Wednesday, 24 May 2017

Lá le Bloom ag teannadh linn



Alt é seo le hAlan Titley a d'fhoilsigh an Irish Times sa bhliain 2004.

Lá Bláth
Wed, Jun 16, 2004, 01:00

Crobhingne: "Go hoscartha, tháinig Buck beathaithe Mulligan ó cheann an staighre, ag breith scála sobail leis ar a raibh scáthán agus altán ina luí crosach. Bhí a ghléasfhallaing bhuí gan chrios spréite in airde go réidh ina dhiaidh ar aithleá séimh na maidne. Thóg sé an scála in airde agus thúschan: Introibo ad altare Dei."
Aithneoidh léitheoirí gurb iad sin chéadabairtí Ulysses James Joyce atá á cheiliúradh chomh háthastúil sin an tseachtain seo. Leabhar é a bhris múnla an úrscéil go deo, a dhein cathair liteartha as Baile Átha Cliath ar chuma gur dhein Kafka don Phrág é, nó Dickens do Londain, nó Dostoievski do Phetrograd agus leabhar é a haistríodh do theangacha an domhain mhóir.
Seoladh aistriúchán Bulgáirise níos luaithe ná dhá mhí ó shin, agus bhí de náire orthu gur shíl siad go raibh siad ar cheann de na teangacha ba shia siar sa scuaine. Ní bheidh a fhios, dá réir sin, go bhfuil aistriúchán Gaeilge den saothar mórcháile sin ar fáil le tamall de bhlianta anuas - nó an chuid is mó de ar aon nós.
Thosnaigh aistriúchán Uiliséas le Breasal Uilsean agus le Séamas Ó hInnéirghe ag teacht amach ina n-imleabhair shingilte sa bhliain 1992, agus lean ag teacht ina gcaibidlí aonair go ceann deich mbliana ina dhiaidh sin. Foilseacháin Inis Gleoire Bhéal Feirste a d'fhoilsigh smut ar shmut. Níor tugadh mórán airde air mar bhí an cur amach ainnis go maith idir chló agus shéimhiú agus shínte fada agus sheanlitriughadh.
Ba thrua sin, mar is saothar réabhlóideach ina shlí féin é. Cuireann bunsaothar ar bith i gcló aistriúcháin comaoin ar an seiche nua a ghabhann sé uime féin. Síneann agus feacann agus lúbann an teanga ar shlí a thugann a dúshlán. Tógann amach as an gcró compordach í; craitheann an seandeannach di. Má réab Ulysses téadracha boga deasa an Bhéarla as a chéile, níl aon chúis nach bhféadfadh an leagan Gaeilge a leithéid eile a dhéanamh. Agus déanann, leis, ar an gcuid is fearr de.
Dóibh siúd nár léigh níos faide ar aghaidh ná an chéad chaibidil, ná an chéad chúpla leathanach, go deimhin, beidh cuimhne acu ar na mórfhrásaí: "The cracked lookingglass of a servant"; "the snotgreen sea"; "the scrotum-tightening sea" agus mar sin de.
Ní chúbann na haistritheoirí chucu féin ón dúshlán: "Scáthán scáineach fosa"; "an mhuir chrantghlas"; "an mhuir a ní teannfháscadh ar chadairne" agus bíodh is nach mar sin a dhéanfadh gach aon duine é, tá dáine agus dalbacht a d'oirfeadh do Joyce féin san obair.
Thiocfadh dul amú a bheith orm, ach ní heol dom an focal "crant" i gcanúint ar bith de chuid na Gaeilge ar an mbraon bréan sin a chuimilítí le muinchille sa seansaol. Ach mothaíonn tú go bhfuil sé láncheart ar chnap crua anuas a díbríodh le fada le frithbheathaigh ó shrónacha bhuachaillí scoile.
Ní móide go bhfuil "forthuaisceartach" ar "Hyberborian" aon phioc níos soiléire ná a chéile; ach tá "bodach bolgach" cruinn comair ar "poxy bowsy" ina ionad ceart féin; déantar "cuma bheosach" de "look spiffing", ach toisc an Béarla a bheith chomh seanardscoiliúil sin agus iomlán marbh, tá brí agus fuaimint sa Ghaeilge a mhaireann.
Bhris Joyce na rialacha ar fad, agus ba ghá d'aon aistritheoir a bheith ar aon chomhrámh leis céim ar chéim. Tá nithe neamhchoitianta agus casbhairdneach san tiontú ag Uilsean agus Ó hInnéirghe, ach tá ábhar soiléasta míorúilteach chomh maith. Ba cheart go gcuirfí na himleabhair ar fad le chéile in aon eagrán amháin, cóiriú ceart a chur orthu agus iad a sheoladh ar bharc na teanga amach ar mhuir an tsaoil.
Cad déarfá le Molly féin in eireaball an leabhair agus í i lúib mo dhuine: "sea agus na sráideanna aite uilig agus na tithe bándearga gorma buí agus na hinscighmí róis agus na fóirdris agus na crobhanna dearga agus na cactais agus Giobráltar le linn mo ghirseoige mar a raibh mé i mo bhláth an tsléibhe sea nuair a chuir mé an rós i mo chiabh mar a ndéanadh na cailíní Andalúsaíacha nó an gcaithfidh mé dearg sea agus an chaoi ar phóg sé mé faoin mhúr Múrach agus smaoin mé d'aile nach cuma seisean ná duine eile agus ansin d'iarr mé air le mo shúile chun iarrata athuair agus sea agus d'iarr sé orm ansin go n-abróinn sea le sea a rá mo bhláth an tsléibhe thug mé i mo bhaclainn ar dtús é sea agus tharraing síos chugam é go raibh sé in ann mo chíocha a aireachtáil faoin bholtnas go léir sea agus bhí a chroí ag rith ar séarsa agus sea dúirt mé sea déanfaidh mé sea."
Ní féidir a rá nár éirigh go seoigh leo.