartha ar na ballaí,
an troscán imithe paistí glana ar an mbrat
scáileáin bhriste sa chúinne, corrchathaoir cionn-os-bun
agus na tincéirí tosaithe ar na sreanganna copair a bhaint ón síleáil
thóg sé rud éigin trom agus chaith le fuinneog é, ceann acu nach raibh briste
bhí taitneamh sa bhriseadh sin
phiocamar beirt cloch nó leathbhríce is chaith le fuinneog
is le fuinneog sa díon
smidiríní calláin agus ciúnas
ar an mbealach amach dúinn
gan aird orm ar shiúl mo chos
shleamhnaigh cos léi isteach in umar marbhuisce ag tairseach an dorais
donnuisce bréan lofa
suas go rúitín leis
chauigh ar ais leis an mbus a fháil im aonar
d'fhan an bhróg shlacah liom feadh an lae agus an boladh bréan ag sníom aníos chugam
tógadh bloc mór árasán ar an suíomh cúpla bliain ina dhiaidh sin
'fine living' a thug siad air is pictiúir de chraobhóga asparagais
tá cuid acu fós gan díol 

An Ghréig, splancfhicsean

Chuaigh ag rith sa Ghréig ón mbád sa chaladhphort i dteas mór an iarnóin, mé ag bárcadh allais sular shroich mé na seanbháid ag seasamh ar éigean ar a gcuid cosa talaimh
báid na gcosa fada tanaí ag fanacht le go gcuirfeadh saor bád groí éigin deis orthu bhí na creatlacha ag fanacht go gclúdofaí iad agus cinn eile le díol
rith mé síos feadh an chalaidh is chonac na fógraí móra
ag cur de fhainic orm gan tobac a chaitheamh
ós rud é gur stáisiún peitril do na báid a bhí ann
bhí an t-aer tiubh leis an artola, é meisciúil
lean thart faoin gcaladh go bhfaca seanchreatlach foirgnimh
timpeallaithe ag sceacha is mion-chrainn
óstán nár tógadh, colúin agus urláir agus staighrí coincréide
liath ar fad, agus íoslach oscailte faoi lán le miodamas plaisteach an tsaoil
chuaigh isteach ann le radharc a fháil ar an gceantar
suas liom na staighrí gan taobh
bhí an áit mar a bheadh teach cártaí agus beagán eagla orm go dtitfeadh
shamhlaigh mé an plean a bhí ann don áit
agus an rath a d'imigh
suas liom staighre eile go dtí an triú hurlár
cac sa chúinne, seantinte; ciorcail dhubha anseo is ansiúd
ar an tríú hurlár thánag air
buachaill sna déaga luatha cheapfainn rothar aige, é ag luí in aice leis é suite ar chairtchlár
cuma fhiosrach air;
bhí mé tar éis baint siar uaidh ní cuimhin liom anois an raibh drugaí leis ar fáth éigin samhlaím go raibh sé ar scoil tearmann olc aige an áit seo, is go raibh se ag fanacht ar dhuine teacht ann ní fheadar rith mé leis timepall an bhaile na turasóirí Sasanacha ag déanamh iontais dem éadan corcairdhearg faoin úr gur shroich mé an bad arís bhí salannn mo chuid allais do mo phianadh tríom chraiceann ag titim leis isteach sna súile agam agus níor fhéad mé a ghlanadh

baile samhailteach muirbheach


is is lách an laoi ach ba cham an chaoi a cuireadh deireadh is bac le muirbheach

Blúire Snodach-úil

tar éis Rónáin uí Shnodaigh(leathiarracht ar amhran ar chaoi RÓS)

balla

bí i do bhalla, ach ná tit síos go talamh, 
bí i do fhalla ach ná bí balbh
suas síos an balla leis an damhán alla, 
paidir chun alla
haon dó trí
balla an bhaile
crann taca
cloch ar chloch
stroighin is suimint
gaineamh uisce
is spallaí cliste
ach ná tit
poll san áit ina raibh tú.

balla an bhaile

Ruaim

Thánag ort san fholcadán
is ruaim na fola
thart ort
te fós
ní raibh aon dul as
ólfad suas do chuid fola
le cabhair mo bhos
is cuirfead brí is
beatha ionat arís
nó is dom
is measa
mar tusa
mise
is 
is mise 

Ach éireoimidne sean, leis

Ach éireoimidne sean, leis
is beidh blas aisteach 
ar ár leasainmneacha
óga
is reicfear iad i
séipéal an mhairbh
níos faide anonn
ná cuirtear mise 
i gcré na cille
fuaróidh m'ainm
m'anam (nó pé rud é)
leo
agus séidfidh gaoth na gcianta
móilíní is adaimh mo choirp 
ó 
chéile