Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Friday 10 November 2017

Téip Dheireanach Krapp

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana)

Tá Téip Dheireanach Krapp, leagan Gaeilge de dhráma clúiteach Beckett ar siúl sa New Theatre i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath faoi láthair.
Is é Macdara Ó Fátharta (Tadhg Ros na Rún agus aisteoir de chuid Amharclann na Mainistreach) a ghlacann ról Krapp agus is é atá go maith chuige. An compántas Mouth on Fire le Gabriel Rosenstock atá tar éis seo a réiteach dúinn, aontas atá tar éis scata beag de dhrámaí Beckett a chur ar fáil le tamall de bhlianta. Tá beagán amhrais orm faoin téarma ‘traschruthaithe’ a úsáidtear le cur síos ar an aistriú, cad go díreach is ciall leis sin? Ní léir áfach an imíonn sé mórán ón mbuntéacs.
Lándubhú an chéad rud, ciúnas iomlán agus ansin dalladh soilse ar an slua. Bhí an áit leathfholamh ar an drochuair, mic léinn gan an oiread sin Gaeilge cuid mhór den slua, ach ba chosúil go raibh aithne maith acu ar théacs na greanntraigéide óir is iad a bhí sna tríthí.
Tá an cur i láthair breá físiúil, dubh agus bán sa treis, aghaidh shuimiúil Krapp chráite agus é siar is aniar go tuisleach ag cuartú is ag alpadh bananaí is ag ól go sásta. Is dual do Beckett a bheith dothuigthe, ach ní seo an dráma is measa acu. Níl sé sothuigthe mar sin féin, agus sa doirceacht is éasca imeacht leat ar seachrán mura ndíríonn tú air i gceart!
Pléann an dráma le néaltrú, braitheann tú, caitheamh i ndiaidh na hóige agus athrú dosheachanta an duine le himeacht ama. Ní féidir braith ar an gcuimhne ann ach oiread, is fealltach an rud é, agus déanann Krapp iarracht an stair a cheartú mar a fheictear dó í. Tá rian den mheabhairghalar le braith ar ról Mhacdara leis, Siondróm Diogenes seans, an bailiú, an carnadh, an coinneáil. An bhfuil sé ag bualadh buille in éadan na díchuimhne, nó ag sleamhnú isteach i nduibheagán an dearmaid?
Cathal Quinn a stiúraigh agus tá sé le moladh as greann fisiciúil Mhacdara agus seit íosta, lom an dráma. Bord, téipsheinnteoir ársa, spól i ndiaidh spóil den téip, boscaí anseo is ansiúd. Tá go leor le foghlaim as Téip Dheireanach Krapp in aois seo an idirlín. Céard iad na hathruithe a thagann orainn agus ar an bhféin úd a thaifeadtar, an dtabharfaimid fuath dó amach anseo? An féidir duine a ligean i ndíchuimhne? An gceadóidh Google do dhaoine dearmad a dhéanamh ort? Tríd is tríd dráma cumasach, caolchúiseach, trom is casta é atá curtha inár láthair go snasta, gairimiúil. Téigí ann.

Léirmheas Gasta
Gruama, Dorcha, suimiúil.
Téip Dheireanach Krapp
Samuel Beckett – traschruthaithe ag Gabriel Rosenstock
Meith 9ú – Meith 14ú
@ 7.30pm
Ticéid: €15 (€12)
 
Grianghraif le John Minihan

No comments:

Post a Comment