Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Monday 26 December 2016

Suas leat ar do rothar!

(foilsíodh leagan den alt seo ar nós.ie cheana)

Ina gcaitheann Eoin P. Ó Murchú súil ar an rothar, agus ina roineann íomhá a dhéanann adhradh ar an modh taistil b’fhearr le timirí Chonradh na Gaeilge, Mícheál Ó Coileáin, agus Lance Armstrong féin.

Agus bagairtí aisteacha ann do thimpeallacht an domhain cén rud ab fhearr ná léimt ar do rothar arís! Tá sé saor go maith, déanfaidh sé aclaí thú agus cuirfidh tú aithne níos fearr ar an gceantar timpeall ort.Tá roinnt rudaí iontacha ar bun i saol na rothaíochta le tamall anuas. Meastar gur tharla an agóid is mó ar son na rothaíochta i mBaile Átha Cliath le déanaí. Bhailigh slua taobh amuigh den Roinn Iompair i mBÁC agus iad ag lorg bonneagar níos fearr do rothaithe. Feachtas Rothaíochta BHÁC agus cyclist.ie a d’eagraigh an agóid de bharr nach bhfuil cúinsí do rothaithe tar éis feabhsú mórán le fada. Luadh go sonrach ann gur chóir go gcaithfí 10% den bhuiséad iompair ar mhodhanna ar nós na rothaíochta.

Anuas air sin, fógraíodh le roinnt laethanta anuas gur bhuaigh dearadh do chlogad rothaíochta duais mhór James Dyson.Clogad infhillte inathchursáilte atá i gceist agus ní chosnódh sé €5 fiú. Isis Shiffer(trua faoina hainm) ó Institiúid Deartha Pratt i Nua-Eabhrac a chum. Tá an clogad an-éadrom toisc go bhfuil an dearadh bunaithe ar chíor mheala nó honeycomb. Dar le tástálacha tá sé chomh héifeachtach céanna leis na clogaid thraidisiúnta. D’oirfeadh a leithéid do na scéimeanna rothar uirbeacha atá i roinnt dár mórchathracha timpeall na tíre faoi láthair.

Le ceiliúradh a dhéanamh air seo agus spreagadh a thabhairt do lucht na gcapall iarainn beartaíodh roinnt íomhánna a chruthú a dhéanfadh ceiliúradh ar an rothar agus a mbaineann leis. Ráitis scríbhneoirí na Gaeilge agus scríbhneoirí an domhain ina dtaobh, seanfhocail, chomh maith le ráitis spreagúla. D’fhéachamar ar leaganacha éagsúla den teárma don rothar sa Ghaeilge chomh maith. Déan iad seo a chló nó a roinnt, greamán a dhéanamh astu agus spreagfaimis a chéile chun rothaíochta! Fáilte romhaibh iad a scaipeadh pé bealach gur mian libh. Léimígí in airde ar na rothair mar sin agus bígí le feiceáil le soilse, clogad orainn agus muid ag pumpáil na dtroitheán go tréan!

(Agus cuimhnigh níl aon ghá EPO a úsáid agus tú ag rothaíocht ar obair.)

.




15 rud nach raibh ar eolas agat faoi chanúintí na Gaeilge!

(foilsíodh leagan den alt seo ar nós.ie cheana)
Is breá le daoine na difríochtaí idir canúintí na Gaeilge a aithint agus a phlé ach conas mar a roghnaíodh na teorainneacha le canúintí na teanga, agus cá háit a stopann canúint amháin is a dtosaíonn ceann eile?
Tá coincheap chanúintí na Gaeilge fite fuaite le teorainneacha tíreolaíocha na tíre. Bhí agus tá stráicí móra in Uladh, i gCúige Mumhan agus i gConnacht a bhfuil an Ghaeilge á labhairt iontu agus leagadh na hainmneacha sin anuas ar na canúintí.
Léiríonn an léarscáil seo taobh eile den scéal. Is éard atá breactha uirthi ná 'iseaghluaiseanna' nó 'teoirlínte' de roinnt de na difríochtaí is tábhachtaí idir na canúintí. Is éard is 'iseaghluais' ann ná líne a mharcálann an teorainn a bhfuil difear i dtréith teanga le brath ar dá thaobh. Mar shampla líne 2, an líne chorcra, taispeánann sí an áit a n-úsáidtear an focal 'cha' in áit 'ní' go traidisiúnta, bhíodh 'cha' in úsáid sa taobh ó thuaidh den líne, ar ndóigh. An chéad sampla baineann sé leis an limistéar ó thuaidh den líne an dara ceann leis an gcuid ó dheas.
Nuair a thagann grúpa de na línte seo le chéile tugtar 'crios iseaghluaiseanna' air. Feictear go bhfuil crios mar sin idir Ulaidh agus Connachta ar an léarscáil, rud a léiríonn go bhfuil an teorainn theangeolaíoch ag teacht, cuid mhór, le teorainn an chúige.
Tá an rud céanna fíor faoin ngrúpa sin de línte os cionn Chontae an Chláir agus féach líne 10, an áit a mbíodh an difear idir na deirí san fhocal 'rugadh' (was born) 'rugú' ó thuaidh den líne agus 'rugag' ó dheas. Tarlaíonn an t-athrú céanna le focail den sórt céanna go minic. Bíonn difríochtaí comhréire nó ord na bhfocal ann chomh maith agus leiríonn go bhfuil difríocht ag teacht ar an teanga de réir mar a bhogann tú ó áit go háit.
Léiríonn 5 an áit a n-athraíonn 'ar an chlaí' go 'ar an gclaí' ó dheas. Is féidir difear ó thaobh béime a fheiceáil chomh maith in uimhir 9 áit a bhfuil an bhéim ar an '-ín' san fhocal cailín.
Tá an léarscáil seo bunaithe ar obair a rinne teangeolaithe éagsúla i lár an chéid seo caite den chuid is mó. Tá eolas ann as roinnt áiteanna nach raibh taifead fiú ar an nGaeilge a bhíodh á labhairt iontu. Bhíothas in ann a dhéanamh amach ó na logainmneacha a fágadh cén cruth a bhíodh ar an nGaeilge in áit faoi leith. Sa tslí seo is féidir línte áirithe a leanúint chomh fada soir le BÁC. Ar an iomlán cabhraíonn a leithéid seo linn tuiscint a fháil ar chanúintí agus mar a n-athraíonn siad ó áit go háit, nach spéisiúil é!
  1. 'ao' in 'taobh' fuaimnithe cosúil le 'ú' ó thuaidh.
  2. 'cha' in áit 'ní'.
  3. Guta gearr anseo.
  4. An leagan seo ag na hUltaigh, anuas ar 'Cé leis a raibh tú ag caint?'
  5. Séimhiú in áit urú.
  6. Guta fada /o:/ in ionad défhoghair /au/ mar 'leabhar' mar 'leór'.
  7. Ó thuaidh 'am', 'ball', ach mar 'ám', 'báll' i nGaillimh.
  8. Ó thuaidh ainmfhocal 'moladh' mar 'molú', 'mola' ó dheas.
  9. Béim ar thosach an fhocail 'cailín', béim ar an dara siolla ó dheas.
  10. Rugadh - 'rugú',ó thuaidh, 'rugag' ó dheas.
  11. 'ao' i 'caoch' mar 'í' ó thuadh, mar 'é' ó dheas.
  12. D'imigh an 'mh' as 'cuimhin' ó dheas, 'is cuín liom'.
  13. Comhréir éagsúil anseo.
  14. Béim ar an '-ach' i bhfocail ó dheas.
  15. An guta in 'poill' mar 'í' ó dheas, défhoghar(dhá ghuta a fhuaimnítear mar shiolla amháin) suas go Gaillimh.
(Tá simpliú mór déanta ar an scéal i roinnt cásanna anseo. Má tá eolas eile uait féach Atlas Teangeolaíochta Wagner.)

Tuesday 29 November 2016

Rothair agus mar sin de...

'Nach againn a bheas an saol, nuair a bheas na rothair againn.'

Séamus Ó Néill, Máire Nic Artáin





'An rothar rásaíochta corcra agus bán, a chuid gruaige ag séideadh sa ghaoth.'

Muireann Ní Bhrolcháin, Dialann Chaoimhe


"Gach uair a fheicim duine fásta ar rothar, tagann dóchas orm faoi thodhchaí an chine dhaonna."

"Trí rothaíocht is fearr a fhoghlaimítear cruth tíre" 



Rothar Mór an tSaoil


rothar,
[ˈɾˠɔhəɾˠ]
(ainmfhocal fir. 1)
feithicil dhá roth a thiomáintear le troitheáin
leaganacha eile:

each iarainn
capall maide
gearrán iarainn
badhsacal
capall adhmaid
badhsacail
roth
baidhsilic
rothaí na glincíochta

Wednesday 12 October 2016

‘Nach do reub an cuan’ Inneall hibrideach aistriúcháin a úsáid mar chéim réamhaistriúcháin chun prós cruthaitheach a aistriú ó Ghaeilge na hAlban go Gaeilge na hÉireann

‘Nach do reub an cuan’
Inneall hibrideach aistriúcháin a úsáid mar chéim réamhaistriúcháin chun prós

cruthaitheach a aistriú ó Ghaeilge na hAlban go Gaeilge na hÉireann

(Is tráchtas é seo atá ar fáil ach a iarraidh orm thíos)


Leabhar atá i gceist: Air Cuan Dubh Drilseach (ACDD) le Tim Armstrong


Clár an Ábhair

Lch 4: Réamhrá

Aidhm an tráchtais agus roghnú an leabhair

Réamhobair: Caighdeán Gàidhlig a fheabhsú

An t-inneall

Cur síos gearr ar a mbeidh i ngach caibidil

Obair réamhaistriúcháin

Foinsí

Tábhacht an taighde seo

Aguisíní

Lch 11: Comparáid idir sleachta áirithe

Lch 18: Teanga

Téarmaíocht nua-aimseartha

Ainmneacha dílse

Logainmneacha

Aimsir agus briathra

Canúint

Ainmfhocail

An struchtúr seilbhe

Réamhfhocail

Intriachtaí agus fuaimeanna

Béarla faoi ortagrafaíocht na Gàidhlig

Cairde bréagacha

Poncaíocht

Fadhbanna leis an inneall mar uirlis don aistriúchán liteartha

Lch 30: Ceird an aistriúcháin: buncheisteanna teoirice

Ó Bhéarla go Gaeilge: a bhfuil le foghlaim

Teoiric an aistriúcháin liteartha

Aistriúchán sa ré dhigiteach

An ficsean eolaíochta i nGaeilge na hÉireann: bunscéalta agus aistriúcháin

Téarmaíocht ficsean eolaíochta sa Ghaeilge

Aistriúchán Gàidhlig go Gaeilge: samplaí eile

Lch 43: Conclúid

Buíochas

Aguisíní

Leabharliosta

Saturday 1 October 2016

Abairtí fánacha aistriúcháin

Dhiúltaigh Ballstáit an AE don togra.

Phléigh an chomh-aireacht scileanna ceannasaíochta an Taoisigh.

Labhraíonn beagnach 6 mhilliún duine an Mhongóilis sa Mhongóil agus i nDaonphoblacht na Síne.

(seans gurbh fhearr seo? Tá an Mhongóilis á labhairt 


Tá mórán Seirbeach agus Crótach sa chuid sin den Mhacadóin.

Tá na ceangaltáin sin íoslódáilte agam.

Níl an íocaíocht chinn faighte agam fós.

Achtaíodh an tAcht Um Shaoráil Faisnéise le roinnt blianta anois.

Eochairthoisc is ea an lagtrá geilleagrach.

ceannaireachta

Cónaím i Raghnallach i rith an tsamhraidh ach le linn na Nollag bím as baile.
Tá cónaí orm i Raghnallach.

Friday 23 September 2016

Gaeilge na Gluaiseachta, Gaeilge ar Strae - Pádraig Ua Maoileoin

(ó An Ghearb ar Poliitics.ie)

Aiste a scrígh Pádraig Ua Maoileoin blianta ó shin, a athfhoilsíodh sa chnuasach Iomairí Críche (atá anois as chló, go bhfios dom). Ciall agus réasún le fáil ann, don gcuid is mó, léargas géarchúiseach ón nGaeltacht ar Ghaeilgeoireachas; prós blasta snasta, gan amhras ... Cuíosach fada ach é gan a bheith fadálach.

Gaeilge na Gluaiseachta, Gaeilge ar Strae
Ghabh bus strainséartha Ceann Sléibhe aniar, soir trí Dhún Chaoin, agus níor stop nó gur bhain sí amach an Buailtín. D’éiríodar amach aisti agus scaipeadar i measc a bhfuil de phobanna ar an mbaile — ceithre cinn acu.

Chuaigh dream amháin acu isteach go tigh Dhónaill Uí Chatháin, agus shuíodar síos le chéile. Ordaíodh deoch agus blaiseadh; ba dheacair é a lochtú tar éis an bhóthair ó Oileán Ciarraí anoir, lá brothaill mar é. Bhí dhá dhream, trí dhream eile istigh rompu. Ach an dream ba ghiorra dóibh, agus iad féin ag cadráil le chéile, Sualannaigh ab ea iad. Chuir muintir an Oileáin cluas le héisteacht orthu féin, agus Sualannais ag gabháil lástuas díobh.

Faoi cheann tamaill, tháinig sámhnas ar dhream na Sualannaise. Labhair duine de mhuintir an Oileáin lena chomhluadar féin, agus ní i gcogar é: ‘Jasus,’ a dúirt sé, ‘idn’t she a nate language when she is spoke right!

Phléasc muintir na háite. Thuigeadar san an botún go maith. B’iad na Sualannaigh féin is lú a bhain greann as. Bheidís ag féachaint ar a chéile fós mura mbeadh gur mhínigh Dónall an cúram dóibh. Bhí sé féin lúbtha, gan dabht. Phléasc na Sualannaigh chomh maith le cách.

Tá deich mbliana chead go hard ó thit sé seo amach agus tá deimhniú agam air gur scéal fíor é. Anois cuirimis é seo i gcomórtas leis an mbus is déanaí a ghabh aniar an bóthar céanna agus a stop. Ó Chorcaigh a tháinig sí seo agus bheadh sí ag bualadh bóthair i gceann uair an chloig nó mar sin. Ghabh cleas acu isteach go dtí Dónall agus sheasadar i lár an tí. Iad ag cur astu go teann ina dteanga féin, níor mhór linn sin dóibh. Níor chuireadar caduaic ar aoinne ná níor bheannaíodar. Ach ghlacadar seilbh ar an áit, agus ní raibh aoinne istigh ach iad. Bhí teanga eile á labhairt i gcomhchlos dóibh; más ea, níor chualadar nó níor ligeadar orthu. Bhí sé le haithint orthu ná raibh a fhios acu go rabhadar sa Ghaeltacht agus gur chuma leo sa tsioc.

Dhá bhus. Dhá shaol. Agus gan eatarthu ach breis is deich mbliana chead. Léiríonn an chéad bhus go raibh daoine taobh thoir de Thrá Lí a bhí báidhiúil leis an dteanga a fuaireadar rompu thiar. Bhí a fhios acu go raibh a leithéid ann agus bhíodar sásta éisteacht léi. Ach an dara bus…scéal eile ar fad. Má bhí teanga eile thiar ní raibh a fhios acu é ná é ag cur puinn tinnis orthu. Bhí a dteanga féin acu agus b’in í teanga an mháistir, an teanga a bhí in uachtar.

Ach is í an tríú bus a cháisímse, an ceann ná tagann feasta. Bus na bhfoghlaimeoirí atá i gceist agam. (Agus ní áirím mar shampla díobh seo busanna na gcoláistí samhraidh, cé gur maith ann a leithéidí do mhná tí agus dá múinteoirí.)

Thagadh na foghlaimeoirí inár measc ó réitigh daoine mór le rá an chonair rompu, leithéidí Mharstrander, Bhláithín agus Sheoirse Mac Tomáis. B’iúd iad a chraobhscaoil an focal agus a baisteadh i gcríostaíocht an fhocail. Ní bheidís siúd sásta leis an earra a bhí faoi bhun caighdeáin…chaithdís an rud ceart a chlos agus a thabhairt leo. Tá a rian air, bunaíodh scoil litríochta anuas ar na máithreacha a d’fhágadar ina ndiaidh, rud a chuir ainm Chorca Dhuibhne ar mhapa an domhain. B’iad a d’adhairt an tine bheo, agus í ar lasadh fós ann.

Nuair a thosnaigh an litríocht seo ag bláthú, ba ghearr gur thuig daoine gurbh fhiú dóibh féin aithris a dhéanamh ar na haspail seo, agus gur chinnte go raibh rud éigin luachmhar thiar arbh fhiú dóibh dul ar a thóir. Rud a dheineadar ina sluaite. Ní túisce a bheadh an fháinleog llte ar a nead i bhfraitheacha an bhotháin amuigh agat ná a bheadh ceann acu chugat, agus dhá cheann, trí cinn lá arna mháireach. Gan uathu, nó óna bhformhór ach go háirithe, ach caint a chur ort agus a bheith ag éisteacht leat, agus ar ndóigh ag foghlaim uait.

Tharraingíodar seo meas ar an earra a bhí agat féin agus gan air roimhe sin ach lagmheas , agus ú amháin drochmheas , leis na céadta blian. Bhí crá croí ag baint le cuid acu, go háirithe an dream go mbíodh leabhair nótaí acu (breacáin, mar a bhaist Seán an Chóta orthu), cé go gcaithdh mé a rá gur mó go mór d’fhoighne a bhíodh lena leithéidí an uair sin ná mar a bheadh inniu. Níl aon namhaid againn inniu ach fear an bhreacáin chéanna…is ag teitheadh uaidh a bheifeá.

Scéal thairis: Lá múchta modartha a bhí ann agus an ceo chomh trom is go raibh sé d’iarraidh na doirse a bhriseadh isteach orthu. Ghabh Tom na hInise chugam.
‘Nach gránna an ceo é,’ arsa mise.
‘Ní hea, ach tabharthas ó Dhia is ea é sin,’ a dúirt sé.
‘Tabharthas ó Dhia?’ arsa mise.
‘Is ea,’ a dúirt sé, ‘chun ná cífeadh lucht na notebooks sinn.’

Mar sin féin, sin mar a thosnaigh Gaeilge na Gluaiseachta, le notebooks agus a leithéidí. Ach, mar a deirim, ní thagann an tríú bus seo a thuilleadh. Cá dtéann siad anois? Cad a dheineann siad chun slacht a chur ar a gcuid Gaeilge? Is é a fhaid ar a ghiorracht duit ná téann siad in aon áit agus ná deineann siad aon rud. Is é sin, aon áit ná aon rud chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú.

Feabhsú, ab ea, a dúraís? Sea, feabhsú! Nach againn féin atá an Ghaeilge cheart. Canathaobh go mbeadh orainn dul siar i measc prioslaí tobac agus bualtaí bó? Siar ar thóir canúintí, ab ea? Beag an baol, a bhuachaill.

Scéal thairis: Bhí Seosamh Ó Cadhain, deartháir Mháirtín, é féin agus P.A. Ó Síocháin, Abhcóide, i gcomhluadar a chéile aon oíche amháin. Gaeilge shaibhir Chois Fharraige ag Seosamh agus ‘Géilge na Gliúiseacta’ ag an Síochánach, bail air. Ag babhtáil tuairimí faoi cheart na Gaeilge a bhíodar le chéile nuair a dúirt P.A. sa deireadh:
‘Ní thuigim do chanúint, a Sheosaimh.’
‘A’atsa atá an chanúint; Gaeilge atá a’amsa,’ arsa Seosamh. Ach níor chuir sé sin deireadh leis an argóint, is baolach liom. Ní chuirfeadh carúl mar seo an Síochánach síos, ná aon dul air.

Is é an meon agus an dearcadh céanna atá in uachtar i nGaeilge oigiúil na Gluaiseachta. Conradh na Gaeilge, Gael-Linn, Bord na Gaeilge, na Teaghlaigh Ghaelacha, agus taobh thiar, cuid mhaith, de ghluaiseacht na nGaelscoileanna. Ní hí Comhdháil Náisiúnta is measa sa chomhthéacs seo. Dálta an scéil, ní áirím anseo Institiúidí Léinn toisc nach cuid den ghluaiseacht iad, agus ar aon chuma, ní hé an cáineadh is measa i mo phus a bheadh agam dóibh ar an mórgóir. Dá fheabhas Gaeilge a bhí ag Daithí Ó hUaithne, agus dá mhéad an léann a bhí air, chuirfeadh sé abairtí i do chead . Agus is é an dálta céanna é ag Tomás de Bhaldraithe, Máirtín Ó Murchú agus Seán Ó Tuama Chorcaí. Umhlaíocht an léinn, gan dabht. Ní bhraithim an umhlaíocht chéanna ag baint le cuid den ghlúin óg atá ag teacht ar a sála sna hinstitiúidí céanna. B’fhéidir, mar a dúirt Séamaisín Ó Néill uair, nach gá dóibh dul ’on tobar a thuilleadh agus ná fuil aon rud breise le foghlaim thiar acu. Is maith an té a dúirt, agus a déarfadh, é sin, ach níor chaill Séamaisín riamh é.

Is beag oíche i mBaile Átha Cliath ná go mbímse ag éisteacht le Gaeilge na gluaiseachta. Agus sin í Gaeilge na hainnise: tá sí bacach, dronnach , camchosach , caolspágach. Mura mbeadh Béarla agat ní thuigfeá in aon chor í. Cúpla oíche ó shin chuala an péarla seo ag duine dá deisceabail: ‘Níl aon comhartha de Seán istigh fós.’ Cloisim rudaí níos measa ó am go ham ach tá siad chomh dona, cuid acu, go ndúnaim mo chluasa orthu agus doirse m’aigne. Ar an ndrochfhoghraíocht atá acu ina theannta sin, is minic a deirim liom féin gurbh fhearr liom dá labharfaidís Béarla liom.

Is cinnte gurb as an ithir lom chéanna seo a d’fhás an mana a bhí ag cur lena bhfeachtas is déanaí ag an gConradh: ‘TÁ AN GHAEILGE TÁBHACHTACH DÁR dTODHCHAÍ.’ Cuimhnigh air sin, agus cogain é. Máta a tháinig cruinn díreach amach as caolán dearg an Bhéarla. An spreagann sé thú? An ardaíonn sé do mheanma ? An gcuireann sé osc troda ort? (Má chuireann is in aghaidh na cúise é.)

Buail siar an bóithrín tamall agus machnaigh ar na manaí a bhíodh ann an tan do bhí Gaeil, agus Gaeilge, in Éirinn beo: ‘NÍ TÍR GO TEANGA’, agus ‘TÍR GAN TEANGA TÍR GAN ANAM.’ Is san ithir dhúchais a phréamhaíodar seo, tá blas an dúchais orthu, tá meon na Gaeilge iontu. Chuireadar daoine ag caint agus ag obair.

Cuirtear ráiteasaí aite i leith an Chadhnaigh, agus b’fhéidir ná dúirt sé cuid acu riamh. ‘Go saora Dia muid ar Chúil Aodha,’ ceann acu. Agus: ‘B’fhearr liom sráid amháin i mBaile Átha Cliath a bheith ina Gaeltacht ná a bhfuil de Ghaeltachtaí eile ann.’ Is cinnte go bhfuil an dá ráiteas maite ag Dia dó faoi seo.

Is cinnte nach í an Ghaeilge a chloisimse i mBaile Átha Cliath ag cuid mhaith acu a bhí i gceist ag Máirtín, ach Gaeilge a tháinig aniar mar a tugadh aniar go Ráth Cairn í. Ach an mairfeadh a leithéid i mBaile Átha Cliath? Ní mhairfeadh sí thar ghlúin ann. Mhúchfadh an phraiseach bhuí agus an buachalán í, agus ní mhairfeadh ina háit ach ‘aile , iodh , agus neantóg’.

Dúirt Séamas Ó Grianna (‘Máire’) tráth go mbeadh Gaeilge á labhairt i nGaoth Dobhair go dtí nárbh fhiú í a labhairt. Ba dhiail an chaint í, agus ba bhinbeach . Níor chuala riamh gur thug sé aghaidh a chaoraíochta ar Bhaile Átha Cliath — b’fhéidir narbh fhiú leis é, ar an aithne a bhí agamsa air. Ach dúirt sé rud eile: ‘The killers are in the saddle,’ ag tagairt do photanálaithe Gaeilge a bhí ag éirí os a chionn agus á chur as a mheabhair.

Síorchúis ghearáin a bhíodh ag lucht na gluaiseachta agus foghlaimeoirí trí chéile ab ea go raibh an iomarca canúintí sa Ghaeilge. Chuireadar chun cuid de seo a leigheas trí lárchanúint a thabhairt isteach agus í a chur i bhfeidhm ar RTÉ. Bhí an Blaghdach taobh thiar de seo go mór, é féin agus a leifteanant, Donncha Ó Laoire, sa Chomhdháil (duine, dálta an scéil, a raibh Gaeilge bhreá aige nó gur imigh sé ar leataoibh an bhóthair leis an mBlaghdach).

Cuireadh gunnaí móra i bhfeighil na lárchanúna seo a leagan amach. Cuireadh mé féin den aer ar ordú cruaidh ón mBlaghdach, a bhí faoin am sin ina bhall d’Údarás RTÉ. Ní fhéadfadh aoinne (gabh mo leithscéal, ‘aon duine’) mé a thuiscint, a dúirt sé. Gan dabht, é féin a bhí i gceist le ‘aon duine’.

Ar aon nós, ar aghaidh le rás na lárchanúna, ach níor éirigh riamh léi. Níor thug aoinne aon toradh uirthi, ach a bheith ag léamh agus ag caint leo go nádúrtha mar a mhúin Dia dóibh. Níorbh é sin deireadh an scéil, áfach: athraíodh an córas ó bhonn aníos ansin. Cuireadh deireadh le léamh nuachta ag cainteoirí dúchais (toisc iad a bheith chomh deacair a thuiscint, gan amhras) agus cuireadh an cúram ar léitheoirí na nuachta Béarla an nuacht a thabhairt amach sa dá theanga, Charles Mitchel agus a chriú. Ach mar atá a fhios againn inniu, thit an tón as an socrú sin sa deireadh, agus táimid arís ar ais mar a bhí againn.

Scéal fairis: Is i mo thaobh tíre féin a d’fhoghlaim an Blaghdach pé Gaeilge a bhí aige ach ní bhfuair sé aon mháistreacht cheart riamh uirthi. D’fhág seo blas ina bhéal, ach níorbh é blas na Gaeilge é!

Ach chun dul thar n-ais ar na canúintí. Níl, agus ní raibh an uair sin, ach trí mhórchanúint sa teanga. Dá mbeadh sí i réim i gceart ar fuaid Éireann, bheadh che ceann ann, agus gá leo. Ba é ár mbuac dá mbeadh . Ba é a bhí i gceist san iarracht a bhí ar siúl acu siúd na trí chanúint a bhí againn a leibhéal go talamh, nó, chun é a chur ar shlí eile, deireadh a chur leis an nGaeilge mar theanga náisiúnta agus an earra réchaite a bhí acu féin a chur ina hionad.

Ach bhí, agus tá, sé seo le rá i dtaobh na gcanúintí a bhí fágtha againn, go rabhadar i bhfad ní ba ghiorra agus ní ba ghaolmhaire dá chéile ná mar a cheap na potanálaithe. Bhí, agus tá i gcónaí, cnámh droma ag rith tríothu a dhein deirúracha dílse díobh taobh amuigh den stór focal agus nathanna a bhí acu, agus ba é sin an fhoghraíocht. Is geall le míorúilt an tslí ar mhair an caighdeán foghraíochta seo sna canúintí trí chéile. Tá a rian air, sa tréimhse ghearr atá Raidió na Gaeltachta ar an aer, cé gur beag athrú a tháinig ar na canúintí féin, tá na Gaeilgeoirí dúchais ag druidim chun tuisceana ar a chéile, thuaidh, thiar agus theas, ar shlí ná creidfeadh aoinne a tharlódh daichead éigin bliain ó shin. An gréasán foghraíochta a bheith chomh cosúil sin eatarthu is cúis le cuid mhaith de seo, i mo thuairimse.

Scéal thairis: Ar nós an Chadhnaigh, chuirtí cainteanna i leith an Ríordánaigh ab fhéidir ná dúirt sé riamh. Mar sin féin, faghaim blas an-Ríordánach ar an gceann áirithe seo a deirtear a dúirt sé. ‘Tá trí cinn de chanúintí againn,’ ar seisean, ‘Canúint Uladh, canúint Chonnacht agus Gaelainn na Mumhan.’ Caint seóigh, gan dabht.

Anois, cuir ceist ar aon fhoghlaimeoir inniu cén chanúint atá aige nó cén cineál Gaeilge atá aici. Níl aoinne de bheirt acu róchinnte. Bhíodh tráth ann a mbíodh a leithéidí seo cinnte — tá deireadh leis an lá sin. Saol liom leat is ea an saol atá inniu ann, ar mhórán slite, agus oireann an patrún saoil seo dóibh sin, ní maith leo a bheith pósta go hiomlán le duine ná le cúis. Ach is é an fear is macáinte a bhuail fós liom nuair a chaitheas an cheist seo chuige go ndúirt sé go neamhbhalbh agus le siúráil mhaith: ‘Tá mo chanúint féin agam.’

Agus sin mar atá sé, cuid mhaith. Tá a chanúint féin ag gach duine acu, ú amháin sa teaghlach Gaelach céanna. Tá sé ina Thúr Baibil i gceart, mar a déarfá. Pé easpa eile atá orainn, mar sin, ní easpa canúintí é.

Ach, an féidir canúintí a thabhirt orthu seo? Ní féidir, na aon dul air. Ní féidir a thabhairt orthu ach gibris chainte. An chanúint cheart in aon teanga tá sí faoi smacht ag rialacha áirithe tríd síos, idir fhoghraíocht agus dheilbhíocht agus chomhréir. Ní mar sin atá acu seo, ach iad go léir neamhspleách ar a chéile, agus gan gaol ag aon cheann acu le haon chanúint atá fós ina teanga phobail i gceantar éigin. Buaildh an chuid ‘Géilge’ leat i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh agus in áiteanna eile, ach ní teanga phobail in aon áit í, is é sin, ní pobal daoine á labhairt mar theanga laethúil. Agus an lá ná fuil, caith uait teanga ná canúint. Agus ní fhéadfadh gurb in í an sórt earra a bhí i gceist ag an gCadhnach chun gan éagóir a dhéanamh air.

Sa Ghaeltacht go háirithe, ní raibh de bhrí i bhfad siar le ‘Gaeilgeoir’ ach duine a bhí ag foghlaim Gaeilge. Tá an téarma leathnaithe amach ó shin agus déarfaí le haon chainteoir Gaeilge inniu é. Bhíodh cuid mhaith acu seo ag caitheamh an Fháinne i mbóna a gcasóige, an ceann geal nó an ceann óir de réir a gcumais is a líofachta. Staonadh ó Bhéarla, staonadh ó ól, b’in é an mana agus a n-aithne chreidimh. Ní fheicfeá an dá shuaitheantas seo ach ar strainséirí, ar ‘Ghaeilgeoirí’.

Ní bhíodh aon cheap magaidh againn féin an uair sin agus ar feadh blianta ina dhiaidh sin ach cainteoirí dúchais ag caitheamh an Fháinne. Radharc an-annamh ab ea é, cé gur chaith cuid againn féin stumpa d’Fháinne ar feadh cúpla bliain i bhfad siar. Ach de ghnáth, an cainteoir dúchais a chaitheadh ceann acu, bheadh sé sáite sa ghluaiseacht go minic. Ach ní raibh aon radharc in Éirinn chomh suaithinseach le fear Gaeltachta ag caitheamh an Fháinne ar a fhód dúchais féin. B’fhiú linn é sin a fheiscint.

Ach b’in sular tháinig an deighilt idir an foghlaimeoir agus an chainteoir dúchais. Is ina dhiaidh sin a tháinig an Fáinne Nua, an ceann daite agus an ceann óir — níor ghá duit a bheith i do chainteoir líofa d’aon cheann acu seo, níor bheag duit fonn líofachta a bheith ort agus chaithfí chugat é. Agus díreach an cúpla focal a bheith agat don cheann daite. Díluacháil ar an nGaeilge ab ea an dá cheann, agus gluaiseacht na Gaeilge ag imeacht le sruth. Is beag radharc ar aon cheann acu trí chéile inniu, pé rud atá le léamh as sin, n’fheadar.

Níor sháraigh aoinne riamh, áfach, fear an ‘chúpla focal’. B’in é máistir na gceardaithe ar fad. Polaiteoirí is mó a bhí ag cleachtadh an nóis seo. ‘A chairde Gael agus a mhuintir na hÉireann tá áthas mór ormsa a bheith anseo in bhur measc inniu… and now to turn to the tongue of the foreigner, etc.’ Agus, dá mbeadh ceart le fáil, gan ceachtar den dá theanga go rómhaith aige…b’fhéidir da mbeadh ná héisteofaí leis! Théadh a leithéid seo síos go maith leis an slua an uair sin; bheifí ag faírigh faoi inniu. Cor eile sa tsaol; is fadó a fuair saonta bás, cé go bhfuil na slíomairí fós linn.

Níl aoinne is mó a dhein a bhuilín ar an smaoineamh seo ná Liam Trom is Éadrom Ó Murchú lena chlár teilifíse. Féar plé dhó, bhí sé go maith faid a mhair sé, agus thug sé cuisle na tíre leis níos fearr ná mar d’eirigh le cuid dá chomhghleacaithe ar an mbosca beag. Duine nár thaitin Liam leis, agus bhíodar ann, an-chomhartha ar fhear, ach dúirt sé seo i bpáirt fonóide agus i bpáirt mhagaidh ag an am céanna gur sin-seanuncail do Liam a chum an t-amhrán úd, Cáit Ní Dhuibhir. ‘Tá a fhios agat an líne úd atá ann,’ ar seisean: ‘Tá leabhar aici den Ghaelainn agus beagáinín den Bhéarla tríd. Bhoil, d’athraigh Liam an líne sin is chuir sé an Béarla in áit na Gaelainne. Ach is ón amhrán a fuair sé an smaoineamh bunúsach féin.’

Ach is cuma cad deir fear an tsuainseáin . D’éirigh le Liam an dubh a chur ina gheal ar dhaoine, cuid mhaith, agus ní le droch-chroí a deirim é seo. Bhí a laghad sin Gaeilge ar an gclár sa deireadh aige, agus í sin féin simplí go maith, gur thosnaigh daoine ag rá leo féin, toisc gur thuigeadar í, go raibh Gaeilge acu féin. Nó, ar a laghad, ná raibh aon droch-Ghaeilge acu. Agus ar ndóigh, bhí lucht na cúise agus na foghlaimeoirí go lántsásta leis an dtabhairt amach.

Cúis, ar mh’anam! Bhí fear a raibh a chúilfhiacla go maith aige a d’óladh in aon chomhluadar liom i mBaile Phib anseo i mBaile Átha Cliath fadó, agus b’í an Sláinte a bhíodh i gcónaí aige nuair a d’ardaíodh sé a ghloine inár measc: ‘Sea, ar son na cúise,’ a deireadh sé. Bhí beagáinín den alfraitsíocht ina bholg a bhí foghlamtha ar bhóthar na polaitíochta aige. ‘Ní chuirdh tú aon olc go deo ar aoinne leis an tSláinte sin,’ a deireadh sé, ‘mar níl aoinne gan a chúis bheag féin aige.’

Sea, tá a chúis féin ag neach na gluaiseachta. Ach chun na fírinne a rá, níl a fhios agam cén leagan amach atá ar an gcúis sin inniu. An bhfuil a fhios aige féin? An Ghaeilge a chur ar a bonnaibh arís? An Ghaeilge a thabhairt ar ais agus a chur i réim arís? Ní raibh sí i réim riamh, d’fhéadfá a rá. An Ghaeilge a bheith ina dara teanga le hais an Bhéarla? Siondróm an chúpla focal a athmhúscailt? Géilge na Gliúseacta a chur in ionad Ghaeilge na Gaeltachta? Deireadh a chur leis an nGaeltacht ionas gurbh í a ghibris féin a bheadh in uachtar?

Is cuma leis, tá cúis aige. Níl an sprioc tábhachtach, nó níl sí chomh tábhachtach leis an gcúis per se. Buail placard ar a ghualainn agus siúlóidh. Abair leis béic a dhéanamh, agus liúfaidh. Abair leis a bhfuil de Bhéarlóirí in Éirinn a dhamnú, agus damnóidh le fonn. Mo ghraidhin sinn. Mar a dúirt Liam Dall Ó hIfearnáin: ‘Go bhfóire Dia ort, a Chaitlín Ní Uallacháin.’

Scéal fairis: Sampla eile de ghalar na gluaiseachta is ea cuid den Ghaeilge atá á scríobh inniu, ú amháin ag Gaeilgeoirí maithe. Go minic, is lagaithris, focal ar fhocal, ar an mBéarla atá ann, ach é gléasta i gculthairt ghalánta. Cúpla lá ó shin bhuail péarla dá leithéid seo liom, agus é curtha i mbéal ár dTaoisigh Cathal ag duine de na killers a bhí i gceist ag ‘Máire’. Ag labhairt dó i gCléire, dúirt sé de réir na scripteanna mar a leanas:—

‘Is sócmhainn chultúrtha de chuid an náisiúin seo an Ghaeilge,
agus is í an ghné is leithlí dár bhféiniúlacht í.’

Anois, cuir leis seo an drochfhoghraíocht atá ar ár gCathal féin ar an nGaeilge (Fíne Fál a thugann sé ar a pháirtí féin) agus beidh tuairim agat cén sórt manglaim abairte a tháinig óna bhéal. Ach an abairt féin, Dia linn, agus a pheacaí foghraíochta a mhaitheamh do Chathal, léigh arís í. Is ú é, más maith leat olc a chur ort féin. Is furaist an abairt Bhéarla a shaolaigh í a shamhlú, cultural asset, etc. Ó dhuine éigin nár thuig cad is teanga ann ná conas í a aistriú go teanga eile a tháinig sí.

An tan do bhí Gaeilge in Éirinn beo agus nach i mBéarla a bhí daoine ag smaoineamh, ní mar sin a bheadh sí. Rud éigin mar a leanas a bheadh againn:

‘Níl seod chultúrtha againn is fearr a léiríonn gur cine ar leith sinn ná an Ghaeilge.’

Beag beann ar an mBéarla agus ar chastróvaics na teanga sin, ábharthacht agus simplíocht curtha in ionad na teibíochta. Mar ní mhairfeadh an Bearla gan teibíocht. Agus is í a thachtfaidh an Ghaeilge sa deireadh thiar.

Ach cad ab áil liom ag caint? Bheadh sé chomh maith agam a bheith ag cuimilt mo mhéire do chloich.

Thursday 28 July 2016

Píosa Léitheoireachta le caighdeánú

Ón leabhar Mise, Colm Ó Gaora, Alec Tom agus a chuid Teo. BÁC 1943.

Seachtmhain Aoibhinn na Cásga, 1916.

Lch 146

1.      Seachtmhain - seanlitriú
2.      Cásga - seanlitriú
3.      Gaedheal - seanlitriú
4.      nuair a castaí - ‘nuair a chastaí’ go caighdeánach
5.      é fhéin - ‘é féin’ go caighdeánach
6.      a dtéidheadh - ‘a dtéadh’ seanlitriú
7.      cómhrádh - ‘comhrá’ seanlitriú
8.      eatorra - ‘eatarthu’ go caighdeánach
9.      sgéal - seanlitriú
10. ‘cá'ide’ - seo ‘cá fhaide go’ nó ‘cá fhad go’ go caighdeánach
11. liom fhéin dhe - ‘liom féin de’ go caighdeánach
12. sa chuile rud - ‘i ngach uile rud’ atá ag Mise 2008, ach cuireann seo as riocht ar fad é, féach go bhfuil tógáil mar ‘sa chuile’ coitianta ag SÓC thuas(agus CM). Is ionann seo agus a rá go bhfuil ‘chuile’ tar éis imeacht ó laincisí na bhfocal ‘gach uile’ agus go gcaitear leis amhail is gur focal ann féin gan beann aige ar rialacha gramadaí na mbunfhocal.
13. ruithfeal - ‘raidhfi’ go caighdeánach
14. treallmhaí troda - ‘trealaimh troda’ go caighdeánach
15. a cheannacht - ‘a cheannach’ sa chaighdeán cúng
16. pighinn - ‘pingin’ go caighdeánach
17. i ndon - ‘in ann’ go caighdeánach
18. roighin - ‘righin’ le ‘r’ caol go caighdeánach
19. nuair a bhíothar dhá bocáil - athrú mór tagtha air seo ‘nuair a bhíothas á bhocáil’ sa chaighdeán
20. machaire dubhshláine na hEoróipe - machair dúshláin na hEoraipe
21. ar áirdeall - ‘ar airdeall’ go caighdeánach fuaim ‘á’ ann ar ndóigh ní thig ach fuaim fada a bheith le ‘a’ roimh 'r'. Féach ‘ard’, ‘Bearna’, ‘Carna’ et al.
22. ar chuile chor - ‘gach uile’ go caighdeánach
23. dhe - ‘de’ go caighdeánach
24. faoi dhéint - ‘faoi dhéin’ go caighdeánach
25. ní rabh - ‘ní raibh’ go caighdeánach, fuaimniú.
26. conart - ‘conairt’ go caighdeánach
27. údan - ‘úd’ go caighdeánach

Lch 147
1.      go síorraidhe - ‘go síoraí’ go caighdeánach
2.      bhíomar-ne - ‘bhíomarna’ go caighdeánach
3.      na hÁrd-Chomhairle - ‘na hArdchomhairle’ go caighdeánach, féach thuas faoi ‘ar’
4.      coiste stiúrtha chatha an chonntae - ‘coiste stiúrtha chath an chontae’ athrú ar an nginideach
5.      sa gConntae - Gaeilge Chonnacht
6.      leigheadh - ‘ligeadh’ go caighdeánach.
7.      go dtáinic - ‘go dtáinig’ go caighdeánach
8.      léigheadh - ‘ag léamh’ go caighdeánach
9.      shul mar dhúirt - ‘sular dhúirt’ go caighdeánach
10. séard is - ‘Is éard’ a scríobhtar
11. dhíbh - ‘daoibh’ go caighdeánach


Saibhreas sa chuid seo

bocáil- pocáil
úmaithe - ullmhaithe
I muinín a miota - lán a ndíchill
Ba é do chloch neart - ba é do mhíle dícheall
ar ghoin - síorfhaire
téisclim - cur i gcóir, réiteach



Twitter as Gaeilge!?

(foilsíodh seo ar nós cheana)

A lucht an idirlín, tá borradh faoi shlua-aistriúchán Twitter athuair! Tá scata ceaptha mar bhéite-thástálaithe le haistriúcháin a chuirtear isteach a roghnú thar a chéile. Bhí fadhb ann le tamall le bréagaistriúcháin agus caighdeán íseal teanga ach tá súil anois go ndéanfar an togra ar fad a chríochnú go luath. Tá fáilte roimh chabhair!
Seo thíos cur síos ar an mbealach is fearr páirt a ghlacadh. Moltar nach nglacfadh ach an dream sin a bhfuil cumas ard go leor ó thaobh saibhris agus cruinnis acu páirt sa togra. Tá fáilte ar leith roimh dhaoine a thug faoi aistriúchán mar seo cheana. Tá sé sách teicniúil in áiteanna. Níltear ag iarraidh daoine a chur ó dhoras ach mura bhfuil Gaeilge measartha cruinn agat ní bheidh tú ag cur leis an togra i bhfírinne. (Éinne ar mhaith leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú tá go leor áiseanna ann m.sh duolingo nó aistear.ie agus eile ann)
A. Téigh chuig ionad aistriúcháin Twitter anseo https://translate.twitter.com/dashboard
B. Sínigh isteach le do chuntas Twitter.
C. Téigh chuig ‘Twitter Glossary’ agus déan athbhreithniú ar na téarmaí atá ann. Tá sé fíorthábhachtach cloí go docht leis na leaganacha atá roghnaithe ann. Caithfear coinneáil leis na téarmaí a roghnaíodh sa ghluais. Ní hionann i gcónaí na téarmaí is mó vótaí agus an téarma a roghnaigh tástálaithe ó bhí roinnt botún i leaganacha áirithe/tá cinn áirithe imithe ó mhaith.
D. Téigh chuig
1. ‘Translate’
2. ‘Twitter.com’
3. ‘All Phrases’
4. Téigh chuig leibhéil éagsúla deacrachta/abairtí nua agus cliceáil ar ‘To be done’. Scrollaigh síos tríd na haistriúcháin le habairtí nár aistríodh cheana a aimsiú. Má tá go leor aonad ar nós {{placeholders}} ann seachain iad seo ar dtús trí scrollú síos níos faide le teacht ar abairtí breátha le focail chearta iontu! Is fearr gan abairtí a aistríodh cheana a aistriú arís ach amháin más drochaistriúcháin amach is amach atá iontu nó más aistriúcháin go teangacha eile iad.
twitterGaeilge.jpg
Tá sé tábhachtach, leis, breathnú thíos faoin mbosca aistriúcháin, áit a dtaispeántar leaganacha cosúla a aistríodh cheana agus an stíl atá iontu cheana a leanúint.
Focail thábhachtacha
tweetáil - tweeting
tweetanna(litreacha beaga ar fad) - tweets
atweetáil - retweet
fógraí Twitter - Twitter alerts
treocht - trend
cluaisín - tab
tagairt - mention
réiltín - favourite
aipeanna - apps
uimhir fóin - phone number
Tá siad seo bunaithe ar leaganacha a cuireadh isteach cheana, tograí eile aistriúcháin agus ar thaithí na dtástálaithe anuas ar úsáid na dtéarmaí i measc na nGaeilgeoirí ar Twitter. Mar shampla ‘tweet’ an leagan is coitianta de ‘tweet’ ainneoin na ndeicheanna de leaganacha eile a bheith molta agus in úsáid. Tá fáilte mhór roimh dhaoine leaganacha ar nós ‘an córas giolcaireachta’ agus mar sin de a úsáid agus iad ag caint air nó faoi Twitter ach ar nós go leor teangacha Eorpacha eile tá beartaithe cloí le ‘tweet’ féin don leagan Gaeilge den suíomh.
Táthar ag súil go mbeidh an togra iomlán réidh gan rómhoill. Ní neart go cur le chéile. I measc na ndaoine atá ainmnithe mar thástálaithe tá Kevin Scannell (@kscanne) Meiriceánach na ríomhairí Gaelacha agus an dream seo thíos.
Marcas Ó Loinneacháin @Marcas_OLoinn
Brian Boll @bhriain
Murchadh Mór @murchadhmor
Tá roinnt Gaeilge ar leathanaigh áirithe cheana féin.
twitterGaeilgeCheana.jpg









Sunday 24 July 2016

Trascríobh ar Ghaeilge Ros Muc

Clár

Anailís ar an gcanúint sna taifeadtaí

Ar fáil anseo http://scribhinnifanacha.blogspot.ie/2016/07/anailis-ar-chanuint-ros-muc.html

Saibhreas agus sliocht canúnach

Léarscáileanna agus ábhar eile

Nóta:

Is leaganacha neamhchaighdeánacha nó cinn arbh fhiú suntas a thabhairt dóibh na leaganacha atá faoi chló trom. Tugtar fo-nótaí faoi ghnéithe inspéise áirithe eile. Ní chuirim nóta le gach leagan de ghrá na simplíochta ach go háirithe i gcás pointí a pléadh roimhe sa téacs.

Pléitear na leaganacha neamhchaighdeánacha ar fad ar bhealach córasach tar éis an trascríofa. Ní nós na gnéithe canúnacha ag na cainteoirí sin nach as Ros Muc dóibh a aithint ná a phlé. Aon rud nach bpléitear sna fonótaí déanfar trácht air san anailís ag deireadh na haiste. Chuaigh mé le córas litrithe a bhí bunaithe ar chóras LFRM(Liosta Focal as Ros Muc) chomh maith le córas Wigger as Caint Ros Muc(CRM). Is córas hibrideach é atá idir eatarthu agus is fearr sa tslí sin, is dóigh liom, blas na canúna a léirú ach gan a litriú a chur as a riocht chomh mór sin. Téann LFRM le ‘An talha’ agus ‘a mbrisheá’ agus bheartaigh mé gan dul chomh fada sin de ghnáth. Bhain mé úsáid as córas An Teanga Bheo (ATB) go minic chomh maith.

Mar eolas ba chóir gur  'múin', 'lúng' agus 'cruc' a thuigfear mar fhuaimniú san áit a bhfuil 'móin', 'long' agus 'croc' agamsa. Chomh maith leis sin tá giotaí airithe curtha i láthair sa bhfogharscríobh le fírinne an fhuaimnithe a léiriú ach arís ní bheadh sé praiticiúil an téacs ar fad a scríobh mar seo.

Is ionann [...] agus an taifead a bheith doiléir.

Is ionann cló Iodálach agus focal iasachta.

Fágann cló trom go bhfuil tréith chanúnach nach bhfuil sa Chaighdeán Oifigiúil(CO) ann nó go bhfuil rud éigin eile ar díol spéise é sa chaint



Seán Ó Conaire, as Ros Cíde, Ros Muc

Láithreoir leanúnachais: Tá sibh ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta agus tá sé an hocht a chlog, ar Bhlianta faoi Bhláth anocht cluinfidh sibh Piaras Ó Gaora ag caint le Seán Ó Conaire, as Ros Cíde, Ros Muc, Conamara.[1]

Piaras Ó Gaora: Táilliúr thú fhéin a Sheáin agus creidim gur táilliúr a bhí in t-athair[2], agus ina athair sin roimhe.

Seán Ó Conaire: Bhí mo sheanathair agus m'athair ina dtáilliúraí agus bhí mé fhéin i mo tháilliúr agus d'fhága[3]... bhí mé timpeall is bliain sa mbaile[4] nuair a cailleadh m'athair, mar a déarfhá, agus ansin joináil[5] mé an t-athair aimsir an choga’[6]

[ˈ mə​​ ˈanˠˈa.ɪɾʲ aɡəsˠ ​mˠa​.​ɪɾʲ ɪd̪ˠɑː​l̠ʲuːɾˠiː aɡəsˠ ˈ ˈɪ mə hɑː​l̠ʲuːɾ aɡəsˠ d̪ˠɑːgə​… ˈ ˈ ˈt̠ʲ.əl̪ˠəsˠ ​ˈliə​n̪ˠə a.lɛ nuəɾʲ ə ˈkɑːl̠ʲ mˠa​.​ɪɾʲ, əɾˠə​​ dʲɛɾˠhɑː, aɡəsˠ ən̪ˠ​​ɕɪn dʒɔɪnɑːl̠ʲ ˈ ə t̪ˠa​.​ɪɾʲ ə.ɡə ][7]

P: Roimhe sin, an sa mbaile a d'fheolaim[8] tú an cheird?

S: D'fhoghlaim mé cuide[9] dhó[10] ó m'athair ach níor fheolaim mé é ar fad uaidh.

P: Tuigim. Bheul dúirt tú go ndeachaigh tú isteach san arm, cén bhliain an ndeacha’ tú isteach san arm?

S: Chuaigh mé isteach ann naoi déag ceatharca, chuaigh mé isteach san arm, agus bhí muid 6 bliana san arm, d'fhága muid an t-arm i 1946.

P. Tréimhse dheas a mh'anam.

S: Chaith muid 6 bliana ann.

P: Sea, bhuel cén fáth an deachaigh tú isteach san arm?

S: Bhuel, ní raibh tada eile ann an t-am sin, bhí an cogadh bristí[11] amach bliain, bhris sé amach...

P: 1939, sílim.

S: Sea, i 1939.

P: Bheul, cén chaoi[12] ar thaithni’[13] saol an airm leat?

S: Bhuel is fiú an t-arm ceart go leor an t-am sin ach ní raibh aon pháí[14] ann.

P: Cén pháí a bhí agat?

S: Páí, bhí 13 is dhá phingin a bhí ann.

P: 13 agus dhá phingin.

S: Sin é naoi déag ceathracha.

P: Sea, agus cé mhéad a bhí a' dhul ag tíocht[15] nuair a d’fhág tú, 6 bliana ina dhiaidh sin?

S: Punt agus dhá phingin, nuair a d'fhága[16] muid[17] é.

P: Ó is é, chuaigh an pháí suas mar sin, suas le scilling in aghaidh na bliana?

S: Timpeall is mar sin[18], ach fuair muid grant of duty, mar a déarfhá nuair a d'fhága muid an t-arm, fuair mé suas le céad punt, chuile[19] dhuine a bhí ann, a' dtuigeann tú?

P: M'anam gurbh fhiú go leor, is dóichí[20], céad punt an t-am sin?

S: Go deimhin, b’fhiú.

P: Bhí tú in ann pórtar a ól air.

S: Bhí tú in ann 10 seachtainí a dhéanamh ar phunt an t-am sin.

P: Bhí.

S: Bhí tú.

P: Cé méad[21] a bhí ar an bpionta an t-am sin?

S: 10 bpínne[22].

P: 10 bpínne?

S: Gheobhfhá[23], in áiteachaí[24] eile, 9 bpínne.

P: Ceithre phionta fhichead mar sin?

S: ...bhíodh tú in ann ceithre phionta fhichead a cheannacht[25] ar phunt.

P: Baigh deaid. Bhuel cén chaoi a gcaiteá an lá san arm, cuir i gcás, cén t-am a n-éiríodh sibh?

S: D'éiríodh muid ar timpeall is ceathrú tar éis a seacht ar maidin agus...

P: Céard a bhí ann an uair sin?

S: Théadh muid amach ar shráid ansin ag a naoi a chlog. Bhíodh muid ag seoladh poill [...], muscaeid agus machineguns[26], mar a déarfhá, i gcaithea’[27] an lae, go dtí, go ham dinnéir, agus th’réis[28] am dinnéir théadh muid[29] ag spórt síos 'ag' an bpáirc nó dhon aimsir bhreá. Bhíodh muid críochnaíthe[30] ag a leathuair théis a ceathair, chaith muid an tae ag a leathuair théis a cheathair, ó leathuair théis a ceathair go dtí leathuair théis a cúig agus bhíodh muid saor ansin go dtí maidin lá arna mhárach arís. Sin é an chaoi a raibh saol an airm nuair a bhí mise ann ar chuma ar bith ach bhí saol crua an t-am sin ann ní hionann is anois.

P: Bhuel, nach mbíodh a leithéid de rud ann agus garda freisin?

S: Ó bhí garda. Chaithfeadh tú do dhuty a dhíona’ ansin, caithfeadh tú, théadh muid ar gharda ag a 10 ar maidin go dtí an 10 a chloig maidin lá arna mhárach, mar a déarfhá, sin ceithre huaire fichead ar duty, agus ceithre huaire fichead saor.

P: Bhuel, sórt obair í, obair an gharda? Cén saghas oibre a dhéanann sé?

S: Nuair atá tú an an ngeata, ar gharda caithfidh tú chuile dhuine a stopadh a thagann isteach an geata. Caithfidh tú fiafrú cé hé fhéin, is cuma, is cuma, má aithníonn tú fhéin é caithfidh tú fiafrú dhó cá’il[31] sé a’ dhul nó cén graithe[32] atá isteach aige. Ní ligfhear[33] isteach aon duine ann ach duine a bhfuil graithe isteach aige.

P: Bhuel, cuir i gcás nach dtiúrfhadh[34] fear freagra ort agus go ndéanfhadh sé iarracht a dhul isteach dhe do bhuíochas, céard é...

S: M’anam bheadh cead agat caithea’, bhí, d'fhéadfhá ‘ruchar[35] a caitheamh san aer is gearr go mbeadh cúnamh agat anyways.

P: Ó tuigim. Agus sé bliana, a deir tú, a chaith tú san arm.

S: Chaith mé sé bliana ann agus bhí sé tufáilte[36] san arm an t-am sin, tá mé siúráilte dhe.

P: Bhuel bhíodh siúlóideachaí[37] móra nó bíonn i gcónaí, is dóichí, ag an arm. Bhí tú ar chuid acu seo is dóichí?

S: Go deimhin, bíonn, bhíodh muid orthub[38] 3 nó 4 dho uaireantaí sa mbliain ar chuma ar bith. Cuímrím[39] ar siúl as an Rinn Mhór go dtí Contae a’ Chláir.

P: Aistear cé méid míle?

S: Timpeall is, timpeall is tríocha cúig míle.

P: Tríocha cúig?

S: Um.

P: In aon lá amháin ab ea?

S: Ó ní hea, thug muid cúpla oíche. Champáil muid amuigh, an dtuigeann tú? Dhéanadh muid timpeall is deich míle sa lá, mar a déarfá anois, is champáladh muid amuigh ansin is thóg sé timpeall is trí lá orainn a dhul síos an t-achar sin.

P: Bhuel cén chaoi a thógfadh sibh beatha nó an gcaithfeadh sibh fhéin an bheatha a...

S: Ó thagadh, thagadh an bheatha[40], an dinnéar, thagadh sé aniar ar an leoraí, an dtuigeann tú, bhí kitchen, bhíodht siad in ann an kitchen, an chisteanach a tharraingt ina diaidh, le haghaidh cúcáil[41] a dhíona’.

P: Tuigim, bheul sa Rinn Mhór a bhí tú, a liostáil tú?

S: Ó bhí muid sa chuile áit thart. Bhí muid...

P: Ach sara liostáil tú ab ea?

S: Liostáil muid sa Rinn Mhór. Cuireadh as sin muid go Droichead an Chláirín, bhí muid i Killcolgan House sin an t-ainm a bhí air sin agus ansin hathraíobh[42] amach go Dunsanden’s House, amach i Dunsanden’s bhí muid scaithea’ fada ansin freisin nuair a d'imigh muide[43], hathraíodh suas go hAthlone ansin muid, chaith muid cúpla bliain eile in Athlone, bhí mé scaithea’ i Luimreach Sarsfield Barracks agus Collins' Barracks i gCorca’. Chaith muid an t-achar sin. Ní bhíodh muid san áit chéanna i gcónaí, mar a déarfhá.

P: Bhuel, nuair a bhíonn fear gléasta suas in arm is in éide mar sin, an gcuímríonn sé air fhéin go minic go bhfuil sé dhá bheathú le dhul amach le piléar a stopadh?

S: Bhuel, á muise, níor chuímrigh tú air sin a Sheáin, nuair atá tú óg, is cuma leat freisin an dtuigeann tú, tá tú, nuair atá tú siúráilte le haghaidh rud a dhíona', tá tú in ann a dhíona’ freisin.

P: Hum.

S: Níl beann ar bith ar dhuine ar bith anois nuair atá tú in ann rud a dhíona’.

P: Bhuel an Gaeilge ar fad a labhraítí?

S: Bhuel, bhí an traenáil ar fad i nGaeilge, mar a déarfhá, ach bhí neart Béarla freisin ann[44]. Bhí daoine ar a’ Rinn Mór nach raibh Gaeilge ar bith acub. Ach d'fheolaim go leor acub Gaeilge ó mhuintir Chonamara freisin.

P: D'fheolaim.

S: Ó, d'fheolaim.

P: Agus ar ndó’ bhí neart as Conamara ann.

S: Bhí siad as chuile áit sa tír ann, as Dún na nGall agus Bleá Cliath, agus Ciarraí, thart timpeall, bhí siad as Tuaim, corrdhuine as Tuaim is as Baile an Chláir.

P: Ar ndó’ bhí carachtaeirí móra ar an Rinn Mhór.

S: Ó muise go deimhin bhí, is iomaí duine a bhí in ann pórtar a ól ar chuma ar bith.

P: Bhuel tháinig tú amach as an arm thr’éis sé bliana agus céard a rinne tú ansin?

S: Fuair mé jab Tí Moon’s[45] i nGaillimh.

P: Sin é, thuas anseo ar an gcoirnéal.

S: Thuas anseo i nGaillimh anseo agus chaith mé timpeall is bliain go leith Tí Moon’s ag obair ar an táilliúracht.

P: Ag feolaim táilliúracht?

S: Sea.

P: Ó, sea, agus as sin?

S: Chua’[46] mé ansin go Tuaim le Ger Kenny tá an áit dúinte[47] suas ó shin. Nuair a fuair George bás dúnú suas an áit. Bhí factory beag dá chuid fhéin aige bhí suas le dhá dhuine dhéag ag obair ann, an t-am sin, agus bhí mé ag fanacht i gCorofin[48]. Murphy, Páraic Murphy, a bhí ar a’ bhfear a raibh mé ag fanacht leis i dTuaim, Corofin, agus 'sé an t-airgead a bhí mé a íoc sa t-am[49] sin agus cúig déag sa tseachtain ar a' seomra agus ar mo dhinnéar.

P: Bhuel, cén pháighe a shaothraítí mar tháilliúr ag an am sin?

S: Timpeall is ceithre phunt, ó thrí punt go dtí ceithre phunt, is.. cén t-ainm a thuganns tú air, piecework.

P: Ó tuigim. Bhuel ansin nuair a d'fhág tú Corofin, [50] ndeacha' tú?

S: Bhí mé a' dhul ag scoil ag Michael Kane as an gCeathrú Rua ansin san oíche.

P: Ó sea.

S: Michael Kane, bhí sé múnadh night school, mar a déarfhá, thíos ansin i gCorofin chaith mé dhá oíche ag dhul ag an scoil ins an oíche. Bhíodh muid ann ón seacht a chlog a chloig go dtín deich, go dtín deich agus d'fhágfadht sé sa mbaile sa gcarr mé, corroíche, an oíche a mbeadh am aige, mar a déarfhá anois.

P: Bhuel, ar fheolaim tú mórán?

S: Ó muise is d'fheolaim muid corr-rud, an dtuigeann tú.

P: Cé na[51] hábhair?

S: Ní raibh sé in ann mórán Gaeilge a mhúineadh dhúinn anyways, an dtuigeann tú, b’fhéidir go múnfhadh[52] sé dhúinn le haghaidh í a[53] litriú nó rud mar sin.

P: Agus nuair a d'fhág tú Cora Finne ansin, chua’ tú go?

S: Chuaigh mé go Woods's i mBallinasloe.

P: Woods? Cén sórt teach[54] a bhí ansin?

S: Teach mór éadach a bhí ann agus bhí suas le dhá, ní raibh aon bhealach eile le haghaidh culaith éadaí a dhíona’ an t-am sin ná é a fháil ó na siopaí móra seo an dtuigeann tú? Woods's, ní hé Woods’s a bhí a’ ruith an áit ar chor ar bith an t-am sin ach Nicholas agus b'as Corca’[55] é Nicholas bhí suas le dhá scór daoiní[56] ag obair ansin. Tá an siopa i mBéal Átha na Sluaighe i gcónaí, feicfidh tú go deo, mar a déarfhá, thíos ar an tsráid, feicfidh tú Woods' Shop scríofa ar tiles nuair a chasfaidh tú an cross-bhóthar.[57]

P: Agus as Béal Átha na Sluaighe ansin sílim go ndeacha' tú ó dheas?

S: Chuaigh mé ó dheas go Contae Chiarraí, an áit a dtugann siad Kenmare air.

P: Kenmare, ní raibh aon Ghaeilge ansin, a’ raibh?

S: Ní raibh muise ach corrfhocal, chasfhaí[58] corrdhuine leat a raibh Gaeilge aige.

P: Cén chaoi ar thaithni’ na Ciarraíochaí[59] leat?

S: Bhí siad go deas, agus bhí dream an-deas a bhí i gContae Chiarraí agus an ceantar mar shiúl mé chuile áit Killarney, Listowel, bhí mé ag Puck Fair agus shiúil mé thart ar fad dhó agus síos Trá Lí, Killgarvan, chaith mé scaithea’ in Killgarvan freisin, a’ dtuigeann tú.

P: Bhuel, nuair a d'fhág tú Ciarraí ansin, chua' tú go?

S: Chua' mé go Sasana.

P: Ó sea. Agus an raibh sé le, táilliúireacht a chuaigh tú?

S: Sea fuair mé jab i Birmingham.

P: Birmingham.

S: Sé an t-ainm a bhí ar an bhfactory. Shella Raincoats.

P: Cén t-ainm anois?

S: Shella Raincoat, nach aisteach an t-ainm?

P: Bhuel, raibh mórán ag obair sa monarcha sin?

S: Bhí timpeall trí chéad bhí timpeall is céad go leith cailín ag obair ann, agus a’ dtuigeann tú...

P: Bhuel, an ndéantá an ball éadaigh uilig[60] thú fhéin?

S: Ní dhéanfhá, ní dhéanfhá, ní bhfaighidh tú é le díona'. B'fhéidir go mbeadh... Chuaigh seisean thrí lámha cúigear nó seisear sula ra’ sé críochnaí[61], b'fhéidir gurb é an jab a gheobhfhá ann, an dtuigeann tú, le haghaidh muinchillí an chóta a dhíona', b'fhéidir go bhfaighfheá le haghaidh an collar a dhíona’, ‘ dtuigeann tú.

P: Tá fhios a’m.

S: Tá duine eile ansin ann le haghaidh iad a fhuáil ar an seaicéid nó ar a’ gcóta agus tá dream ann le haghaidh iad, le chuile rud a dhíona’ anois an dtuigeann tú, b'fhéidir go bhfaighfheá baste, tá basting machine, chuile chineál machine ann a’ dtuigeann tú, agus tógfaidh sé scaithea’ fada ort freisin, feolaim le haghaidh na machines seo a oibriú freisin, a' dtuigeann tú, tuigeann tú b'fhéidir nach bhfaighfheá an ceann a bhí agat sa mbaile ar chor ar bith agus tá difríocht eatarthu, tá siad, ní hé an dream céanna, ní hé an chaoi chéanna a n-oibríonn siad, a’ dtuigeann tú.

P: Bhuel sílim gur phós tú i mBirmingham.

S: Phós mé bean as Baile an Chláir.

P: Ó sea agus tháinig tú abhaile.

S: Tháinig mé abhaile ansin.

P: Go Baile an Chláir.

S: Go Baile an Chláir. Bhí a teach fhéin aici sa mbaile agus bhí píosa beag talún, ní raibh mórán talún ach cheannaigh muid píosa talún óna driotháir[62]. Cheannaigh muid an t-am sin é ar ocht gcéad punt, óna deartháir, agus d'athra muid[63] ansin timpeall is scór bliantaí[64], chuaigh mé ag tiomáint machine dhon Board of Works ar a’ Corrib Drainage Scheme.

P: Cén bhliain ar thosaigh an scéim sin, a Sheáin, an Corrib Drainage Scheme?

S: Naoi déag caoga ‘gus ceathair, naoi déag caoga ‘gus ceathair a thosaigh sé, sa Márta agus chaith mé 6 bliana ag obair ann ag tiomáint an machine, agus rinne muid ó Dhroichead Bhaile an Chláir go Turlach Mór na sé bliana sin. Bhí dhá mhachine ann, bhí machine ar dhá thaobh dhon abhainn agus bhí machine, machine-annaí ar na small draentrachaí bhíodh ag tíocht isteach san abhainn freisin, an dtuigeann tú, a bhíodh ag tíocht isteach tríd an tala’, an dtuigeann tú, áiteachaí boga suas thimpeall[65] is Creig Mór agus na háiteachaí sin, an dtuigeann tú, tá tala’ an-íseal ann, bhíodht sé[66] líonta ag uisce sa ngeimhreadh i gcónaí, an dtuigeann tú. Nuair a scaipfeadh na [deiríocha] anonn sa ngeimhreadh scaipeadh sí isteach ar an tala’ seo agus bhíodh na feiliméirí iad fhéin ansin, an dtuigeann tú, dhéanfaidís draein uilig isteach ann agus nuair a tháinig an scéim seo go dtí, le haghaidh cúnamh a thabhairt dho na feiliméirí suas ansin, chuir siad machines bheaga sna draentrachaí seo agus leathna’ siad agus dhoimhnigh siad na draentrachaí agus thriomaigh sé sin an tala’ ar fad thuas ansin.

P: Tuigim.

S: Agus bhíos machine thosa' siad, istigh i nGaillimh agus thosa' siad ag Corrach Mór Bridge agus rinne siad dhá mhachine suas go dtí Droichead Bhaile an Chláir, sin é an chaoi, sin é an chaoi a rinne siad suas go Ros Comáin, chomh fada le Ros Comáin dhuit.

P: Agus rinne an scéim an-mhaith, ceapanns[67] tú?

S: Ó go deimhin, rinne sé.

P: Bhuel le filleadh ar Ros Muc. Sílim go raibh gaol a't leis an bhfile sin Colm a' Bhailís?

S: Ó go deimhin bhí.

P: Cén gaol a bhí a't leis?

S: Ba deartháir dho mo mháthair mhór[68] é.

P: Ba ea.

S: Mo mháthair mhór, bean fhileata, sé an t-ainm a bhí uirthi Peig a' Wallace, agus ba dhearthár do Cholm a' Bhailís a bhí inti, agus sé an áit a rugadh iad ar an nGairfean is tá an teach a bhí siad is tá balla an tí i gcónaí ann.

P: Ach chuala mé ráite agus fiú amháin chuala mé craolta é go mba istigh ar na hoileáin in áit éicint a rugadh Colm a' Bhailís?

S: Níl fhios a'm cé a rugadh Colm a' Bhailís ach bhíodh sé ina chónaí ar an nGairfean agus tá a theach i gcónaí ann anyways níl fhios a'm cén chaoi a rugadh, cén áit a rugadh é ach is ann a bhí mo mháthair mhór agus is ann a rugadh mo mháthair ar an nGairfean agus tá 'n balla an[69] tí ansin i gcónaí. Le fear as Inis Treabhair an tala’ sin anois.

P: Hmm, bhuel seachas a bheith...

S: Agus d'fhága Colm a' Bhailís an Gairfean, sagart a bhí i Ros Muc, níl fhios a’m cén t-ainm a bhí ar an sagart, níl fhios a’m Welsh nó MacDonagh agus thug sé, sin é, sin é an sagart a rinne an séipéal i Leitir Móir agus thug sé isteach Colm a' Bhailís mar ba sáibhéir a bhí ann agus ba saor cloch bhí freisin ann agus bhí sé in ann balla a dhíona' freisin as clocha agus bhí sé in ann ádhmad[70] a ghearradh le sábh agus sé an sagart a thug isteach é agus phós sé istigh ansin i Leitir Móir nó Leitir Caladh agus níor tháinig sé amach ariamh ann mara dtáinig[71] sé ar cuairt níor tháinig sé ann ariamh.

P: Hmm, bhuel nuair a bhí tusa ag fás aníos ra' mórán dhá chuid amhrán ag na daoine óga?

S: Ó go deimhin bhí, bhí Cúirt an tSrutháin Bhuí acub, agus An Seanduine Cam, agus Amhrán an Driotháirín, na hamhráin sin ar fad. D'fhoghlaim mé cuid acub sin mé fhéin, ag dhul ag an scoil.

P: Ar scoil. Ach ní ó na seandaoine a dh'fhoghlaim tú iad?

S: D’fhoghlaim mé cuid acu, a' dtuigeann tú, ó bhí seandaoine ar an mbaile a raibh seanchas acu siar go dtí céad bliain roimh an am sin, chloisinn seandaoine ag caint ar Cholm a’ Bhailís agus ag caint ar m'athair mór. Ar ndóigh shiúl m'athair mór Conamara ar fad mar ní raibh aon táilliúr eile ann a bhí in ann aon éadach a dhéanamh ach é fhéin.

P: Bhuel chaithfheadh sé gur fear mór le rá a bhí ann tuigthear dhom gur dhúirt m’athair fhéin é sa leabhar a scríobh sé go mba choilgneach agus go mba chantalach a’ táilliúr a bhí ann.

S: Is iomaí uair a chuala mé, mura dtabharfhá a dhóthain poitín le nól dhó[72] ní raibh sé a dhul a dhíona’ tada dhuit.

P: Sin é a dúirt seisean ar aon bhealach, gurb é an chéad, an chéad fhear ariamh é a chonaic sé ag ól uibheachaí fuara agus poitín le chéile agus mara mbeadh sé sin nach mbeadh [leasc] ar bith air iarraidh dhon mhaide croise a bhí aige a thabhairt dho dhuine.

S: Sé an chaoi a raibh sé an t-am sin, a' dtuigeann tú, dhá mbeadh culaith éide le díona’ a’tsa a' dtuigeann tú, seachas go ngabhfhá go dtí a’ teach, go n-iarrfhá an táilliúr go dtí do theach fhéin agus ghearrfadht do chluaith ansin i do theachsa agus sé an chaoi a raibh se á dhíona’ sin dhá uair sa lá, níl fhios a’msa a ra' meaisín ar bith aige an t-am sin ach bhí meaisín aige sular cailleadh é mar chonaic mé an meaisín, a' dtuigeann tú, a bhí aige.

P: Bhuel sílim go raibh fáth éicint[73] eile ann freisin mar, i leaba an chlann ar fad a thabhairt huig[74] an táilliúr bhí sé níos éasca dhon táilliúr a theacht go dtí an teach.

S: Go deimhin bhí.

P: Agus éadach a dhíona’ uair sa mbliain dhon teaghlach ar fad.

S: Bhuel nuair a thiocfadh sé go dtí an teach dhéanfhadht sé éadach do chuile dhuine sa teach fear agus mrá, bhí sé a dheanamh go mhrá freisin, bhí sé in ann sciorta mrá a dhéanamh chomh maith le sciorta fir.

P: Sea deirtear ansin gurb é an chaoi a gcuirtí sa gcisteanach é agus go, b’é an chaoi, chuirtí [cúltha] faoi.

S: Bhainfhí an doras anuas, chuirthí faoi, b’fhéidir go dtí dhá chloch faoin doras go dtéifeadh siad suas sé, chaithfeadh sé an lá ag fuáil ansin dhó fhéin, ansin.

P: Ach d'athra' an stíl ansin, mar a déarfhá, an táilliúr a' dhul go dtí an teach agus ansin teach an táilliúra aimsir t'athar nach b'shin é mar a tharla? An fhad a bhí...

S: Bhí m’athair ag dhul ó theach go teach anyways, le m’athair, freisin, nuair a bhí sé óg, ó bhí, ach ansin thosaigh siad, fuair siad an machine ansin, an dtuigeann tú, agus thosaigh siad, agus bhí chuile dhuine ansin, sé an chaoi go dtagadh chuile dhuine ansin lena gculaith éide acub, a’ dtuigeann tú, agus ní raibh aon táilliúr eile thart ansin in áit ar bith, an t-am sin, aimsir..., ní raibh siad in ann é a choinneáil déanta[75] an méid éadach a bhí siad a dhíona’, ach ní raibh aon airgead ann ach an oiread.

P: Ach céard í an táilliúracht, sílim, ea, atá a’ dhul i léig, an cineál sin táilliúracht[76] atá i gceist a’m.

S: ...an méid sin táilliúirí i gConamara, ach ní raibh an táilliúireacht riamh chomh maith is atá sé anois, mar níl aon táilliúir ann anois.

P: Ní heol dom…

S: Níl aon táilliúr istigh i nGaillimh anseo anois ag obair dhóibh fhéin ach beirt agus tá siad sin sean.

P: Ní heol dom péin ach táilliúr amháin i gConamara faoi láthair, sin é Peaitín an Táilliúra ó Ros a’ Mhíl.

S: Tá aithne mhaith agam air, nó bhí aithne mhaith agam air, mar a dtuigeann tú anois, déarfainn go bhféadfadht sé a bheith ag fáil a dhóthain le déana’ 'fhéidir tá go leor rudaí ann, an dtuigeann tú, a chaitheas tailliúra a dhíona' freisin, an dtuigeann tí, ceannóidh tú culaith éide nó gheobhfha’ tú culaith éide agus tá sí róbheag nó rómhór ‘uit, an dtuigeann tú, agus tá, tá sé in ann séat[77] a chur ar treasbhsar, tá sé in ann rudaí go leor a dhíona’ agus culaith éide a dhéanamh freisin, an dtuigeann tú?

P: ‘ ndéanann tú táilliúireacht ar bith thú fhéin faoi láthair?

S: Bhuel, ní rinne[78] mé aon táilliúireacht anois m’anam ní dhéanfhainn anois é ach amháin dá mbeadh duine ina chumas anyways.

P: Ar nós mé fhéin?

S: Sea.

P: Abair báinín, meas tú, tá mé á chuartú le fada.

S: Dá ndéanfhainn é anois, dho mhac t'athar, mar a déarfhá.

P: Ní ómós a bheadh a’t domsa ach dom athair? Ní ómós dhomsa é?

S: Chonaic mé t'athair go minic sa teach.

P: Tá fhios a’m. Céard a bhíodh sé a dhíona’? Cuartaíocht ab ea?

S: Sea. Nuair a thagadh sé, is iomaí uair a dhéanfadh m’athair dhá chulaith in éineacht dho Cholm Ó Gaora. Dhéanfhadh sé. Agus nuair a thagadh sé ag díona’ culaith éide chuiridís fios ar bhuidéal fuisce agus bhídís ag ól ansin go ceann, is iomaí oíche a roinn sé dhá oíche ann.

P: An fuisce ó siopa a bhí anseo nó poitín?

S: Poitín is mó a bhíodh acu ar chuma ar bith.

P: Ó sea, bhuel chuala mé ráite go minic faoi tháilliúirí mara dtaitneodh tú leis an táilliúr go ndíonfhadh sé ball séire dhíot fhéin agus dhon chulaith éide. Go gcuirfheadh sé mallacht éicint nó lucht éicint ar an gculaith éide, ar fíor é sin?

S: Is fíor, níor mhór dhuit bheith fíormhór leis, an dtuigeann tú, an t-am sin níor mhór dhuit bheith fíormhór leis, nó mhillfeadh sé do chulaith éide go minic, a' dtuigeann tú?

P: B’é a’ chaoi go bhfuil tú ag iarraidh mé a thaghda’ anois le cúpla pionta a cheananach dhuit, fágfhaimid seo.

S: Táim [...] anois, a mhac. Tá mé...

P: Bhuel tá tú ar ais i gCathair na Gaillimhe anois, is dóichí go bhfuil difríocht mhór idir Gaillea' an lae inniu agus an Gaillea' a bhí ann tá dhá scór blianta ó shin.

S: Go deimhin tá.

P: Cén difríocht is mó a fheiceanns tú?

S: Bhuel, tá sé níos mó, a'dtuigeann tú, tá Crogan Park, a' dtuigeann tú, agus Corrib Park, ní raibh na háiteachaí sin ar chor ar bith ann ar chor. Chonaic mé áiteachaí a raibh feiliméirí ag obair ar Rohan Road an dtuigeann tú, tithí nua díonta ar fad anois ann, níl feiliméir ar bith thart anois ann, dhíol siad an talamh leis an gcorporation, is dhíol siad plots, private plots agus chuile chineál ann, a' dtuigeann tú, ó d’fhága, nuair a dhíol muid an áit a bhí againn i mBaile a’ Chláir, an dtuigeann tú, agus cheannaigh muid an teach sin an t-am sin agus fuair muid saor an t-am sin é, ní raibh sé ach, ní raibh sé ach trí mhíle ocht gcéad, a thug muid an t-am sin air, tá dha bhliain déag ó shin.

P: Is dóichí gurbh fhiú ceatharcha míle punt anois é.

S: Gheobhadh sé os cionn dhá scór míle anois, sé, an teach is gaire dhúinn anois díolú[79] é seachtain ó shin agus chua' sé ar dhá scór míle.

P: Bhuel le dhul siar níos faide, tharla go ndeacha' tú isteach san arm, is nuair a d'fhág tú scoil cén obair a bhí ort idir an scoil a fhágáil agus a dhul isteach san arm?

S: Á bhuel go mbainfheadh muid móin tine agus, an dtuigeann tú, bhainfeadh muid móin, chuirfeadh muid fataí, coirce, bhainfeadh muid móin i Leacán, ba mhór an jab a dhul go Leacán freisin as Ros Cíde, ag baint móna.

P: Cén t-achar?

S: Bhí sé timpeall is míle farraige, bhí sé timpeall is, bhí sé timpeall is hocht míle thimpeall an bhóthar, ach bhíodh bicycle a’nn, bhíodh muid in ann a dhul ar rothar go Doire Rois, trasna an bhá is mó a théadh muid, bhainfeadh muid móin ansin i Leacán, agus tharraingíodh muid anuas í ansin go dtí áit a dtugann siad Aill Mhór Leacáin air agus nuair a bhíodh an mhóin tirim, thugadh muid abhaile i mbád í, an méid a thabhairt sa mullach leis, mar a déarfhá.

P: Raibh tú, tugadh dom le tuiscint uair amháin go raibh tú ag obair le, dhon Chomhairle Contae?

S: Ó bhí mé ag obair, bhuel fuair mé, nuair a cheannaigh muid an teach i nGaillimh, nuair a tháinig mé isteach go Gaillimh fuair mé jab in Premium Cowen ar an, ar an…

P: Ní dheacha', thug, an ndeacha' tú san arm ariamh thiar i Ros Muc, shíl me go raibh tú ag obair leis an gComhairle Contae ansin scaithea', nó bhfuil dul amú orm?

S: Ní raibh ag obair leis an gComhairle Contae nó go dtáinig mé go Gaillimh.

P: B’shin an chaoi? Cén chaoi ar thaitni' an jab sin leat?

S: Bhí sé, bhí sé ceart go leor ach, is mór an jab, airgead a fháil ó dhuine ar bith, bhí cuid acu seo bhí caravans acu agus chuir an corporation, bhí sé, chuir sé, deich scilleacha cáin, sa tseachtain, cuid acu a d’íocadh agus cuid eile nach n-íocadh, an dtuigeann tú, thug mé suas[80] an jab théis bliain go leith níor thaitni' sé liom, bhí cuid acu an-bhocht agus ní raibh siad in ann é a íoc, ní raibh acu ach an dól agus níl raibh an dól chomh maith an t-am sin is atá anois sé anois acu oiread, a' dtuigeann tú, bhí cuid acu ní raibh tada acu agus ba mhór an jab é a thíocht isteach go dtí bean a mbeadh cúigear ghasúr aici ag gearán, agus deich scilleacha a fháil uathu.

P: Ba mhór an jab olann a bhaint dho ghabhar, i gcead duitse. Sea, bhuel níor fheolaim tú an bhádóireacht ariamh?

S: Bhuel bhí mo bháidín beag fhéin a’m sa mbaile is rinne mé chuile rud faoi sa mbád beag acu ní dhearna mé mórán bád seoil ariamh, ní raibh mé, sé, sé, táim in ann seoltóireacht freisin a dhíona’  ach ní raibh mórán sa mbaile riamh ann, daoine nach raibh bád acub, an dtuigeann tú.

P: Bhí, bhí cuid mhaith bad seoil déarfainn, ar an mbaile?

S: Bhí bad seoil ag chuile fhear i Ros Cíde, nuair a bhí mise, ag chuile theach ann nuair a bhí mise a dhul ag a scoil. Bád seoil ag chuile dhuine ann le haghaidh móin a thabhairt abhaile agus feamainn a bhaint, b’shin é an rith a bhí acub ó...

P: Ó sea, bhuel an ndearna tú aon urchar iascaireachta, ar a' bhfarraige?

S: Rinne mé, mharaigh mé ronnachaí[81], agus mangaí, agus ballachaí go minic i gcarraigeachaí amuigh, siar i gCuan Chill Chiaráin, ó mh’anma nach rachainn amú i gCuan Chill Chiaráin, tá mé dhá rá leat.

P: Ní dhearna tú aon phoitín riamh?

S: Ní rinne ach bhí mé in éineacht le daoine a bhí dhá dhíona’.

P: Bhí tú sa stillhouse?

S: Bhí mé sa stillhouse in éineacht leób.

P: Agus cén sórt áit é an stillhouse?

S: Anois, m’anam, ní dhéantaí a dhóthain poitín nó tada ann an t-am sin, nó tada ann, ar chuma ar bith.

P: Bhuel sílim na’ ra’ mórán caithea’ aimsire nó ann le do linn, damsaí sna tithí is mó is dóichí?

S: Bhíodh damsú sna tithí ann, agus sa savhradh[82] i Halla an Phiarsaigh thall i Ros Muc bhíodh damsa chuile oíche den tseachtain ann ach oíche dé Sathairn agus bhíodh cead againn a dul isteach sa hall an t-am sin ní raibh ach toistiún.

P: Toistiún.

S: Toistiún a thugadh muid air agus Dé Domhnaigh b’fhéidir go mbeadht sé deich scillinge agus 6 pínne. Bhíodht sé ón hocht a chlog san oíche Dé Domhnaigh go dtína haon ar maidin, céilí ansin Baint an Fhéir, agus Baint an Fhéir, agus Sixteen Hand Reel, agus Ballaí Luimrí, agus chuile chineál acub sin, casadh go leor amhrán ann.

P: Go leor amhrán. Ach a Sheáin...

S: Bhíodh damsú sna tithí freisin an dtuigeann tú, ach b’fhéidir anois a' dtuigeann tú go dtiocfhadh fear ar an mbaile isteach, go leor dho na mrá agus na leaids[83] le haghaidh píosa dhon oice a chaithea’ ag damhsa agus ag ceol.

P: ...agus a' ceol go maidin. Bhuel a Sheáin tá faitíos orm go bhfuil an miosúr ama sin a’inn sroichte, tá mé buíoch dhíot as a theacht agus a labhairt linn agus go bhfága Dia an tsláinte agat.

S: Go mba hé dhuit.

Láithreoir leanunachais: Chuala sibh Piaras Ó Gaora ag caint le Seán Ó Conaire, as Ros Cíde, Ros Muc, Conamara ar Bhlianta faoi Bhláth anocht.










Caitlín Maude faoi agallamh ag Sean Bán Breathnach, sa bhliain 1980.

(Dán á aithris)

CM:

Cleachtadh na gcleas ná déan
an ceann crom
an croí trom
fiafraíodh an t-anam
an gaineamh le chur[84]

cáilíthe[85] faoi dhó
gan stuaim is gan mheas
i dteach leathscoite deas
ciúnaíonn peaca beag ciúin isteach
mar ghadaí san oí'[86]
Ansin tagann clocha faoi bhláth
Lasann an tír mháguaird
Siúlann an t-anam an téad bhinn
idir sea agus ní hea.

SBB: Caitlín Maude, file, aisteoir, scríbhneoir agus fonnadóir. Níl mórán de do chuid fonnadóireachta cloiste sa dá chlár seo a Chaitlín, sílim mar deirtear liom go bhfuil do ghlór caillte a’t, tá sé chomh maith a’inn sin a rá sula dtosóimid, ar chor ar bith.

CM: Bhuel tá faoi lathair tá súil a’m go dtiocfaidh sé ar ais arís ach níl mé in ann aon amhrán a chasadh faoi láthair, tháinig an-drochfliú[87] orm ansin tamall ó shin agus bhí mo scornach go dona agus níl mé in ann aon amhrán a chasadh ó shoin[88].

SBB: Raight, anois, ea, rugadh agus tógadh thusa, níl sé i bhfad as an áit seo, as an teach mór seo ar chor ar bith, sin Raidió na Gaeltachta.

CM: Ó is fíor dhuit, is as an áit sin mo bhuime ar thaobh mo mháthar, rugadh i gCasla mé b’as Doire an Fhéith mo sheanmháthair, duine dho mhuintir Fhlartharta, is ar thalamh na bhFlaitheartach atá an raidió tógthaí[89].

SBB: Is fíor sin sea.

CM: Sin é. Is fíor dhuit. Ba Flaitheartach máthair mo mháthar agus duine de Mac an Iomaire a hathair agus chaith mé píosa ansin go raibh mé 3 nó 4 dho bhlianta creidim, go ndeacha’[90] mé suas go Ros Muc.

SBB: Chuaigh tú suas go Ros Muc ansin?

CM: Chua’.

SBB: Agus bhí tú a’ rá liom ar ball, sular thosaigh muid ag caint, chua’ tú ar scoil ar oileán.

CM: Chua’.

SBB: Tá scéal breá a’t faoi seo, sílim, agus b’fhiú go mór é a chloisteáil.

CM: Bhuel níor ghráthscoil[91] a bhí inti, ceart go leor, théadh mo mhathair isteach, théadh muid uilig le mo mháthair isteach is amach leis an taoille chuile lá. Bhíodh orainn fanacht go mbeadh an charra', go mbeadh an charra' leis, mar a déarfhadh muid, ní bheadh aon ghar a’nn a dhul isteach dá mbeadh an charra' uaidh, dtuigeann tú san, leis agus uaidh? Sa gciall sin?

SBB: E, ní baileach é anois.

CM: Déarfainn nach bhfuil mórán daoine óga sa nGaeltacht inniu a thuigfheadh é sin anois, go raibh an charraig uaidh is go raibh an charraig leis, nó meas tú ‘ bhfuil?

SBB: D’fhéadfainn a rá nár mhór dhuit bheith, saghas níos sainiúla faoi.

CM: Tuigeann tú nuair atá rud “leis” tá sé nocht? Chuala tú fhéin an nath sin, ar chuala? “Bhí leis, leis, leis, leis.”

SBB: Um.

CM: Cuimhin leat é sin a Sheáin?

SBB: Sea, sea, coinnigh leat.

CM: Bhuel nuair a bhíodh an charra’ leis, d’fhéadfhá siúl isteach, bhí an taoille imí’[92] amach, agus nuair a bhí an charra’ uaidh bhí sí imí’ mar a déarfhá, bhí sí uaidh. Chuala tú duine ag imeacht agus a húm leis bhuel a charra’ leis d’fhéadfá siúl isteach, bhí sí nocht mar a déarfhá ags nuair a bhí an charra’ uaidh bhí sí faoin uisce agus mar is eol duit ní thugann an fharraige mórán aird ar rialacha na Roinne Oideachais ná ar a’ gclog, tá a clog fhéin ag a’ bhfarraige agus ní hé an t-am céanna a bhíodh muid[93] a’ dhul isteach agus amach lá ar bith nó is dóichí go mbíodh sé gearr go maith laethantaí[94] ach d’fhéadfhadh an-difríochtaí ‘ bheith ann agus ar ndóigh bhíodh ar na cigirí freisin is ar dhuine ar bith eile.

SBB: Ar chiallaigh sé sin gur chaill sib riar maith laethantaí scoile mar gheall ar an gcarra’ leis agus an charra’ uaidh?

CM: Á níor chaill, bhíodh amanntaí ann agus is dóichí gur ar thaoille[95] rabharta b’fhéidir. Ó muise, tá dearmad déanta a’msa anois agus dáiríre níl aon scil a'm sa taoille ach oiread, tá mé chomh fada imí’ as an áit ní fiú dhuit a rá gur chónaigh mise thiar ó chuaigh, ó chuaigh mé ar an meánscoil nuair a bhí mé dhá bhliain déag ach sílim gur ar an rabharta a thagadh muid abhaile déarfainn, níos luaithe b’fhéidir thart ar a dó a chlog tráthnóna agus is dóichí go dtéadh muid isteach mall, níos moichí ná an gráth-am[96]. Laethantaí eile ansin bheadh muid ag dul isteach b’fhéidir thart ar a deich a chloig nó ina dhiaidh...

SBB: Hum.

CM: ...agus ag tíocht abhaile thart ar 5 b’fhéidir. Ach níor chaill muid aon am bhí an-am go deo a'inn agus maidir leis a’ staidéar i rith mo shaoil a bhfuil an oiread cainte air anois, an dtuigeann tú, ní raibh caint ar bith air an t-am sin ach bhí sé uilig, ní raibh fhios a’inn fhéin is dóichí, bhfuil fhios a’t, ach fhios a’t bhíodh muid ag tabhairt chuile shórt faoi deara a’ dhul isteach, isteach, siar go Bóthar na n-Oileán isteach in Átha Bheag, siar Corra an Ghaortha’ isteach an charra’ ansin agus a’ siúl ach siar, bhuel ní thríd[97] an oileán uilig, ach siar chomh fada leis a’ scoil. Is ar an oileán thiar ar an oileán Iartharach a bhí an scoil i dtosach báire, ach ní raibh mise thiar ansin ariamh an gcreidfheá é, ní raibh mé ariamh ar an oileán iartharach ach, ansin a bhí an scoil nuair a tháinig mo mháthair ag múineadh ann ar dtús ach thit a’ scoil sin agus an scoil a bhíodh ar an oileán, bhuel fhios a’t gur dódh í nó las sí, níor dódh í ach chuaigh sí trí thine. Is cuimhreach liom i gcónaí é, lá an-ghaofar, an-lá tirim, i ndeireadh an Mhárta a bhí ann agus thug mé fhéin agus leaid eile faoi deara, a’ dtuigeann tú, go raibh an deatach ag tíocht amach as an bpoillín, bhfuil fhios a’t an poillín, cén t-ainm a tugtaí[98] ar an bpollín sin a bhíodh le hais na tine sna seantithe?

SBB: Tugadh píopa, ag na seanleaids.

CM: Bhuel is ann a bhíodh an rolla, ag mo mháthair, an rolla, is istigh ansin a bhíodh agus é fillte suas aici sa seanéadach oilcloth, a’ bhfuil fhios a’t ionas nach n-íosfadh na lucha é is nach mbuailfeadh an braon é is dóigh freisin, ach chonaic muid an deatach ag tíocht amach agus dúirt duine leis an duine eile you know ba cheart dhúinn é a rá leis an mháistreás. Chuaigh sí amach, tháinig isteach, ‘Seasaigí suas’ ar sise, d'oscail sí an doras ó dheas ‘Síos líb’[99] go faill is ná breathnaígí siar’ agus rinne muid sin agus nuair a chuaigh muid síos bhreathnaigh muid síos agus céard a bhí ach an díon trí chéile, trí thine agus ní raibh sé i bhfad ar bith... Dhá mbeadh muid i bhfad eile ann, bheadh an díon uilig, scraitheachaí agus rachtaí agus chuile shórt, bhuel b'fhéidir nach mbeadh na rachtaí dóite ach bhuel fios a’d is dóigh go raibh an tuí an cíb a bhí air, an cíb anois an chíb nó an cíb é a Sheáin? Ha.

SBB: Cibé rud a cheapas tú fhéin. Cíb a bhí ann ag an am sin, ar aon nós?

CM: Bhuel bhíodh cíb, sílim go mbíodh cíb.

SBB: Ní tuí a bhíodh i gceist ar aon nós?

CM: Táim ag ceapadh[100] gur cíb.

SBB: Cíb nó sioscalach b’fhéidir?

CM: Sioscalach bhuel anois níl fhios a’msa céard é sin ar chor ar bith.

SBB: Is col ceathair a’ chíb agus a’ sioscalach, is col ceathracha iad.

CM: Agus cén gaol atá acub uilig leis an luachair?

SBB: Níl fhios a’m, a mh’anam, hahaha.

CM: Ach tá siad gaolmhar nach bhfuil?

SBB: Caithfidh sé go bhfuil.

CM: Bhuel, tá fhios a’m go mbíodh, go mbíodh cíb orthu, mar théadh m'athair amach, táim ag ceapadh, ag baint chíbe nó ag cur a thuairisc le daoine pé scéal é agus déarfhainn gur cíb a bhíodh ar an scoil ceart go leor ach b’shin sin, agus is beag nár mharaigh mo mháthair í fhéin, bhfuil fhios a’t ag iarraidh na sean-tsuíocháin agus a’ bord agus a’ chuile dheabhal a thabhairt amach as agus níorbh fhiú deich dtrup iad uilig in éindí.

SBB: Deir tú ansin go raibh, go raibh, go raibh an rolla sáite sa gclúid, raibh mórán ar a’ rolla ag an am sin, nuair a bhí tusa ag an scoil?

CM: B’fhéidir, bheul, scór b'fhéidir, faoi nó os a cionn, ag am ar bith ach ní bhíodht sé mórán thairis tá mé a’ ceapadh, b’fhéidir go ndeachaigh sé suas go cúig dhuine fhichead, nó faoi, ar ndóigh mo mháthair is fearr a bheadh in ann inseacht dhuit faoi na cúrsaí seo is ní mise.

SBB: An mba bhuntáiste mór dhuit go ra’ do máthair dod mhúineadh in t-óige?

CM: Ar bhealaí, ar bhealaí ba dhea, is ar bhealaí eile níorbh ea mar is dóichí is beag nár cailleadh mé ansin nuair a chuaigh mé ar an meánscoil agus nuair a bhí go leor múinteoirí eile a’m ó bhí mé scantraí ceart is cuimhreach liom déarfainn go bhfuair mé sórt trauma mór ar fad uaidh mar a deir a’ Béarla, gur ghoill sé go mór orm agus ní dheacha' mé i dtaithí riamh ar an sórt, ar an mbéascnaíocht, ar an mbéascnaíocht a théanns leis an gcóras scoile, ní raibh na gráthrudaí ag baint leis, ar ndóigh ní fhéadfhadh mo mháthair a bheith ag múineadh chuile rang in éindí agus d’fhág sé sin, a’ dtuigeann, tú go mbíodh orainn a bheith ag obair linn fhéin píosaí móra dhon lá agus táim a’ ceapadh go raibh sé sin iontach agus mothaím é sin i gcónaí ina dhiaidh sin go mbíodh i bhfad ní ba lú múinteoirí thart agus go bhféadfhá i bhfad níos mó a dhéanamh mara mbíodh múinteoir i do dhiaidh i gcónaí, bhfuil fhios a’t? Dhá mbeifheá ag obair leat fhéin gur mó go mór a dhéanfhá, b’fhéidir.

SBB: Chaith sé go raibh sé, a’ breathnú siar air, mothaíonn tú cineál, cineál rómánsúil faoi ar fad.

CM: Bhuel tá sórt, bhíodh an aimsir go dona agus chuile shórt ach níor thug muid é scaití, ar ndó sa ngeimhreadh, bhíodh na laethantaí go dona, gaofar, crochadh dhon charra’ mise lá amháin, caol díreach amach san uisce ach ní raibh mórán farraige ann ag an am ach is dóichí go raibh b'fhéidir troith nó níos mó uisce le hais na carra’. Bhí sé chomh gaofar sin gur tóigiú[101], gur chroch an ghaoth san aer dhon charra’ mé agus is cuimhreach liom ansin nuair a bhíodh na báid san earrach, a’ dtuigeann tú, nuair a bhídís a’ dhul síos ag baint fheamainn agus á tarraingt aníos sna báid a’ dtuigeann tú, bheadh an charra’ leacaí[102] agus bhíodh orainn ansin a bheith ag dul siar an-mhoch uilig an dtuigeann tú mar nuair a bhíodh an charra leacaí ina lár, i gcroí na carra’ a' dtuigeann tú, bheadh orainn siúl isteach san uisce an dtuigeann tú agus na bróga agus na stocaí a bhaint, a bhaint dhínn agus dhá mbeadht sí róleacaí ansin a’ dtuigeann tú agus an taoille ag tíocht isteach an sciopthaí[103] bheadht sé sách deacair a’inn, an dtuigeann tú..

SBB: Níor chuir sib, níor chuir sib an cigire, amhlaidh aon lá, ar chuir?

CM: Ó níor chuir ach bhíodh an-spórt a’inn, uair amháin táim a’ ceapadh go dtáinig [104]cigire agus go ndeacha’ sé isteach ar an gcéad charra’ nó rud éicint mar a déarfhadh muid fhéin, ar an gcéad charra’ a' dtuigeann tú, ar an gcéad taoille bhfuil fhios a’t bhuel, táim ag ceapadh go raibh go raibh sé in shuí thuas ag a’ scoil agus go dtáinig Máirín Pháraic Stiofáin aníos ‘uige agus gur fhiafraigh sí dhó cérbh é fhéin agus más leis an máistreás atá tú ag teacht ní bheidh sí sin isteach go ceann dhá uair an chloig eile. Beidh sí isteach ar an gcéad charra’ eile, tuigeann tú, agus tháinig, a’ chéad rud eile, an dtuigeann tú, tháinig Máirín aníos, ní raibh muid i bhfad istigh sa scoil nuair a shiúil isteach Máirín, a stór, a deir sí tá an cigire bocht thíos a’inn, an créatúr, tá sé préachtaí leis an bhfuacht, thug mé, dúirt mé leis a theacht anuas agus thug mé cupáinín tae dhó agus tá sé ceart go leor is gearr go mbeidh sé suas. Bhuel bhí an saol, bhfuil fhios a’t, an-mhífhoirmeálta, mar a dhéarfhá, ní raibh an oiread sin foirmeáltacht[105] ag baint leis freisin agus ó sure stop.

SBB: An bhféadfá anois le do shúile fhéin, an bhféadfhá rud mar sin a shamhlú a’ tarlú inniu, an bhféadfhadh sé tarlú inniu?

CM: Bhuel níl fhios agam b’fhéidir go dtarlódh sé go bhféadfadh sé tarlú in áiteachaí, meas tú a’ bhfuil aon oileáiníní beaga fágthaí thar timpeall ar a’ gcósta a bhfuil scoilteacha den chineál sin ann i gcónaí?

SBB: Ach an nglacfadh an Roinn Oideachais leis an gcineál sin set-up ar aon nós?

CM: Is dóigh go gcaithfidís mara mbeadh a mhalairt ann ach tá fhios a’m go rabh, ní sheasfadh mise dhá rá é ach bhí caighdeán an-mhaith ag mo mháthair sa scoil sin, níor lig sé aon duine amach as an scoil sin ariamh nach raibh léamh agus scríobh go maith i nGaeilge agus i mBéarla agus nach raibh thar cinn ag uimhríocht ach ansin ní bheadh an t-am aici ábhair eile a dhíona’. Táim ag ceapadh ó tháinig an bunús a’inn go raibh muid in ann léamh agus rudaí go mbainfheadh muid taitneamh as an stair a léamh muid fhéin ach níor éirigh léi riamh mórán, an oiread agus ba mhaith a dhéanamh linn ach bhfuil fhios a’t déarfhainn go ndearna sí níos mó b’fhéidir ná tá leis níl mé ag rá scoilteachaí faoin tír ach tá fhios a’t na scoilteachaí móra sa mbaile mór anois tá fhios agat áiteanna móra millteacha a mbíonn na ceádta scoláirí íontub agus déarfhá bhfuil fhios a’t nach bhfuil mórán barainnn orthub agus táim ag ceapadh mar gheall go bhfuil siad chomh mór agus chomh nea’phearsanta[106] agus go bhfuil na rangannaí chomh mór, bhfuil fhios a’t céard tá i gceist a’m? Ní féidir leis an múinteoirí, mar a déarfhá, ní féidir leo an aird chéanna a thabhairt ar na gasúir ná an obair chéanna a díona’ leob.

SBB: Cé mhéid dho do chuid comhscoláirí na blianta beaga sin a fuair na seansannaí céanna is a fuair tusa agus a chua’ ar aghaidh go dtí’n dara leibhéal agus an tríú leibhéal?

CM: Bhuel tá fhios a’m nach bhfuair duine ar bith acub agus go mb’éigean dho, is dóigh, chuile dhuine ariamh acub a dhul ar imirce, is dóigh nach bhfuil oiread, b’fhéidir, b’fhéidir go bhfuil duine amháin sa tír nó b’fhéidir cupla[107] duine, bhfuil fhios a’t, agus nuair a deirim cupla duine ach is daoine iad sin a bheadh imí' ach a bheadh a’ dhul anonn is anall as Sasana b’fhéidir nó as Meiriceá, táim in ann cuimriú feicthear dhom ar chailín amháin atá fós sa tír.

SBB: Ní mar sin… Ní chuirfheá an mhilleán ar mhúinteoireacht do mháthara, céard... an córas, céard a bhí mícheart?

CM: Bhuel ní raibh, níor chuimrigh na daoine go raibh aon, ní raibh aon deiseannaí ann, ní raibh aon obair le fáil, agus níor chuimrigh na daoine go raibh aon sórt, go raibh, go mbeadh seans ar bith ag a gclann fanacht sa tír chuimrigh siad i gcónaí nuair a fhágfhas siad an scoil ar an bpointe sé an chéad rud a chuimrigh siad air beidh siad a dhul go Sasana nó beidh siad a dhul go Meiriceá agus go deimhin is cuimreach liom go dtagadh cuid acu isteach ‘uig mo mháthair agus go ndéarfhaidís léi “Breathnaigh anois ná bí a’ díona’ an iomarca leób[108] sin a fhad is go mbeidh siad in ann ruainnín dho litrín a scríobh abhaile as Sasana is as Meiriceá i mBéarla beidh siad ceart go leor, ná bac le bheith a' díona’ rud ar bith eile leo[109]” ó sé’n chaoi a mbídís, a mbíodh an-imní orthub go mbeadh, ag iarraidh an iomarca a dhíona’ leob, ‘ bhfuil fhios a’d?

SBB: A’ bhfuil siad chomh maith céanna a bheith thall i Meiriceá agus a’ bhfuil siad níos sásta bheith thall ansin?

CM: Bhfuil a’ dtuigeann tú ní dóigh liom go bhfuil sé sách maith go mbeadh ar dhuine ar bith, a’ bhfuil fhios a’t, a thír fhéin a fhágáil, is uafásach an rud é, agus go háirid[110] bhí deacrachtaí faoi leith ag na gasúir sin freisin, ní raibh Béarla ar a dtoil acu bhí Béarla acu mar a déarfhá a d’fhoghlaim siad ar scoil. Tá scéalta barrúla a’m, d'fhéadfadh muid a bheith ag caint go maidin faoi rudaí a tharla, faoi, faoi léitheoireacht an Bhéarla, agus sílim nach dtuigeann, an dtuigeann tú, nach dtuigeann daoine cén fáth anois go bhfuil muintir na Gaeltachta, a bhfuil fhios a’t, ag labhairt Béarla lena ngasúir is mór an truaighe[111] é agus chuirfeadht sé an-bhrón ort é a fheiceáil, nach mian leo, mar a déarfhá go mbeadh Gaeilge acub freisin ach ní mór a thuiscint cén fáth a bhfuil siad ag iarraidh bheith cinnte go mbeadh Béarla acub freisin mar chonaic siad iad a’ dhul thar lear agus gan iad in ann mórán Béarla a labhairt agus theasta’ an Béarla uathub agus níor fhéad siad fanacht sa mbaile agus cén mhaith a bhí sa nGaeilge dhóib sin é a cheap siad agus ba mhaith an ceap acub é. Caithfidh muid a bhfuil fhios a’t a bheith creasta faoi na rudaí seo, tá sé ceart go leor ag daoiní[112] thuas i mBleá Cliath, Gaeilgeoirí agus daoiní, tá mise ag iarraidh, a’ dtuigeann tú, go ngabhfadh an Ghaeilge chun cinn ach ag an am céanna tuigim an chaoi ar airigh muintir na Gaeltachta. Ba cheart go gcinnteofhaí go raibh Béarla maith maith acub ach ar ndó' ní raibh na scileanna múinteoireachta tagthaí isteach agus fiú amháin anois, tá, níl, níl ag éirí leob Gaeilge a thabhairt do na gasúir sa nGalltacht ach...

SBB: Níl chuireann sé íontas ar bith ort mar sin go bhfuil tromlach dho mhuintir na Gaeltachta ag tógáil a gcuid gasúr le Béarla?

CM: Ní chuireann sé íontas ar bith orm agus ní thóigim orthub é ar chor ar bith é ach feicthear dhom gur cheart a chinntiú nach gcáilleann siad a gcuid Gaeilge ní ualach ar bith ar ghasúr dhá theanga nó trí theanga a bheith acub, tá gasúir, ní thuigeann daoiní, a’ dtuigeann tú chomh heásca is atá sé ar ghasúr rud a fheolaim feolaimíonn chuile ghasúr a theanga féin ní bhíonn air suí in aon scoil, suí síos ná ní bhíonn ar dhuine bith í a mhúineadh dhó, feolaimíonn sé fhéin í ag éisteacht le daoiní, a' dtuigeann tú, agus tá an-chumas acu agus iad óg trí nó ceathair de bhlianta, teangachaí a fheolaim nó rud ar bith ón timpeallacht a fheolaim a fheiceann siad a dhul thart agus is mór an peaca nach mbeadh an Ghaeilge acu freisin níl fáth ar bith nach mbeadht sí acub, níl milleán ar bith agam orthu ag iarraidh go mbeadh Béarla acub freisin ach dháiríre níl aon chall dhóib a gcuid Gaeilge a chailleadh nó faillí a dhíona’ orthub agus is éagóir uafásach é, feicthear dhom fhéin, éagóir uafásach é.

SBB: Breathnaigh, scaoilfimid an chaint sin ar feadh tamaillín bhig, tá dán eile a't, tá neart dánta tá go leor le cloisteáil sa dá chlár seo céard é an chéad cheann eile a déarfas tú? Ar ceann é seo atá nuachumtha nó tú ag iarraidh do chuid...

CM: Bhuel tá sé seo anois cumtha le píosa.

Tiomáint na bó

Ní biolar ní bia é, searbh faoi m'fhiacail
An brobh seo a changlaím go fíochmhar

Blas caoi mo shaoilsa, fuits a bhitch
Dhá mba é an darna ceacht é a sheachaint a dhíona'

Soir a stór, soir tá féar fada go fial dhuit
Canglaím le díochas mo shíorshearbh go spíonaim

Canglaím go líonann an seile niamhrach go fiacail
agus a’ smugairle teilgeann go fíochmhar.

Tá téagar aibí na smeár milis feadh a’ bheala’.

SBB: Ráidht, cén uair ar chríochnaigh tú an bhunscoil ar an oileán, nó b’shin an áit ar chríochnaigh tú do chuid bunscolaíochta?

CM: An bhunscoil, 1953 chuaigh mé suas go Móinteach Mílic agus sé’n truaighe go ndeachas[113], mar b'uafásach go deo an áit í, agus an bhliain ina dhiaidh sin chua’ mé ag An Spidéal

SBB: Cén fáth go ndeireann tú go mba uasfásach an áit é Móinteach Mílic?

CM: Bhuel is dóichí th’éis scoil an oileáin agus an sórt aeráid dheas phearsanta agus muid uilig deas mór le chéile agus aithne ag chuile dhuine ar a chéile bhí is dóichí os cionn sé chéad scoláire san áit sin agus ó is dóichí go raibh scór go leith múinteoir ann ach níor thaithnigh sé liom ar chor ar bith, caithfidh mé a rá leat, bhí mé scantraí[114] ann.

SBB: An aireofhá go raibh, go raibh, go raibh tú cúthaileach, go raibh scáth ort, gur bean Ghaeltachta a bhí ionat?

CM: Bhuel ní hea mar bhí Béarla ar mo thoil a'm i gcónaí an dtuigeann tú anois ní raibh an fhadhb sin a’m agus tuigim an chaoi a n-airíonn, a n-airíonn daoine nach mbíonn Béarla acub is cuímreach liomsa an chéad bhliain ansin, chaith mé bliain iomlán sa rang Béarla agus níor chuir an múinteoir oiread agus ceist amháin orm a riamh.

SBB: As Béarla?

CM: Ins a’[115] rang Béarla, sea, i mBéarla a bhíodh an rang, a' dtuigeann tú, agus rang Béarla a bhí ann agus níor chuir sí oiread agus ceist amháin orm a riamh.

SBB: Cén fáth?

CM: Bhuel lig dhon chuid eile dhon scéal. Cé go mbeadh[116] mo lámh thuas a'm ach lá amháin anois ansin a’ dtuigeann tú ní raibh lámh ar bit eile sa rang ach mo lámh fhéin agus b'éigean di an cheist a chur orm agus d’fhreagair mé fhéin a’ cheist thug mé freagra ceart agus ansin dúirt sí leis a’ rang uilig, dúirt sí bhuel anois a deir sí leob”, i mBéarla ar ndó’ “Is mór an náire dhaoib é, deir sí “’bhfeiceann tú an cailín beag sin aniar as an nGaeltacht tá fhios aici sin é agus le rá [...] fhios ag duine ar bith, bhuel ní thabharfainn féin agus b'aoibhinn liom é dhá n-osclaíodh an talha’[117] agus dhá slogfadht sé mé ach…

SBB: Agus ar mheas tú go raibh Béarla a’t fhéin chomh maith leo lá ar bith?

CM: Ó go deimhin bhí agus níos fearr ná cuid mhaith acub bhí go leor daoine as áiteachaí suas lár tíre agus áiteachaí mar sin agus bhí an-droch-Bhéarla uilig acub, ní raibh Béarla ná Gaeilge acub go deimhin. Bhuel, tá sé sin, tuigeann tú sin freisin, mar sin é an rud a tharla sa tír seo, an dtuigeann tú, caithfidh tú cuímriú, níl mé ag déanamh móiréis[118] leis seo anois ach tá sé fíor, tá mo mhuintir fhéin dhátheangach le b’fhéidir beagnach cúig ghlúin, ceann dho thimpistí na staire bhfuil fhios a’t, tháinig muintir m'athair isteach mar strainséirí b’fhéidir is dóichí thart ar 1830 nó am éicint mar sin, an dtuigeann tú agus tá siad ag Gaeilgeoireacht le b’fhéidir cúig ghlúin agus bhí Béarla acu ariamh. Agus...

SB: Cén fáth go raibh an rud seo ann i gcónaí, agus b’fhéidir go bhfuil sé ann i gcónaí freisin sílim go bhfuil. Níl sé i bhfad ó bhí mé fhéin ag déanamh dioscó thíos i gCeatharlach agus thosaigh mé a’ Béarlóireacht ar a’ stáitse agus sheas cúig dhéagóir amach ar m’aghaidh agus dúirt siad 'Ní raibh fhios a’inn riamh go raibh Béarla a’t!'

CM: Sin é a' dtuigeann tú, sin é an rud a’ dtuigeann tú faoin tír seo, ní thuigeann daoine, ceapann daoine má tá teanga amháin, má tá tú go maith ag teanga amháin, nach bhféadfaidh tú bheith go maith ag teanga eile nó, bhfuil fhios a't, ní thuigeann siad, cúngaíonn siad iad fhéin, bhfuil fhios a’t?

SBB: Bhfuil tú ag rá ar go leor bealaí eile go raibh na brains ar fad i gConamara ach nár thug siad, nach bhfuair siad an seans ceart?

CM: Ó tá neart éirim i gConamara, neart éirim. Bhuel níl mise ag iarraidh a rá go bhfuil [...] tá daoiní[119] in áiteanna eile ach táimid ar a laghad ar bith chomh héirimiúil leo bhfuil fhios a’t. Tá, bhuel ar ndó, tá go leor dul ‘un cinn déanta anois nach bhfuil le 20 bliain anuas ar bhealach táim a cheapadh go bhfuil treoir ag teastáil a’ dtuigeann tú, b’fhéidir nach íontas ar bith é go bhfuil cúrsaí an chaoi a bhfuil siad. Tá fhios a’t tharla gluaiseacht na gceart ansin deich mbliana ó shin agus rudaí. Bhí daoine an-mhaith uilig ag baint leis an rud sin a’ bhfuil fhios a’t, agus ag an am céanna ní éirigh leob mar a déarfá a dhul i bhfeidhm ar na daoine ar chaoi éicint bhí na smaointí cearta agus na tuairimí agus bhí leagan amach ceart acub agus tuiscint acu ar na fórsaí sóisialta mar a déarfhá a bhí ag obair a bhí ag dul in aghaidh na Gaeilge agus an imirce agus an sórt daoiní bhuel, bhuel daoiní a' dtuigeann tú, a raibh céim ar bith sa saol acub a’ dtuigeann tú ag Béarlóireacht agus ag tabhairt drochshompla do na daoiní cosúil le múinteoirí scoile agus gardaí agus daoine mar sin a dtuigeann tú ag Béarlóireacht agus thug sé sin an an-drochshompla do na daoiní agus cén fáth nach… bhfuil fhios a’t céard tá i gceist a’m?

SBB: Bhí go leor daoiní ann ag an am fiú amháin...

CM: Ní thuigeann muintir na Gaeltachta, seod é an rud is measa, tá, tá misiún ag teastáil sa nGaeltacht, tá misiún faoin nGaeilge a’ teastáil, dháiríre, tá mé dháiríre faoi sin, níl maith ar bith, a’ dtuigeann tú, do dhaoine...

SBB: Dá mbeadh tusa i do mhisinéir cosúil le...

C: Ráiteasaí bheith i bpáipér a’ dtuigeann tú, agus corrchlar ar an raidió agus rudaí mar sin agus “Á nach iontach é an Ghaeilge” agus corr-rud mar sin. Ní mór a dhul a’ labhairt le na daoiní agus a mhíniú dhóib, “Breathnaigh ní thuigeann sib, an teanga sin atá sib a labhairt tá an teanga sin chomh hársa agus chomh sean, níos sine ná aon teanga san Eoraip, tá litríocht aici, bhí litríocht ag teanga na Gaeilge nuair nach raibh teanga an Bhéarla, nuair nach rabhthas in ann í a scríobh ar éigean. Téann litríocht na Gaeilge siar siar siar i bhfad, agus na mílte bliain, bhfuil fhios a’t?

SBB: Labhair tú ansin ar Chearta Síbhialta na Gaeltachta..

CM: Ní thuigeann daoine...

SBB: Agus bhí baint mhór a’t féin leis an ngluaiseacht. Céard a tharla dhóibh? Cén fath ar thit an tóin astub?

CM: Em anois, tá mé in ann é sin a fhreagairt, ach tá sé deacair dhom mo chuid smaointe a chur i dtoll a chéile ar bhealach an-, ar bhealach sórt... cén chaoi a ndéarfhaidh mé é...

SBB: Deir go leor daoine ag an am go raibh an iomarca intleachtóirí ag plé leo agus gur múinteoirí scoile agus gur dream iad a raibh postannaí maithe acub agus go raibh siad ag caint ar son daoine nár thuig iad?

CM: Bhuel intleachtóirí, bhuel a’ dtuigeann tú, níl aon mhaith bheith anuas ar an intleacht ach oiread, céard a chiallaíonns an intleacht an chuid dhíot a bhfuil tuiscint aige agus déanann tú staidéar ar fhadhbannaí agus déanann tú iarracht iad a thuiscint. B’fhéidir go bhfuil sé sin fíor go raibh daoiní ag caint faoi rudaí a’ dtuigeann tú, a fuair na smaointí seo as leabharthaí ní shin le rá nach raibh, Máirín Ó Cadhain bhí baint aige sin leo ag an bhfíorthús agus ar ndó bhí baint ag Máirtín ariamh anall le rudaí ach tá mé ag caint ar Mhisneach i 1969 agus ar ndó ba phoblachtánach ariamh é agus aroile. Is dóigh gurb é an chaoi a bhfuil sé, lucht léinn agus daoiní dhon chineál sin, bíonn sórt, bíonn an t-am acub a bheith ag plé le rudaí mar sin agus a bheith a’ caint faoi rudaí agus a bheith a’ staideár ar rudaí agus tá sé sin fíor agus bíonn daoiní eile a bhíonns ag iarraidh mar a déarfhá, obair an lae a dhíona’ agus tá fadhbannaí an lae ag cur isteach orthub agus níl a’ t-am acub agus níl an tsuim iontub dháiríre níos mó a dhíona’ agus b’fhéidir gur fíor é nár, nach ndearna siad an teangmháil cheart leis na daoiní nár mhínigh siad go cruinn dhóib céard a bhí i gceist agus ansin a' dtuigeann tú b’fhéidir nach mbeadh an oiread sin spéis ag daoine sa teagasc a bhí le tabhairt acub. Rud eile tá muintir na Gaeltachta chomh maith le duine ar bith eile, le dream ar bith eile ach ní naoimh ach oiread iad a’ dtuigeann tú, tá siad santach sa saol cosúil le daoiní eile cuid acub ní spéis leo spiorad an chomharchumannachais b’fhéidir go bhfuil neart acub nach bhfuil siad ag iarraidh, nach spéis leo, a’ dtuigeann tú, go gcuirfeadh daoine a maoin i dtoll a chéile agus go mbeidís ag obair ar son a chéile, is dóigh nach bhfuil siad níos fearr b’fhéidir ná dreamannaí eile ar an gcaoi sin ach oiread agus is seanfhadhb í sin, is seanfhadb í, tá fhios a’inn uilig dhá mbeadh daoine sásta cur le chéile agus cuidiú lena chéile agus gan a bheith a’ dhul in aghaidh a chéile agus gan a bheith éiriúil# lena chéile gur fearr a d’éireodh leo, ach...

SBB: Nuair a bhí an ghluaiseacht abair anois i mbarr a réime, thart ar 1970/71, 1969 chuir Peadar Mac an Iomaire, mar shampla, chuir sé sceon ar a’ rialtas, fuair sé 1,500 vóta first preferences.

CM: Caithfidh gur b’shin an fáth dháiríre ar thug siad...

SBB: Cá’il na daoine óga a tháinig ina ndiaidh, lucht na gluaiseachta seo?

CM: Bhuel ar ndóigh sin é, déarfadh daoine leat sóisialagh agus daoine a bhíonns ag plé le polaitíocht dhon tsaghas seo, bhfuil fhios a’t, gur b’shin í, gur b’shin é a tharlaíonns nuair a bhíonns intleachtóirí mar a deir tú fhéin ag plé le rudaí dhon chineál seo bhuel go n-imíonn leób, glacann siad postanna in áiteachaí eile, imíonn siad leob agus bíonn a saol fhéin acub agus déanann siad dearmad ar an...

SBB: Ar amhlaidh go meallann an córas iad?

CM: Bhuel níl mé a’ rá go meallann an córas iad ach is sórt...

SBB: Nó b’shin é an jab atá ag an gcóras iad a mhealladh ar aon nós?

CM: Is treall é, is… bíonn, a’ dtuigeann tú, bíonn siad ag iarraidh rud fiúntach a dhíona’ agus rud fónta ach is dóichí gur treall a bhíonns ann agus go n-imíonn sé le gaoth nó go spíonann sé é fhéin agus an té, a’ dtuigeann tú, an té, an dtuigeann tú, an dtuigeann tú, rud eile freisin ‘ caithfidh tú cuímriú air, ní éiríonn leis an sórt seo polaitíocht[120] ach an áit an bhfuil fíorbhochtanas go minic nuair atá na daoine chomh bocht sin más féidir iad  a spreagadh agus a ghríosadh, a’ dtuigeann tú, beidh siad sásta tacú le chéile agus gníomhaíocht don tsaghas sin a dhíona’ ach níl an tsórt sin bochtanas anois, an sórt sin, bochtanais[121] sa nGaeltacht.

Le cúig nóiméad fhichead a lucht éisteachta bhí sibh ag éisteacht le Caitlín Maude as Ros Muc atá ina cónaí anois i mBleá Cliath: file, scíbhneoir agus fonnadóir agus mar a dúirt sí fhéin díreach ag, díreach ag tús an chláir ansin tá a glór as corr le achairín. I 1973 a rinne mise an téip seo di, coirm cheoil mhór a raibh mé fhéin mar fhear a’ tí air thuas i Halla na Saoirse i mBleá Cliath, críochneoimid an chéad chlár seo de dhá chlár le Cailtín Maude agus í ag casadh Dónal Óg.

Dónal Óg

A Dhónaill Óig, má théir thar fharraige
Tabhair mé fhéin leat 's ná díon do dhearamad[122]
Beidh agat féirín lá aona’ is marga'[123]
Agus iníon Rí Gréige mar chéile leapa leat

Is deirneach aréir a labhair an gadhar ort,
Labhair an naoscach sa gcurraichín domhain ort:
Is tú id' chaonaí uaigneach ar fuaid na gcoillte,
Is go rabhair gan a chéile go brách go bhfaighir mé.

Chuir tú mé amach mé is trín oíche ag báisteach
fuair mé leagan ard le fána
Níor dhúirt tú Dia linn agus bhí tú lá thoir

agus bhí fhios agam an uair úd
go raibh fuath ag mo ghrá dhom
scéal ar an ngrá nach mairfeadh
dho mhac na mrá úd ar oíche nár [théaga]

is geal ar a domhsa
agus is dubh é arís é
agus ní fheicimse sa tsráid
ná in áit ar bith é

Scéal ar an ngrá mar a b’é a bhíonns malairteach
bíonn an súilín cam agus féachtaint thart aige
ní airde crann loinge seolaim i bhfarraige
cuímreoidh agus gean aice

chua’ mo mhuintir ar fad go Sasana
Déanadh mo chleamhnas le buachaill deas éicint
Nuair a shílfidh siad gur maighdeán acub
Ó cén chaoi a ach le cladhaire banalta

Ó ochón agus ní faoi sin é
agus ní faoi inné ná inniubh é
'gus ní faoi atá sna croic é
ach faoi mo stóirín atá faoi[124]


 

Patsy Ó Ceannabháin, Ros Muc ar Casadh an tSúgáin


[Ceol]

Agallóir: Go mbeannaí Dia dhaoibh agus bhúr gcéad fáilte go dtí leathuairín eile i mo chuideachtsa a’ Casadh an tSúgáin agus ag casadh an tsúgáin in éineacht liom an tráthnóna seo tá fear nach bhfuil mórán aithne a’m air ach go bhfuil fhios a’m gur as Ros Muc é, sin é Patsy Ó Ceannabháin. Cé’ chaoi bhfuil tú a Phatsy?

PÓC: Go maith, go raibh maith a’t.

A: Cogar mé seo leat, céard a chas aniar, tá fhios a’m gur ar a’ Spidéal atá tú i do chónaí anois, céard a chas aniar an taobh seo ar chor ar bith thú?

PÓC: Bhuel is dóichí, théis, théis na gairmscoile gur, bhí cúirse[125] printíse ar siúl ag an Údarás agus thosaigh muid[126] é sin thoir ar an gCroc, sa ngairmscoil[127] ar an gCroc, Croc na hAille, agus riamh anall…

A: Riamh anall tá tú anseo.

PÓC: Riamh anall tá mé abhus.

A: Cén áit, cén áit i Ros Muc gur as dhuit ó thús?

PÓC: Bhuel Ros Muc fhéin is dóichí ach thugtaí a’ Baile Thiar freisin air uair amháin, idir… in aice le Tí Mhaidhcó[128] ansin, soir ó Tí Mhaidhcó píosa beag, idir Tí Mhaidhcó is an séipéal dháiríre. Sin an áit a rugadh is a tógadh mise.

A: Bhuel tá beagáinín aithne siar an bealach sin a’m. Bhíodh muid siar ag caint is ag góilín... Raibh mórán a’ góilín[129] thiar i Ros Muc le do linnse anois, daoine a bheadh a, a raibh seanamhráin, amhráin ar an sean-nós acub?

PÓC: Ó bhí, bhí riar ann ach, ag an am is dóichí nuair a bhí mise ag éirí suas nó a’ dhul ag an scoil náisiúnta ní ba dhéanaí, bhí níos mó ann an uair sin, leithéidí abair John Sheáin Darach, nó muintir is deartháireachaí leis, bhí riar maith acub ann.

A: A’ ra’? Chuaigh muide siar anois agus bhí muid ag cur tuairisc daoine thiar i Ros Muc a raibh sean-nós acu agus cé is moite de John Sheáin Darach is Cóilín Sheáin Darach níor chuala muid aon chaint mar a déarfhá ó dhaoine ar aon duine eile cé is moite dhuit fhéin a bhíonns, a bhíodh ag góilin siar i Ros Muc, is a’ ceol.

PÓC: A bhuel is dóichí an seandream, mar a déarfhá a raibh na seanamhráin acu, mar a déarfhá go bhfuil siad, b’fhéidir imithe ar shlí na fírinne anois, an seandream eile mar a déarfhá a bhí ann ach... B'fhéidir é nuair nach raibh stuif ann an uair sin ar nós an radio is taifead is rud[130] mar sin. B’fhéidir nach raibh go leor, ní bheadh seans acub iad a rá a dtuigeann tú, is dóichí is, ar ndó freisin d'imigh go leor acub thar sáile.

A: Cé uaidh ar thug tú fhéin na hamhráin a Phatsy?

PÓC: Bhuel...

A: Nó cé uaidh a thug tú an góilín, mar a déarfhá?

PÓC: Is dóigh, mar a déarfhá, nuair a... an chéad uair a chuímrím air, bhí amhráin ag mo mháthair álraidht.[131]

A: Cérbh as do mháthair, Ros Muc ab ea?

PÓC: Leitir Caladh.

A: Ó as Leitir Caladh.

PÓC: Duine dho mhuintir Uí Iarnáin ar dtús, ach is dóichí nuair a thosa’ Gael Linn dháiríre i dtosach ar na ceirníní 78, mar a déarfhá, gurb ‘in é an uair is mó nuair a  d’airigh muid Seán ‘ac Donnacha is Seosamh Ó hÉanaí, is iad sin ag góilín, mar a déarfhá, an uair sin, bhuel chuir mé fhéin suim sna seanamhráin an uair sin.

A: Cé acu ab fhearr leat anois uiliog? Cén rí mó atá a'd? Nó a bhfuil a leithéid a’d? Ar na seanamhráin nó ar an sean-nós?

PÓC: Bhuel tá riar acub, tá riar acub tá roinnt acub, abair, tá Johnny Mháirtín Learaí, tá Sarah Griallais ar ndú, Tomás Neachtain fhéin, Tomás Tom Pheait, Tom Neachtain, tá siad…

A: Caithfidh tú an Spidéal a choinneáil leat, ha, ha, ha.

PÓC: Mar a déarfhá, á siad uilug[132] go maith, tá siad uiliog go maith, níl dabht ar bith nach… tá sé an-deacair duine amháin a phiocadh amach, b’fhéidir go ndéarfadh duine amháin amhrán amháin a thaitneodh leat níos fearr ná an duine eile ach fós tiocfaidh duine eile is déarfhás sé amhrán eile, bhfuil fhios a’d, go minic beidh an...

A: Bhuel bhfuil fhios agat céard a dheánfas tú anois le tús ceart slacht’ar a chur leis an gclár seo abair is thú fhéin ceann agus tabharfaimid cead dhá rogha [dhuine] a phiocadh amach.

A: Cén ceann a déarfhás tú?

PÓC: Céard a déarfhaí mé, Cúirt Bhaile Nua nó cúpla véarsa dho Cúirt Bhaile Nua is dóichí.

A: Oibrigh leat mar sin, maith an fear.

(Ag canadh)

Is lá breá ar éiríos ar maidin
Ag triall dhom ar a’ Chúirt Bhaile Nua
Cé d’fheicfinn ach mo Neillí a’ gabháil thar’m
‘S ba ródheas é a leagan ‘s a snua
A grua bán, ba ghile ná ‘n eala
Ná sneachta mín éadrom an lae
Is a stóirín nacha trua leat mo chás-sa
Mar is lag lúbach a d’fhága tú mé.

Cén t-íontas dhá lasfhadh an tala’
Cén t-íontas dhá mbrisfheadh mo chroí
Cén t-íontas dho mo shúile ‘bheith leata
Agus a liachtaí deor a shil siad le mí
Tá mise tinn brónach le fada
Deir mo mhuintir gur athra’ mo shnua
Ag dearcú go géar ar an gcailín
Tá ina cónaí i gCúirt Bhaile Nua.

Is tá teachín deas gleoite sa ngleann a’m
Agus bím ann go huaigneach liom fhéin
‘S dhá dtigfheadh mo Neillí ar cuairt a’m
Thabharfainn póigín deas milis dhá béal
Nach iomaí cailín deas a chraithfheadh lámh liom
‘Agus a thiocfhadh ar cuairt a’m le mí
Ach dhá bhfaighinnse ór buí na Fraince
Sí Neillí tá i gceartlár mo chroí.

Is nach iomaí sin séimhe le beala’
Níos faide ná an baile a imíonn sí
Is mé a’ smaoiniú ar mo stóirín a’ chaon táirm
Ó mhaidin go tuitim na hoí’
A cúilín trom dualach is é fite
Níos deise ná leagan na súl
Is má thíonn tú thar chaol Chonamara
Tá mé cinnte nach ann a bhéas tú.

A: Nár laga mac Dé thú, nár laga mac Dé thú, á muise a mhac is maith uait. Cá bhfuair tú é sin meas tú?

PÓC: Bhuel is dóigh bhí bean de…

A: M’oileán fhéin?

PÓC: D’oileán fhéin, a d’airigh mé.

A: Treasa Ní Mhiolláin.

PÓC: Treasa Ní Mhiolláin.

A: Ní stráinséar ar bith dho Árainn thú ach oiread bhí tú a rá liom ar ball.

PÓC: Bhuel ní hea, ní hea.

A: Tá Johnny Chóil Mhaidhc sa teach in éineacht linn is dóichí gurb ‘in é a chuir i gcuimhne dhuit é. Bhí tú ann uair éicint?

A: Bhí muid amuigh i dtosach ann, is dóichí caoga naoi. Caoga naoi. Bhí muid ag fanacht amuigh ansin. Rinne mé cúrsa iascaireachta sa, sa tech ansin.

PÓC: Is beag a cheap tú go mbeadh, go mbeadh gasúirín beag a bhí ag imeacht thart ar an tsráid an t-am sin ag dradaireacht anois leat.

A: 1959 a bhí tú ann?

PÓC: Caoga naoi. Chaith muid seacht seachtainí ann. Samhradh[133] ann, mar a déarfhá.

A: Cá raibh tú ag fanacht an t-am sin?

PÓC: Stevie Mac Donagh, Bayview.

A: Bayview.

PÓC: Bayview

A: Stevie [...] Tá an fear ag gabháil dho i gcónaí é fhéin is a bhean, agus a’ chlann ar fad. Bhí aithne mhaith a’t orthub?

PÓC: Bhuel bhí aithne mhaith a’m orthub. Bhíodar go deas freisin linn. Tá súil a'm go mbíonn siad ag éisteacht anois freisin.

A: Á gan dabht beidh. ‘ mbíodht sibh ag casadh aon cheoil amuigh ann an t-am sin? Bhí aithne a’t ar John Joe freisin sílim?

PÓC: Ó bhí, John Joe.

A: John Joe Ó Fatharta.

PÓC: John Joe Ó Fatharta. Sea, bhí togh aithne a’m, bhuel bhí aithne a’m ar John Joe an bhliain roimhe dho bharr bhíodh sé ar chúrsa na scoláirí nó na techers mar a thugadh muide orthub, i Ros Muc, ach ea, bhí an-cheol aige, bhí an-cheol... chaith muid oíche amháin an-oíche go deo a bhí inti. Oíche tSin Seáin agus bhí an-cheol a’inn thuas ar a… is dóichí bhí an balla eile leagthaí an uair sin ach...

A: An i gCill Éanna is dóigh a bhí sé?

PÓC: Ní hí, ach ceann i gCill Rónáin. Thuas, idir an ghairmscoil, idir a’ tech agus Cill Rónáin fhéin.

A: Ó ya is dóichí go raibh sibh, tá teacht ort anois is dóichí sa ngarraí ag Michaeilín Gil díreach ag binn an tech.

PÓC: Binn an tech.

A: Binn an tech. Sin an áit a mbíodh tine chrámh ag uachtar a’ bhaile, bhíodh tine chrámh eile ag íochtar a’ bhaile sin é an céapar a bhíodh ann. Bhí mórán agaí ann?

PÓC: Tine mhór lasta i lár na háite is ceol is dansa[134] is amhráin is níl fhios a’m fhéin raibh aon… tae ná tada ach…

A: Hum, hum, hum. Nó rud éicint eile. Bhí tú amuigh ina dhiaidh sin le Johnny Chóil Mhaidhc an rabhais? Ansin.

PÓC: Chaith muid deireadh seachtaine amuigh le drámaí ann. Chuaigh muid go dtí na trí hoileán ansin muise. Inis Oírr is dtosach is Inis Meáin ansin agus Cill Rónáin ansin oíche Dé Domhnaigh, chuaigh mé amach maidin Aoine agus bhí muid ar ais maidin Luain ní raibh mórán colaidh[135] a’inn.

A: Is dóigh nach raibh...

PÓC: Ní raibh mórán colaidh a’inn an uair sin.

A: Bhí tú a rá liom nach ndeachaigh sibh a chodladh ar chor ar bith.

PÓC: Bhí, bhí an chraic i gCill Rónáin ní raibh áit ar bith le fanacht a’ dtuigeann tú, ní raibh aon áit, bhuel bhí áit le fanacht álraidht ach bhí sé thart an supper a bheith an-deireanach a’inn bhfuil fhios a’t so nuair a bhí na rudaí réití stáitsí is rudaí mar sin leagthaí thíos ar an gcéibh le haghaidh an bháid, a’ dtuigeann tú, bhí sé thart ar an trí a chlog isteach i mbád é ag déanamh tae dhúinn.

A: Ha, ha, ha! Ní raibh ann ach an tae, a’ raibh?

PÓC: Ó ní raibh ann ach an tae!

A: Dia dhá réiteach, ba fánach an rud é bheith ag léamh tae. Meas tú an mbuailfheá stéibh eile dhúinn a Phatsy?

PÓC: Álraight trialfaidh mé píosa beag eile a rá.

A: Maith an fear, céard tá tú dhul a ra?

PÓC: Tomás Bán.

A: Tomás Bán Mac Aodhgáin. Ar aghaidh leat mar sin.

(canadh)

PÓC:
'S aréir a’  tíocht ón tórramh dhom, chuir mé eolas ar mo mhian,
Is mo chreach agus mo cháilíocht nach sa mbaile a chaith mé an oí’
Tá arraing ag goil trasna thríom ’s ag cónaí i lár mo chroí,
Is, a stór, mura dtéigh tú abhaile liom ní mhairfidh mé beo mí.

Tháinig Tomás Bán ar cuairt agam ’s mé in uaigneas liom fhéin.
Séard a dúirt sé, "Ná bíodh buairiú ort ná rud ar bith mar é.
Sé do chúilín catach a mharaigh mé, is i ngeall ort crochfhar mé,
'S gur measa liom naoi n-uaire thú ná an mháithrín atá 'n mo dhiaidh

Is a Thomás Bháin Mhic Aogáin sé mo léan thú ' dhul i gcill
Ní fhaighim ar do mhaithrín bhocht atá go brónach in do dhia’
Dhá mbeifheá ar leaba an bháis aici cér chás di thú bheith tinn
Ach thú a chrochadh as na saltrachaí, 's an bháisteach le do dhroim.

Ó is a Thomáis Bháin bí cinnte 's tú searc is grá mo chléibh
A Thomáis a dtug mé gean dhuit seachas fear ar bith sa saol
Crochfar thú go cinnte mura bhfuil ag grásta Dé
' S a Dhia nár mhór an feall é an planda breá mar é.

Is tá cuireadh go Cill Chainnigh orm is caithfidh mé a dhul ann
Beidh ann na seisiúin ceathrún idir Gaeil is clainne Gall
Is ní dhaorfar ann ach beirt éicint agus crochfar iad mo léan
Is beidh Tomás Bán Mac Aogáini's Mac Uí Mhaoláin lena thaobh.

Is ní slad mainistreach ná teampaill a rinne stór mo chroí,
Ní feoil ná geir a shantaigh sé ná rud ar bith mar é,
Mar gheall ar bhólach Stanley a chrochfhar é mo léan,
Is an té a bhfuil grá do Chlainne Gall aige, an ceann go gcaille sé.
A: Nár laga mac Dé thú a Phatsy, nár laga mac Dé thú. Bhuel scaoilfidh mé leat anois, tá faitíos orm agus mheabhra’ duine éicint amuigh ansin é chúns bhí tú ag góilín. Chaith mé thú mar a chaithfheá rasher ar phan go díreach. Cé dhár díobh do mhuintir mar a déarfhá, as Leitir Caladh do mháthair a deir tú liom.
PÓC: Sea. Iarnán a bhí inti agus atá fós agus tá driothárachaí agus uncaileachaí thiar ansin fós agus Ceannabhán ar ndó.
A: Ceannabhán t’athair. As Ros Muc é?
PÓC: As Ros Muc ón tús.
A: Cogar mé seo leat, bhí driotháireachaí is driofhiúrachaí a’t freisin, bhí sé ag éisteacht le téip ceoil ó do dhriotháir, fear amhrán é fhéin.
PÓC: Sea bhuel, sea bhí naonúr ann ann, seisear, cúigear driotháir is mé fhéin agus triúr driothúir agus ‘ bhfuil mé ceart ansin? Tá! Ach bhuel tádar[136] scaipthí go maith go deimhin sé an feall is dóichí go bhfuil ach sin é an chaoi a raibh sé an uair sin, tá triúr acub imí go Sasana, Meiriceá, agus triú a’inn sa mbaile, driotháir, bhuel, mé fhéin sa Spideál, driotháir agus driothúir sa mbaile.
A: Tá amhráin acu sin freisin a’ bhfuil?
PÓC: Bhuel tá, bhuel is dóichí go raibh roinnt amhrán mar a déarfhá acub ach ní mórán a dúirt siad is dóichí, tá fear amháin acub ann ar ndú fear a bhí tú ag caint air [...] tá sé ar téip a chur sé anall sa samhradh.
A: Tá sé i Meiriceá.
PÓC: Tá sé i Meiriceá. 
A: Cén t-ainm atá air siúd?
PÓC: Jimmy.
A: Is deabhalthaí anois nár chuir tú... ar chuir tú isteach ar an Oireachtas ná ar aon chomórtas dhon chineál sin riamh, nó, níor chuiris?
PÓC: Níor chuir, is dóichí mar a déarfhá an bhliain a raibh muid amuigh leis na drámaí in Árainn, bhíodh Johnny, thaithnigh dhá amhran leis a bhínnse a rá ag an am agus théis na ndramaí chaithfinn hibé cén giúmar orm nó ghiúmar dhíom chaithfhinn an dá amhrán a rá théis a’ chéilí ach sin é an chéad uair a thosaigh comórtas an Oireachtas thart sna ceantracha éagsúla ach bhí comórtas thoir i gColáiste Lurgan, an bhliain sin agus dúirt Johnny liom fhéin 'Táim a dhul tú a chur isteach le haghaidh comórtas ar an sean-nós ag an Oireachtas', 'Má chuireann fhéin go deimhin' a deirimse 'Ní bheidh mise ann' ach nár chuir sé isteach an t-ainm ina dhiaidh sin so ní fhéadfainn gan a dhul ann. Ach sin é an t-aon cheann riamh.
PÓC: I gColáiste Lurgan ag an am.

A: Coláiste Lurgan.

PÓC: Coláiste Lurgan ag an am.

A:  ...agus chas… sin é an bhliain a raibh an t-Oireachtas i gCois Fharraige ab é?

PÓC: Ní hé, roimhe sin, roimhe sin.

A: Cén dá amhrán anyway a mbíodh tóir ag Johnny orthub?

PÓC: Bhuel ceann acu Amhrán na Trá Báine...

A: Á Dia dhár réiteach.

PÓC:  ...agus an ceann eile Amhrán… níl fhios a’m go díreach cén t-ainm atá air, ó fhear as an Spidéal fhéin a rinne mé dearmad tada a rá faoi dáiríre, fuair mé go leor leor amhrán uaidh, Maitiú Ó Céide.

A: Maitiú Ó Céide?

PÓC: Sea ní abraíonn sé fhéin mórán amhrán anois ach ó ghrúigh[137] sé an t-Oireachtas go minic is mar sin.

A: Fear nach bhfuil aithne ar bith a’m air. Cén baile sa Spidéal?

PÓC: Tá sé suas sa bPoll.

A: An Poll?

PÓC: Sea.

A: Baigh deaid níl aon eolas suas an bealach sin a’m caithfidh mé a rá. Meas tú an ndéarfhá ceann ar bith dho na hamhráin sin, Maitiú Ó Céide a thug tú air? Sin fear a gcaithfimid a dhul ar a thóir.

PÓC: Ní cheapaimse go n-abraíonn sé mórán amhrán anois...

A: De réir chosúlacht chua’ muid ar a thóir ach níl aon fhonn air a dhul ag góilín.

PÓC: Níl, ceapaim go bhfuil a ghlór... ach bhíodh sé go maith, go leor leor amhrán uaidh ‘n bhfear sin álraidht...

A: Bhuel tá sé cosúil leis an Miss McLeods Reel. Is léi a tógadh mise, tá Amhrán an Trá Báine ar a’ dara, ar a’ dara ceann, an ndéarfhá Amhrán na Trá Báine?

PÓC: Déarfaidh mé píosa dhó ach tá sé píosa ó dúirt mé é ach...

A: Tá súil a’m go bhfuil Johnny é fhéin ag éisteacht anocht agus ní bheidh sé á iarraidh arís ort.

(ag canadh)

Mo mhíle slán leat a Éirinn bhocht, is nach dheas[138] é an tEarrach féin
ra’ caint ar obair bossannaí ná rud ar bith mar é
Seal ag tarraingt fheamainne, ag cur fhataí is ag baint fhéir
Is ní raibh fear ar bith dhá bhoichte nach raibh feilm aige fhéin.

Is mo mhallacht dho na curachaí, mo bheannacht dho na báid
Is mo mhallacht ar an bhfarraige atá thall insan Trá Bháin
Sí a bhain mo cheathrar driothár díom a raibh an fheilm acu ann
Is nach cuma leis an gCeallach é ós é féin atá ina n-áit.

Is báthú Seán is Peadar orm, is bhí caithea’ agam ina ndiaidh
Báthadh driotháir eile, ó Máirtín fadó ariamh
Ach ‘sé Micil Bán an fear ba mheasa liom dhá bhfaca mé beo ariamh
Is ná raibh a scéal ag an tonn bháite, ‘sé a d’fhága mé ina ndiaidh.

Agus soraidh dhíbse a dhriotháireachaí, nach dtagann isteach i dtír
Seachas bheith ag imeacht ar bharr na farraigí i á gcur ó mhaoim go maoim
Is go gcuirí an bráilín geal oraí is an cónra lámh le taoibh
Is go gcaoineodh mrá na mbailte sib, i gcleamhnas i’s i ngaoil

Agus d’fhágadar an caladh againn ar maidin leis a’ lá
Muise Dia linn agus Muire, nach iad a chuaigh sa ngeábh
Níl blas ar bith dhár cheannaíodar nár tháinig dhon Trá Bháin
Tháinig na maidí ar a’ duirling, ‘s an churach ar a’ trá.

A: Nár laga mac Dé thú a Phatsy, nár laga mac Dé thú a Phatsy, thug sé sin siar suimín beag blianta mé fhéin ag cuímriú ar an amhrán. Sin ceann de na chéad amhráin sean-nóis is dóichí a chuala mé riamh agus is cuímreach liom go raibh tape-recorder bhí siad cineál luaith amach a’ bealach s’againne an t-am sin is dóichí nach bhfuil an téip ach tagthaí ach le scór blianta.

PÓC: Thart air sin.

A: Bean a bhí ag múinteoireacht go deimhin aniar ag an am, Bairbre Ní Chonghaile a bhí uirthi ag an am, Bairbre Quinn anois, thóg sí é sin ó dhuine éicint thiar ar na hoileáin ceann de na chéad amhráin sean-nóis a chuala me ó mhuintir Chonamara riamh. Céard a cheapfhá a spreag do shuim fhéin sa sean-nós, nó sna hamhráin d’fhiafraigh mé ar dtús nó an chéad uair a chuala tú amhrán agus a ndúirt tú leat fhéin bheinnse in ann ceann acub sin a rá.

PÓC: Bhuel is dóichí nuair a bhíodh muid ag a’ scoil go mbeadh amhránaíocht cé is moite nach mé fhéin an fear ab fhearr le dhul ar stáitse, bheadh na cosa ag imeacht uaim beagán ach bhí fear atá ag múineadh i meánscoil an Spidéil Páraic Ó Neachtain, bhíodh drámaí is cineál... ar bun aige múinteoireacht i Ros Muc nuair a bhíodh mise ag dhul ag an Scoil Náisiúnta ach thosaigh sé drámaí is mar sin is dóigh go n-iarrfadht sé ar dhuine ar bith ar cheap sé go mbeadh amhrán aige go mb’fhéidir go mbeadh sé ag rá an amhráin ag a' scoil i dtosach ach táim ag ceapadh an chéad uair a tháinig ceirníní Ghael Linn[139] mar a déarfhá idir ceol nó oíche drámaíocht[140] nó rud mar sin mar a déarfhá i halla b’fhéidir áitiúil ní raibh mórán amhránaíocht ar an sean-nós an uair sin, amuigh ag na teachannaí taidhm nó ceoil mar a déarfhadh muid nuair a thosaigh ceirníní Ghael Linn is dóichí go ndéarfhá, go raibh, tá mé fhéin ag ceapadh go rinne siad jab maith an uair sin mar tá siad ag cur an sean-nós ar fáil mar a déarfhá go héinne a bhí dhá iarrraidh, mhúscail sé suim mar a déarfhá.

A: Bhuel a Phatsy tá faitíos orm go bhfuil an t-achairín beag fánach a bhí a’inn caite agus go gcaithfimid an bóthar a bhualadh. Tá míle go leith amhrán eile a d’fhéadfha rá dhúinn agus b’fhéidir le cúnamh Dé go dtiocfhá ar ais linn arís, an dtiocfair?

PÓC: Bhuel, tiocfa’, tiocfa’ má tá mé ag teastáil.

A: Tiocfaidh. Breathnóimid i do dhiaidh.

A: A Phatsy Ó Ceannbháin, go raibh míle maith a’t agus slán agaí a lucht éisteachta tá an súgán casta dhon gheábh seo ar aon chor.


 

Seán Bheairtle Ó Mainnín, Ros Muc


Agallóir: Anois in ainm Dé, inis dhom faoi, faoi, faoi, faoi t’óige nuair a bhí tú, cuir i gcás, ar an mbaile seo, cén baile ar tóigeadh ann thú?

Seán Bheairtle Ó Mainnín: I mBaile an Turloch.

A: Anseo?

SB: Agus maidir le m’óige is óige sheafóideach a bhí inti.

A: Cén chaoi?

SB: Gan aon, gan aon chiall, gan aon taispeáint, is ar nós cuma liom, tá sé chomh maith dhom a rá. Leis a' saol.

A: Agus nach shin é an chaoi ar cheart dhon óige a bheith agus a mbíonn an óige?

SB: Sé, más é.

A: Cá ndeachaigh tú ag a' scoil?

SB: Chua' mé ag an scoil, ag scoil an Ghoirt Mhóir agus an máistir, an múinteoir a bhí a’'nn ba as, as Gleann a’ Madadh[141] é.

A: Gaeilge Mhaigh Eo?

SB: Gleann a’ Madadh i Ros Comáin, tabharfainn Contae Mhuigh Eo ach as Ros Comáin sílim.

A: Cén t-ainm a bhí air?

SB: Bhí, Páraic Ó Conghaile air.

A: Cén sórt Gaeilge a bhí aige?

SB: Gaeilge mhaith.

A: Ach í difriúil, a’ raibh?

SB: Bhí, ach ní raibh sé chomh hálbta léithi agus a bhí Gaeilge Chois Fharraige anseobh[142] thart mar, ach bhí sí sách maith aige agus bhí mé a’ caint lé go leor ó shin as Gleann a’ Mada i nGaillimh agus ní raibh Gaeilge ar bith acub. Bhuel, a’ bhfeiceann tú ansin an fuadach a bhí ag Gaeilge, an Ghaeilge a dhul i léig.

A: Bhí.

SB: Ag fuadach léithi.

A: Bhí agus tá, cé eile a bhí ag múineadh Scoil an Ghoirt Mhóir an t-am sin?

SB: Bhuel an bhean fhéin, ea, Granty, dho Mhuintir Granty, hibé cén Ghaeilge atá…

(Tafann)

SB: Luí síos!

(Tafann)

SB: Tá an gadhar cinnte anois....

A: Cén dochar? Cén t-ainm atá ar a' mada?

SB: Swan thuga mé…

A: Swan.

SB: Chuir mé ainm Béarla air.

A: Ó sea, nach shin é an traidisiún, ainm Béarla a thabhairt ar a' mada.

SB: Is dóichí gurb é, agus Béarla a labhairt…

A: ...agus Béarla a labhairt leis an madra.

SB: Sea mar chonaic mé anois é, fear agus sheas sé le carr ag cur tuairisc an bheala'[143], agus labhair sé i mBéarla ag cur tuairisc a bheala' leis seo, ní raibh aon Bhéarla aige seo agus níor labhair sé, níor fhreagair sé ar chor ar bith é, agus labhair sé Béarla leis an asal. Bhí sé in aghaidh an gclaí leis an asal. A deir seisean “Níl sé in ann Béarla a labhairt liom.” Hea, hea, hea.

A: Nach shin é a dúirt fear Leitir Mhóir[144] thíos i Ráth Chairn nuair a bhí fear chontae na Mí ag tabhairt amach dhó faoi a bheith ag labhairt Bhéarla leis a' mada, mar a déarfhá, is dúirt fear Leitir Mhóir ‘Is nach bhfuil Béarla sách maith ag an mada an taobh seo?’

SB: Baigh deaid bhí sé sin ag tíocht amach sách maith freisin!

A: Tiocfaimid ar ais ag an scoil, cuir i gcás, nuair a bhíodht sibh ag dul ag an scoil, cén sórt éadach a bhíodh oraí?

SB: Bhí, bréidín orainn.

A: Agus cóta nó...

SB: Bhuel, a bhformhór cóta. M’anam go raibh mé fhéin láidir go maith nuair a chuaigh bríste beag orm.

A: Sin é a bhíodh oraibh i gcónaí?

SB: Sé, sé, sé.

A: An t-éadach céanna, na cailíní agus buachaillí, d’fhéadfhá a rá.

SB: Ba ea, ba ea, orthub uilig.

A: Go dtí cén aois, mar a déarfhá, a mbeadh buachaill óg nuair a chuirtí bríste air?

SB: Á bhuel, is tuairim is deich mbliana.

A: Deich mbliana.

SB: Deich mbliana.

A: Cén sórt bríste a chuirtí air?

SB: Bhuel bríste glúnach.

A: Bríste glúnach?

SB: Bríste glúnach.

A: Séard na cinn a bheadh dúnta thíos faoin nglúin?

SB: Bhuel, níorbh é, bhídís mar sin uilig, ní raibh aon chraipe, ní raibh aon chraipe mar sin íontub, ní raibh aon phatch iontu ach sin a fháil.

A: Agus cén aois a bheifeá nuair a gheobhfá treabhsar fada, mar a thugtaí air?

SB: Ó m’anam go mbeifheá in ann do bheatha a shaothrú go maith.

A: Sea.

SB: Bheifheá.

A: Cén sórt, cuir i gcás an mbíodh sé cruaidh ag a' scoil, an mbíodh, an mbíodh an máistir agus an mháistreás cruaí oraibh an t-am sin?

SB: Bhuel bhí an mháistreas[145] cineálta agus d’fheolaim mé a lán uaithi agus a d’fheolaim mé ón máistír, bhí sé mífhoighdeach.

A: Bhí.

SB: Agus nuair a thiocfadh glór gearra dhó ansin leathnódh míshuaimhneas ar na gasúir ansin.

A: Le faitíos? Ach bhuailtí sibh?

SB: Ó muise, m’anam go mbuailtí.

A: Agus cé leis agus cé chomh minic?

SB: Ní sheasfadh, ní sheasfadh cane-annaí i bhfad. Chuireadh muid na cane-anna agus thumadh muid san uisce iad agus is gearr go n-imídís ina liobaracha.

A: Agus ar ndó bhuailtí tuilleadh sibh faoi sin a dhéanamh?

SB: Ní bhíodh a fhios aige cé a dhéanfadh é. Is ní inseodh muid ar a chéile. Bhíodh muid sách rúnmhar ar an mbealach sin.

A: Sea.

SB: Ach thosaigh sé ar an maide cuilinn sa deireadh.

A: Maide cuilinn.

SB: Fuair mé iarraidh dhó trasna sa muineál.

A: Is ar fágadh marcannaí ar dhaoine?

SB: Bhuel, ní fhaca mé marc ach beirt.

A: Sin é do dhóthain. Sin é do dhóthain. Ní dhéanfhá níos measa le hasal.

SB: Baigh deaid ní dhéanfhá.

A: Agus bhuailtí sibh chuile áit sibh, ní ar na lámha amháin?

SB: M’anam gur bualadh na hasail.

A: Ach ní dhearna sé aon dochar dhuit, an ndearna?

SB: Ní dhearna ach, maith.

A: Maith.

SB: Maith! Mura bhfaighfinn an buille sin, ní bhacfainn le tada a fheolaim.

A: Mach meas tú?

SB: Baigh deaid ní bhacfainn le rud ar bith a fheolaim.

A: Ach ní dhéarfhá anois gur cheart dho mhúinteoirí na linne seo dhul ag fárgadh[146] daltaí mar a bhídís fadó?

SB: Déarfhad is dhá mbeinnse i mo mhúinteoir bhuailfinnse dúlíne orthub.

A: Ní chreidim thú, ní chreidim thú.

SB: Bhuel, dhúiseoinnse suas iad!

A: Ach fan go bhfeice mé anois, cuir i gcás nuair a d’fhaigheadh sibh laethantaí saoire, bhuel i dtosach fanfaimid ag an scoil tamaillín an mbíodh oraibh móin a thabhairt ag a' scoil?

SB: Bhuel bhíodh nuair a rithfheadht gann, ach bhuel d’fhaighfheadh muid cuireadh abhaile mura mbíodh móin ar bith ann, d’fhágadh muid an baile sula bhfaighfheadh muid amach an raibh móin ar bith ann.

A: Agus céard a bhíodh i gceist dhá fhód ab ea, nó?

SB: Dhá fhód, is ceithre fhód, a' dtuigeann tú, ceithre fhód, [...] ceithre fhód

(Cnag ar an doras)

SB: Gabh isteach.

A: Cén chaoi bhfuil tú?

(tagann duine isteach sa chúlra, caint íseal dhoiléir sa chúlra)

Go maith

A dhul amach roimh an 10 a chlog

Roimh an 10 a chlog.

A dhul abhaile ar a 10?

A dhul síos roimh an 10

Sea a dhul síos ag an teach

Sea

A: Ach inis dhom faoi na fóda móna, dhá fhód ab ea?

SB: Dhá fhód.

A: Ag chuile dhuine?

SB: Ag chuile dhuine.

SB: Ní bhíodh chuile dhuine ann. Ní bhíodh sé in oiriúint, bhíodh cuid acu amuigh ar maidin. Ní bhíodh an máistir romhainn is bhíodh an dá fhód spáráilte acub.

A: Cuir i gcás dá mbéarfaí air ag teacht leis an dá fhód?

SB: Corruair gheobhá leadóg dho chane, corruair b’fhéidir go n-éireodh leat rith thart is corruair nach n-éireodh leat. Baigh deaid nuair a gheobfhá an leadóg chuimhneofhá arís air agus sin é an fáth go ndeirimse go bhfuil an bualadh ceart agus nach bhfuil aon bhealach le smacht a choinneáil ach é a choinneáil buailte i gcónaí.

A: Táim a' ceapadh gur ag magadh atá tú.

SB: Beaigh deaid ní hea.

A: Táim ag ceapadh gurb ea ach is cuma. Bhíodh sibh cosnochtaí?

SB: Bhíodh muid cosnochtaí.

A: ....isteach níos gaire dhuit.

SB: Bhíodh muid cosnochtaí agus bhíodh an máistréas ag tabhairt amach dúinn faoi bróga a bheith orainn, go mb’fhearr dúinn cosnochtaí ná bróga fliuch.

A: Sea agus cuir i gcás chaithfheadh sibh bróga?

SB: Bhuel, sa ngeimhreadh amháin.

A: Agus an n-imíodh sibh mórán a' fánaíocht, mar a déarfhá, ó bhaile agus sibh in bhúr ngasúr scoile? Cé chomh fada is a ghabhfhadh gasúr sa dara rang, sa tríú rang, ceathrú rang ar an Domhnach abair anois mar a déarfhá?

SB: Baigh deaid, théadh muid cúpla míle ag baint mónógaí.

A: Céard a bhíodh sibh a bhaint?

SB: Mónógaí. Mónógaí sléibhe.

A: Inis dhom faoin na mónógaí, céard iad fhéin?

SB: Bhuel mí áirid éicint sa bhFómhar, d'imigh sé as mo chuimhne cén mhí é, ní fhéadfhainn savail[147] ar bith a thabhairt ar cé chomh líonmhar is a bheidís, ar an orlach[148].

A: Ar an orlach?

A: Agus ní chloistear caint ar bith ar mhónógaí, nó ní chloiseann gasúir cur síos ar mhónógaí anois, an bhféadfhá cur síos beag a dhéanamh orthub, mar a déarfhá?

SB: Bheul sórt planda beag a bhíodh ann cuid acu orloch, ina luí ar chraobh cuilinn nó craobh seiceamar, orlach nó órlach, b’fhéidir go mbeadh dhá cheann déag ansin dho na mónógaí seo air sin agus d’fhéadfhá an chraoibhín a tharraingt a' dtuigeann tú agus lán don ghlaic a bheith acu agus an dtuigeann tú, agus cuid eile bhídís suití agus bhíodh sé níos moille iad a phiocadh aníos dhon talamh.

A: Agus le hithe a bhídís agaí ab ea?

SB: Ní raibh spíon orthu ná rud ar bith ba mhilse ná iad.

A: Bhfuil siad ag fás fós?

SB: Nach b’shin é an t-iontas atá curtha ormsa an chaoi a bhfuil meath tagtha ar a chuile rud sin. Tá meath tagtha ar an éan, ar a' mbreac, d’fhéadfainn bheith cruaí anois.

A: Bhíodh éanachaí agus bric nach bhfuil anois ann?

SB: Is iomaí mónógaí a bhí amuigh ansin a d’fheicteá maidin mhoch ann, naoscanna, chomh líonmhar anois le druideacha ná préacháin, go maith, bhuel san áit sin ní fhaca mise aon naoscán le dhá scór bliain, cén fáth é sin?

A: Cén fáth a déarfhá?

SB: Meath éicint a bheith, donas éicint a bheith ag tíocht ar an saol, é sin, tá an préachan agus na héanacha alpacha uilig tá siad ag fáil fairsing[149] agus an deá-éan ag dul i léig.

A: Tá sé sin amhlaidh anois.

SB: An spideog anois, an lon dubh, an chéirseach, feicim imí' uilig iad.











[1] As Ros Muc don bheirt chainteoirí seo. Spéisiúil go leor is mac é Piaras Ó Gaora le Colm Ó Gaora, as a leabhar siúd atá an píosa cainte roghnaithe agam.
[2] Mar 't' a fhuaimnítear an aidiacht shealbhach seo i Ros Muc. ATB.
[3] Sa réimniú seo is minic 'a' breise ann. Tuilleadh pleite thíos.
[4] Urú is ní séimhiú a leanann 'sa' sa chanúint. Féach - urú ar lorg ‘ba’ ATB lch. 15 5.4.
[5] Iasacht 'join' agus an foirceann rí-úsáideach '-áil' buailte anuas air. Nós coitianta sa chanúint, lch 57 ATB.
[6] Níl an ginideach le feiceáil anseo ach san athrú tosaigh. 7.2 lch 22 ATB Tuilleadh pléite air seo ar ball.
[7] Cuid de chaint Sheáin san Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta. Tá go leor den rithim nach féidir a thrascríobh áfach. Tá rithim thrócaech ag an nGaeilge. Focus: Irish Traditional Music, Sean Williams,Taylor & Francis, 2009.
[8] Litriú LFRM ar 'foghlaim'.
[9] Is minic gutaí cúnta mar seo ag deireadh focal sa chanúint.
[10] Is gnách a shéimhítear a leithéid seo.
[11] Rangabháil chaite ag críochnú ar /i:/ nós coitianta i Ros Muc féin, féach thíos.
[12] Seo an leagan is coitianta i gConamara, 'cén tslí?', 'cén bealach?' sna mórchanúintí eile.
[13] Bíonn 'gh' caol tostach ag deireadh focail. Lch 10 ATB.
[14] Déantús faoi leith, litriú ATB.
[15] Fuaimniú ar 'teacht'.
[16] Bíonn an 'a' breise seo le feiceáil ar bhriathra den réimniú seo.
[17] Foirm scartha den bhriathar
[18] Tógáil shuimiúil, leanann 'is' 'timpeall' i gcónaí i gcaint an chainteora seo.
[19] Ó ‘gach uile’, i gConamara ar fad atá sé seo agus is coitianta é ná aon leagan eile ann.
[20] Mar seo a fhuaimnítear 'is dócha'.
[21] Tá 'cén mhéad' (praghas) agus 'cén méid' (cé chomh mór) ann. ATB. Ní léir go bhfuil sé seo ag teacht le ceachtar acu.
[22] An déantús áitiúil.
[23] An módh coinníollach ag glacadh áit na haimsire gnáthchaite anseo, mar nós anois.
[24] Iolraí ATB lch 9 an t-ainmfhocal, an foirceann -anna “Cuirtear -í leis an bhfoirceann -anna sa chanúint seo: ceisteannaí(Conamara)
[25] 'T' breise ag an deireadh an fhocail, le hais 'ceannach'.
[26] Iasacht agus an t-iolra coinnithe.
[27] 'Mh' tostach sa suíomh seo.
[28] Tá an dá leagan de 'tar éis' ann: 'thr'éis' agus 'théis'.
[29] Foirm scartha den bhriathar agus é sa ghnáthchaite anseo.
[30] Rangabháil a bhfuil beagán den rud caighdeánach agus den rud canúnach ann.
[31] Leagan de 'cá bhfuil'.
[32] ATB lch 61 faoi ‘gnótha’ [gnaithe nó gnaithí i gCois Fharraige. Tá an leagan caighdeánach gnó in úsáid freisin.]
[33] Séimhítear an 'f' san aimsir seo.
[34] Leagan ar leith de 'tabhair'.
[35] Leagan de 'urchar'. Meititéis é seo amháil 'coisméig' ar 'coiscéim'.
[36] “Cuirtear an foirceann -áilte le haidiachtaí briathartha Béarla: hireáilte, landáilte, taráilte. Freisin le roinnt gnáthaidiachtaí Béarla: smartáilte, squareáilte, stubbornáilte. Bíonn blas greannmhar ar fhocail den sórt sin go minic. Ach tá cuid acu seanbhunaithe agus glactar leo sa teanga scríofa féin: contráilte, féarailte, siúráilte agus eile.” ATB lch 57. Déanaim amach gur idir an dá ghrúpa a luíonn ‘tufáilte’.
[37] Iolra a tógadh ar an nós áitiúil.
[38] Cuirtear /b/ le forainmneacha réamhfhoclacha sa 3ú pearsa iolra (e.g. acu’ a rá mar acab’) Tuilleadh pléite thíos. ATB.
[39] Baintear an séimhiú san fhocal seo.
[40] Focal i gConamara trí chéile ar bhia.
[41] Cuirtear séimhiú ar bhriathar saor san aimsir chaite a thosaíonn le guta, le hais chleachtas an CO.
[42] Is minic 'h' ar bhriathra saora dar tús guta san aimsir chaite. I réimniú 2 a fheictear an 'bh' seo.
[43] 'Muid/muide' atá ar 'sinn/e' i gConamara, seachas corrleagan siocaithe le 'sinn'.
[44] Tá suíomh an fhocail ‘freisin’ anseo spéisiúil, pléitear thíos é.
[45] Seanfhoirm de thabharthach atá i gceist leis seo, 'tigh' an bhunfhoirm. 'Tí' a thugtar ar shiopaí is mar sin. 'i dTigh Moon's' mar sin.
[46] Ní fhuaimítear an 'gh' sa suíomh seo.
[47] Leagan atá caol murab ionann agus an CO.
[48] Go leor de na logainmneacha nach sa Ghaeltacht dóibh is i mBéarla is túisce atá siad aige.
[49] Sílim gur botún é seo aige.
[50] Is cosúil go bhfuil 'cé' inathraithe le 'cá' anseo.
[51] Tógáil choitianta é seo. 'Cé na [focal san iolra]?'
[52] ‘Múnadh’ leathan agus ní caol mar atá sa chaighdeán.
[53] Tógáil choitianta é seo.
[54] Easpa ginidigh anseo. Pléitear thíos é.
[55] 'Gh' tostach arís.
[56] Féach an t-iolra. Plé mion thíos.
[57] Comhfhocal a bhfuil eilimint dhúchais agus eilimint ghallda ann. Ní 'crosbhóthar' atá aige.
[58] Fuaimniú ar an 'f'.
[59] Iolra éagsúil.
[60] Leagan de 'uile'.
[61] Rangabháil chaite arís.
[62] Leagan de 'deartháir'.
[63] Foirm scartha.
[64] Iolra ar díol suntais é, féach thíos.
[65] Tá rogha ann sa chanúint 'timpeall' a shéimhiú de réir mar is mian leat.
[66] Pléite thíos.
[67] Pléite thíos.
[68] Baintear breis úsáide as seo thar leithéidí 'seanmháthair'. CRM.
[69] Dhá alt anseo, rud nach aisteach sa chaint.
[70] Fad curtha leis an 'a' anseo, amhail go leor gutaí sa chanúint.
[71] 'Murar tháinig' sa chaighdeán.
[72] Séimhítear 'dó' is mar sin mar nós.
[73] Leagan áitiúil de 'éigin'.
[74] 'Ag' agus 'chuig' ag meascadh lena chéile, féach thíos.
[75] An Béarlachas é seo? Sílim é.
[76] Ní chuirtear an ginideach i bhfeidhm anseo.
[77] Ó 'seat' an Bhéarla
[78] Neamhchaighdeánach ach nós Ros Muc.
[79] Fuaim '-adh' mar /u:/.
[80] Béarlachas
[81] Iolra logánta.
[82] An 'amh' seo mar /au/ i gCois Fharraige agus mar /av/ i gCarna is timpeall air.
[83] Focal Gaeilge é 'leaid' anois ach ceann é a thógann iolra 's' an Bhéarla beagnach i gcónaí i gConamara cé go bhfuil an leagan 'leaideanna' ann leis.
[84] Leanann séimhiú 'le' i gcónaí sa chanúint, ní díreach i gcásanna, 'le bheith' agus 'le chéile'.
[85] Leathbhealach idir an leagan caighdeánach agus an rangabháil chaite áitiúil leis an /i:/ ann.
[86] Leagan áitiúil agus an /x/ imithe.
[87] Ní chuirtear séimhiú ar an dara heilimint de 'drochfliú' anseo.
[88] Bíonn fuaim /x/ le clos anseo, i Ros Muc agus sa cheantar máguaird.
[89] Rangabháil chaite, pleite thíos.
[90] An 'gh' deiridh gan fuaimniú.
[91] Díshamhlú 'n' ina 'r'. Pléifear thíos é.
[92] Rangabháil chaite dar críoch /-i:/.
[93] Foirm scartha den bhriathar arís.
[94] Iolra le /i:/ breise ann.
[95] 'Taoille' an leagan i gConamara ar 'taoide' ar ndóigh.
[96] Díshamhlú arís anseo.
[97] Amhail 'timpeall/thimpeall'.
[98] Is é 'a thugtaí' an leagan caighdeánach.
[99] 'Seo libh' pléitear seo thíos faoi reámhfhocail.
[100] Go stairiúil an leagan a bhfuil bunús leis. Féach thíos le tuilleadh pléite air seo a fheiceáil.
[101] Consan i lár focail caolaithe.
[102] Rangabháil chaite. le /i:/.
[103] /i:/ 'sciobtha' an leagan caighdeánach.
[104] 'gur tháinig' sa Chaighdeán oifigiúil.
[105] Ní dhéantar aon athrú ar an ainmfhocal sa ghinideach anseo.
[106] 'Mh' tostach mar atá san fhocal 'neamhsuim' luaite in ATB lch 5.
[107] Aithnítear gurb ionann ‘cupla’ agus roinnt anseo, gan /u:/ agus go gciallaíonn ‘cúpla’ le /u:/ beirt. ATB.
[108] Na réamhfhocail thíos, ach féach an 'leo' níos faide anonn sa téacs. Tá an dá leagan ann.
[109] Leagan caighdeánach in úsáid.
[110] Ciallaíon 'áirid' - 'go háirithe' agus 'aisteach' i gConamara.
[111] Fuaimniú na mórchanúna ar 'trua'.
[112] Iolra le /i:/, plé air seo thíos.
[113] Leagan táite den bhriathar, deirtear de ghnáth nach ann don fhoirm (chéad phearsa) seo i nGaillimh ach i bhfreagraí ar cehisteanna amhail 'An raibhis?' 'Bhíos'. Tá roinnt samplaí sna taifeadtaí nach dtagann leis an tátal sin.
[114] Rangabháil chaite le /i:/ arís.
[115] 'Sa' a mholfaí sa CO anseo.
[116] Coinníollach mar ghnáthchaite anseo.
[117] Litriú bunaithe ar leagan LFRM.
[118] Foirm an ghinidigh ar lár.
[119] An dá fhoirm iolra de 'daoine/í' san alt seo.
[120] Easpa ginidigh anseo.
[121] Cuirtear an ginideach ann an dara huair, mar cheartú uirthi féin.
[122] Guta cúnta anseo.
[123] Easpa ginidigh anseo. Pléifear an tógáil seo thíos.
[124] Tá roinnt mhaith tógálacha canúnacha nach mbeifí ag súil leo i nGaeilge Ros Muc san amhrán seo ach gach aon seans go mbaineann an t-amhrán le ceantar eile ó cheart. Níor chóir mórán suntais a thabhairt dóibh ar an mbonn sin.
[125] 'R' caol atá aige anseo, 'r' leathan atá ag Caitlín Maude ar 'cúrsa'. Seans gur sciorradh focail atá anseo.
[126] Scartha
[127] 'Sa' agus urú, mar is iondúil.
[128] 'Tí' do theach tábhairne, leagan den tabharthach 'tigh'.
[129] 'Ag gabháil fhoinn'.
[130] Bheifeá ag súil leis an iolra anseo ach ní hann dó.
[131] Leagan Gaelaithe de 'alright'.
[132] Tá roinnt foirmeacha den fhocal caighdeánach 'uile' le fáil sa chanúint.
[133] /au/ atá san fhuaim seo anseo.
[134] Tá roinnt leaganacha éagsúla de 'damhsa' le clos ar na taifeadtaí seo.
[135] Ní fhuaimítear an 'd' anseo.
[136] Briathar táite anseo dar liom, cé go gcaitheann roinnt foinsí, ar nós ATB, leis amhail is gur dhá eilimint atá anseo. Is é sin 'Tá dor' agus an 'dor' sin inúsáidte ar fud an bhaill.
[137] 'Ghnóthaigh' an bhunfhoirm, díshamhlú 'n' ina 'r' agus bá an 'th'.
[138] Tá cuma ait air seo, 'is breá an rud é' atá sna leaganacha údarásacha den amhrán.
[139] Tugtar faoi dearadh go bhfanann an ginideach seo, nár chóir a mharcáil sa chaighdeán.
[140] Níl an ginideach le feiceáil anseo.
[141] Gleann a’ Madadh a chloistear ach Gleann na Madadh, Co. na Gaillimhe atá i gceist is dócha.
[142] Cloistear an 'bh' seo go minic, ach go háirithe nuair a leanann 'é' nó 'í' é, 'seobh í' mar shampla.
[143] Deireadh an ghinidigh imithe arís.
[144] Tá ginidigh mar seo imithe as don mhórchuid seachas leaganacha áirithe, féach ATB.
[145] Níl an dara ‘a’ anseo fada ag SB ach tá sé aige níos faide anonn agus sin é atá ag Caitlín Maude. Sílim gur sciorradh focail atá anseo.
[146] Doiléir mar fhocal ach seans gur ‘faradh’ atá ann “Ionsaí/ropadh” ó LFARM.
[147] 'Samhail', amhail 'samhradh', ATB, lch 5.
[148] Ní léir dom a bhfuil i gceist anseo.
[149] Déanaim amach gur Béarlachas an méid seo. 'Ag éirí fairsing' an leagan stairiúil.