Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Friday 24 April 2015

 Caint na nDaoine
(foilsíodh an t-alt seo ar nós* cheana)

Eoin P. Ó Murchú


Thug na Gaeil taitneamh don fhocal scríofa riamh anall. Go deimhin is sa Ghaeilge atá an litríocht dhúchais is sine as iarthar na hEorpa. Ó d'éiríomar cleachtaithe ar phoncanna is scríobanna a leagan ar ghalláin thugamar aghaidh ar lámhscríbhinní is ar an gcló Gaelach, is ansin léimeamar isteach ar an gcló Rómhánach.
Anois agus ré na ríomhairí buailte linn, nochtann fadhb a bhí ag gach aon dream a bhreac an teanga ó bhí an tOgham ann; conas cur síos a dhéanamh ar chúrsaí an tsaoil taobh istigh de 140 nó 160 carachtar (twitter agus téacsanna faoi seach)? Ó ba chrua an obair poncanna a chur i gcloch, agus go mba mhór an costas ar leathanach páipéir, tháinig na Gaeil isteach ar chórais ghiorrúcháin, 7 in áit agus, is uaireanta d'fhágtaí deireadh na bhfocal ar lár, nó chuirfeadh litir amháin focal comónta in iúl, 'K' don fhocal 'cath' mar shampla.
An rud is déanaí atá ag dó na geirbe againn ná conas a rá go raibh oíche den scoth againn, nó nach raibh an scannán úd thar mholadh beirte is a bheith gearr, sciobtha leis. Seo thíos liosta de na giorrúcháin is de na hanagraim is coitianta a fheicimse is a úsáidimse.


Giorrúcháin is Anagraim
grma - go raibh maith agat
grmma - go raibh míle maith agat
cgl - ceart go leor
ldt - le do thoil
bld - buíochas le Dia
fmt - feicfidh mé tú
goa - gáire os ard, nó, asg - ag scairteadh gáire (lol)
ds - deireadh seachtaine
das - dála an scéil
maf - maith an fear
omd - ó mo Dhia
lch – leathanach
tbo - tá brón orm
v- bhí
wil - bhfuil
7n - seachtain
an8 - anocht
cf - cén fáth?
7 - s – agus
Siv – sibh
6- sé
sgf - slán go fóill
a# - a thaisce (nílim iomlán cinnte faoin gceann seo ach is breá leis na hUltaigh é!)
lmfao - bmtag - briseadh mo thóin ag gáire
yolo - nasaa - níl ach saol amháin agat
réamhól - predrinking
cadever - whatevs
brónsies - soz
fréigniú - frape
sabháiste cabáiste - savage cabbage


Sa lá atá inniu ann is gá do theangacha dul i ngleic le saol na teicneolaíochta le go gcuirfear ar aghaidh iad. Tá an oiread sin dár gcumarsáid ag tarlú ar líne anois gur gá againn na giorrúcháin seo leis an gcumarsáid sin a éascú. Léiríonn úsáid fhorleathan roinnt de na frásaí seo beocht na teanga agus chuige sin is cóir dúinn iad a scaipeadh is a úsáid níos minice. Táthar ann a cheapfadh gur chun aimhleas aon teanga atá a leithéidí seo ach tá dul amú millteanach orthu sin! I ré seo na dtáibléad, na ríomhairí glúine, na bhfón is na ‘ríomhairí’ póca, tá gach teanga á modhnú féin, ag aistriú, ag iompú, is ag giorrú. Is dul chun cinn an méid seo. Tá an Béarla chun tosaigh ar gach teanga eile sa réimse seo, ach ná bíodh leisce orainne coinneáil suas leis. Samhlaigh na seanGhaeil bhochta ag scríobadh go dóite ar chlocha seasta, scríobhfaimis an chéad tweet/twít/tbhaoit/ghiolc eile i gcuimhne orthu!
Tig moltaí/ceisteanna eile a chur go eolas@nosmag.com nó @murchadhmor ar twitter