Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Wednesday 28 October 2020

Tá Tinte na Farraige Duibhe ar fáil le réamhordú anois!

Nuacht mhór (domsa pé ar bith!)

Íomhá

Tá úrscéal iontach a d'aistrigh mé go Gaeilge le foilsiú! Tá ríméad an domhain orm agus mé ag súil go mór le cóip chrua a fheiceáil go luath!

Is féidir Tinte na Farraige Duibhe a réamhordú ar lascaine speisialta go dtí 15 Samhain ag an nasc thíos.

Scéal samhlaíoch spraíúil suimiúil ó Tim Armstrong.

 
 
(Pictiúr díomsa agus ríméad orm. Ag insint na fírinne atáim, níl ann ach nach bhfuilim go maith chun meangadh gáire!)
 
Ní gan dua a fhoilsítear leabhar agus fuaireas cabhair mhór ó dhaoine go leor.
 
Táim buíoch de Mháire Ní Annracháin as a cuid comhairle agus cúnamh i dtús an phróisis. Thug Tim Armstrong an-tacaíocht dom ó thús agus d’fhreagair ceisteanna iomadúla uaim. Nára fada uainn an dara leabhar sa tsraith leis An Luingeas Dorcha air Fàire. Táim buíoch freisin de Dharach Ó Scolaí as a mholtaí agus a chúnamh ar fad agus as a bheith oscailte don chur chuige beagán éagsúil, mar a mínithe in áiteanna eile ar an mblag seo. Tá moladh mór ag dul do Chaoimhín Ó Scanaill, a chabhraigh liom agus a chruthaigh an t-inneall thuas, chomh maith le huirlisí iomadúla a chabhraíonn linn an Ghaeilge a aclú sa saol digiteach. Chráigh mé daoine éagsúla le ceisteanna iomadúla teanga agus gramadaí. Táim buíoch díobh ar fad, le hEmma Ní Chearúil agus Colm Mac Fhionnghaile a léigh an profa agus le Ciara Ní É, Seaghan Mac an tSionnaigh, Róisín Nic Liam agus Marcus Mac Conghaíl a léigh sleachta éagsúla.
 
Is féidir beagán a léamh faoin bhfógra seo ar bhlag an údair Tim Armstrong anseo