Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Friday 3 June 2016

Léirmheas ar an Iriseoir

Foilsíodh anseo ar dtús é (http://tuairisc.ie/sceal-taitneamhach-le-reic-ag-an-tiriseoir-ach-bfhiu-dul-ag-tochailt-nios-doimhne/)

Déanann An tIriseoir cur síos ar scéal Bhríd atá tar éis post breá a fháil mar iriseoir leis an Irish Telegraph i mBaile Átha Cliath. Fágann sí an Donegal Gazette agus a mac ina diaidh i nDún an nGall agus í féin ag teitheadh ó fhoréigean baile agus pósadh cliste. Téimid léi timpeall is í ag fiosrú scéalta i mBaile Átha Cliath agus í faoi bhrú mór anois an t-eagarthóir nua atá aici a shásamh. Ansin a chuirtear ar ais í chuig Dún na nGall le scéal mór a fhiosrú.
An bua is mó atá ag an leabhar seo ná an domhan inchreidte spéisiúil a chruthaíonn Nic Pháidín dúinn agus í ag trácht ar an iriseoireacht. Faightear léargas iontach ar an gcaoi a n-oibríonn iriseoirí sna nuachtáin mhóra agus conas mar a mhothaíonn sé dul sa tóir ar scéal ó dhaoine atá tar éis gaol gairid leo a chailliúint. Tá taithí an údair féin, ar iriseoir í, le brath ar an gcuid seo den leabhar.
I dtreo an deiridh agus cúrsaí ag teacht chun buaice agus Bríd ag éirí ceangailte sa scéal, éiríonn an insint eachtrúil go maith. Cuireann an scéal cor nó dhó eile de, ach, ar an drochuair, beidh tuar déanta roimhré ag an ngnáthléitheoir ar roinnt mhaith dá dtarlaíonn agus scaití níl an láidreacht chéanna ó thaobh plota ann is atá, mar shampla, i leithéid an scéinséara le hAnna Heussaf Scáil an Phríosúin.
Tá ábhar an scéil tráthúil go maith ach fágann roinnt tagairtí beagán stálaithe é ar uairibh, bhraitheas. Ach tá sé greannmhar in áiteanna rud a chuireann go mór leis. Tá blurba ar chúl an leabhair a deir gur ‘scéal spleodrach, soléite, suimiúil é’. Is cinnte go bhfuil sé soléite óir tá teanga measartha simplí in úsáid ann ach is féidir go bhfágann an teanga seo nach n-éiríonn leis an údar an doimhne shíceolaíochta nó smaointeoireachta a mbeifeá ag súil leis ó úrscéal a bhaint amach. 
Uaireanta tá an cur síos róshimplí, ródheas cheapas: 
Bhí na bláthanna ag damhsa, ag croitheadh a gceann léi sa tséideán bheag éadrom gaoithe a bhí ag imirt faoin ghrian.
Táim cinnte go dtaitneoidh a leithéid le roinnt léitheoirí ach níor thaitin sé leis an léirmheastóir seo.
Rud eile de, tá nós ann anois úrscéalta a thabhairt ar nóibhillí Gaeilge. Thug Cois Life úrscéal ar Aois Fir le Liam Ó Muirthile ach is nóibhille a bhí ann. An mbeidh ‘úrscéalta’ chomh gairid leis seo feasta? Fágann an ghiorracht seo gur deacra go mór d’údair doimhne an úrscéil a thabhairt leo. Sa leabhar seo, mar shampla, tá na carachtair fir gan fód, cuid mhór i gcomparáid leis na mná. An rud is annamh is iontach a deir tú, ach b’fhearr go mbeadh breis sofaisticiúlachta ag roinnt leo. Ligfeadh fad úrscéil don údar an tsofaisticiúlacht sin a fhorbairt.
Ar an iomlán is leabhar gairid taitneamhach é An tIriseoir a thugann spléachadh suimiúil dúinn ar shaol na hiriseoireachta in Éirinn.
– Tá, An tIriseoir le Michelle Nic Pháidín  (€10.00) foilsithe ó Chois Life agus é ar fáil anois. Tá leagan álainn closleabhair, á léamh ag an údar, ar fáil le híoslódáil ar www.coislife.ie