Laoi Chumainn J. Alfred Prufrock le T.S. Eliot (1915)
Fág seo mar sin, mé agus tú,
Tráth a gcealaíonn dorchadas lóchrann lae
Mar bheadh othar néalta amach go faon ar chlár;
Monabhar an ghlao,
Faoi aíocht mhíshuaimhneach in óstáin oíche amháin
I mbialanna le min sáibh agus sliogán trá:
Le mian faoi cheilt
Do threorú i dtreo na ceiste coscraí...
Á, ná fiafraigh 'Céard faoi ndear?'
Fág seo, ar ár n-aistear.
Sa halla an bhantracht ag sodar leo
I ndioscúrsa faoi Mhichelangelo.
An ceo buí a chuimlíonn droim ar na pánaí gloine,
An deatach buí a chuimlíonn smut ar na pánaí gloine
Ligh a theanga isteach i gcúinní an tráthnóna,
Mhoilligh ar na locháin ansiúd sa draein
Chaith siar ar a dhroim é féin an súiche as na simléir,
Shleamhnaigh thar na tithe ansin de léim,
An tuiscint gur oíche bhog Fómhair a bhí linn,
Choirnigh arís ar fud an tí, is chuaigh chun suain.
Is cinnte go mbeidh am
Don deatach buí a shleamhnaíonn síos an tsráid,
A dhroim á chuimilt ar na pánaí glé
Beidh am ann, beidh am ann
Chun dreach a ullmhú do ghach cruinniú;
Beidh am don díothú agus don chruthú,
Agus do ghach saothar lae dá ndeilbhíonn lámh
A ardaíonn ceist nó a chaitear faoi do sháil;
Am domsa agus am duit féin,
Agus fós neart ama do ghach luascadh ó thaobh go taobh,
Céad fís agus ainilís
Sula gcaitear arán is im.
Sa halla an bhantracht ag sodar leo
I ndioscúrsa faoi Mhichelangelo.
Agus cinnte beidh am
Meastú 'An bhfuil sé ionam?' nó 'An bhfuil mé in ann?'
Am le dul ar gcúl agus an staighre síos,
An murlach maol ag trá i lár mo chinn-
[Déarfaidh siad: 'Tá sí ag imeacht léi!']
Mo fheisteas maidine, an cába teann le mo smig,
Mo charabhat, domhain agus measartha, fáiscithe le biorán beag-
[Déarfaidh siad: 'Tá na puint ag sciorradh de go tréan!']
An bhfuil sé ionam
An chruinne a chur as riocht?
I nóiméad tá am
Le teacht ar shocrú agus athbhreithniú a chuirfidh nóiméad amháin ar gcúl.
Mar tá eolas agam orthu cheana, orthu ar fad-
Na hiarnónta, maidineacha, tráthnónta,
Mo shaol caife tomhaiste amach le spúnóga;
Is eol dom na glórtha ag titim agus ag meath
Faoin gceol sa seomra is faide uaim ar shiúl.
Tuige mar sin a mbeinn rotheann?
Agus is eol dom na súile, iad ar fad—
Na súile lena gceaptar mé le ráiteas glé,
Agus nuair atá mé ceaptha, spréite ar phionna,
I dteannta agus ag lúbarnaíl ar an mballa,
Agus cén chaoi a dtosóinn ansin
Ag scairdeadh amach na stoc de mo laethanta is seal?
Agus an mbeinn rotheann?
Agus is eol dom na lámha, iad ar fad—
Lámh bhráisléadach, bán agus lom
[Ach sa solas lampa, le claimhreach donn]
An é cumhrán ón ngúna
A chuireann mé den chúrsa?
Na lámha atá sínte feadh an chláir, nó casta i seál.
Agus ar chóir dom bheith rotheann?
Agus cén chaoi a dtosóinn?
An ndéarfad, go ndeachas trí shráideanna a bhí cúng
Agus gur dhearcas an deatach ag éirí aníos as píopaí.
Na bhfear aonraic, a léinte fillte suas, ag amharc na bhfuinneog amach?...
Crúba gioblacha ba chóra dom
I mo ghluaiseacht chiúin leataobhach thíos faoin tonn.
Agus san iarnóin, tráthnóna, codladh sámh!
Slíoctha ag méaracha, fann is seang
Suan...tuirse...nó codladh gé,
Spréite ar an urlár, in éineacht liom is leat.
Ar chóir dom, tar éis na gcístí, uachtar reoite agus tae,
An spreac a bhí ionam leis an gcinniúint a phlé?
Agus cé go ndearnas troscadh agus gur chaoin, gur ghuigh mé agus gur shil deoir,
Cé go bhfacas mo chloigeann [murlach maol] tugtha isteach ar thrinsiúr i measc an tslua,
ní aon fháidh mise - ná tada den tsórt;
Ach chonaic mé an bonnaire buan, ag sciotaíl, le mo chóta ag teacht i mo threo,
Agus bhain sé sin an mothú as mo ghlór.
Agus arbh fhiú uilig é, tar éis an tsaoil,
Tar éis na gcupán, marmailéid is tae,
Sa chaint seo fúmsa agus fút, i measc na soithí cré,
An mbeadh aon fhiúntas ann,
An scéal a chíoradh le meangadh ar an mbéal,
An chruinne a fháisceadh ina ceirtlín snátha
Is í a sciorradh i dtreo na ceiste coscraí sin.
Ag rá: 'Is mise Lazarus, ar ais ón mbás,
Ar ais le gach rud a rá, inseoidh mé gach ní'-
Dá ndéarfaí, ag socrú an philiúir lena ceann:
'Ní hé sin a bhí i gceist ar chor ar bith.
'Ní hé sin a bhí mé a rá.'
Agus arbh fhiú uilig é, tar éis an tsaoil,
Tar éis gach fuineadh gréine, na sráideanna is gairdín tí,
Tar éis na n-úrscéal is na gcupán tae, na sciortaí mar chosán feadh an urláir-
Agus seo, agus tuilleadh fós?-
Is dodhéanta a rá cad atá i gceist agam!
Ach amhail a theilgfeadh laindéar draíochta íomhá na néaróg anonn ar scáileán:
An mbeadh aon fhiúntas ann
Dá ndéarfaí, ag socrú an philiúir nó ag stríocadh seáil, ag casadh i dtreo na fuinneoige ag rá:
'Ní hé sin a bhí i gceist ar chor ar bith.
'Ní hé sin a bhí mé a rá.'
Ní hea! Ní mise an Prionsa Hamlet, níorbh ea riamh;
Ach boicín coimhdeachta, ceann a dhéanfaidh cúis
Chun slua a bhoilsciú, b'fhéidir radharc nó dhó.
Comhairle don phrionsa, gan amhras, ní mórán stró,
Ómósach, toilteanach bheith úsáideach,
Stuama, aireach, mionchúiseach;
Deisbhéalach, ach beagán dúr;
Ar uairibh, go demhin, amaideach
Uaireanta, beagnach, an Drúth.
Ag dul in aois...Ag dul in aois...
Fillfidh mé mo bhríste orlaí aníos.
An gcuirfead scoilt san fholt ar gcúl? An ceadmhach péitseog?
Le treabhsar bréidín bán ag siúl cois trá.
Chualas dord na murúch, ina gceann is ina gceann.
Ní dóigh liom gur domsa atá sé i ndán.
Dhearcas iad ag marcaíocht ar an toinn
Ag cíoradh moing a foilt, cáite geal
Tráth a shéideann gaoth an sáile dubh is bán.
Chaitheamar seal ag seadú in ábhaigh an chuain
Le muirmhná fleasctha i bhfeamainn dhearg is bhuí,
Nó go músclaíonn glórtha daonna sinn, is téann muid faoi.
(Críoch 13/11/2021)
No comments:
Post a Comment