Tuesday, 26 January 2016

Súil ar NA GEILT I mBUN AN TÍ ó Comhar le DARACH Ó SCOLAÍ

Tá stíl éadrom greannmhar in úsáid ag Ó Scolaí anseo.

Ní haon ionadh gur leabhair chráifeacha na chead leabhair sa Ghaeilge, rachadh sé dian ort teacht ar theanga nárbh amhlaidh an scéal di. Tugann sé cuntas maith ar theacht chun cinn an leabhair agus ar Fhoras Feasa ar Éirinn.

Míníonn dúinn mar a bhfuair sé a ghairm le hoidhreacht óna athair. Tugann cuntas ar chlóchuradóireacht- a bhfuil deireadh ar fad leis i bhfirinne cé go bhfuil cúraimí eile anois ar an gclódóir. Deirtear linn go bhfuil an gnó ar fad athraithe as éadan le teacht na ríomhairí pearsanta. Labhraíonn ar fhoilsitheoireacht deisce agus tá cloch sa mhuincille aige do dhuine/theach foilsitheoireachta éigin agus deir nár fhoghlaim roinnt na scileanna a theastaigh ariamh. Is dócha gur ar Coiscéim atá sé ag caint.

Bunfhírinne na foilsitheoireachta Gaeilge, deir sé linn, go bhfuil sí ag brath ar chúnamh stáit agus cé go bhfuil seo fíor don chuid is mór, bheadh roinnt leabhar á bhfoilsiú murach sin. Deir sé gurb é is ról don eagarthóir srian a choinneáil ar an scríbhneoir. Is cinnte gur fíor dó.

Tugann scéilín beag grinn dúinn faoin léitheoir dílis a chuardaíonn leabhar Gaeilge i bhfíorchúl an tsiopa

" Agus dá gcuirfí an cheist ar an gcustaiméir ansin, cé dó atá an foilsitheoir ag foilsiú, don léitheoir nó don scribhneoir, scéal cinnte go mbeadh sé ar an tuairim láidir gur don scribhneoir a fhoilsitear cuid mhór de na leabhair Ghaeilge, agus ni bheadh sé i bhfad ó mharc."

Is dóigh liom nach bhfuil an ceart iomlán aige anseo. Tá drochleabhair ann cinnte, ach níltear á bhfoilsiu ar mhaithe an scríbhneora, ar mhaithe an fhoislitheora seans...

Deir sé nach ndeántar léirmheas ar rud ar bith, agus cé go bhfuil an léirmheastóireacht an-bhearnach is léir nach fíor don ráiteas róláidir seo. Tagaim leis nuair a thráchtann sé ar an bhfeabhas as pabhar a tháinig ar Comhar. Ní bhíodh ann ach iris aistí cúrsaí reatha ar feadh scaithimh.

Míníonn dúinn nár deineadh leirmheas ar thrí leabhar a chuir a chomhlacht amach
Fontenoy le Liam Mac Cóil. An Cléireach? aige féin agus Scéal Ghearóid larla le Máire Mhac an tSaoi. Na trí leabhar seo, is aisteach a chosúil atá. Ficsean stairiúil sách liteartha a bhfuil blas ar leith air é seo uile. Dá fhabhtaí leabhair Coiscéim bíonn eagsulacht mhór iontu.

Éiríonn le Leabhar Breac réimse níos cúinge a fhoilsiú, ach tá leabhair iontach agus éagsúlacht ina measca: úrscéalta grafacha, gach rud ag Seán Mac Mathúna.

Ní chuireann sé fiacail ann "Ach ní rún ar bith é go bhfuil foilsitheoirí áirithe ann a ďfhoilseodh rud ar bith ach é a bheith i nGaeilge."
Maidir le dioscúrsa an ghealtachais tugann An Snodach gealt air féin go hoscailte dóchasach. Tá Coiscéim tar éis míle leabhar a fhoilsiú, go leor ábhar ina measc nár foilsíodh aon leabhar i nGaeilge orthu cheana. An á dhéanamh don chraic atá se, nó don airgead, nó le teann mioscaise? Fágfad é sin fút féin a léitheoir dhil. Tá gá lena leithéid.

Cothú na léitheoireachta ceist eile, agus i bhfianaise roinnt comhráite agus alt na seachtaine seo caite ar an Irish Times, bheadh orm a rá go bhfuil Gaeilgeoirí ann nach léifeadh leabhar Gaeilge cuma cén caighdeán a bheadh air. Scéal thairis seans ach riachtanach a aithint.

Sunday, 17 January 2016

Dáinín

Ciallaíonn Ciara ciardhubh
Is iontach íonlondubh
Agus ardfhileata an-lách
Ríonfhile ri rí-bhardachd
Agseo adhmholadh a háilchrobh