Friday, 10 November 2017

‘Translations’ – thiocfadh leis a bheith níos fearr

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana)
DRAMAÍOCHT : Millenium Forum Productions, compántas as Doire faoi stiúir Adrian Dunbar atá tar éis an léiriú is déanaí de Translations Le Brian Friel a thabhairt chun ardáin sa Gaiety san ardchathair.
Tá an dráma suite i scoil scairte i mBaile Beag-Ballybeg sa bhliain 1833. Isteach sa bhaile iargúlta seo tagann Arm na Breataine, a bhfuil sé de chúram acu logainmneacha na hÉireann a aistriú go Sacs-Bhéarla an Rí.
Filleann Owen, deartháir Mhánais ar a bhaile dúchais tar éis sé bliana a chaitheamh i mBaile Átha Cliath. Ina theannta tá an Leifteanant Yolland atá ag obair don tSuirbhéireacht Ordanáis ar mhaithe le léarscáil na hÉireann a chur ar fáil. Feidhmíonn Owen mar aistritheoir agus mar idirghabhálaí idir an t-arm agus muintir na háite.thumb_33668_default_medium
Tosaíonn Owen agus Yolland ag aistriú na n-áitainmneacha; athraíonn Druim Dubh ina Dromduff an Bhéarla, agus athraíonn Poll na gCaorach go Poolkerry agus Burnfoot a dhéantar as Bun na hAbhann. Éiríonn aighneas idir Yolland agus Manus as grá na beirte do Mháire, bean áitiúil.
Suíomh ábhairín ait atá sa Gaiety do dhráma mar seo is gá dom a rá agus seans gur bhain seo ó thús an dráma. Agus an lucht féachana ag bailiú isteach seinneadh ceol gaelach ar an mbosca ceoil ach ba dheacair creidiúint i gcéadradharcanna an dráma de bharr an fhoirgnimh.
Ar bhealach níor tugadh ár ndóthain ama dúinn creidiúint sa scoil scairte a bhí ag titim amach os ár gcomhair in amharclann órmhaisithe ar nós an Gaiety. Seit an-chumasach a cuireadh inár láthair, binn tithe ar an dá thaobh, céimeanna na scoile istigh sa lár le crainn sceirdiúla ghaothscaipthe ar chúl is ag déanamh fráma timpeall ar an radharc. Cnoic dhonna stílithe agus cúlra gorm taobh thiar, is réaltaí na hoíche ann leis, do radharcanna faoi leith a chuir leis chomh maith.
Ghlac sé roinnt ama ar an dráma féin socrú isteach ann féin is bhí laigí áirithe ag baint le haisteoireacht Barry Ward. Tá an dráma i mBéarla ach na haisteoirí in ainm is a bheith ag labhairt Gaeilge, cé is moite de na saighdiúirí. Sa lá atá inniu ann is rómhinic ar fad tionchar Bhéarla na stát a chlos ar Bhéarla dhaoine sa tír seo,  agus ar an bhfaraor géar bhí sé sin le clos i roinnt canúintí.
Ní féidir creidiúint gur daoine ag labhairt Gaeilge má chloiseann tú tionchar Bhéarla Mheirceá ar a gcuid cainte. Ag pointe amháin seineann fuaimrian éin ach le fírinne bhain seo ó scéal, ní raibh sé inchreidte in aon chor bhraitheas.
Laige ollmhór ar an dráma ná nach raibh mórchuid na n-aisteoirí in ann an logainmneacha Gaeilge a fhuaimniú i gceart. Nuair ba air sin ba mhó a bhí príomhchoimhlint an dráma ag braith bheifeá ag súil go ndéanfaí iarracht máistreacht a bhaint amach orthu. Laige eile ná gur tugadh ‘Máire’ agus ‘Moya’ ar an mbean chéanna ag pointí éagsúla.
Is mó go mór Gréigise agus Laidine atá le clos sa dráma ná Gaeilge de bharr gur fear mór clasaicí é Máistir na scoile ach go minic is rídheacair déanamh amach céard a deirtear le mungailt a gcainteanna. Le filleadh an mhic dhrabhlásaigh agus an Mháistir cuirtear splanc sa dráma agus lasair sa bharrach. Déantar amhlaidh arís nuair a thuigtear scéal Yolland, fear tuisceanach a thugann gean a chroí don áit agus don chailín áitiúil de réir a chéile.
Is léir go raibh script mháistriúil idir lámha ach nílim cinnte gur chuir an aisteoireacht mórán leis. Go bhfios dom tá leagan Gaeilge den dráma ann, agus de bharr go ndúirt Friel féin go mba chóir gur i nGaeilge a scríobhfaí é, cá bhfuil an dream a léireoidh an leagan sin?
An rud is fearr faoin dráma ná na caidrimh a ndéanann sé cur síos orthu agus an dul i ngleic le galldú na hÉireann. Chuirfeadh seo aon Éireannach ag smaoineamh ar bhánú na Gaeilge agus córas gallda na n-ainmneacha agus logainmneacha, córas seafóideach ar fad ar fad, tá súil agam. Is ar an mbonn sin a mholfainn daoine dul ag breathnú air. Ar an iomlán is dráma taitneamhach go maith a bhí ann agus bhí go leor lón machnaimh le fáil as.
An rud ba laige ar fad na críoch obann an dráma, seans gurb é sin a bhí i gceist ag Friel féin ach tháinig sé aniar aduaidh ormsa, is daoine eile a raibh mé ag caint leo ina dhiaidh.
B’fhearr liom go dtabharfaí deis do dhuine súp a bhaint as an deireadh gan é a rith uaidh. Ó thaobh na scripte de chomh maith, bhraitheas go raibh coimhlint nár tugadh chun réitigh idir Owen agus athair is chuirfeadh sé leis go mór dá ndéanfaí cardáil air sin.
Tá sé ar siúl arís san oíche amárach, Dé Sathairn, 30 Márta 2013, sa Gaiety Theatre, Sráid an Rí Theas, BÁC 2. Céadléiríodh an dráma ag Guildhall Dhoire sa bhliain 1980. Dob é an chéad léiriú é den Field Day Theatre Company a bhunaigh Friel agus Stephen Rea. Leanann an dráma tuairim is 2 uair agus 15 nóiméad agus €15 go €30 atá ar na ticéid.
Cliar
Hugh – Des McAleer
Doalty – Conan Sweeny
Jimmy Jack – Niall Cusack
Maire – Jade Yourell
Owen – Dermott Hickson
Sarah – Genevieve Barr
Lieutenant Yolland – Paul Woodson
Captain Lancey – Nick Tizzard
Bridget – Muireann Bird
Manus – Barry Ward

Tá an rialtas ó dheas ag marú na Gaeilge, ach tá níos mó den locht ort!

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana)
Chuaigh tú go Lá Mór na Gaeilge, bhí tú dearg le fearg leis an rialtas, teastaíonn uait toghchaí a roghnú don Ghaeilge ach is céard is féidir leatsa déanamh anois?
Is é a chuirim romham thíos ná roinnt céimeanna chun sin a chinntiú. Céimeann beaga simplí cuid acu, céimeanna móra roinnt eile, ach tá bealach ann gur féidir le gach éinne againn feabhsú cinnte. Mura bhfuil an-chuid ama agat an t-alt iomlán a léamh níl ort ach rud beag amháin a dhéanamh, díreach labhair Gaeilge le do pháistí! An chéad uair eile a deir duine leat go bhfuil siad ag iarraidh an teanga a chur chun cinn seol anseo iad.
NÁ DÉAN OIREAD IS SÍNEADH FADA/LEATHPHOINTE DE SEO A CHEARTÚ/CHÁINEADH ACH AMHÁIN SA CHÁS GO NDÉANANN TÚ CINNTE GO GCUIREANN TÚ CUID DE NA MOLTAÍ SEO IN ÚSÁID! (má dhéanann tú sin stróic leat ag cáineadh!)
60 soicind ar son na Gaeilge?! Céimeanna beaga
1. Ainm – bain úsáid as an leagan Gaeilge de d’ainm, tosaíodh comhrá Gaeilge liom inniu a bheadh i mBéarla murach m’ainm.
2. Seoladh – úsáid do sheoladh as Gaeilge le gach éinne, bainc, comhlachtaí fóin, glacann gach éinne leis is is bealach simplí é leis an teanga a chur chun cinn.
3. Abair ‘Dia dhuit’ ‘Go raibh maith agat’ agus ‘Slán’ in ionad na nathanna Béarla-fíor-éasca agus déanann seo an teanga feiceálach! An chuid is mó de Bhéarlóirí deir siad nach gcloiseann siad an teanga riamh, is is dócha go bhfuil an ceart ag roinnt acu beagnach i gcónaí, athraigh seo!
4. Cuir síniú Gaeilge agus ‘Fáilte roimh Ghaeilge’ le gach ríomhphost uait.
5. Feabhsaigh do chuid Gaeilge, os rud é gur teanga mhionlaithe í tá i bhfad níos mó éiginnteachta ann faoi théarmaí, litriú, agus gramadach. Measaim féin go dtugtar i bhfad an iomad airde ar chruinneas, nuair is cóir díriú ar shaibhreas, is le saibhreas is fearr a thagann líofacht agus beocht teanga. Saibhrímis sinn féin!
6. Athraigh do samsung/facebook/hotmail/google go Gaeilge.  UMB Bhanc na hÉireann(ATM)-  Fág glórphost (voicemail) Gaeilge ar do fhón.
7. Aon saghas ceistneora líon isteach é agus luaigh an Ghaeilge pé saghas rud é, bialann, polaitíocht, seirbhís óstáin- cuir an Ghaeilge chun cinn!
8. Scríobh téacsanna (texts) i nGaeilge
9. Siopaí Gaeilge – tacaigh leo! Babóg Baby, hairybaby.ie, litriocht.ie, siopa.ie
10. Nuachtáin – ceannaigh an Irish Times agus an Indó, dá olcas é, ar an gCéadaoin! Ceannaigh nós, ceannaigh comhar, tacaigh le goitse, nuacht24!
Seo pointí beagán níos mó, bíodh misneach agat!
1. Labhair Gaeilge le do pháistí. Má ta Gaeilge agat agus mura labhraíonn tú leo í tá tú ag baint rud a bhfuil luach mór cultúrtha, sóisialta is eacnamúil leis uathu. Deirtear go minic nach féidir seo a dhéanamh mura bhfuil Gaeilge ag do pháirtnéir, ag an bpobal timpeall ort, nó go bhfuil do chuid Gaeilge ró-lag, nó nach mbeidh Béarla maith go leor ag an bpáiste. Bheadh sé dodhéanta Béarla de ardchaighdeán a sheachaint in Éirinn sa lá atá inniu ann, fiú mura labhraíonn tú féin focal Béarla leo riamh beidh Béarla foirfe acu an-luath sa saol. Mura bhfuil agat ach smeadaráil den Ghaeilge, tabhair sin dóibh, is buntáiste ollmhór ata i mbunchumas Gaeilge fiú. Is nós atá i dteangacha, mura dtosaíonn tú amach á labhairt beidh sé deacair athrú níos déanaí. Labhair Gaeilge le do pháistí agus déan ón tús é! Ná coinnigh i bhfolach í!
2. Cónaigh le Gaeilgeoirí eile. Agus tú ag fágáil an bhaile/ na hollscoile/ag bogadh isteach i dteach/ag lorg árasáin, aimsigh Gaeil le cónaí ann leat. Ní hamháin go mbeidh i bhfad níos mó Gaeilge á labhairt agat ach beidh craic i bhfad níos mó ann. Ó mo thaithí tá na Gaeil míle uair níos spleodraí, níos ceolmhaire, is beidh gach saghas rírá is ruaille buaille atá ag dul ann. Ná caill amach ar an ruaille buaille.
3. Feabhsaigh do chuid Gaeilge, sea, sin é, raite agam arís an dara babhta cad chuige sin? Mar go bhfuilimd uile ar díth Gaeilge. Tá ár reimsí focal i bhfad rótheoranta le saol iomlán a chaitheamh as Gaeilge. Bímis ag léamh, ag caint ag scríobh ag staidéar. Saibhrímis sinn féin athuair!
4. Cuir comhrá ar siúl in do ionad oibre. An bhfuil Gaeilge agat? An féidir leat caint? Molaim seo in áit ranganna leamha, leadránacha.
5. Pé post a dhéanann tú déan cinnte gur féidir é a chur ar fáil trí Ghaeilge agus déan cinnte go bhfuil daoine ar an eolas faoi seo!
6. Scolaíocht lán-Ghaeilge – ba chóir go mbeadh scolaíocht lán-Ghaeilge mar nós ag an mbunleibhéal in Éirinn, ach amháin dóibh sin a theastaíonn éalú uaithi (is fusa go mór seo a bhrú chun tosaigh! Bíonn toghcháin ann go minic, is ag polaiteoirí atá an chumhacht ó thaobh scolaíochta, cuirtear an pointe seo ina lui orthu. Gaelscolaíocht do gach éinne ar mian leo í.
7. Seol do pháistí go Gaelscoil. Ceann breá éasca, iontach, cabhrach!
8. Labhair Gaeilge le héinne a bhfuil sí acu. Dá ndéanfaimis uile seo…
9. Iarr seirbhísí Gaeilge i gcónaí, ón stát agus ó ghnólachtaí!
10. Siúil amach le duine le Gaeilge, deacair go leor rud mar seo a roghnú ach má tá tú ag comhlíonadh gach aon rud eile titfidh seo amach gan móran stró!
Seo rudaí níos mó arís a bhfuil obair na mblianta nó obair mhór i gceist iontu.
1. Fonn ort grúpa an chuirfidh an Ghaeilge chun cinn a chur ar bun?! Bhuel ná déan! Roghnaigh rud éigin a bhfuil spéis agat ann, agus a mbeadh suim ag go leor daoine ann agus cuir grúpa de sin ar siúl trí Ghaeilge. Is fearr i bhfad seo ná an seanmhúnla de ghrúpaí Gaeilge. Má tá cónaí ort amuigh faoin tuath gan aon spéiseanna agat ná ag do chomhghleacaithe, tá cead agat grúpa Gaeilge a bhunú agus díreach suí thart ag labhairt faoi rudaí gaelacha.
2. Cuir caifé/cultúrlann/amharclann ar bun; obair na gcapall de dhíth ach rí-ghá leo seo!
3. Cruthaigh timpeallachtaí lán-Ghaeilge. Beagán scanraidh ort bogadh chuig an nGaeltacht agus breis scanraidh ort cónaí i gcomún? Ar an drochuair níl mórán rudaí eile ‘dul an Ghaeilge a shábháil mar theanga bhaile. Caithfimid teacht anuas le bealach gur féidir linn gaelphobail a chur ar bun. Bhíodh communes acu is Home&Away agus bhíodh Home&Away cúl, bímis cúl!
4. Diúltaigh glan plé le haon eagraíocht stáit ach sa chéad teanga oifigiúil.
5. Bunaigh Gaelscoil, Gaelcholáiste, Gael-Ollscoil!
6. Bíodh post Gaeilge agat – déan iarracht post a bhunú ina mbeidh tú ag feidhmiú go hiomlán/mórán trí Ghaeilge
7. Ó agus feabhsaigh do chuid Gaeilge, bíodh Gaeilge níos fearr againn ná Béarla, cén fáth nach mbeadh, is cén fáth nach bhfuil?
Táim cinnte go bhfuil roinnt rudaí ansin thuas nach n-aontóidh daoine leo, bíodh acu, agus má tá locht ann, tá. Dála an scéil, beidh mé féin ag tabhairt faoi beagnach gach ceann de na rudaí seo mé féin, agus táim breá sásta glacadh le moltaí eile.
Tá go leor daoine den tuairim go bhfuil siad go mór ar son na Gaeilge ach teipeann orthu agus teipfidh orainn uile mar nach bhfuil daoine sásta na bunchéimeanna/ céimeanna meánacha a ghlacadh. Labhair Gaeilge le do pháistí! Den slua bhí i láthair ag Lá Mór na Gaeilge cén líon acu a dhéanfaidh amhlaidh? Cén fáth go ndéarfá leis an rialtas an teanga a úsáid má tá tú chun í a cheilt ar do pháistí féin?
Tá an saol gearr agus an t-am ag imeacht, féach, más leisceoir tú nach dteastaíonn uait aon rud eile thuas a dhéanamh, díreach labhair Gaeilge le do pháistí. Iontach, sásta go bhfuilimid beirt ar aon intinn.

An 24 Cineál Gaeilgeoirí Atá Ar Aithne Againn Ar Fad!

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana)

Agus an oíche stand-up Gaeilge GaelGÁIRÍ le bheith ann Dé Sathairn beag seo ó 20.30 i gClub Chonradh na Gaeilge i mBÁC caithimid súil ar na cineálacha éagsúla Gaeilgeoirí atá ann.
Cuirfidh uimhir a 8 agus uimhir a 24 fearg ar go leor daoine! An aithníonn tú tú féin ann? Cén uimhir tú féin nó do chairde?

1. Gaeilgeoir TG4
Ní dhéanann an bhean seo aon rud ach bheith ar TG4. Seó sport? Cinnte. Clár do dhaoine óga? Go dearbh. Clár staire? Go deimhin. Ros na Rún? Gan amhras. Tá saineolas aici ar gach aon ghné den saol, sin an fáth a bhfeicfidh tú í ag cur An Aimsir i láthair, clár cócaireachta ina dhiaidh agus ansin an Nuacht.
2. An Coisteoir
Suíonn an coisteoir ar gach uile choiste Gaeilge faoin spéir is suíonn ar a thóin ar na coistí céanna. Is breá leo ceisteanna a chur isteach, rúin a mholadh agus tacú le moltaí. Ar an drochuair níor tháinig fiúntas as aon cheann de na rudaí seo riamh.
3. Gaeilgeoir na Jailtachta
Duine a d’fhóghlaim a chuid Gaeilg ar an Cheis Fhada. Cloisfidh tú frásaí ar nós ‘mo juine’ ‘caidé mar?’ agus ‘Níor hinteruptáil mise thusa, ná hinteruptáil thusa mise’ Díreach ná hiarr orthu cad a thug sa phríosún iad…
4. An Gaeilgeoir Speaker, Like
An Gaeilgeoir seo like talks Irish loads of the time and is really iontach ar fad!! Ní féidir sentence iomlán a labhairt gan mixing a dhéanamh ar na words ar fad! Dáiríriously? Dochreidable!
5. An File
Gael go smior is ealaíontóir go smúsach an file, conas mar a dhéanann sé a ghairm bheatha níl fhios ag éinne é. Bíonn sé i gcónaí ag teacht as áit eigin nó ar a bhealach chuig áit éigin eile. Smaointeoir, scríbhneoir agus agus spiorad saor.
6. An D4 Gaelgóir
Tá, like, annnnnn-spéis ag an duine seo sa tonga, tá sé like chomh hálainn? Ach níl an mocha frappuccino sin thar moladh beirte a Fhiachra an bhfuil?
7. An (Mí)Cheartaitheoir
Is breá leis an duine seo daoine a cheartú, séimithe a mholadh, uruithe a bhaint is iolraí a athrú. Cuireann sé nó sí as do gach éinne a labhraíonn is a fhoghlaimíonn an teanga. An rud is measa ar fad ná go bhfuil an mícheart acu leath den am.
8. An ‘Gníomhaí Teanga’ Gairmiúil
Féach a chuntas twitter; gníomhaí teanga a deir sé, rud céanna fíor faoi facebook, síníonn sé gach feachtas Gaeilge ar facebook, léann leabhair Ghaeilge, oibríonn le Foras Chonradh na nGael. Labhraíonn Béarla lena pháistí.
90mxz
9. An Gaeilgeoir Coimeádach
Aifreann, Gaeilge, pápa, Gaeilge, ná bíodh ginmhilleadh agat, Gaeilge, an bhfaca tú na rudaí a bhíonn ar bun ag an Miley Cyrus céanna? Gaeilge, bíodh paidir bhreá againn, Gaeilge, bain díot an coiscín sin, Gaeilge, ná ceap go nglacfaidh mé anois leis!
10. An Múinteoir Gaeilge gan Ghaeilge
Conas go bhfuil an duine seo ar an liosta? Conas gur múinteoir iad? Níor chóir go mbeadh an duine seo ar an liosta in aon chor! (sea, sin an pointe ar bhealach!)
11. Gaeilgeoir Dhún na nGall
Deir siad rudaí mar ‘faoi dtaobh de’ nó ‘fadúda’ nó ‘%$£&&^^&^’ Ní thuigeann daoine iad go ginearálta agus is maith sin mar go bhfuil siad fós ag caint faoin gcaoi ar bhuadar craobh na hÉireann sa pheil.
12. An Sinn Féiní ToghchánGhaelach
GaelOscar Óg Mac Ruadháin Ghaelaigh is ainm dó, imríonn sé peil, iomáint, camógaíocht, peil na mban, liathróid láimhe is seineann an fheadóg stáin, an fheadóg mhór agus an fheadóg Ghaelach. Níl ach fadhb amháin ann, níl focal Gaeilge aige.
13. Géilgeoir Bhailya Áha Clía
Labhraíonn sé Géilge Bhaile Átha Cliath, ar son na cúise, tuigeann tú, ní thuigeann sé Gaeilge na Gaeltachta is ní thuigeann Gaeilgeoirí na Gaeltachta é ach nach cuma. BÁC abú!
14. Gaeilgeoir Lurgan
Aistríonn sí amhrán Lady Gaga agus One Direction go Gaeilge, faigheann 33 milliun buille ar a físeán Youtube. Fós i mbliain a trí.
15. An Conamarach Cumtha
Blas láidir Chonamara? Tic. Damhsa ar an seannós le scuab Chonamarúil? Tic. Amhráníocht chráite Chonamara? Tic. Agus cad as duit a Sheáin? Ó Cill Chainnigh, an ceantar Gaeltachta ann ní foláir.
16. Gaeilgeoir na Dochtúireachta
Tá an duine seo ag déanamh staidéir ar PHD faoi fhilíocht Ghaeilge Ros Comáin a bhaineann le rothair sa séú aus sa seachtú haois déag. Níl an oiread sin cairde aici seo ach ar a laghad beidh post aici i Rannóg na Filíochta Rotharbhunaithe amach anseo.
17. An Hipí Gaelach
Seineann sí i mbanna ceoil Gaeilge Reggae, crochann amach le poncanna agus ainrialaithe eile ag caitheamh toitíní lán le ‘raithneach’.
18. Gaeilgeoir an Idirlín
As pé agus gach áit, caitheann siad seo a gcuid ama ar fad ar twitter, facebook, reddit/ga, politics/ga ag cur is ag cúiteamh faoi gach aon mhionscéal agus mórscéal ó bhun go barr na cruinne. Tá blag acu, pobchraoltaí, glacann siad páirt ar chláracha raidió. De bharr nach bhfaca éinne ariamh iad, áfach, tá tú beagán den tuairim nach ann dóibh!
brian
19. An Máthair-Ghaeilgeoir
Breathnaíonn an bhean seo uirthi féin mar inneall ginte ar son na cúise, 33 leanabh faoi bhun 4 bliana aici anois agus iad ar fad ag Gaeilgeoireacht leo. Molaim go deo léi!
20. An Gaeilgeoir Gearmánach
Níor chaith sí lá in Éirinn riamh ach tá blas láidir Chiarraí ar a cuid Gaeilge. Déanann sí an-leagan de An Poc ar Buile de réir gach tuairisce.
21. Gaeilgeoir na Polaitíochta
Fear mór Gaeilge, beidh athrú ann cinnte, tuilleadh seirbhísí, tacaíochta, spreagtha ach bhuel anois, feiceann tú agus cúrsaí mar atá, i rith am seo na lagtrá geilleagraí, ní thig, ní féidir, níl cead, ní dhéanfar, laghdófar, scaoilfear chun bealaigh, roinnfear, dúnfar, druidfear. Ó toghchán? Scaipfear, feabhasófar, bréagfar!
22. An Gaeilgeoir Aerach
Tá an duine seo aerach, tá Gaeilge acu, mar sin caithfidh go mbeidh siad ag iarraidh bheith le do chara eile aerach. Tá tóir ar leith orthu toisc go bhfuil líon beag acu ann ach ná déan iarracht iad a chur le do chara, beagnach cinnte gur baineadh triail as sin cheana!
23. An Gaeilgeoir Aontachtach
Céard? Aontachtach le Gaeilge? Wow, ba chóir dúinn go leor poiblíochta a dhéanamh faoin duine seo. Ní féidir argóint na polaitíochta a úsáid ina c(h)oinne seo!
24. Gaeilgeoir na Dea-aimsire/an Ólacháin
Agus iad ólta beartaíonn an duine seo gur seo an lá le Gaeilge a labhairt arís (tar éis an 7ú pionta Guinness beartóidh siad a nGaeilge mheirgeach a úsáid go deo. Fonn orm í a fhoghlaim i gceart anois, ba chóir dúinn í a labhairt le chéile i gcónaí. ‘Oh god it was heavy night last’ uathu ar maidin áfach.

An bhfuil aon chineál eile Gaeilgeora dearmadtha againn?
Eoin P. a chur an liosta seo ar fáil, beidh Eoin P mar fhear an tí óna 830 Dé Sathairn 24/5/14 ag GaelGÁIRÍ, club stand-up Gaeilge míosúil i gClub Chonradh na Gaeilge i mBÁC.

(Ní bhíonn an chuid is mó den ghreann ann dírithe ar an nGaeilge dála an scéil! Costas €3)

Téip Dheireanach Krapp

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana)

Tá Téip Dheireanach Krapp, leagan Gaeilge de dhráma clúiteach Beckett ar siúl sa New Theatre i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath faoi láthair.
Is é Macdara Ó Fátharta (Tadhg Ros na Rún agus aisteoir de chuid Amharclann na Mainistreach) a ghlacann ról Krapp agus is é atá go maith chuige. An compántas Mouth on Fire le Gabriel Rosenstock atá tar éis seo a réiteach dúinn, aontas atá tar éis scata beag de dhrámaí Beckett a chur ar fáil le tamall de bhlianta. Tá beagán amhrais orm faoin téarma ‘traschruthaithe’ a úsáidtear le cur síos ar an aistriú, cad go díreach is ciall leis sin? Ní léir áfach an imíonn sé mórán ón mbuntéacs.
Lándubhú an chéad rud, ciúnas iomlán agus ansin dalladh soilse ar an slua. Bhí an áit leathfholamh ar an drochuair, mic léinn gan an oiread sin Gaeilge cuid mhór den slua, ach ba chosúil go raibh aithne maith acu ar théacs na greanntraigéide óir is iad a bhí sna tríthí.
Tá an cur i láthair breá físiúil, dubh agus bán sa treis, aghaidh shuimiúil Krapp chráite agus é siar is aniar go tuisleach ag cuartú is ag alpadh bananaí is ag ól go sásta. Is dual do Beckett a bheith dothuigthe, ach ní seo an dráma is measa acu. Níl sé sothuigthe mar sin féin, agus sa doirceacht is éasca imeacht leat ar seachrán mura ndíríonn tú air i gceart!
Pléann an dráma le néaltrú, braitheann tú, caitheamh i ndiaidh na hóige agus athrú dosheachanta an duine le himeacht ama. Ní féidir braith ar an gcuimhne ann ach oiread, is fealltach an rud é, agus déanann Krapp iarracht an stair a cheartú mar a fheictear dó í. Tá rian den mheabhairghalar le braith ar ról Mhacdara leis, Siondróm Diogenes seans, an bailiú, an carnadh, an coinneáil. An bhfuil sé ag bualadh buille in éadan na díchuimhne, nó ag sleamhnú isteach i nduibheagán an dearmaid?
Cathal Quinn a stiúraigh agus tá sé le moladh as greann fisiciúil Mhacdara agus seit íosta, lom an dráma. Bord, téipsheinnteoir ársa, spól i ndiaidh spóil den téip, boscaí anseo is ansiúd. Tá go leor le foghlaim as Téip Dheireanach Krapp in aois seo an idirlín. Céard iad na hathruithe a thagann orainn agus ar an bhféin úd a thaifeadtar, an dtabharfaimid fuath dó amach anseo? An féidir duine a ligean i ndíchuimhne? An gceadóidh Google do dhaoine dearmad a dhéanamh ort? Tríd is tríd dráma cumasach, caolchúiseach, trom is casta é atá curtha inár láthair go snasta, gairimiúil. Téigí ann.

Léirmheas Gasta
Gruama, Dorcha, suimiúil.
Téip Dheireanach Krapp
Samuel Beckett – traschruthaithe ag Gabriel Rosenstock
Meith 9ú – Meith 14ú
@ 7.30pm
Ticéid: €15 (€12)
 
Grianghraif le John Minihan

How Daniel Cassidy invented Etymology (léirmheas)

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana)
Tháinig abhaile an lá cheana gur aimsigh mé leabhar toirtiúil romham. Bronntanas a bhí ann. Cé go raibh trácht cloiste agam air ní fhéadfainn a rá go raibh mé sásta leis mar bhronntanas. How the Irish Invented Slang le Daniel Cassidy a bhí ann. Is éard a chuireann Cassidy roimhe sa leabhar seo ná gur ón nGaeilge a thagann stráicí móra fada de bhéarlagair Béarla Mheiriceá, agus an domhain ar fad da bhrí sin. Dar leis go raibh uisce faoi thalamh ann ag lucht an Bhéarla a chuir an t-eolas seo faoi chois.
Cuirfidh seo iontas ar go leor againn ó ní cheaptar go bhfuil mórán níos mó ná ‘smithereens’ agus ‘banshee’ tugtha don Bhéarla againn. Don té a bhfuil leathspéis aige i sanas focal tiocfaidh amhras air go mear an bhfuil aon bhunús le tuairimí Cassidy. Éinne le smeareolas faoi shanas tuigfidh siad gur gá bheith in amhras i gcónaí faoi scéalta beaga a scaiptear. Ar fáth aisteach éigin tá de nós ag daoine na scéalta beaga aisteacha a chreidiúint ainneoin fianaise a léireodh a mhalairt. Is gá an leabhar áirithe seo a cheistiú ar an iliomad fáthanna.
Is rud is mó a spreag síol an amhrais ionam ná go dtéann Cassidy le mínithe fíor-neamhdhóchúla Gaeilge nuair ba fhusa go mór míniú eile taobh istigh den Bhéarla a aimsiú. Dar leis, is ionann an téarma ‘crusher'(téarma ar phóilín) agus leagan a tháinig ó ‘cuir siar ar‘(sic) Anois nach aisteach go ngreamódh nath Gaeilge gan móran céille do na póilíní agus nach aisteach nach mbeadh aon bhaint ag ‘crusher’ leis an bhfocal Béarla ‘crush’?
Deir Cassidy gur ó ‘S lom é’ a thagann an focal béarla ‘Slum’. Nach aisteach arís an tógáil sin dáiríre? An féidir a shamhlú go n-imeodh sin ó bhéal Gaeilgeora isteach sa chaint? An féidir teacht air mar nath coitianta le cur síos a dheanamh ar shlumaí? Ní féidir. Rud eile de, tugann Cassidy sainmhínithe agus tugann le fios gur ó na foclóirí Gaeilge a thagann siad nuair nach fíor sin in aon chor. Is breá leis fig. a bhualadh anuas ar rudaí, a rá gur chiall bhreise atá ann ach i bhfírinne is a chuid cumadóireachta féin atá ann. (’teas ioma’ – an abundance of heat and passion; figuratively semen) Ní féidir liom teacht ar aon fhoinse a léiríonn ciall bhreise seo ‘teas ioma'(sic). Is dócha nach bhféadfadh Cassidy ach oiread.
Anuas air sin ar fad úsáideann sé pé leagan is maith leis de fhocal ar bith. ‘Joint’ an Bhéarla? Bhuel tá díon sa Ghaeilge, cén t-iolra atá air sin? Díonta, iontach, sin níos cosúla. Téann sé níos faide fós, leagan sé pé fuaimniú anuas ar fhocail. ‘Jeenta’, foirfe!
Is beag focal a d’fhág Gaeilge ar Bhéarla na hÉireann i bhfírinne, conas go rachadh teanga seo na mbocht mar a bhí chomh mór i bhfeidhm ar chaint SAM? Níl aon mhíniú sásúil ag Cassidy air seo. Conas nár tháinig siad seo chun cinn in Éirinn leis, cén fáth gur bheartaigh na Gaeil gan na focail seo a thabhairt dúinne leis? Níl míniú aige air seo ach oiread. Má tá focail aduaine nach n-aithneodh Gaeilgeoir cumasach ar na saolta seo mar bhunús go leor nathanna, cén fáth nach bhfuil focail choitianta Ghaeilge le sonrú ar chaint na bponcán leis? Arís eile níl míniú ag Cassidy bocht air seo.
An cineál cur chuige atá aige ná frása a ghlacadh chuige féin. ‘Daniel Cassidy’ mar shampla, ansin beartaíonn sé gur ón nGaeilge a tháinig sé. Ansin ar aghaidh leis ar bhóthar na cruthaitheachta. Daniel –‘Dath- ‘n-aoil’ lime-faced, white-faced, fig. white supremacist. ‘Cassidy’. Cas-a-dí The turning of her drink, surname of a bartender, mixologist, figuratively mixer, nixer.Mar sin is ionann Daniel Cassidy agus ‘white supremecist cocktail maker? Is ionann, bhuel ina chruinne féin bréag is bithchamastaíola. (mise a chum seo thuas ar eagla aon mhíthuisceana)
Is bocht an scéal é ach tá cuid mhór daoine ag tacú le cumadóireacht Cassidy fós. Nach cuma a deir roinnt, níl ann ach píosa beag spraoi. Dáiríre a mhalairt atá ann, is casta an rud é an teageolaíocht agus nuair a ligtear d’amadáin tabhairt faoi ar a suaimhneas téann an rud ar fad chun doiléire. De bharr thionchar an idirlín is ann do ‘shanais’ seo Cassidy go deo na ndeor, creidfear iontu (roinnt ar a laghad) go brách. Ba chóir dúinn suim a léiriú sna focail a thug na Gaeil don Bhéarla ach gan géilleadh do phleidhce amadáin mar seo a chuireann an fhírinne as a riocht ar fad ar fad.
Ba bhréagadóir cruthanta é Cassidy. Leabhar 300 leathanach atá lán go clúdaigh de bhréagshanais, de sheafóid agus de bhréaga. Níl aon amhras ann ach gur thuig Cassidy go raibh formhór mór na sanas seo bréagach. Is dócha gur lorg sé frásaí i bhfoclóirí Gaeilge a raibh cosúlacht éigin acu le nathanna Béarla agus ansin gcur chuir sé roimhe an nasc a chruthú.
Tá blag den scoth ar fáil anseo a tharraingníonn argóintí Cassidy óna chéile. http://cassidyslangscam.wordpress.com/ Pé duine a scríobh chuir Cassidy siar glan as a mheabhair iad agus tá siad tar éis díoscadh cliniciúil neamhbhalbh a dhéanamh ar scaits éithigh Uí Chasaide. Tá Cassidy imithe ar shlí na fírinne anois, is é mo mhórdhóchas ná go n-imeoidh na bréaga seo leis. Ná ceannaigh an leabhar seo is ná tacaigh le seafóid mar seo.
Níl saineolas agam ar an ábhar seo, díreach spéis. Tá eolas éigin agam ar an teanga agus ar an bhfoghraíocht, rudaí nach raibh ag Cassidy féin áfach. Ghlac an Béarla le liosta éigin focal ón nGaeilge ceart go leor agus tá liosta ar fáil anseo. Focail Ghaeilge sa Bhéarla
Is féidir teagmháil a dhéanamh le húdar an ailt ag @murchadhmor

Dóibh sin ar bheagán Gaeilge
There is no doubt but that Daniel Cassidy knew that most etymologies in this book were false. For example he might take something like ‘Daniel Cassidy’ and decide it comes from Irish. Then he searched the dictionary to find something similar and comes up with; ‘Dath- ‘n-aoil’ lime-faced, white-faced, fig. white supremecist. ‘Cassidy’. Cas-a-dí The turning of her drink, surname of a bartender, mixologist, figuratively mixer, nixer.So Daniel Cassidy means white supremecist, cocktail maker? Well sort of, in his parallel universe of bolloxology at least. (just to be clear I made this up) This book is an utter con-job, do not buy it and do not accept any of its conclusions.

Tá Gaeilgeoirí níos Éireannaí ná an dream gan í. Glac leis.

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana)

Is minic a chuirtear i leith an Ghaeilgeora go measann said go bhfuil siad ‘níos Éireannaí de bharr go labhraíonn siad Gaeilge’. Caithfidh mé a rá nach bhfuilim tar éis teacht ar an tuairim seo rómhinic ag Gaeilgeoirí. An freagra a bhíonn ag mórchuid na nGaeilgeoirí ná nach measann siad sin in aon chor. Nuair a smaoiním féin faoi áfach, is léir dom gur Éireannaí an duine a labhraíonn Gaeilge gan aon amhras. Díreach le bheith soileir nílim ag rá gur fearr bheith níos Éireannaí, díreach go bhfuil níos mó den Éireannachas ag roinnt leo.
Ar dtús céard is Éireannachas ann? An bhfuilimid ag caint ar shaorántacht na tíre? Ó d’fhéadfadh duine pas is saorántacht Éireannach a bheith acu gan aon eolas nó cur amach acu ar aon rud Éireannach nó Gaelach glas bán nó riabhach, caithfidh nach leis sin atáimid ag plé. Mar sin baineann an cheist seo le féiniúlacht is dócha, nó gnéithe de chultúr a thugann le fios go mbaineann duine le cultúr áirithe.
Buaic Chultúr na hÉireann? Anlann Bhaile UÍ Mhaolmhuaidh
Baineann teanga le féiniúlacht is le cultúr. Ní féidir a shéanadh gur dlúthchuid an Ghaeilge de chultúr na hÉireann. Ní thig le lucht an fhéinfhuatha sin a dhiúltiú. Is féidir go bhfuil sin ag athrú le cuid ghearr de stair na tíre ach is ann dó fós. Mar sin má tá tuilleadh den chultúr agat, is é sin go labhraíonn tú Gaeilge, tá tú níos Éireannaí. Dá gcuirfí beirt a bhí díreach mar a chéile i gcomórtas lena chéile ach Béarla a bheith ag duine amháin acu ach Gaeilge anuas air sin a bheith ag an duine eile, nach mbeadh an duine sin níos Éireannaí? Is geall le fíric é.
Samhlaigh an Fhrainc, dá ndéanfaí a chóilíniú is dá dtiontódh mórchuid an phobail ar an mBéarla, is dá mbeadh pócaí de chainteoirí Frainicise ann nach ndéarfaí gur Francaí na daoine céanna? Is cinnte go ndéarfaí. Fiú cúpla céad bliain tar éis don Bhéarla forlámhas a ghlacadh ní dóigh go bhféadfaí a rá nach mbeadh na cainteoirí Fraincise níos Francaí. Cén fáth gur féidir a leithéid a rá in Éirinn?
Blaa Phort Láirge, sainniúlacht arbh fhiú náisiún a bhunú uirthi?
Mar sin conas gur cuireadh an bhréag isteach inár mbéal chomh fada seo is go raibh Éireannaigh sásta leis? Baineann seo leis an teoiric úd, náire an iarchóilíneachais. Is éard atá i gceist leis seo ná an náire a thagann ar an bpobal dúchais tar éis cóilínithe. Nuair a chailltear an rud dúchais(teanga mar shampla) níl de fhreagra ag an dream nach bhfuil sí acu a thuilleadh ach fuath a thabhairt don chultúr céanna agus sodar i ndiaidh na n-uasal. Go mionminic is iad seo is binibí ar fad atá in éadan an chultúir. Má tá suim agat i gcás na dteangacha mionlaithe(níl aon rud mion faoi mhórchuid na dteangacha seo!) aithneoidh tú go dtagann na hargóintí céanna in airde arís is arís eile timpeall na cruinne. Teanga mharbh, teanga na mbocht, gan foclóir ceart, ina bac ar ghnó. Léifidh tú tráchtanna ag lucht fuatha na Breatnaise,agus cloisfidh tú na hargóintí seanchaite céanna ón lucht argóna seanchaite céanna. Arís eile ní daoine ó thír isteach iad seo ach an pobal dúchais ag tabhairt fuatha don rud a bhain leo féin agus ag iarraidh easpa éigin iontu féin a fholú.
Ar ndóigh tá gnéithe eile den chultúr i gceist chomh maith, ceol, spórt, féith ghrinn na hÉireann, fadhb náisiúnta óil. Má tá na gnéithe seo ag duine thar dhuine eile, is féidir a rá go bhfuil an duine sin níos Éireannaí ná an té eile. Ní hé go bhfuil an duine níos fearr nó go bhfuil luach níos mó air sin. Ní féidir luach oibiachtúil a chur ar chultúr thar a chéile. Mórphobal aonteangach na tíre seo tá go leor gnéithe Éireannacha ag baint leo, ach tá níos mó gnéithe idirnáisiúnta nó Angla-Mheiriceánacha ag roinnt leo ná mar atá ag lucht labhartha na Gaeilge. Anois seans nach bhfuil aon fhiúntas le baint as an tuairim seo a chur sa timpeall, cuireann sé fearg ar dhaoine agus díomá ar dhaoine. Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil sé fíor. Is buille beag amháin é in aghaidh an scata sin a thugann le fios nach mbaineann an teanga leis an tír seo in aon chor agus a dteastaíonn uaithi í a ruaigeadh amach ar fad ar fad.
Stobhadh Gaelach nó Éireannach, cé acu is cirte?
Déarfaidh daoine gur seafóideach an argóint atá déanta agam anseo, go bhfuil sé ciníoch, ach arís eile ní deirim go bhfuil luach níos airde ar chultúr amháin ná a chéile, ach mar sin féin go bhfuil difríochtaí ann. Tá go leor argóintí eile fíor leis, is Éireannaí daoine a sheineann an ceol gaelach nó a théann don spórt gaelach. Fágann ábhar an lae inniu ceist amháin eile agam an bhfuil na Gaeil éagsúil ó na hÉireannaigh nó an cheist í sin a bhíonn ag dó na geirbe ag aonteangaigh na tíre?
Is féidir easaontú go láidir le scríbhneoir an ailt @murchadhmor

Be Infants in Evil (Léirmheas ar dhráma Béarla)

(Foilsíodh an t-alt seo ar an Tuairisceoir cheana)
Sleamhnaíonn an dráma seo isteach sa tsrón ón gcéad uair a siúlann tú isteach san amharclann. Tiús i sacraistí séipéil agus sagart óg ar a ghlúine lena phaidrín. An tAthair Patrick atá ann, sagart atá ag tosú amach i bparóiste nua i mBÁC. Tá an fhaoistin curtha ar ceal inniu aige. Ainneoin sin seo chugainn Noleen, baintreach dhall a bhfuil léargas ar leith aici agus ar aghaidh lena faoistin. Ansin Jacinta atá tite i ngrá le fear Muslamach agus atá ag iarraidh teitheadh as an eaglais agus an tír le bheith leis. Tagann cuairteoir eile gan choinne ansin agus cuirtear domhan an tsagairt bun os cionn ar fad.
An rud is fearr faoin dráma seo ná an feitheamh tomhaiste. Tosaítear agus rud éigin folaithe, tugtar aitheantas dó ach níltear cinnte faoi. Tugtar blúirí beaga dúinn anseo is ansiúd agus déantar sin a mhealladh chun breathnú níos géire ar chúrsaí. Fanann smál éigin gan ainm ar an dráma ó thús. Agus cara Patrick ann tá ceist bhreise ann leis, cén caidreamh atá acu le chéile, agus coinnítear sinn ar fad ag gliúcaíocht go géar ar a gcaidreamh le hoibriú amach cén cineál é. Ceann cairdis, clainne nó cumainn?
Tá cuid mhaith den dialóg cliste, greannmhar ach cuid eile ró-ardintleachtúil(mar is nós le drámadóirí deisbhéalacha go minic) agus is cosúil go bhfuil a sheal féin ardéirime ag gach carachtar sa dráma, rud nach bhfuil inchreidte. Caitear gach aon téama agus conspóid anuas ar a chéile agus téann sé chun seafóide ar fad cúpla babhta i dtreo an deiridh. Ginmhilleadh? Cinnte. Leathar, glacaireacht, agus muslamachas? Ar ndóigh! Chomh maith leis seo titeann gach aon rud amach díreach ag an am céanna agus tagann gach aon chuid de le chéile go róghleoite agus is deacair creidiúint ann, go fiú má chuireann tú an-bhrú ort féin!
Tá go leor rudaí breátha ann os a choinne sin. Tugann an sagart caint fhada uaidh ar thábhacht agus ar iontas na beatha, ag rá nach bhfuil ach cuidín bídeach bídeach den chruinne atá in ann an bheatha a chur ar fáil agus gan é sin a dhéanamh ach ar feadh soicinde. Is ansin amháin atá grá in ann bláthú, deir sé. ‘The only time there can ever be love is when there’s life, and that’s now. Is cumhachtach an chaint í. Thabharfadh an chaint seo aitheasc an Íosánaigh faoin tsíoraíocht san ifreann i A Portrait of the Artist as a Young Man Joyce i gcuimhne duit ach is caint dhearfach í seo. An rud is annamh is iontach. Carachtar sagairt ar féidir ionnanú leis agus a bhfuil ba agus trua agat dó amhail Súil le Breith, ach go dtagann athrú ar chúrsaí ag druidim le deireadh.
Is é Brian Martin, Bleá Cliathach a bhfuil cónaí air i Londain anois, a scríobh agus tá go leor rudaí le moladh faoi. Ar an bhfaraor géar ní bhraithim go dtagann se le chéile go foirfe agus nílim iomlán socair le teachtaireacht an dráma féin. Níl fhios ag an dráma féin go baileach a bhfuil uaidh, greann nó dáiríreacht. Tá compás morálta an dráma seo beagán as compás, leis, measaim. Pléann sé le péideafíleacht nó péidearastacht agus cuireann sé an cheist orainn an feidir grá a bheith i gceist i gcásanna mar sin. Tugann sé le fios, bhraitheas féin, nach bhfuil aon rud as alt le caidreamh collaí idir sagart fásta agus buachaill óg. An bhfuil leithéid de chaidreamh inghlactha? Ar an drochuair ní chuirtear an cheist i mbealach rómhaith mar sin gach seans go seachnófar ar fad í. Bainfidh sé stangadh asat mar sin féin. Is dráma spéisiúil é mar sin féin agus mar a deirim go minic is fearr drochdhráma ná scannán maith!
 (bunaithe ar leagan in Amharclann an Draoi/Mick Lally mar atá anois air ag Féile Ealaíona na Gaillimhe)