Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday 27 March 2018

Oíche Chásca le hAnton Chekhov (aistriúchán Gaeilge)


Bhí mé i mo sheasamh ar bhruach Abhainn an Goltva, ag feitheamh le bád fartha ón mbruach thall. Go hiondúil abhainn umhal leathmhór an Gholtva, í ciúin agus machnamhach, a bhíonn ag glioscairt go bog taobh thiar de ghiolcach thiubh; ach anois shín loch, geall leis, os mo chomhair amach. Bhí uiscí an earraigh, iad imithe ar mórmhire, tar éis a dá bhruach a sceitheadh agus bhí dhá thaobh na habhann báite ar feadh achar fada gur thum garraithe glasraí, gorta féir agus talamh riascach faoi uisce, sa tslí is nár rud as an ngnách poibleoga agus sceacha a fheiceáil ag gobadh aníos as dromchla an uisce mar a bheadh creaga uaigneacha duaiseacha ann sa dorchacht.

Samhlaíodh dom gurbh aimsir thaibhseach a bhí ann. Bhí sí dorcha, ach bhí na crainn le feiceáil, an t-uisce agus na daoine leis…  Las na réaltaí an domhan, bhí an spéir ramhar leo, iad scaipthe ar a fuaid. Ní cuimhin liom an oiread sin réaltaí a fheiceáil ariamh roimhe sin. Ní raibh slí d’oiread is ladhraicín do láimhe eatarthu. Cuid acu bhíodar chomh mór le hubh ghroí ghé, cuid eile bhíodar chomh bídeach le síolta cnáibe… Bhíodar tar éis éirí do mhórshiúl na féile, gach mac máthair acu, beag agus mór, nite, athnuaite agus lúcháireach, agus bhí gach ceann acu agus a ngathanna ag bogdhrithliú leo. Ceapadh an spéir san uisce; bhí na réaltaí ar snámh go domhain dorcha ann agus bhíodar ar creathadach le crithloinnir na nguairneán uisce. Bhí an t-aer te gan chorraí… I bhfad as ar an mbruach thall, anseo is ansiúd, sa dorchacht dhothollta sin, bhí soilse geala dearga ag drithliú...

Cúpla truslóg uaim chonac an scáil tuathánach agus hata ard air, bata tiubh cnapánach ina láimh aige.

“Nach fada anois teacht an bháid fartha!” a dúras.

“Is tráth di a bheith anseo cheana,” a d’fhreagair an scáthchruth.

“Bhfuilir ag feitheamh leis an mbád fartha, leis? 

“Níl,” arsa an tuathánach de mhéanfach – “Táim ag feitheamh leis an soilsiú. Bhí de cheart agam dul, ach leis an bhfírinne a dhéanamh, níl na cúig chóipeic don bhád fartha agam.”

“Tabharfad dhuit na cúig chóipeic sin.”

“Ná déan; gabhaim buíochas leat go humhal… Leis na cúig chóipeic sin croch coinneal dom thall ansin sa mhainistir… Ba shuimiúla go mór sin, agus seasfad mar a bhfuil mé. Cad is ciall leis, bád fartha ar lár, amhail gur báitheadh é!”

Chuaigh an tuathánach go himeall an uisce, rug greim ar an téad, agus scread: “Ieronim! Ieron–im!”

Mar a bheadh a scread á fhreagairt, shnámhaigh cling mhall cloig mhóir trasna ón mbruach thall. Toll is íseal a bhí an nóta, amhail sin ón tsreang is tibhe ar an olldord; ba chosúil gurbh í an doircheacht féin a lig an nóta aisti go piachánach. Láithreach chualathas glór urchar gunna mhóir. D’imigh sé ag tormáil leis sa doircheacht agus chuaigh as éisteacht áit éigin i bhfad taobh thiar díom. Bhain an tuathánach a chaipín agus ghearr fíor na croise air féin.

“Tá Críost éirithe,” a dúirt sé.


Easter Eve Anton Chekhov

I was standing on the bank of the River Goltva, waiting for the ferry-boat from the other side. At ordinary times the Goltva is a humble stream of moderate size, silent and pensive, gently glimmering from behind thick reeds; but now a regular lake lay stretched out before me. The waters of spring, running riot, had overflowed both banks and flooded both sides of the river for a long distance, submerging vegetable gardens, hayfields and marshes, so that it was no unusual thing to meet poplars and bushes sticking out above the surface of the water and looking in the darkness like grim solitary crags.

The weather seemed to me magnificent. It was dark, yet I could see the trees, the water and the people. . . . The world was lighted by the stars, which were scattered thickly all over the sky. I don't remember ever seeing so many stars. Literally one could not have put a finger in between them. There were some as big as a goose's egg, others tiny as hempseed. . . . They had come out for the festival procession, every one of them, little and big, washed, renewed and joyful, and everyone of them was softly twinkling its beams. The sky was reflected in the water; the stars were bathing in its dark depths and trembling with the quivering eddies. The air was warm and still. . . . Here and there, far away on the further bank in the impenetrable darkness, several bright red lights were gleaming. . . .

A couple of paces from me I saw the dark silhouette of a peasant in a high hat, with a thick knotted stick in his hand.

"How long the ferry-boat is in coming!" I said.

"It is time it was here," the silhouette answered.

"You are waiting for the ferry-boat, too?"

"No I am not," yawned the peasant-- "I am waiting for the illumination. I should have gone, but to tell you the truth, I haven't the five kopecks for the ferry."

"I'll give you the five kopecks."

"No; I humbly thank you. . . . With that five kopecks put up a candle for me over there in the monastery. . . . That will be more interesting, and I will stand here. What can it mean, no ferry-boat, as though it had sunk in the water!"

The peasant went up to the water's edge, took the rope in his hands, and shouted; "Ieronim! Ieron--im!"

As though in answer to his shout, the slow peal of a great bell floated across from the further bank. The note was deep and low, as from the thickest string of a double bass; it seemed as though the darkness itself had hoarsely uttered it. At once there was the sound of a cannon shot. It rolled away in the darkness and ended somewhere in the far distance behind me. The peasant took off his hat and crossed himself.

'"Christ is risen," he said.


Saturday 24 March 2018

Conas is fearr d’inchinn a choinneáil sláintiúil?

What can you do to keep your brain healthy?

Conas is fearr d’inchinn a choinneáil sláintiúil?


We all know high cholesterol isn't good for our body…

Is eol dúinn ar fad nach bhfuil an colaistéaról go maith don cholainn…


along with high blood pressure, and being over-weight.

an scéal céanna le brú fola ard, agus a bheith róthrom.


But what you might not know, is that not only can these health concerns shorten the life of your body…

Seans nach mbeidh eolas agat ar an méid seo, ach ní hamháin go ngiorraíonn na fadhbanna sláinte seo fad shaol do cholainne


they can affect your brain function.
is féidir leo drochthionchar a bheith acu ar fheidhmiú d’inchinne.


The more scientists study our brains,
Dá mhéid a dhéanann eolaithe staidéar ar an inchinn,


the more they're finding that how well it works is intricately tied to the health of our body.
is ea is mó a fhaightear amach faoin mbealach a bhfuil sláinte na hinchinne féin fite fuaite le sláinte na colainne.


For example, just thirty minutes of aerobic exercise, five times a week, can keep your brain sharp.
Mar shampla, is féidir le triocha nóiméad d’aclaíocht aeróbach, cúig huaire sa tseachtain, géire inchinne a chinntiú.


Because physical exercise not only helps your heart,
Ní hamháin go gcabhraíonn aclaíocht leis an gcroí,


it can increase the size of your hippocampus, the part of the brain crucial to making memories.
ach méadaíonn sé an hipeacampas, cuid den inchinn atá fíorthábhachtach agus cuimhní á gcruthú.


But that's not all.
Agus tuilleadh le cois!


Physical exercise generates a chemical called BDNF - brain derived neurotrophic factor,
Le linn aclaíochta gintear an ceimiceán FNID - fachtóir néartrófach inchinndíorthaithe,


which acts like fertiliser for the brain, encouraging the growth of neural connections and new brain cells.
a ghníomhaíonn mar leasú don inchinn, cuireann sé naisc néaracha agus cealla nua inchinne ag fás.


So, obviously staying active is important.
Mar sin is fiú fanacht gníomhach.


But not just physically active - you need to keep socially active, as well, especially as you get older.

Gníomhach go fisiciúil - agus go sóisialta leis, go háirithe agus tú ag dul in aois.


Because there's growing evidence to suggest that people who can avoid getting lonely, reduce their risk of cognitive decline…

Tá an fhianaise go gcabhraíonn sé seo leis an uaigneas agus leis an mbaol de dhul ar gcúl cognaíoch ag láidriú


something we all agree is a good thing.
agus aontaímid ar fad gur maith an rud é sin.

..
But there is one last thing you need to do to keep your brain healthy

Ach tá rud amháin eile is gá a dhéanamh chun d’inchinn a choinneáil sláintiúil



keep it active.
bí gníomhach.


So, in no particular order, here are three top ways to keep your brain stimulated.
Mar sin, gan ord ar leith leo, seo na trí bhealach is fearr d’inchinn a spreagadh


Number 1. Challenge yourself.
Uimhir 1. Tabhair dúshlán duit féin.


The satisfaction you get from doing things slightly beyond your comfort zone

An sásamh a fhaigheann tú as rudaí atá beagán nua agus dúshlánach a dhéanamh



actually changes your brain chemistry, making you feel more positive.

athraíonn sé sin ceimic na hinchinne, agus fágann i riocht níos dearfaí thú.


Number 2. Change yourself.

Uimhir 2. Athraigh tú féin.


Novelty helps your brain. So it's good to experience new things, take on new situations and meet new people.

Cabhraíonn an úire leis an inchinn. Is maith rudaí úra agus suímh úra a thriail chomh maith le casadh le daoine úra.


And Number 3. Learn something new.

Agus Uimhir 3. Foghlaim rud éigin nua.


This encourages the growth of new brain cells and stimulates the connections between them.
Spreagann sé seo fás na gceall inchinne nua agus na nasc eatarthu.


Which has its own benefits, because stronger brain connections also helps keep your brain healthy.
Tá buntáistí ar leith ag dul leis sin, mar go dtugann naisc níos láidre san inchinn sláinte don inchinn féin.


So don't let age stop you from doing the things you love.

Ná lig don aois teacht idir tú agus na rudaí a bhfuil grá agat dóibh.


Think Young.

Mol an Óige (Is Bí Óg!)



Because if you look after your brain now,

Mar má thugann tú aire do d’inchinn anois,


keeping it active and engaged - it will make you proud for years to come.
í a choinneáil gníomhach, gnóthach - beidh tú bródúil aisti go ceann na mblianta.


Monday 19 March 2018

Briathra Meala Mealltacha na Gaeilge - Chat Up Lines i nGaeilge

Bíonn sé deacair caint a chur ar bhuachaill nó ar chailín nach bhfuil aithne agat air nó uirthi. Seans go bhfaighidh tú spreagadh uathu seo thíos. (Bí cúramach le cuid acu!)

Tá mo bheola pianmhar. An bpógfá iad?

An gcodlaíonn tú ar do bholg? An bhfuil cead agamsa?    

Dá mba líreacán thú lífinn thú ar feadh na hoíche.    

An bpógann tú ar an gcéad dáta? Más ea, cé chomh luath ar féidir linn dul amach?   

Deir mo uaireadóir draíochta nach bhfuil fobhrístí ort.

(Agus má deireann an duine: Tá)

Ó, caithfidh go bhfuil sé 15 nóiméad tapa.    

An dtagann tú anseo go minic?    

An bhfuil Gaeilge agat? Ba mhaith liom mo theanga a úsáid leat    

Suí ar mo ghlúin agus labhróimid faoin gcéad rud a thiocfaidh in airde.   

Aon seans ort?    

Is cosúil go bhfuil m’uimhir fóin caillte agam, aon seans go dtabharfá do cheannsa dom?    

Bailigh do chóta, tá do bhó curtha thar abhainn agat…    

Dá mba thusa m'obair bhaile dhéanfainn tú ar mo dheasc.    

An raibh sé pianmhar…. nuair a thit tú ó neamh!    

Nach breá nach cosa atá fút!! Cén t-am a n-osclaíonn siad?    

An Jacob an t-ainm atá ort? Mar is CRACKER tú... 

Tá tú an-chosúil le Google. Céard?

Tá tú tar éis cabhrú liom teacht ar an rud a bhí á chuardach agam. Tusa.    

Is breá liom do chulaith, ach bheadh cuma níos fearr air ar úrlár mo sheomrasa!    

An te istigh anseo atá sé, nó an tusa atá ann?   

Breathnaíonn tú cosúil le mo chéad bhuachaill eile.   

An bhfuil a fhios agat céard é an difríocht idir leathar agus comhrá?

(Níl) An bhfuil tú ag iarraidh dul abhaile chun caint?    

An scáthán thú? Mar feicim mé féin ionat.    

Cén chaoi a dtaitníonn do chuid uibheacha leat ar maidin?    

An bhfuil a fhios agat céard a bhreathnódh go deas ort? Mise!    

Chonaic mé tú ag breathnú orm, gabh i leith go bhfaighidh tú radharc ceart orm.    

An ndúirt mé leat go bhfuil galar orm? (Ó tá brón orm) Níl aon leigheas air ach pósadh…    

Sheasfainn sa sneachta ag breathnú ort.   

An bhfuil aon talamh agat… atá buailte leis an mbóthar?   

Ar mhaith leat luí le mo thuistí ? (Déarfaidh an duine eile: Céard???? 

 Díreach ag iarraidh fáil amach ar mhaith leat a bheith curtha le mo mhuintir?   

An bhfuil tú go maith? Mar breathnaíonn tú go maith   

An tusa an Ghaeilge? Mar ba mhaith liom tú a athréimniú   

An bhfuil léarscáil agat? Táim tar éis imeacht ar strae i do shúile   

An tusa Apple Maps? Mar tá tú tar éis mé a chur ar strae.   

Ar mhaith leat teanga eile a bheith agat?   

An tusa mo dhinnéar? Mar líonfá poll.

An gcreideann tú i ngrá ag an gcéad amharc nó ar chóir dom siúl isteach arís?   

Ar mhaith leat tacú le polasaí Gaeilge Chonradh na Gaeilge?

Céard é sin? Is leor beirt ;)   

---

Murar leor iad seo duit tá Rossa Ó Snodaigh tar éis bleaist focal/nathanna

agus abairtí eile a chur ina leabhar Cliúsaíocht as Gaeilge.

https://www.cic.ie/en/books/published-books/cliusaiocht-as-gaeilge-making-out-in-irish-leabhair-cloite

 

(Sea ba chóir na foirmeacha treisithe a úsáid sa tseanmhéim seo thíos) 

 


Friday 16 March 2018

Baile na Leabhar

(foilsíodh an t-alt seo ar College Tribune UCD sa bhliain 2012)


Is deacair an boladh aoibhinn úd a bhíonn i siopa leabhar a bhualadh. Níl ach rud amháin is deise liom ná é, cumhrán álainn an tsiopa leabhar athláimhe. Is leabharbhách nó bibliophile le fada fíorach an lá mé. Is iomaí uair, lá is seachtain atá caite agam i dtimpeallacht chluthar na siopaí leabhar, Waterstones na sócúlachta agus na fairsinge leabhar den chuid ba mhó. Mo athair a thugadh ann mé, leis an lá a chaitheamh i measc na leabhar is mé ar mo shuaimhneas ag léamh liom is ag piocadh leabhar. Chuireas tréimhse phromhaidh na leabharlann isteach go maith roimhe sin.


Tá an dúil chraosach sna leabhair agam fós. Is breá liom tráthnónta a chaitheamh ag spaisteoireacht i siopaí leabhar. Siopaí leabhar athláimhe ach go háirithe, nó cinn a bhfuil réimse mhaith leabhar acu i nGaeilge. Cathair í Baile Átha Cliath atá ar maos leis an litríocht, fiú mura mbeadh á áireamh ach saothar Joyce. Is maith mar sin go bhfuil an oiread sin de shiopaí a dhíolann an focal clóite ar chrainn mharbha mar a dúirt an té a dúirt. Seo roinnt de na siopaí leabhar a thugaim taitneamh ar leith dóibh.

Ceann de sheoda na cathrach, dar liom, is ea Cathach Books, siopa leabhar atá tearc, seanda agus an-chostasach. Is minic acu céad eagráin de Ulysses ar €30,000 an ceann. Tá réimse fhairsing leabhar a bhaineann leis an Éireannachas; stair, polaitíocht, litríocht, is cuid mhór acu sínithe ag a n-údair. Tá rannóg Ghaeilge acu is rannóg leathphraghas thíos staighre áit ar féidir leabhar athláimhe a cheannach cuid mhaith níos saoire ná nuaeagráin. Ba le fear de bhunadh Ghleannn Cholmcille, Éanna Mac Cuinneagáin, an siopa go dtí gur shéalaigh sé tamall de bhlianta ó shin, agus is a chlann atá ina bhun anois.


Tá roinnt mhaith ar fáil i gceantar Bharra Temple, leis. Tá siopa leabhar Connolly Books ann, an siopa leabhar cumannach; cúrsaí polaitíochta an chloch is mó ar a bpaidrín siúd, is roinnt leabhar athláimhe is Gaeilge acu chomh maith. Ar na deirí seachtaine bíonn margadh na cearnóige ann i lár an Bharra áit a mbíonn leabhair ar díol ag stainníní. Thall tá siopa carthanachta ar Shráid na Parlaiminte a bhíonn ag cur thar maoil le leabhair dheasa. Tá Hodges Figgis breá mór is is beag leabhar nach bhfuil acu! Pluais Aladdin eile is ea Siopa Rúnda na Leabhar is na gCeirníní ar Shráid Chill Mhantáin, i ngiorracht scread asail do Shráid Ghrafton. Istigh i gcathair ghríobháin Stuara Shráid Sheoirse tá siopa seanleabhar costasach eile, téigí ann! Níos faide ar shiúl tá cúpla both foilseachán i nDún Laoghaire, agus sa Charraig Dhubh.


An cineál leabhar is fearr liom féin ná cinn nach bhfaca cheana, iad tearc, leochaileach agus tí a ndíothaithe. In aimsir seo an digitithe mhóir ag Google cheapfá go raibh dúchas an fhocail scríofa slán. Ní hionann picteilíní HD agus leabhar lámhdhéanta áfach. Is spéis liom clófhoirne nó teangacha aduaine is súim a gcomhairle isteach. Tá Siopa Leabhar 6 Sráid Fhearchair le moladh go mór. Aon uair a bhím ar fán fud fad na tíre nó ag tabhairt cuairt na cruinne fiú is deas liom teacht chugam féin i measc na leathanach is leabhar. Tá Cultúrlann Bhéal Feirste inmholta go maith. Fiú i mBostún Mheiriceá bhí orm dul ag póirseáil síos seanscabhait ar thóir na leabhar.


Táim prioctha ag galar seo na leabhar ceart go leor ach ní mian liom é a leigheas. Ar uairibh is trom ar na pócaí atá sé ach ar an gcuid is mó is féidir leabhar álainn a fháil ar chostas caife. Deirtear liom anois go bhfuil lá na leabhar caite, gur seo chugainn ré na ríomhleabhar ach ní ghéillim dóibh. Is treise dúch ná solas na scáileán.

Wednesday 7 March 2018

Canúint réigiúnach



1. Cad a shíleann sibh de chomhairle an teoiricí aistriúcháin Clifford E. Landers i dtaca le canúint réigiúnach/shóisialta?
'Any rendering of source-language dialect that consciously or unconsciously evokes an existing target-language dialect is probably self-defeating. ... Substitution of an ‘equivalent’ dialect is foredoomed to failure. The best advice about trying to translate dialect: don’t.'
(Literary Translation: 117.)

Caithfidh mé a rá go n-easaontaím go mór le Landers. Is minic go mbaintear feidhm as canúint chun rud éigin a léiriú faoi charachtar. D’fhéadfaí a bheith ag tabhairt le fios gur eachtrán ceart é an duine, gur as ceantar eile ar fad é nó í nó go mbaineann siad le haicme ar leith daoine. Má tá a leithéid i gceist sa bhuntéacs, ba chóir iarracht a dhéanamh teacht ar chanúint nó ar chur chuige a thabharfadh an rud céanna le fios. Faillí is ea a fhágáil ar lár.

2. An aontaíonn sibh le comhairle Landers i dtaobh friotal seanda a aistriú?

' ... the translator of a new English version of Don Quixote might wonder whether the title character and his faithful squire should speak modern or 17th-century English, whether to translate dialogue into today’s English or to retain the supposedly ‘quaint’ nature of early 17th-century Spanish. A red herring if ever there was one. In Cervante’s time, 17th-century Spanish was not quaint, it was the everyday language. The original readers of Quixote in no way perceived the speech of the characters as archaic or antiquated, even if today’s native in Madrid or Santiago may. Therefore, translate Don Quixote into a contemporary, albeit not slangy or faddish, English.'

Is fíor dó is dócha. Creidim gur éirigh le leagan Ua Laoghaire de Don Cíochótae toisc gur scríobhadh é i nGaeilge an lae inniu. Spreagtar ceist, áfach, ar chóir Shakespeare a aistriú ón mBéarla a bhí go Béarla an lae inniu? Sílim gur fiú, cé nach n-aonaítear liom go minic. Is minic gur deacair bun nó barr a dhéanamh den chaint sna drámaí Béarla.