Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Thursday 28 November 2013

Bheartaíos dán a scríobh duit- Splancdhán

Bheartaíos dán a scríobh duit
EPÓM


Voice Recorder >> (éist anseo)
Bheartaíos dán a scríobh duit a stór
bheartaíos a scríobh mar is nós linn sa saol iarbhír seo
ar an bpáipéar digiteach, ar an ríomhaire glúine, an laptop
mar is nós linn, a thaisce
agus bhíos amuigh
agus dúirt an ríomhaire go raibh uair an chloig de cheallra aige
agus cheapas go bhféadfainn sin a líonadh
le fuinneamh mo chuid focal
is thosaigh an tonn grá seo ag briseadh ar an trá dhigiteach
is ag briseadh is ag briseadh
ina maidhmeanna
is moghlaeirí na trá caite ina smidiríní
faoi thonn mo ghrá duit

is mé ag druidim le deireadh an dáin
is le fuinneamh mo shaoil is mo cholainne
caite leis is leat
isteach is istigh
go domhain
buailte briste

ar dhuirling dhigiteach an tsaoil iarbhír
is bhíos ag éirí sásta leis an dán
drochnós
nuair a chuala mé ping-ín beag amháin a dúirt
an ping a dúirt

12 nóiméad fágtha go suanfaidh an ríomhaire, 12 nóiméad.

is thuigeas go mbeadh orm
an tonn a chur faoi smacht
an tonn filíochta a bhrú
is a choinneáil liom
mar bhí sé ag teacht chomh tiubh te tapaidh
as mo bhéal
is focail nár thuigeas féin
ag teacht leis
ag sleamhnú thar liopa amach
pléascánta, roisiúil, meargánta
is go raibh an rás tagtha is é leathrite cheana

7 nóimead fágtha de shaol an cheallra. 7 noiméad go suanfaidh an ríomhaire.

ach bhí sé togh mar thuigeas go raibh an plug tógtha liom amach
amach liom leis an ríomhaire glúine,
an laptop,
an trá dhigiteach,
an pár digiteach,
sa saol iarbhír

5 nóiméad fágtha go suanfaidh an ríomhaire.

Ach bhíos ag éirí beagán buartha
agus bhí orm an tonn filíochta
an tonn chun grá seo duit
a ghrá,
a rún,
a lao,
a chur faoi chois
is a cheapadh ar an leathanach

is bhí an mheadaracht foirfe
is bhí an stíl gan locht
is bhí buillí is rithimí na siollaí gan cháim

3 nóiméad go suanfaidh an ríomhaire.

ach bhí na tonnta is na rabhartha
filíochta is grá seo ag teacht uaim amach fós

is bheartaíos dul i dtreo mo mhála is an plug a fháil
ach faraor
níorbh ann don phlug
mar bhí mo chara fealltach tríchosach sáite
i mballa sa bhaile

Is mise gan phlug.

Nóiméad amháin go suanfaidh an ríomhaire.

agus an dán ba dheise is ba fhoirfe
a thaispeánfadh mo ghrá duit is dár gcaidreamh
scríofa agam ar an trá dhigiteach, ar an ríomhaire glúine seo,
sa saol iarbhír.

is d'imigh an scáileán as.