Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Thursday 25 June 2020

24 Gaeilgeoirí a Aithníonn Muid Ar Fad!

Beidh GaelGÁIRÍ i mbun grinn mar chuid den Half Moon Festival ar líne anocht Dé hAoine 26 Meith. óna 8pm – 8.30pm. Aideen McQueen, Seán T. Ó Meallaigh, Eoin P. Ó Murchú, Eddie Mullarkey a bheidh ann. Beidh an seó le feiceáil ar https://www.halfmoonfest.com/
San alt seo caitheann na GaelGÁIRÍ súil ar na cineálacha éagsúla Gaeilgeoirí atá ann. An aithníonn tú tú féin ina measc?

1. Gaeilgeoir TG4
Ní dhéanann an bhean seo aon rud sa saol ach a bheith ar TG4. Seó spórt? Cinnte. Clár do dhaoine óga? Go dearbh. Clár staire? Go deimhin. Ros na Rún? Gan amhras. Tá saineolas aici ar gach aon ghné den saol, sin an fáth a bhfeicfidh tú í ag cur An Aimsir i láthair, clár cócaireachta ina dhiaidh sin agus ansin an Nuacht.

2. An Coisteoir
Suíonn an coisteoir ar gach uile choiste Gaeilge faoin spéir is suíonn ar a thóin ar na coistí céanna. Is breá leis ceisteanna a chur, rúin a mholadh agus tacú le moltaí. Ar an drochuair níor tháinig fiúntas ar bith as aon cheann de na rudaí seo riamh.

3. Gaeilgeoir na Jailtachta
Duine a d’fhoghlaim a chuid Gaeilg ar an Cheis Fhada. Cloisfidh tú frásaí ar nós ‘mo juine’ ‘caidé mar?’ agus ‘Níor hinteruptáil mise thusa, ná hinteruptáil thusa mise’ Díreach ná hiarr orthu cad a thug sa phríosún iad…

4. An Gaeilgeoir Speaker, Like
An Gaeilgeoir seo like talks Irish loads of the time and is really iontach ar fad!! Ní féidir sentence iomlán a labhairt gan mixing a dhéanamh ar na words ar fad! Dáiríriously? Dochreidable!

5. An File
Gael go smior is ealaíontóir go smúsach is ea an file. Conas mar a dhéanann sé gairm as níl fhios ag éinne. Bíonn sé i gcónaí ag teacht ó léamh éigin poiblí nó ar a bhealach chuig áit iargúlta éigin le haghaidh seachtain scríbhneoireachta. Smaointeoir, scríbhneoir agus spiorad saor is ea é.

6. An D4 Gaelgóir
Tá, like, annnnnn-spéis ag an duine seo sa tonga, tá sé like chomh hálainn? Ach níl an mocha frappuccino sin thar moladh beirte a Fhiachra an bhfuil?


7. An (Mí)Cheartaitheoir
Is breá leis an duine seo daoine a cheartú, séimhithe a mholadh, uruithe a bhaint is iolraí a athrú. Cuireann sé nó sí as do gach éinne a labhraíonn is a fhoghlaimíonn an teanga. An rud is measa ar fad ná go bhfuil an mícheart acu leath den am.

8. An ‘Gníomhaí Teanga’ Gairmiúil
Féach a chuntas twitter; gníomhaí teanga a deir sé, rud céanna fíor faoina chuntas Insta agus Facebook, síníonn sé gach feachtas Gaeilge ar líne, léann leabhair Ghaeilge, oibríonn le Foras Chonradh na nGael agus... labhraíonn Béarla lena pháistí.






9. An Gaeilgeoir Coimeádach
Aifreann, Gaeilge, pápa, Gaeilge, ná bíodh ginmhilleadh agat, Gaeilge, an bhfaca tú na rudaí scannalacha a bhí ar bun ag na daoine óga ar ar an gclár sin Normal People? Gaeilge, bíodh paidir bhreá againn, Gaeilge, bain díot an coiscín sin, Gaeilge, cén feachtas maidir le polasaí sóisialta ar féidir liom páirt a ghlacadh ann agus a chailliúint anois?

10. An Múinteoir Gaeilge gan Ghaeilge
Conas go bhfuil an duine seo ar an liosta? Conas gur múinteoir iad? Níor chóir go mbeadh an duine seo ar an liosta in aon chor! (sea, sin an pointe ar bhealach!)

11. Gaeilgeoir Dhún na nGall
Deir siad rudaí mar ‘faoi dtaobh de’ nó ‘fadúda’ nó ‘%$£&&^^&^’ Ní thuigeann daoine iad go ginearálta agus is maith sin mar go bhfuil siad fós ag caint faoin gcaoi ar bhuadar craobh na hÉireann sa pheil agus uair sin a chas siad le Daniel O’Donnell.

12. An Sinn Féiní ToghchánGhaelach
GaelOscar Óg Mac Ruadháin Ghaelaigh is ainm dó, imríonn sé peil, iomáint, camógaíocht, peil na mban, liathróid láimhe is seineann an fheadóg stáin, an fheadóg mhór agus an fheadóg Ghaelach. Níl ach fadhb amháin ann, níl focal Gaeilge aige.

13. Géilgeoir Bhailya Áha Clía
Labhraíonn sé Géilge Bhaile Átha Cliath, ar son na cúise, tuigeann tú, ní thuigeann sé Gaeilge na Gaeltachta is ní thuigeann Gaeilgeoirí na Gaeltachta é ach nach cuma. BÁC abú!

14. Gaeilgeoir Lurgan
Aistríonn sí amhrán Billie Eilish go Gaeilge, faigheann 33 mhilliún buille ar a físeán Youtube. Fós i mbliain a trí ar an meánscoil.

15. An Conamarach Cumtha
Blas láidir Chonamara? Tic. Damhsa ar an sean-nós le scuab Chonamarúil? Tic. Amhránaíocht chráite Chonamara? Tic. Agus cad as duit a Sheáin? Ó Cill Chainnigh, an ceantar Gaeltachta ann, ní foláir.

16. Gaeilgeoir na Dea-aimsire/an Ólacháin
Agus é ólta beartaíonn an duine seo gurb é seo an lá le Gaeilge a labhairt arís (tar éis an 7ú pionta Guinness beartóidh siad a gcuid Gaeilge rímheirgí a labhairt feasta. ‘Fonn orm í a fhoghlaim i gceart anois, ba chóir dúinn í a labhairt le chéile i gcónaí.’ ‘Oh god it was heavy night last’ uaidh ar maidin áfach.

17. An Hipí Gaelach
Seinneann sí i mbanna ceoil Gaeilge Reggae, crochann amach le poncanna agus ainrialaithe a chaitheann ‘raithneach’, stiúraíonn ranganna ióga agus aireachais, rinnmhachnaimh, tie-dye agus conas anraith a dhéanamh as neantóga.

18. Gaeilgeoir an Idirlín
Tagann na daoine seo ó na tíortha is faide ó Éirinn ar chlár na cruinne. Caitheann siad seo a gcuid ama ar fad ar twitter, facebook, reddit/ga, politics/ga ag cur is ag cúiteamh faoi gach aon mhionscéal agus mórscéal ó bhun go barr na cruinne. Tá blag acu, podchraoltaí, glacann siad páirt ar chláracha raidió agus déanann físeáin Ghaeilge tiktok gach lá. De bharr nach bhfaca éinne ariamh iad, áfach, tá tú leath den tuairim nach ann dóibh dáiríre!

19. An Máthair-Ghaeilgeoir
Breathnaíonn an bhean seo uirthi féin mar inneall ginte ar son na cúise, 33 leanbh faoi bhun 4 bliana aici anois agus iad ar fad ag Gaeilgeoireacht leo. Moladh go deo léi!

20. An Gaeilgeoir Gearmánach
Níor chaith sí lá in Éirinn riamh ach tá blas láidir Chiarraí ar a cuid Gaeilge. Déanann sí an-leagan de An Poc ar Buile de réir gach tuairisce agus is uber-leantóir de chuid amhránaí sean-nóis éigin nach bhfuil albam curtha amach aige fós.

21. Gaeilgeoir na Polaitíochta
Fear mór Gaeilge, beidh athrú ann cinnte, tuilleadh seirbhísí, tacaíochta, spreagtha ach bhuel anois, feiceann tú agus cúrsaí mar atá, agus an éiginnteacht faoi Bhrexit agus faoin víreas corónach, ní thig, ní féidir, níl cead, ní dhéanfar, laghdófar, scaoilfear chun bealaigh, roinnfear, dúnfar, druidfear. Ó toghchán? Scaipfear, feabhsófar, bréagfar!

22. An Gaeilgeoir Aerach
Tá an duine seo aerach, tá Gaeilge acu, mar sin caithfidh go mbeidh siad ag iarraidh a bheith leis an gcara eile leat atá aerach agus a bhfuil Gaeilge acu freisin. Síleann tú gur chóir iarracht a dhéanamh iad a spreagadh an cara eile a phógadh ach ní hé go bhfuil aithne ag gach uile dhuine aerach ar a chéile! Agus mar a tharlaíonn, bhí siad ag siúl amach cheana agus ní labhraíonn siad a thuilleadh.

23. An Gaeilgeoir Aontachtach
Céard? Aontachtach le Gaeilge? Wow, ba chóir dúinn go leor poiblíochta a dhéanamh faoin duine seo. Ní féidir argóint na polaitíochta a úsáid ina choinne seo!

24. Gaeilgeoir na Dochtúireachta
Tá an duine seo ag déanamh taighde PHD faoi fhilíocht Ghaeilge Ros Comáin sa séú agus sa seachtú haois déag a bhaineann le rothair. Níl an oiread sin cairde aici ach ar a laghad beidh post aici i Rannóg na Filíochta Rotharbhunaithe amach anseo.

An bhfuil aon chineál eile Gaeilgeora dearmadta againn? Abraígí linn iad! (Foilsíodh leagan den alt seo ar an Tuairisceoir cheana.)

Wednesday 10 June 2020

Gearrscéal: 'Takeshi ó na Scáth-Thailte'

Tá gearrscéal nua liom ar @IrisComhar na míosa seo. 'Takeshi ó na Scáth-Thailte' is teideal dó agus d'fhéadfaí a rangú mar fhicsean eolaíochta, mar fhicsean tuairimeach (speculative) nó a leithéid. Tá an-suim agam tuairimí ar scéalta den chineál seo a chlos, agus ba mhaith liom fáil amach cad a shíl sibh faoin domhan a chruthaítear ann. Tá Comhar le fáil ó @ansiopaleabhar /anseo (is fiú síntiús a fháil!) https://comhar.ie/iris/80/5/takeshi-o-na-scath-thailte/