Friday, 22 April 2016

Maidir le David Mamet agus Robert McKee

Maidir le A Letter from David Mamet to the Writers of The Unit agus The Real McKee Lessons of a screenwriting guru. Le Ian Parker sa New Yorker

Deir Mamet leo gur gá trí cheist a fhreagairt

1. Cad atá ó na carachtair?

2. Cad a tharlóidh mura bhfaigheann siad é?

3. Cén fáth go bhfuil sin ag tarlú anois?

Ag breathnú ar shraitheanna agus scannáin le cúpla lá dom feictear gur minic nach dtarlaíonn seo go rómhór sna foirmeacha sin atá bunaithe ar phlota i gcomórtas leis an píosaí sin scríbhneoireachta atá dírithe ar charachtracht agus atá níos ardintleachtaí.

Deir sé leo, ann, gur chóir eolas a choinneáil siar, is gur chóir don spreagadh ag carachtair a bheith ar an eolas ag an scríbhneoir, cé go bhfuil seans nach roinnfí leis an lucht féachana ariamh é. Comhairlíonn gan beirt charachtar a bheith ag caint faoin tríú duine a bheith againn-  cacamas atá ina leithéid dar leis.

Caithfear cinntiú gur rud físiúil atá á dhéanamh, is féidir cur síos a dhéanamh ar a bhfuil ar bun ag na carachtair lena lámha. Bímse ag scríobh sceitsí gairide don raidió agus tá an cur chuige seo an-éagsúil, bíonn ort rudaí a chur in iúl trí fhuaimeanna uaireanta nó trí mhíniú agus is deacair an set-up a dhéanamh go caolchúiseach mura bhfuil ach 35 soicind agat don sceitse. Don teilí is féidir a mhionsonrú go díreach a bhfuil ar bun acu.

Ba chóir a fhaifraí díot féin an bhfuil an radharc drámata agus an gcuireann sé an plota chun tosaigh. Comhairle é seo atá feicthe cheana áit éigin(againn?) ach ní cuimhin liom go díreach!

drama vs non drama - aon radharc nach bhfuil drámaíocht ann baintear é.

Is léir go mbíonn lucht an stáisiúin ag tathaint air rudaí a mhíniú, ach dar leis go millfeadh soiléiriú mar seo carachtair.

Agus daoine ag tosú amach, is dócha gur gá na radharcanna a scríobh leis an scéal a thuiscint agus ansin na radharcanna sin nach bhfuil drámaíocht iontu a bhaint. Ba chóir go mbeadh an lucht féachana ag dúil go mór lena dtarlóidh. Is ionann na mínithe "as you know" sin agus seafóid, ná déantar iad.

Tá scéal Robert McKee suimiúil agus is léir go bhfuil an-tuiscint aige ar cad is scéal maith ann agus conas é a spíonadh i mbealach a spreagfaidh suim. Cloistear a chomhairle ann ar céard is scéinséir ann ach feictear go bhfuil sé taobh le seifteanna. Taitníonn scéinséirí liom agus maidir le Robert McKee mar charachtar is léir gur seift é féin fiú amháin, agus seift sách suarach leis, an té nach bhfuil dírithe ar airgead ach ata tar éis an tsaoil, an saineolaí nár éirigh lena chuid scripteanna féin riamh.

Tá an drochthréith seo faoin scríbhneoireacht agus gur airgead bun agus barr an scéil le brath ar chomhairle Mamet chomh maith, agus nuair a fuaireas roinnt amach faoina chuid polaitíochta féin chuaigh sé dian orm éisteacht leis dá fheabhas an chomhairle(is Síonaí neamhcheisteach é)

Maidir le McKee insíonn sé an fhírinne le daoine, mura bhfuil an tallann acu níl sé acu, ní chuireann sé fiacail ann ach is ga cuimhneamh go mbaineann daoine taitneamh as a chúrsaí mar chaitheamh aimsire iontu féin. Is geall le monarcha scéalaíochta, scríbhneoireacht don scáileán atá ina chúrsa, a bhfuil 40,000 míle duine tar éis freastal air deirtear. Samhlaigh an t-airgead atá déanta aige as! (cosnaíonn an cúrsa suas le €1200 in aghaidh an duine... Seans go bhfuil suas le hioncam de €40 milliún tar éis a bheith ag an gcúrsa!!! Ach fear é seo nach bhfuil róluach aige ar airgead...)

Admhaíonn sé gur taispeántas an léachtóireacht seo agus go mbaineann sé taitneamh as sa tslí sin. Taitníonn an píosa faoi classical design liom, agus iarracht a dhéanamh domhain a chruthú a n-aithníonn tú an daonnacht chéanna iontu is a bhraitheann tú thart ort féin. Taitníonn an réimse leathan ábhar agus téacsanna agus scannáin a luaitear.

Is ealaín Mheiriceánach an scríbhneoireacht scáileáin, ach ealaín Mheiriceánach leis an tóir ar airgead, agus chuir seo as dom is mé ag léamh a chomhairle. Is léir go bhfuil fadhb agam glacadh le comhairle ó dhaoine nach n-aontaím leo go ginearálta ar cheisteanna an tsaoil!

Thursday, 21 April 2016

An Léirmheas nár mhaith leo go bhfeicfeadh sibh é "Ó Pheann an Phiarsaigh" dráma

Ó Pheann an Phiarsaigh

Noel Ó Gallchóir

Dráma Aonair


Tá fadhb mhór ann le léirmheastóireacht na Gaeilge. Bhíos i láthair ag an dráma Ó Pheann an Phiarsaigh agus ós rud é gur moladh go hard na spéire atá á fháil ag an dráma seo aon áit eile a fheicim, tá chomh maith agam lomchlár na fírinne a insint daoibh faoi. Níl an dráma seo go maith. Tá seans féin go bhfuil sé go dona agus go han-dona. Níor glacadh leis an léirmheas seo agus comhairlíodh dom gan a scríobh, dála an scéil.

Ar dtús báire, rudaí nach raibh neart ag an dráma orthu. Le fírinne bhí an suíomh an mhí-oiriúnach, halla cainte in UCD gan soilse cearta ná soilsiú agus an rud ar fad lasta ag solas an lae nuair is athléiriú staire atá i gceist leis an mórchuid. Deacracht ó thús agat.

Ar mo chéadsuí isteach dom bhí buairt ag teacht orm, áfach. Seit agus propanna a raibh cuma an-amaitéarach orthu. Mura féidir seit measartha gairmiúil a chur ar fáil(agus tuigim go bhfuil go leor drámaí nach féidir agus go leor fáthanna ann dó seo) is fearr dul le seit stílithe, mura féidir sin a dhéanamh ba leor seit measartha minimalist, is murar féidir sin ná bíodh aon rud ann. Mar a chéile le propanna. Agus an dráma ar siúl bhí nós aisteach ann léimt in airde ar na boscaí ag tráthaana éagsúla, rud nár chabhraigh in aon chor le hinchreidteacht an phíosa ná le húsáid an spáis ann.

De ghnáth diúltaím é nuair a deirtear liom go bhfuil drámaíocht na Gaeilge lag. Luaim roinnt drámaí maithe atá feicthe, cinn i nGaeilge, is cinn dhátheangacha ag grúpaí gairmiúla is amaitéaracha. Chuirfeadh an dráma seo mé ag machnamh ar an bhfreagra a thabharfainn air sin as seo amach. Bhí ÓPAP ina léachta staire gan ach cantaí fíorbheaga drámata caite tríd anseo is ansiúd. Ar éigean is féidir dráma a thabhairt air. Is trua sin mar léiríodh sna píosaí maithe go raibh mianach ann.

An t-aon chuid a raibh rud beag drámaíochta ann ná an chuid idir Eoghainín an nÉan agus a mháthair agus bhí óráid Uí Dhonnabháin Rossa spreagúil go leor. Seachas sin is mar léacht staire a bhí an rud ar fad, amhail is go rabhthas ag léamh ó leabhar staire. Agus is cinnte gur iomaí léacht agus rang ba shuimiúla ná seo a bhí agam óir ní raibh ann ach léamh neamhcheisteach nár bhain an scraith fiú amháin. An Piarsach mar laoch Gaelach gan smál. Léamh maith, sách fíor ach bheifeá ag súil le hanailís níos mine i bhfianaise an phléite ar fad atá ar siúl le blianta. Aon rud a deirtear linn sa dráma seo beidh siad ar eolas ag éinne a bhfuil níos mó ná leathspéis sa Phiarsach nó i stair na tíre acu.

Is deacair liom a chreidiúint gur cuireadh ceist ar dhaoine a thuigeann drámaíocht breathnú air le súil chriticiúil ag aon phointe. Ní féidir liom a chreidiúint go bhfágfaí an eitilt bhuile mhíchompordach timpeall an ardáin ann a d'fhág idir náire agus thrua ar an lucht féachana. Mura bhfuil tú go maith ag gluaiseacht ná déan iarracht ligeann ort gur éan tú.

Anois ní bhíonn saoi gan locht. Bhí mé féin i drámaí laga, go deimhin féin tá drámaí laga scríofa agus léirithe agam leis,ach ní dheachas ar chamchuairt leo timpeall na tíre.

Bhí an ceol taifeadta ina chrampa ar an rud ar fad agus é ag teacht isteach go rímhinic agus ba mhinic gur phíosaí nua-aimseartha nár shuí isteach sa dráma féin go rómhaith a bhí á seinm.

Tá an-mhianach ann, mar gur scríbhinní an Phiarsaigh atá i gceist, smaoiním ar na gearrscéalta agus ar na dánta agus scéal a shaoil, óráid Uí Dhonnabháin Rossa agus an forógra féin gan ach beagán a lua. Ach teipeann air dul i ngleic leo seo in aon bhealach atá drámata.

Ainneoin sin ar fhágáil an dráma dom bhraitheas go mbeadh mórán ar aon tuairim liom ach nach ndéarfaí sin ar eagla go maslófaí lucht an dráma. Ach ba fhuath liom go gceapfadh daoine gur seo amháin atá le fáil i ndrámaíochta Gaeilge. Tá mórán stuif maith ar siúl ag dreamanna agus le beagán comhairle bheadh an léiriú seo i bhfad níb fhearr.

Baintear an cúlra, baintear clócha dubh Mise Éire róshollúnta, ná déantar damhsa mura bhfuil scileanna damhsa agat, déantar iarracht an ceol a bhaint, déantar na léachtaí staire a bhaint, déantar iarracht an t-eolas seo a chur i dtuiscint trí dhrámaíocht éigin a thabhairt isteach, agus bíodh dinimic carachtair nó forbairt ann.

Déarfaidh roinnt go bhfuil sé seo ródhian ar fad, ach caithfear fírinne éigin a bheith ann sa saol seo. Cad is fiú a rá go raibh rud go maith má bhí náire ar leath den lucht féachana breathnú air, is cinnte go raibh is mise ann? Ní fiú faic é agus an t-aon toradh a bheidh air ná milleadh aon saghas ealaíne i nGaeilge.

(Dála an scéil dar le roinnt daoine ar labhair mé leo thaitin an seó leo a bheag nó a mhór, agus roinnt thaitin go mór leo, ní lia duine ná tuairim, ar ndóigh)




Thursday, 7 April 2016

The Art of Dramatic Writing le Lajos Egri

Tá beagán ráite i mórán focal ag Egri anseo. Dar leis go dteastaíonn premise nó réamhleagan d'aon phíosa drámaíochta, agus is dócha, uaidh sin, ó aon phíosa ealaíne ar bith. Ní mé an fíre é seo i gcás na hamharclannaíochta ná aon fhoirm eile ach is cinnte go gcuireann sé an cás go deas láidir. Tugann sé solaid an fhir atá ag obair is ag luain gan aon sprioc roimhe agus ceann an fhir atá ag rith thart i ndiaidh a chinn roimhe is deir sé go samhlófaí gealtachas leo mura mbeadh sprioc sainithe acu. Shamhlófaí cinnte. Fiafraíonn sé dínn ar bhealach, cad is cúis leis an ealaín? Cuireann d'fhainic orainn, leis, cúis a bheith léi.

Is breá liom an anailís aige a bhaineann siar an chaint agus cur síos néalmhar go bhfeictear bunús na ndrámaí. Braithim gur trua nár shuimigh sé King Lear mar "all that glisters is not gold", níor thapaigh sé an deis

Ní leor smaoineamh nó suíomh deir sé linn mar nach féidir dráma fada a chur ag snámh orthu sin amháin. Tugann réamhleagan doimhne do phíosaí is cinnte ach táim cinnte gur iomaí scríbhneoir a chur píosaí maithe díobh gan réamhleagan Egri mar atá leagtha amach anseo acu.

Ní leor mothúchán chomh maith deir sé, is dócha gur fíor seo, ach ar bhealach meascann 'réamhleagan' Egri leis an spreagadh i gcarachtair. Caithfidh spreagadh a bheith i ngach duine, níor ghá go mbeadh sé soiléir don léitheoir i gcónaí ach ba chóir go mbeadh sé ann agus é ag imirt tionchar ar ghluaiseacht an charachtair tríd an bpíosa, ar bhealach is amhlaidh is fearr é má tá an léitheoir dall air nó ar chuid de.

Teastaíonn sprioc uait deir sé linn, ceaichtín beag morálta nach mór nó go bhféadfá do dhráma a shuimiú i seanfhocal mar atá déanta aige. Tugann sé liosta dúinn a chuirfeadh seanfhocail na Gaeilge i gcuimhne do dhuine. Deir sé linn gur gá creidiúint sa téis nó sa réamhleagan. Arbh fhéidir gan creidiúint sa rud a scríobhann tú? Maidir le scéal an Diamond Necklace tugann sé cleas coitianta chun cuimhne, is é sin do chuid carachtar a bhrú trí pheannaid agus thiaráil le ceacht a mhúineadh dóibh, agus sa tslí sin don léitheoir.

Bhaineas sult ar leith as an gcaoi ar thug sé faoi thógáil scéal cúlra agus bóthar carachtrachta a leanúint. Measaim go seasfaidh seo liom in aon phíosa a bhreacfaidh mé feasta.