Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Monday 29 July 2019

Leagan Gaeilge de 'Black is the Colour'

Dubh atá

Is é dubh atá ciabhfholt cinn mo ghrá

Mar an rós atá a béilín sámh
Is geal a gáire agus is séimh a lámh
Agus is léi atá mise dúnta i ngrá

Is maith atá a fhios sin ag mo ghrá
Gur léi atá mise dúnta i ngrá
Agus gráim an lá úd a thoiligh sí
Taobhú liomsa, is fanacht liom mar mhnaoi

I mo shuí san oíche ba rómhór mo chrá
Gan faoiseamh choíche is mé gan mo ghrá
Ach tháinig sí, is í a gheal mo shaol
Is bhain de mo chroíse achan uile néal

Is dubh go fóill atá folt mo chéile mná
Gidh gur geal atá an fíor-chorrshnáth
Ach is gile a gáire ná rós ná bláth
Agus is daingne léi atá mé dúnta i ngrá

(Foinse: Séamus Mac Conmidhe https://www.facebook.com/groups/166677873392308/permalink/2438167506243322/ )