Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Sunday 22 December 2019

Chuir críoch Dublin Murders an oiread sin oilc orm gur scríobh mé deireadh nua dó

Dublin Murders, a thiarcais. Thosaigh cúrsaí agus é an-spéisiúil mealltach, d’éirigh cúrsaí breá casta agus bhí mistéirí go leor ann. Faraor géar bhí críoch na sraithe thar a bheith míshásúil. Bailigh leat anois más mian leat millteoirí scéil a sheachaint! Ar an gcéad dul síos caithfidh mé a rá gur thaitin a lán rudaí faoin gclár liom. An aisteoireacht, an t-atmaisféar, Bleá Cliath mar a bhí i ré an tíogai. Go deimhin bhaineas sult as an gcuid is mó den tsraith. Ach ní an deireadh! Bhí an mhistéir lárnach faoi mharú Katie an-suimiúil agus thaitin an casadh gleoite ann liom. Ní raibh críoch shásúil leis an mistéir mhór. Scéal eile ar fad an bheirt a d'imigh ar strae sa choill a bhí mar chúlra le scéal mharú in Éirinn in 2008

  Cé gur breá liom scéalta osnádúrtha bhraith sé an-aisteach gur chúis osnádúrtha ar fad, ba chosúil, a bhí leis ar deireadh. Bhraitheas nár deineadh aon réamhullmhú ceart a thabharfadh le fios go raibh cúis osnádúrtha le himeacht na beirte. Tá an tsraith bunaithe go dílis ar dhá leabhar de chuid Tana French mar sin dealraíonn sé nach réiteofar mistéir Adam i sraith a dó, má fheicfear riamh í.

Cad sa diabhal a bhí ag tarlú le Cassie nó Lexie, arbh é an méid a tugadh sa chlár deiridh sin an míniú iomlán? Is é sin gur bhuail duine fánach le duine ar an mbus a shíl gur duine eile a bhí inti agus gur thosaigh sí ag ligean uirthi gurbh í a bhí ann - craiceáilte! Ba chosúil go raibh deireadh an scéil sin tugtha ag na léiritheoirí ag deireadh na sraithe, ach gan aon réiteach ar an scéal i bhfírinne. Ní hé go gcuireann scéalta gan chríoch chinnte isteach orm - ach má tá clár faoi mhistéir gan réiteach á stiúradh agat shamhlófá go réiteofaí an mhistéir lárnach go sasúil. Tuigim go bhfuil na sraitheanna bunaithe ar leabhair agus go bhfuil gach seans ann go bhfuil an mhistéir curtha i láthair ar bhealach faoi leith sa leabhar a d’fhágfadh an chríoch sásúil. Tá críoch na sraithe teilifíse chomh míshasúil sin go molfainn go láidir do dhaoine gan tosú ag breathnú uirthi dá barr.

Más ea seo an deireadh a bheadh scríofa agam féin do Dublin Murders. Tá an-bhrón orm a dhaoine gairmiúla iontacha ar fad a bhí bainteach leis an leabhar agus leis an gclár ach bhí an iomad bearnaí ann ar deireadh - bhí orm clabhsúr éigin a fháil dom féin! Táim cinnte go bhfuil míle is aon locht air seo ach ainneoin sin is uile reitítear an mhistéir ann!

Tagann Robert (Killian Scott) ar ais chuig na tochailteoirí sa choill ag ceapadh gur ag iarraidh clabhsúr atá sé. Feiceann Robert is é óg lucht chainsaw agus clippers. Feicfimid é i bhflashback ag tógáil shears as set ina gharáiste féin, in aice le chainsaw (ar mhaithe le base a thógáil sa choill leis an mbeirt eile) Feicimid go raibh Adam cráite ag Paul agus Jamie. Goideann siad a bhróga fiú agus cuireann Paul air iad. Imíonn siad leo, Rob ar a dtóir agus sánn sé duine acu trí thimpiste. Ansin sánn sé an duine eile chomh maith lena choinneáil ina thost. Déanann sé iarracht an chuma a chur air gur ionsaíodh é féin agus baineann a thleine agus gearrann poill ann, tógann na bróga ar ais ach sula mbíonn deis aige é féin a chlúdach le fuil tagann na rockers air. Feiceann siad go bhfuil an bheirt maraithe aige ach tá eagla orthu a rá leis na gardaí mar go bhfuil a fhios ag Adam gur éignigh siad an cailín agus ceapann siad nach gcreidfdh na gardaí iad - teitheann siad as an bhforaois leis na corpáin agus cuireann sé iad níos faide ar aghaidh sa choill - agus téann go deireadh an scannáin sa phictiúrlan. Tagann na Gardaí ar Adam agus gan na corpáin in aon áit. Téann muid ar ais chuig an dig ansin agus tá Adam anois ar an eolas faoina bhfuil déanta aige. Déanann sé leithscéal agus brostaíonn i dtreo a chairr agus cuma bhuartha air. Tá na tochailteoirí tagtha anois agus iad ag baint scraitheanna - glaoitear isteach an saoiste - We’ve found something’ - cut go Adam ag tiomáint leis, athraíonn an chuma bhuartha atá air go cuma na geilte, loinnir an oilc ina shúile aige agus tuigimid anois nárbh aon bhotún é. Feicimid trí flashbacks gur sheol na tuisti as baile é toisc go raibh eagla air roimhe, feicfimid radharc a thugann le fios gur mharaigh sé buachaill eile sa scoil chónaithe, agus tiomáineann sé thar fhógra mór a deir HE RISES