Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Monday 30 January 2017

The Parting Glass i nGaeilge – Aistriúchán le Lillis Ó Laoire

The Parting Glass i nGaeilge – Aistriúchán le Lillis Ó Laoire. In ómós do Dhónall Ó Muirí ar lá a adhlactha agus i ndilchuimhne ar a mhuintir a chuaigh roimhe.
A raibh agam riamh de mhaoin is de ór
Gur chaith mé i measc mo chairde é
‘S gur orm féin faraor ba troime a luigh
Gach coir dá dtearn mé le mo lá
‘S a dtearn mé riamh de dhíobháil céille
A leath ní inseofar go brách
Ach ó tharla anois ag scaradh sinn
Go líontar dúinn an crúiscín lán
Is mo sháith agam den airgead bhán
Go gcaithfinn go fial gan spáráil é
Is tá óigbhean bhreá ar an bhaile thall
Is gur aici atá mo chroí go brách
A grua mar rós is a béilín binn
Gur daoithe a thug mé searc is grá
Ach ó tharla anois ag scaradh sinn
Go líontar dúinn an crúiscín lán
Gach comrádaí dá raibh liom sa rása
Beidh cumhaidh orthu i mo dhiaidh ar ndóigh
Is gach leannán ariamh dar mheall mé a gcroí
Is é a mian go bhfanfainn seal eile leo
Ach ós ar mo chrannsa a thit sé siúl
Is go mbeidh sibh féin i mo dhiaidh go fóill
Is ó tharla anois ag scaradh sinn,
Go líontar dúinn an crúiscín lán.

Of all the money that e'er I had, I spent it in good company
And all the harm that e'er I've done, alas, it was to none but me
And all I've done for want of wit to memory now I can't recall
So fill to me the parting glass, good night and joy be with you all

Of all the comrades that e'er I've had, they are sorry for my going away
And all the sweethearts that e'er I've had, they would wish me one more day to stay
But since it falls unto my lot that I should rise and you should not
I'll gently rise and I'll softly call good night and joy be with you all

If I had money enough to spend and leisure time to sit awhile
There is a fair maid in this town, that sorely has my heart beguiled
Her rosy cheeks and ruby lips I own, she has my heart enthralled
So fill to me the parting glass, good night and joy be with you all

My dearest dear, the time draws near when here no longer can I stay
There's not a comrade I leave behind, but is grieving for my going away
But since it has so ordered been what is once past can't be recalled
Now fill to me the parting glass, good night and joy be with you all

If I had money for to spend, If I had time to waste away
There is a fair maid in this town, I fain would while her heart away
With her rosy cheeks and dimpled chin, my heart she has beguiled awa'
So fill to me the parting glass, good night and joy be with you a'

If I had money for to spend, I would spend it in her company
And all the harm that I have done, I hope it's pardoned I will be
And all I've done for want of it to memory I can't recall
So fill to me the parting glass, good night and joy be with you all

A man may drink and not be drunk, a man may fight and not be slain
A man may court a pretty girl and perhaps be welcomed back again
But since it has so ordered been by a time to rise and a time to fall
Come fill to me the parting glass, good night and joy be with you all

Tuesday 24 January 2017

Beatha Dhónaill Dhuibh: Léirmheas



(foilsíodh leagan dó seo ar nós.ie)


Tá ól agus ithe i gcur i láthair Shéamuis Barra Uí Shúilleabháin(SBÓS) mar ba léir ar TG4XX BEO. https://www.youtube.com/watch?v=TOcTEdLiy5g (ga eile sa bhriatharchath (rosc ar son misneach))

Ní lúide an féasta a chuireann an chéad chnuasach filíochta ‘Beatha Dhónaill Dhuibh’ ar fáil dúinn. Tá ábhar, cur chuige agus stíl SBÓS chomh suaithinseach sin go mbeidh trácht feasta ar dhánta seo na duibhe.

Tá na dánta seo nó leaganacha acu ar gor ann le tamall de bhlianta anois. Tá trí chuid sa leabhar: Beatha Dhónaill Dhuibh(BDD), Loitríocht agus Gunsaku Tuathail. Cuid áirithe de na dánta táid cloiste acu sin a bhí i láthair ag ócáidí filíochta. Díríonn BDD ar charachtar aduain, Loitríocht ar dhánta a scríobhadh roimhe sin agus sraith haiku-anna é Gunsaku Tuathail.

Tugtar ainmneacha éagsúla ar dhánta SBÓS: slamfhilíocht, rachtfhilíocht nó rap féin ach tá cuid acu sách traidisiúnta leis. Cé go samhlaítear stíl SBÓS leis an lá inniu amháin, ar bhealach tá SBÓS ag filleadh ar dhúchas na filíochta nuair a scríobhann sé don chluais. Ní leasc leis an t-athscríobh ach oiread, tá dréachtaí iomadúla cloiste de na dánta seo agus iad á reic. Is fearrde iad dá bhrí sin cé go bhfágann sé ar uairibh go mbeidh nath éigin a bhain meangadh asat 5 dhréacht ó shin ar lár. Easnamh mór atá air nach bhfeictear is nach gcloistear an cur i láthair, ceann de láidreachtaí SBÓS. B’fhiú iad a chrochadh ar youtube nó dlúthdhiosca a chur leis.

Maidir le Dónall Dubh an teidil ní léir cé hé, SBÓS é anseo is ansiúd, uaireanta eile púca, uaireanta eile fós cineál d’Íosa nó an cara leis é? Scáil an ghalair dhuibh a leanann timpeall é nó cleas a ligeann dó rudaí a rá nach sleamhnódh as a bhéal riamh nó an uile rud in éineacht? Deirtear linn:

Agus ná bíodh eagla ar bith ortsa, a thaisce.
Bhí Dónall Dubh ann fadó, Is minic a bhí, Agus beidh.
Go deo.

Mínítear conas mar a tháinig ann don Dónall Dubh céanna agus téimid leis ar chosán a shaoil. Léirítear suáilcí is duáilcí an duine, gan fócas bog an lae inniu orthu, iad ábhar doiléir ach lán le fírinne shearbh. Tá léiriú in ‘Faoistin’ ar an gcineál saoil lena bpléann dánta Dhónaill.

ar feadh mo shaoil
ní raibh uaim ach cneas a bhualadh
línte cóc spíd is máirín am chur siar ó thuaidh
fallaí folmha an tí ar cíos de shíor sna creathaibh le tiúnaibh

Tá ról na teicneolaíochta sa saol iarbhír le feiceáil ar fud an chnuasaigh: 'an físeán deiridh' agus ‘Brabhsálaí Dhónaill: Físeáin ag treochtáil’.

FÍSEÁN LÁN HD:/Pornréalta Mia ag Múineadh do Mhaighdean Conas Leathar a Bhualadh …[...] FÍSEÁN LÁN:/Físeán Nua ISIS Ceann á Bhaint d'Iriseoir Seapáineach/[NSFW]

I dteanga SBÓS tá macallaí seanársa agus crua-chaint an lae inniu le clos. In ‘Fuadach Fight Club’ feictear an Ghaeilge chlasaiceach agus Tyler Duran in adharca a chéile ‘tan do dhíbear Dónall deamhan dorcha dá cholainn’.

Tá fealsúnacht ina horlaí tríd. Go minic is as béal té na meisce a thagann an foilsiú, féach ‘I nGluaisteán ar bharr Chnoc an Fhómhair’.

níl faic na ngrásta
agamsa sa tsaol so
a gharsúin

níl aon teora
le mo
mhaoin ...'

bhí an toitín
nach mór dóite
ar a bheolaibh

fén dtráth so

is a dhá shúil
imithe siar

ina phlaosc.

Ceann de na dánta is cumhachtaí ann ná 'Gaoth Dobhair do Rónán Mac Aodha Bhuí’. Léargas cearthaíoch ar eachtra ina bhfríceálann Dónall amach is é amuigh faoin spéir, ansin faigheann foilsiú ar an saol, is filleann ar an tigh tabhairne teolaí, slogann Dónall agus guth an dáin a chéile ar fhilleadh dóibh.

Ní fhaca, is baolach,
ach réaltbhuíontaí Leath Choinn
na Saighneáin is súile donna a Mháthar
ag casadh mar thoibreacha gan tóin
tré spéartha gloine a shúl

is do ghluaiseamamar aon scáth isteach
i gcór cibealach
an tábhairne.

Cé go bhfuil sprideanna ann tá an díchreideamh ann go tréan. In ‘Cuimhne ar Shean-Dhónall’ deirtear ‘Muintir Dé muintir an Diabhail, mar a chéile iad …’ In Tairngreacht Dhónaill Dhuibh’ tagtar ar an tuiscint gur ‘mó go mbaineann an saol / le hadaimhíní ag beiteáil / i gcoinnibh a chéile ... /

Cnuasach buile é, cnuasach bogtha, súil á caitheamh orthu siúd atá ar an imeall, ainrialaithe agus lucht drabhláis, daoine a ndéanann sochaí na ndea-bhéasaí dearmad orthu. Más feoil í tá dúshlán do choganta inti, agus geir agus milseacht.

Ba dhóigh leat an dán scriostúil 'Guí' a bheith an-simplí ach is mó go mór é ná an t-athrá. Is fearr i bhfad arís é á aithris ina sheanmóir rithimiúil a nglacann an lucht éisteachta páirt ann.

In ‘Loitríocht’ sa dán ‘Siamsaíocht’ measctar íomhánna Disneyland agus AK47 lena chéile, meascán a oibríonn go rómhaith ar na saolta seo.

An-dán ar fad is ea ‘An Cultúr’ a bhfuil leaganacha éagsúla cloiste againn cheana. Leis an dán seo bhuaigh SBÓS Comórtas Slamfhilíochta Uile Éireann 2012, as measc Gaeilgeoirí agus Béarlóirí na tíre. Loinneog an dáin ná ‘- Sin cultúr’ mar chur síos ar íomhánna a léimeann amach ón leathanach ina steillebheatha. Arís eile mar dhán ó bhéal is fearr é, cé go maireann ar an leathanach.

Ó thaobh foirme tá gach sórt le feiceáil ón tsaorvéarsaíocht go meadarachtaí níos traidisiúnta, nó foirmeacha scaoilte ar fad, ‘éin’ scaipthe ag eitilt ar fud an leathanaigh, rímeáil ann nó as. Uaireanta I gcás chuid de na dánta polaitiúla, amhail ‘G8’, téitear i mbaol na seanmóireachta ach éiríonn leis na dánta eile sin a chúiteamh. Chomh maith, tá roinnt dánta ar lár, cá bhfuil 'ag éamh ar imeall an eastáit' mar shampla? https://www.youtube.com/watch?v=wP7FlQNQreQ

Mar chnuasach tosaigh ó fhile óg tá an-chuid ar bun san allagar craiceáilte idir clúdaigh an leabhair. Buaileann sé buillí i ngach ball agus téann trí chraiceann an tsaoil go cnámh go smior is smúsach na beatha mar atá sí againn inniu.

Ceannaigh an cnuasach seo agus léigh na dánta. Cuir de ghlanmheabhair iad agus breac iad ar dhoirse leithreas an tsaoil. Cá bhfios ach go mbeidh Dónall Dubh romhat ag scrábáil lena dhúmharcóir buan.

Beatha Dhónaill Dhuibh, €10, clúdach bog, Cló Iar-Chonnacht