Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Monday 25 September 2017

Comhdháil i bPrág.



Eolas é seo faoi chomhdháil i bPrág.

(Is le Coiste na Comhdhála an t-ábhar, An Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge 2017)

Láthair na Comhdhála

 

Dámh na nEalaíon (Filozofická fakulta), Ollscoil Shéarlais, Pálás Sweerts-Špork, Hybernská 3,  Prág 1. Tuirling den Mhetro (líne B) ag stáisiún Náměstí republiky agus lean na treoracha ar an léarscáil thíos. Beidh an oscailt oifigiúil ar siúl i Seomra 303 ar an urlár is airde (beidh comharthaí in airde chun tú a threorú).


Ag Spaisteoireacht thart i bPrág

Eolas Ginearálta

Airgeadra agus Rátaí Malartaithe

Is í an choróin Sheiceach, an Česká koruna (CZK = Kč), airgeadra oifigiúil Phoblacht na Seice. Is féidir airgead a mhalartú ag an aerphort agus ag na príomhstáisiúin traenach (ag innill ATM agus ag oifigí malartaithe) agus ag formhór na n-óstán, na mbanc agus na n-oifigí malartaithe ar fud na cathrach. Is féidir teacht ar innill ATM freisin i bhformhór na stáisiún Metro agus ar na sráideanna i lár na cathrach. Molaimid duit na hoifigí malartaithe a sheachaint, áfach, mar ní bhíonn a gcuid rátaí chomh maith sin agus is nós leo táille breise a ghearradh don tseirbhís. Is fearr i bhfad an ATM a úsáid agus moltar, mar shampla, Malartán Nekázanka Exchange i Nekázanka 884/10 (an-ghar do láthair na comhdhála) nó Malartán Kaprova 14/13.  

Glactar le cártaí idirnáisiúnta creidmheasa i mbialanna agus i siopaí. Is féidir íoc le hairgead tirim  EUR i roinnt bialann agus siopaí freisin, ach is gá an scéal sin a fhiosrú ar an láthair.

Gheobhaidh tú na rátaí malartaithe oifigiúla ar shuíomh gréasáin Bhanc Náisiúnta na Seice ag  www.cnb.cz; athraíonn an ráta EUR idir 26 and 27 in aghaidh 1. B’fhiú an réríomhaire seo a scríobh ar chárta mar mheabhrú beag duit féin:

1
26/27
5
130
10
260
20
522

An tSeicis

Cé go mbíonn Béarla éigin ag lucht na siopaí is na mbialann de ghnáth, beidh siad breá sásta cúpla focal Seicise a chloisteáil. Tá againn anseo roinnt frásaí Seicise a chabhróidh libh bunchumarsáid a dhéanamh.

Slovník
Foclóir
Dobrý den.
Lá maith agat / Dia dhuit.
Dobrý večer.
Tráthnóna maith agat.
Dobrou noc.
Oíche mhaith.
Ahoj.
Haigh.
Děkuji.
Go raibh maith agat.
Jak se máte?
Conas atá tú?
Mám se dobře.
Táim go maith.
Kolik to stojí?
Cé mhéad atá air?
Pivo
Beoir
Jeden
Aon / ceann amháin
Dva
Dó/dhá
Tři
Trí
Deset
Deich

 

Teileafón

Cód idirnáisiúnta na tíre: 00 420
Uimhir éigeandála: 112 (más otharcharr, gardaí, fir dóiteáin, etc. atá uait).

Ag ithe béilte


Lár na cathrach – ceantar na comhdhála

Tábhairní traidisiúnta Seiceacha
Kolkovna Celnice, V Celnici 4 (http://www.kolkovna.cz/en/kolkovna-celnice-13)
Hybernia, Hybernská 7 (http://www.hybernia.cz/)
Tlustá Koala, Senovážná 8 (http://www.tlustakoala.cz/en/) – clár beorach an-fhairsing acu
Pizzerias
Pizza Colosseum, Ovocný trh 8 (www.pizzacoloseum.cz/myslbek.php)
Pizza Nuova, Revoluční 1 (http://pizzanuova.ambi.cz/en/?land_off=1)
Bia Idirnáisiúnta
Potrefená Husa, Dlážděná 7 (http://potrefena-husa.eu/en)
Tom’s Burger, Hybernská 26 (http://www.tomsburger.cz/cs/)
La Casa Argentina, Dlouhá 35 (www.lacasaargentina.cz/index-en.html)
Mincovna, Staroměstské náměstí 7 (http://www.restauracemincovna.cz/)
Bistro Špejle, Jindřišská 16 (http://www.spejle.eu/)
Caiféanna
Týnská literární kavárna, Týnská 6 (www.knihytynska.cz/kavarna.html)
Sicily Cafe, Senovážné náměstí 2 (http://www.sicilycafe.cz/index.php/en/)
Feoilséantóirí agus Veigeáin
Beas Vegetarian Dhaba Týnská, Týnská 19 (http://www.beas-dhaba.cz/en/dhaba-tynska)
Maitrea, Týnská ulička 6 (http://restaurace-maitrea.cz/en/; ní mór bord a chur in áirithe roimh ré)
Country Life, Melantrichova 15 (www.countrylife.cz)
Lehká hlava/Clear Head, Boršov 2 (http://www.lehkahlava.cz/en_home.htm; ní mór bord a chur in áirithe roimh ré)

Lár na cathrach ­– Malá Strana (trasna na habhann ón seanbhaile)

Caiféanna
Dobrá Trafika, Újezd 27 (http://www.dobratrafika.cz/)
Kavárna Mlýnská, Všehrdova 449/14 (https://www.facebook.com/pages/Kavárna-Mlýnská)

Tithe tábhairne
Malostranská beseda, Malostranské náměstí 21 (http://www.malostranska-beseda.cz/cs/restaurace)
Lokál - U Bílé kuželky, Míšeňská 12 (http://lokal-ubilekuzelky.ambi.cz)
Baráčnická rychta, Tržiště 23/555 (http://www.baracnickarychta.cz)

Cúrsaí Taistil agus Iompair i bPrág

Córas Iompair Phoiblí Phrág

Tá sé seo sábháilte agus tapaidh; is féidir brath air agus níl sé ródhaor.

An metro: Bíonn an tseirbhís seo ann ó 5 a.m. go 12 p.m. Is gnách go dtagann traein gach 2-3 nóiméad le linn na n-uaireanta móréilimh i rith na seachtaine oibre, agus gach 6-10 nóiméad taobh amuigh de na huaireanta sin. 
Tramanna agus busanna: Tá an tseirbhís lae ar fáil ó 4:30 a.m. go meánoíche. Tá seirbhís  oíche ar fáil gach leathuair an chloig ó mheánoíche go 4:30 a.m. ar na tramanna 91 go 99 agus ar na busanna 901 to 960. Is é stad Lazarská an stáisiún lárnach do na tramlínte oíche. Tá sceidil ar fáil ag gach uile stop.

Táillí Iompair Chathair Phrág

Níor mhór do phaisinéirí a gcuid ticéad a cheannach sula dtéann siad ar bord feithicle nó sula dtéann siad isteach sa chóras Metro. Le bheith bailí níor mhór go mbeadh an ticéad stampáilte ag an ngléas bailíochtaithe (inneall stampála ticéad a bhfuil dath buí air a bhíonn suite in aice le doras na dtramanna nó ag an mbealach isteach chuig na stáisiúin Metro). Is féidir na ticéid a cheannach in uathdhíoltóirí ticéad a bhíonn suite i stáisiúin Metro nó in aice le roinnt stadanna bus agus tram. Is féidir iad a cheannach freisin in Ionaid Eolais Dopravní podnik, ag seastáin díolta nuachtán, in óstáin, in oifigí taistil agus i siopaí ilrannacha.  

Táillí

Ticéad singil 24,- Kč (30 nóiméad) nó 32,- Kč (90 nóiméad). Is féidir aistriú ó líne go líne agus aon mhodh iompair phoiblí a úsáid leis na ticéid seo, ach níor mhór an turas a dhéanamh taobh istigh den tréimhse bhailíochta atá luaite.

 

Ticéid Turasóra

       do 24 uair an chloig 110,- Kč
       do thrí lá (72 uair an chloig) 310,- Kč (níor mhór iad seo a fháil i gceann d’Ionaid Eolais  Dopravní podnik – tá ceann amháin díreach ar an aerphort)
Is féidir na ticéid seo a úsáid ar na seirbhísí uile iompair phoiblí sa chathair. Tá siad bailí ón nóiméad a dhéantar iad a bhailíochtú.

Cigireacht Ticéad

Is féidir le cigirí ticéad Dopravní podnik bailíocht ticéad a sheiceáil am ar bith le linn turais nó le linn do phaisinéirí a bheith ag feitheamh sa chóras Metro. Tá cead ag an gcigire ticéad iarraidh ar phaisinéir a t(h)icéad bailíochtaithe a thaispeáint, ticéad neamhbhailí a bhaint de dhuine, agus fíneáil a ghearradh sa chás go bhfuil duine ag taisteal gan ticéad bailí (800 Kč an pionós is lú agus bíonn sé le híoc ar an láthair). Lena n-aitheantas a chruthú, bíonn suaitheantais buí agus dearg ag na cigirí, ach níor mhór dóibh a gcuid cártaí aitheantais (ID) a thaispeáint freisin má iarrtar iad. Bíonn sé de dhualgas orthu admháil a thabhairt do dhuine a ngearrtar fíneáil air/uirthi.

Iompar Poiblí chuig/ ó Aerphort Phrág:
http://www.dpp.cz/en/public-transit-to-prague-airport/

Tacsaithe

I gcomparáid leis an gcóras iompair phoiblí, bíonn tacsaithe daor (cosnóidh tacsaí ón aerphort go dtí lár na cathrach 500-700 Kč, i gcomparáid le 32 Kč ar thicéad iompair phoiblí). Molaimid go láidir duit úsáid a bhaint as ceann de na comhlachtaí thíos, agus tacsaí a chur in áirithe ar an bhfón, seachas ceann a stopadh ar an tsráid, mar d’fhéadfadh tiománaithe táillí an-arda a ghearradh gan choinne nuair a stoptar ar an gcaoi sin iad. Is féidir tacsaí a chur in áirithe roimh ré trí úsáid a bhaint as suímh ghréasáin na gcomhlachtaí thíos.

AAA Taxi – fón: (00-420)14014 nó (00-420)222333222; suíomh gréasáin: https://www.aaataxi.cz/en/

Kurýr Taxi – fón (00-420)241090090
Tick Tack Taxi – fón (00-420)14222; suíomh gréasáin: http://www.ticktack.cz/en
Modrý Anděl – fón (00-420)737222333; suíomh gréasáin: http://www.modryandel.cz/en

Seirbhísí Leighis

Seirbhísí ginearálta leighis

Ospidéal Na Františku
Na Františku 847/8, Prág 1
Fón: 224 946 981

Seirbhísí Fiaclóireachta

Ospidéal Cathrach Spálená 12, Prág 1
Fón: 222 924 268
Prág – láithreacha suimiúla do chuairteoirí

Tá an Caisleán i bPrág (Pražský hrad) ar cheann de na láithreacha turasóireachta is tarraingtí sa chathair trí chéile. Ar na tailte mórthimpeall tá ArdEaglais Naomh Vitus, Baisleac Sheoirse, an SeanPhálás Ríoga agus Lána an Óir. Bíonn ort fanacht i scuaine agus dul faoi scrúdú slándála le cead isteach a fháil sa Chaisleán agus chuig na láithreacha eile. 

Tógadh Droichead Shéarlais sa bhliain 1357, ceann de na droichid is cáilúla ar domhan. Tá na seandealbhanna fágtha air i gcónaí, ina measc an tImpire Naofa Rómhánach Séarlas IV agus Seán Nepomuk (1345-93), éarlamh na Bóihéime.

Fíorlár na cathrach ná an tSeanChearnóg (Staroměstské náměstí) agus an Clog Réalteolaíoch. Gach uair a chloig, ar bhuille na huaire, tagann an Dáréag Aspal agus figiúirí eile amach ón gclog. Seachain do phócaí anseo áfach!

Tá bailiúchán an-suimiúil ealaíne ó réanna éagsúla le feiceáil sa Ghailearaí Náisiúnta. Tá ealaín mheán-aoiseach ar taispeáint i gClochar Naomh Aignéas, agus tá bailiúchán breá Áiseach i bPálás Kinsky. Féach http://www.ngprague.cz/en/objekty.

Tá an cheathrú Ghiúdach (ina raibh Golem de réir an bhéaloidis) ar an SeanBhaile chomh maith, in Josefov. Is féidir siúl leat mórthimpeall ach bíonn ticéad ag teastáil don iarsmalann Ghiúdach, don
Reilig Ghiúdach, agus an tSionagóg Spáinneach agus Pinkas. Tuilleadh eolais anseo: http://www.jewishmuseum.cz/en/info/visit/.

B’fhiú dul amach go Vyšehrad freisin, atá ar an líne dhearg ar an metro. Dún stairiúil é seo a tógadh thart ar an 10ú haois, ar chnoc os cionn na habhann. Sa reilig tá maithibh is móruaislibh Seiceacha curtha, ina measc Antonín Dvořák, Bedřich Smetana, Karel Čapek, agus Alphonse Mucha.

Tá na ceantair Vinohrady agus Žižkov an-suntasach ó thaobh na hailtireachta agus an chultúir, breac le caiféanna agus tithe tábhairne suimiúla. Tóg an metro ar an líne ghlas chuig Náměstí Míru nó Jiřího z Poděbrad.

Treoirleabhair oifigiúla agus léarscáileanna:
http://www.prague.eu/file/edee/universal/maps/mapa-prahy-2016/en-prague-city-map.pdf
http://www.prague.eu/file/edee/universal/download/brozury/pet-prazskych-prochazek/en.pdf
http://www.prague.eu/file/edee/universal/maps/mapa_hudebni_en_final_print.indd.pdf
http://www.prague.eu/file/edee/universal/download/brozury/beer-guide-to-prague_jan-2016_web.pdf