Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday 28 April 2020

Na Gaeil agus an Cumannachas

A Ghaeilgeoirí na cruinne! Aontaígí! (ainmfhocail le haidiachtaí ó thaobh inscne agus uimhreach)

Íomhá

Wednesday 22 April 2020

Físdán nua! An Clóscríobhán

Seo Físdán a rinne mé. Ba bhreá liom aiseolas a chlos ina thaobh! Seans go ndéanfainn tuilleadh dá mbeadh spéis ann...


Youtube Embed Cod 










Seandán faoi chlóscríobhán é (a d'aithris mé ag an gcéad REIC). Anois ina FhísDán. Míle buíochas le @reic agus @miseciara as muid a spreagadh ar bhóthar seo na bhfísdánta an chéad lá! Seod é an chéad rud a scríobh mé ar mo chlóscríobháinín beag dílis (nach mbacaim leis a thuilleadh). É lán go barra le Muimhneachas/bréag-Mhuimhneachas!

Ba é seo an chéad rud a scríobh mé ar an gclóscríobhán (dáiríre!) Seachas m'ainm b'fhéidir. Seans nach aon iontas é a bheith beagán traidisiúnta ó thaobh foirme. Le tamall tá dánta Raiftearaí á léamh agam agus is breá liom an chaoi a bhfuil an rithim agus an rím (Ghaelach, atá éagsúil go leor le rím an Bhéarla) go foirfe iontu. Ní raibh mórán eolais agam ar a leithéid nuair a scríobh mé é seo ach rinne mé iarracht go mbeadh rithim chinnte ann.

Cad atá i gceist leis an dán mar sin? Dán simplí go maith atá ann dar liom agus scríobh mé ar bhealach follasach é, tharla an méid a tharla sa dán sa saol iarbhír (ach go ndearna mé pearsantú beag ar an ngléas clóscríofa is dócha!). Thug mé glór don ghléas agus é ag iarraidh fóirithinte orm. Shamhlaigh mé conas mar a bheadh sé ag caint agus an glór 'miotalach' a bheadh aige ag teacht ó na litreacha miotalacha ar fad ina lár istigh.

Chuaigh mé go teach díoltóra le breathnú ar chlóscríobháin le ceann a cheannach agus chonac cúpla ceann, tharla go raibh ceann faoi leith a bhí níos saoire mheall sé mo shúil.

Thánag ort san áiléar thuas le troscán ag déanamh deannaigh Is scread tú orm de ghlór miot'lach aon fhocal amháin 'Ceannaigh!'
Ansin sa dán is dócha go raibh trua agam don chlóscríobhán agus gur theastaigh uaim a chosaint is a chaomhnú.

Cheapas go raibh máchail ort do ribín réidh is caite ach chaitheasa im' mhála thú is rug liom féin abhaile 
Tá iarracht ar imeartas focal anseo sa líne 'do ribín réidh is caite'. Is ionann 'ribín réidh' agus rud éasca nó 'easy matter' ach sa chás seo is é ribín an chlóscríobháin atá réidh (thart/críochnaithe - tirim i gcás an ribín) agus an dúch ídithe.
Nuair a léigh mé amach ós ard é d'aithin mé dánaíocht ann áfach. Seans go ndeachaigh mé rófhada leis an bpearsantú nuair a scríobh mé 'Bhaineas díot do chlúdach ann/d'osclaíos do chuid cnaipí/níorbh fhada go raibheas ag bualadh liom/ag clóscríobh ort go tapa!! D'fhéadfaí léamh Freudach a dhéanamh ar an dán go cinnte. Is é sin gur cailín/bean/bé an clóscríobhán a thugaim liom abhaile go mbainim a clúdach is go mbím i mbun spraoi léi. Níor aithin mé sin a bheith ann go dtí an deireadh i bhfírinne, ach tá súil agam go gcabhraíonn sé le beagán spraoi a chur sa dán beag gairid seo. Cé nach é sin a bhí i gceist agam b'fhéidir go raibh diabhlaíocht fhollaithe éigin ionam a spreag é! Is iontach an t-athrú a thagann ar smaoineamh ó bhíonn sé ina smaoineamh go gcuirtear i láthair é mar dhán críochnaithe.

Níl aon mhórteachtaireacht sa dán ach cur síos ar rud beag a tharla dom agus liric bheag neamhurchóideach a chum mé faoi. Mar bharr ar an scéal bhí beagán spraoi nó dánaíocht ann. Trí thaisme a tharla sé ach is léiriú é seo ar a oiread atá próiseas na cumadóireachta ag brath ar thaismí beaga ádhúla. Nach spéisiúil sin!

Cuireann sé fonn scríbhneoireachta ort mar ghléas. Bhí sé i gceist agam cineál de léiriú scríbhneoireachta a dhéanamh ag féilte/ag Reic no a leithéid. Bheinn ag suí ann ag boirdín beag leis an gclóscríobhán agus comhartha crochta taobh liom 'Cé a cheannódh dán?' agus ansin d'iarrfadh an lucht freastail dánta beaga tobchumtha orm ar ábhair faoi leith in áit na mbonn.

Bhain mé úsáid as gearrthóga físe agus fuaime saor ó chóipcheart ó na suímh iontacha seo pixabay, pexels agus freesound. Thaifead mé ar m'fhon é agus chuir mé in eagar é le bogearra saor in aisce OpenShot (físeagarthóir) agus rinne mé an pic clúdaigh ar iPiccy agus bhain mé úsáid as https://wigflip.com/screedbot/ don teideal a chlóscríobhtar. Tá an teicneolaíocht tar éis feabhsú chomh mór sin le blianta beaga anuas gur fusa d'éinne a leithéid a dhéanamh anois. Má tá dán nó smaoineamh ionat scaoil saor é!

An Clóscríobhán le hEoin P. Ó Murchú. Thánag ort san áiléar thuas le troscán ag déanamh deannaigh Is scread tú orm de ghlór miot'lach aon fhocal amháin 'Ceannaigh!' Cheapas go raibh máchail ort do ribín réidh is caite ach chaitheasa im' mhála thú is rug liom féin abhaile Bhaineas díot do chlúdach ann d'osclaíos do chuid cnaipí níorbh fhada go raibheas ag bualadh liom ag clóscríobh ort go tapaidh.

Íomhá

Íomhá

Wednesday 15 April 2020

Leagan Gaeilge de 'Take Me Home to Country Roads' le Séamus Mac Conmidhe

Ar ais aríst a bhealtaí buí

Neamh ar talamh, Muintir Luinigh, Bunchnoic Speirín, Sruthán Alt an Chairthe
Is seanda an saol ann, níos sine ná na crainn, níos óige ná na sléibhte, ag séideadh siansa binn

A bhealtaí buí, tabhair mé ar ais go an áit a bhfuil mo chroí,
Muintir Luinigh, buime shléibhe,
Ar ais aríst, a bhealtaí buí

Is maith mo chumhne, mé mo thachrán
Sréadaí tuaithe, nár lig mé riamh ar seachrán
Gorm diamhair, daite ar an spéir
Deora le mo shúile, mo chuimhní cinn go léir

A bhealtaí buí, tabhair mé ar ais go an áit a bhfuil mo chroí,
Muintir Luinigh, buime shléibhe,
Ar ais aríst, a bhealtaí buí

Cluinim a glór i dtús an lae is í ag glao is an raidió ag meabhrú domh mo bhaile is mé ar strae
Is ag tiomáint síos an bealach títear domh gur cheart domh bheith sa bhaile aríst inné, aríst inné

A bhealtaí buí, tabhair mé ar ais go an áit a bhfuil mo chroí,
Muintir Luinigh, buime shléibhe,
Ar ais aríst, a bhealtaí buí

Ar ais aríst, a bhealtaí buí
Ar ais aríst, a bhealtaí buí