Saturday, 23 July 2016

Gaeilge Bhaile Átha Cliath - sórt agus stair

(Scríobhadh an aiste seo mar chuid de chúrsa ollscoile a phléigh le teangeolaíocht na Gaeilge agus crochaim anseo í le go mbeidh sí ar fáil dóibh sin a mbeadh spéis acu inti) 

Réamhrá

Dá gcuirfeá ceist ar dhuine cén bhliain ar imigh an Ghaeilge dhúchais ó BHÁC is dócha go luafaí bliain éigin idir 1200 agus 1700. D'fhógair Ruairi Quinn go dána, tráth a raibh sé ina aire oideachais, nár labhraíodh aon Ghaeilge i mBaile Átha Cliath ariamh. Is follas don té a bhfuil smeadar éigin d'eolas aige ar stair na tíre nach bhfuil aon fhírinne ag baint leis an bhfaoiste fáiste sin aige. Leanadh de labhairt na Gaeilge i mBÁC i gcónaí, go fiú is más Gaeilge as áiteanna eile a bhí i gceist, agus leanadh den Ghaeilge dhúchasach i bhfad níos faide ná mar a shíltear go forleathan.

Nuair a smaoiníonn daoine ar Ghaeilge BHÁC cuimhníonn siad ar an bPáil agus ar an gcaoi ar scaip an Béarla uaidh sin amach. Déantar dearmad go raibh an chathair féin beag go maith agus go raibh stráicí den chontae an-iargúlta amach sa 19ú céad agus i gcás cuid de na ceantracha seo gur beag teagmháil a bhí acu leis an saol mór.

Is dócha gur féidir simpliú ollmhór a dhéanamh ar stair shochtheangeolaíoch na tíre agus a rá gurb é an drochshaol a thug bás na Gaeilge i mórchuid na tíre. Tuigtear ar ndóigh go raibh próiseas an Ghalldaithe faoi lánseol i mBÁC le fada roimhe seo agus gur dócha nach raibh an éifeacht chéanna ag an ngorta ar chúrsaí teanga abhus. Mar sin féin tabharfar faoi deara gur sna blianta beaga tar éis an ghorta mhóir a fuair an Ghaeilge dhúchasach bás sa chontae, mar a fheicfear ar ball. Próiseas eile is cóir a choinneáil i gcuimhne ná an fuath úd agus daille ar an nGaeilge a bhíonn sna ceantracha sin atá díreach tar éis tiontú ar an mBéarla scun scan. Ba dhóigh leat ar fhreastal duit ar cheantracha iar-Ghaeltachta áirithe timpeall na tíre sa lá atá inniu féin, ceantracha ar labhraíodh Gaeilge iontu go dtí 50 bliain ó shin, nárbh ann don Ghaeilge iontu ariamh. Tá tábhacht nach beag ag baint leis an bpróiseas seo agus fágann sé go mbímid i dtuilleamaí fianaise bhearnach scaipthe go minic.
Pé scéal é tá eolas ag roinnt sa phobal gur mhair an Ghaeilge níos faide i mBÁC ná mar a shamhlaítear de ghnáth. Bhí nod nó dhó cloiste agam féin chomh maith le roinnt tagairtí don Ghaeilge in áit darbh ainm Gleann an Smóil feicthe agam i ngearrscéal paistís de chuid Biddy Jenkinson.[1] Tá Lá Nua, nach maireann, le moladh as liostaí focal a aimsiú, a chur i dtoll a chéile agus a fhoilsiú, Colm Ó Broin go háirithe, a tharraing as foinsí nach éasca teacht orthu. Anuas air sin tháinig mé ar réimse leathan alt ar bhlaganna idirlín[2], ó dhaoine atá tar éis saothrú agus scagadh a dhéanamh ar go leor den fhianaise agus cur leis. Tá mórán eolais le fáil orthu seo, go deimhin féin is mó go mór an t-eolas atá le fáil orthu ná mar a bhí i roinnt de na leabhair agus de na paimfléid a d'aimsigh mé. Is cóir dom http://dublingaelic.blogspot.ie/ (faighte 20/5/2016) a lua go háirithe, tá go leor den eolas anseo thíos faoi thionchar a bhfuil le léamh ann, ós rud é go bhfuil athléamh cuimsitheach ann ar go leor de na foinsí.

Bunaithe ar an eolas seo agus roinnt mhaith póirseála eile sna bunfhoinsí táim chun a áiteamh go raibh Gaeilge líofa dhúchais á labhairt i mBÁC, 21km ó dheas ó Shráid Uí Chonaill, go dtí an bhliain 1837 ar a laghad agus go bhfuil seans measartha maith go raibh Gaeilge éigin sa cheantar sin go dtí na 1870dí. Anuas air sin déanfaidh mé plé ar ar an gcás a luann Piatt go raibh, dar leis, Gaeilgeoir nó leathchainteoir ann ón áit a bhásaigh i 1933. Caithfidh mé súil, leis, ar logainmneacha bhlianta Bhailiúchán na Scol, feiscint bhfuil aon chabhair ansin dúinn.

An ceantar a mbeidh mé ag trácht air go príomha ná Gleann an Smóil, áit a dtugtar Bóthar na Bruíne air chomh maith. I sléibhte BHÁC atá sé, gearr go leor do Chlub Thine Ifrinn Chnoc Montpelier agus é lonnaithe laisteas de Thamhlacht.

Tá tuairisc againn ó fhoinse iontaofa go raibh Gaeilgeoirí dúchais san áit sa bhliain 1837. Anuas air sin tá roinnt liostaí focal againn as áiteanna eile sa chontae, iasachtaí a bhíodh beo sa Bhéarla chomh maith le giotaí a litríodh de réir nós an Bhéarla. Má théimid níos faide siar fós, feicfear scata lámhscríbhinní. Bunaithe orthu seo ar fad is féidir roinnt gnéithe den Ghaeilge a labhraíodh sa chontae a aithint.

Caithfear súil ar Fhine Gall, i dtuaisceart an chontae, leis, mar a raibh Gaeilge á labhairt níos déanaí mar a shamhlaítear.

Ar ndóigh níl aon taifead ceart againn ar an gcineál Gaeilge a labhraítí i mBÁC, ná go deimhin ar aon cheann de na canúintí a bhíodh á labhairt i mórchuid na gcontaetha máguaird. Os a choinne sin scaoileann obair bhleachtaireachta roinnt staraithe áitiúla agus acadóirí mórán ar féidir linn tuairim mheáite a bheith againn ina leith. Anuas air sin is féidir linn leas a bhaint as an teangeolaíocht chomparáideach le Gaeilge BHÁC a shuíomh i gcomhthéacs Ghaeilge na tíre.

Stair na Gaeilge sa Chathair agus sa Chontae

Ón 17ú haois amach a tháinig meath tubaisteach ar an dteanga dhúchais i gCúige Laighin a deir Ó hÓgáin linn.[3] Gan trácht ar shean-Ghaeilgeoirí shléibhte BHÁC, is féidir go raibh Gaeilgeoirí sa Bhaile Gaelach ar imeall na cathrach féin.[4] Cruthaíonn Piatt go measartha maith, ina chéad alt dó ar an ábhar ar Feasta, go raibh an Ghaeilge á labhairt i scata áiteanna i mBÁC i lár na 17ú haois. Is eol dúinn gur scríobhadh lámhscríbhinní Gaeilge ó thuaidh sa chontae san 18ú haois. Deir Ua Broin linn go gcaithfidh go raibh an Ghaeilge mar theanga an phobail i roinnt ceantracha sa bhliain 1753.[5] Tá fianaise ag Piatt go raibh an teagasc Críostaí Gaeilge á múineadh i gcorrtheach pobail go dtí tuairim 1880.[6]

Idir 1600 agus 1700 a thosaigh an mheánaicme áitiúil ag labhairt Béarla, scaip an t-aistriú teanga idir 1700 is 1800 agus faoin mbliain 1801 deir an Statistical Survey of the Royal Dublin Society 'Very few speak Irish' i mBÁC.[7] Ó lár an 19ú haois is ar éigean aon phobal traidisiúnta á labhairt ann.[8]

Tá roinnt eolais is féidir a bhaint ó na daonáirimh. Léiríonn obair an Ghearaltaigh ar labhairt na Gaeilge roimh am an drochshaoil gur beagán Gaeilge a bhí thart ar iarthar na tíre ach fágann sé BÁC ar lár ar fad toisc nárbh aon d'aon Ghaeilge ó dhúchas dar leis. Ach bhí ar a laghad 7% de chohórt na daoine a rugadh sna mblianta 1771-1781-agus 2% de chohórt 1861-1871 ina nGaeilgeoirí cé gur dócha gur páistí le daoine as áiteanna eile cuid acu seo ar a laghad.


Gnéithe den Teanga

Tá mórán scríofa ag Nicholas Williams ar na gnéithe teanga a bhain le BÁC agus is ar a chuntas siúd a bhreathnóimid ar dtús. Sa deá-leabhar toirtiúil úd Stair na Gaeilge tugann Williams mionchuntas ina n-éiríonn leis na príomhghnéithe de chanúintí Laighean a léiriú. Tugann sé léarscáil ríchuiditheach dúinn chomh maith.[9]

Déanann sé amach gur mar seo a bhíodh fuaimniú Ghaeilge BHÁC

  • '-adh' in ainmfhocail mar  '-a'
  • '-adh' san fhaí chéasta '-a'
  • '-amh' in ainmfhocail mar '-ú' i dtuaisceart BHÁC agus '-a' i ndeisceart an chontae.

Thabharfadh Williams Gaeilge Gháileonach ar Ghaeilge Chonnachta/Laighean sa chás gurbh fhíor gur aon chanúint amháin í. Géilleann Williams gurbh ann do chineál de leathscáil nó penumbra na Mumhan a luigh isteach ar Chúige Laighean.

Bhí Donn S. Piatt, arb é is mó atá tar éis scríobh ar Ghaeilge BHÁC cé nach ionann sin agus cruinneas i gcónaí, suite de gur le Gaeilge Chonnacht nó Uladh a bheag nó a mhór a théadh formhór Ghaeilge dheisceart Laighean. Is spéisiúil súil a chaitheamh ar áiteamh Piatt gur ghiorra Gaeilge BHÁC do Chonnacht agus do na Déise ó thaobh mínithe focal.[10] D'fhoilsigh sé leabhrán beag a bhfuil an-úsáid bainte agam as.[11] Ar a chostas féin a chuir Piatt an leabhrán amach leis na tuairimí seo a roinnt leis an bpobal. Glacann Williams leis gur ag Piatt a bhí bunús an chirt.

Tá lochtanna áirithe ar eolas Williams áfach. Mar shampla, deir sé gur dócha gurbh é 'aithris' an gnáthfhocal ar 'tell' sa chaint chomh fada ó dheas le tuaisceart BHÁC. 'Don't arrish on me' - 'ná sceith orm' a chuala Piatt i mBéarla na hAille i mBÁC sna Tríochaidí a deir sé linn. Ach ní seo atá ag Piatt san fhoinse a luann Williams áfach ach 'Don't be arrishing on me' agus 'imitating' mar mhíniú aige ann. Is gá na foinsí a luann Williams a scagadh go mion mar sin. Anuas air sin feicfear ar ball nach bhfuil na foinsí féin sin gan locht.

Bhí 'muna' annamh lasmuigh den Mhumhain sa tréimhse seo. Díshamhlaíodh an 'n' go 'r' - 'mara ttuigidh tú'[12] Chomh maith luann Williams sampla breá de úsáid an fhoircinn '-aibh' i dtuisil uile an fhocail i litir a scríobhadh i mBÁC sa bhliain 1691.


Deir Williams gur chuir 'tuairimí Uí Raithile alltacht ar Donn S. Piatt, a raibh a lán iarsmaí Gaeilge i gCúige Laighean bailithe aige'. Is spéisiúil an rud é go dtugann leithéidí RA Breatnach ómós ar leith dá thuairimí ina thráchtas siúd.[13]

An tAiceann

Ón liosta focal atá ag Piatt as an tSeanchill[14], is ar an gcéad siolla atá an t-aiceann i gcónaí nach mór. Seachas 'bogán' ba ar an gcéad shiolla a bhíodh an bhéim i mBÁC theas, mar atá ó thuaidh sa tír.  Ba í an reamhbhéim a bhí i bhfeidhm i dtuaisceart an chontae. Aithnítear go raibh difríocht idir na Sceirí agus an Aill.

"words differ from Skerries area words in having stronger first syllable stress and in preserving in words such as dallan (Skerries dullán) both length, stress and value of first vowel identical with Northern Irish"[15]

Is in Gaelic Dialect in East and Mid-Leinster (1933) a thugann Donn Piatt an cuntas ar an liosta focal a bhailigh sé ó P. Ó Murchadha as an tSeanchill sa bhliain 1933.  Ní raibh rian na Mumhan ar 'ceann' ná 'gleann' ach oiread sa mhéid a tugadh dó. Deir sé linn go raibh luí le 'North Leinster, Ulster and Omeath' ó thaobh an aicinn. Is gá bheith fíorchúramach le liosta seo Piatt, mar go bhfuil gach seans ann nach focail as BÁC go leor acu. I mBré a bhí cónaí ar Ó Murchadha agus deirtear gur óna mháthair agus óna athair a fuair sé na focail, agus gurbh as Tuaisceart Chill Mhantáin dá athair.[16] Cé gur dócha go bhfuil fianaise anseo ar an gcineál Gaeilge a labhraítí i mBÁC tráth, níl sé chomh hiontaofa sin mar nach dtugtar aitheantas do na focail a thagann as BÁC féin.

 

Dar le Irish Dialects Past and Present bhíodh córas béime an deiscirt le fáil i dTuaisceart BHÁC, is é sin an bhéim a bheith ar an dara siolla den fhocal, agus go mbíodh béim ar an tríú siolla, sa chás go mbíodh sé fada, féach 'spealadói'r'.[17]

San áit a mbíodh béim ar an dara siolla agus nach mbíodh 'í' ann dhéantaí lagú ar an gcéad shiolla agus ba mhinic go bhfágtaí gutaí ar lár ón gcéad shiolla nuair a bhíodh béim ar an dara siolla, mar sin 'coláiste' -  'cláiste', 'soláthar' - 'sláhar' is mar sin de.[18]

Maíonn Williams go mb'fhéidir go raibh tionchar ag na Lochlannaigh ar an gcineál Gaeilge a labhraítí i gCúige Laighean toisc an oiread sin lonnaíochtaí a bheith acu ann, mar a áitíonn sé i gcás na Mannainise.

CN ina CR

Tá eolas againn ó fhoinsí éagsúla, Ó Comhraí ina measc, gur 'croc' a bhí ar 'cnoc' i mBÁC sa dá chuid den chontae. Crooksling < Cnoc slinne, Crockshane < Cnoc Seáin [19] Tá ceithre logainm i mBaile Átha Cliath a thacaíonn leis seo. Le Gaeilge Chonnachta a théann Gaeilge Laighean anseo. Tugann roinnt logainmneacha le fios gur 'doo' seachas 'duv' a dúradh freisin, cé go bhfuil leaganacha eile le fáil leis.[20]

Deir Williams linn gur 'tala' (agus talú) agus 'mola'/ 'ruga' a bhíodh ar 'talamh' agus 'moladh' (ainm br) i mBÁC. Luann sé gur chuala Piatt 'lawn-a-vawla' sa tSeanchill i ndeisceart Átha Cliath. Tá 'Shanwalla' i dtuaisceart BÁC, is dócha gur tréith thuaisceartach an 'w' atá le clos ansin atá ar aon dul leis an 'w' < 'mh'/'bh' a d'fhaightí i gCo. na Mí. Tá trácht ann leis ar an bhforás 'ao' > 'ó' mar a fheictear in 'Ballyboden' < 'Baile Baodáin' i nDeisceart BHÁC é.

Tá ceist na n-iseagluaiseanna casta dar le Williams, chomh maith le forás an ghuta i bhfocail ar nós 'poll', 'cill', 'coill', 'ceann', 'cam'. Bhíodh 'práta' agus 'préata' araon i Laighean deirtear, chomh maith le 'madú', 'mada', agus 'madra'. 'Madadh' agus 'mada' atá ag Risteard Tuibéar i mBÁC ag tús an ochtú haois déag mar shampla.[21]

In Irish Dialects Past and Present tugann Ó Raithile cuntas ar ghnéithe áirithe a bhain le Gaeilge Átha Cliath. Bhíodh fuaimniú an deiscirt de 'ao' le clos chomh fada ó thuaidh le Dunleary deir sé (a dhéanfadh rím le 'Mary' Bhleá Cliathaigh san 18ú haois.)  Bhíodh fuaim 'ee' ar 'ao' sa tSeanchill dar le Piatt, agus tréithe de chuid Ghaeilge na Mí agus Uladh chomh fada le sléibhte BHÁC /Chill Mhantáin.[22]

Míníonn Ó Raithile gur féidir go raibh gutaí fadaithe nó gutaí défhoghraithe chomh fada ó thuaidh le BÁC. Is cinnte gur athraigh 'gh', 'igh' ina '-e' nó ina '-i' mar sin 'míne' a bhíodh ar 'mínigh' agus 'geala' ar 'gealaigh' chomh fada le BÁC.

I nGaeilge an deiscirt fágadh ar lár  '-dh' neamhcharballach in ainmfhocail 'cogadh' - 'coga' agus 'briseadh' - 'brise'. Bhíodh sé le fáil i gCill Mhantáin agus Cill Dara chomh maith deir an Raithileach linn.

'Duílinn' ar 'Duibhlinn' a bhíodh ag Gaeilgeoirí imeall na cathrach is dócha, dar leis an Leabhar Breac. Ó dheas d'fhuaimnítí 'sléibhe' mar 'slé', féach 'Ballinclea' ar 'Baile an tSlé' i ndeisceart an chontae.[23]

Sa leabhar Labhrann Laighnigh tugann Daithí Ó hÓgáin, suaimhneas síoraí dó, téacs dúinn ón 12ú céad chomh maith le beatha naoimh ón 13ú céad a scríobhadh i nGaeilge i mBÁC. Is ansin a éiríonn cúrsaí an-spéisiúil. Tá giotaí aige ó Andrew Borde ó The Fryst Boke of the Introduction of Knowledge, is deir sé gur rídhealraitheach gur i mBÁC a bailíodh na cainteanna Gaeilge ann. Ní léir ann ná dom cén fáth go meastar gur Gaeilge BHÁC atá aige seo, áfach. [24] Ba mhaith liom an míniú sin a fheiceáil. Anuas ar an amhras sin níl an chanúint Ghaeilge de réir a chéile ann.
Tugann Ó hÓgáin fuaimniú tuaisceartach faoi deara ar 'aon', 'dó', 'fiche', 'daichead', 'deoch', 'baile' agus 'oíche mhaith'. Tá foghraíocht thuaisceartach nó lár tíre ag na focail áirithe seo - 'ceathair', 'íocfá tú', 'racha muid', 'ár'. Tá samplaí a réitíonn le deisceart Laighin nó oirthear na Mumhan freisin – 'naoi', 'deoch', 'déag', 'céad'. Deir sé go bhfuil dhá bhéim éagsúil ar 'agat' le feiceáil thíos mar atá 'agoot' agus 'oket'. Thabharfadh seo le fios go raibh breis is cainteoir amháin ag cur eolais ar fáil dó, nó nárbh as BÁC do na cainteoirí in aon chor.

Tá abairt amháin a mheascann dhá chanúint – ‘Dé ‘bheatha ‘un an bhaile’. Tá cuma dheisceartach ar an tús ach cuma thuaisceartach ar an gcuid eile. An meascán mearaí a bhí sa Ghaeilge a labhraíodh i mBaile Átha Cliath san 16ú Céad mar sin, nó an Gaeilge BHÁC atá anseo in aon chor againn?

Nathanna ón leabhar
·         'An ólthá deoch, sir. Dé ‘bheatha ‘un an bhaile' (Anoha dewh, sor? De wan wely)
·         'Canas ‘tá tú?’ ‘Tá mé go maith, go raibh maith agat' (Kanys stato? Tam a goomah gramahagood).
·         'Sir, bhfuil Gaeilig agat? Tá suim agam dhi.' (Sor, woll galow oket? [Syr, can you speak Iryshe?] Tasyn agomee).
Uimhreacha


1 - hewen
2 - dow
3 - tree
4 - kaar
5 - quiek
6 - seh
7 - showght
8 - howght
9 - nygh
10 - deh



Ó véarsaíocht ghrinn a bhailigh Meredith Hanmer sa bhliain 1591, faoi fhogharscríobh Béarla, déanann Ó hÓgáin amach gur mó den chanúint lár tíre a bhíodh i mBÁC, le gutaí fada in 'gall', 'ann', 'clann' agus 'gleann'. [25] Déanann Piatt amach ar gur 'glan' a bhíodh ar 'gleann' le béim thuaisceartach. [26]

 

Liostaí focal

Cé gur bhain Piatt agus Williams an-leas as na liostaí focal, tá roinnt acu níos iontaofa ná a chéile. I gcás liosta focal Liam Ua Broin ar Béaloideas luaitear focail Ghaeilge a tháinig as ceantracha áirithe, 'Glasamuckey' ina measc, áit atá buailte le Gleann an Smóil.[27] Sa liosta seo feictear an focal 'shanty', agus luaitear 'sean tí' mar shanas air, níl seo ag teacht le ceart na teanga ná le ciall an téarma 'drochbhothán nuathógtha'. Is é is dóichí gur tháinig an focal 'shanty' chun cinn faoin gciall 'bothán' i Meiriceá ar dtús, agus tharla seo sula raibh mórán Éireannach ann. Ar ndóigh is dóchúla go mór go bhfuil baint aige le 'chantier' na Fraincise. Tá an sanas seo féin le fáil sa leabhar úd le Daniel Cassidy atá lán go boimbéal le bréagshanais. [28] Baineann seo bonn arís ó iontaofacht cuid de na focail a luaitear sna foinsí seo.

Os a choinne sin tá saibhreas sna liostaí agus cinnteacht gur ón nGaeilge a thagann mórchuid na bhfocal. Féach an focal breá 'tálach' mar shampla - 'a pain or a cramp in the muscle of the hand from heavy manual work.' Anuas air feictear gur tháinig fuaimeanna áirithe de chuid na Gaeilge slán isteach sa Bhéarla fiú amháin. Is suntasach nach raibh fadhb le 'ch' ná le 'r' caol i mBÁC Theas, bhíodh 'clorhezeen' ar 'clohairín', mar a bhí in Óméith.[29]

Gleann an Smóil agus an Ceantar Máguaird

Is fiú súil ghéar a chaitheamh ar Ghleann an Smóil le tuiscint a fháil ar an gcaoi a mhair an Ghaeilge sa chontae, ar chúla téarmaí. Tá eolas cuimsitheach curtha le chéile ag Aindí Mac Giolla Chomhghaill ón mBrainse Logainmneacha ar an scéal agus é sin le léamh ar bhlag Aonghuis Uí Almhain.[30]

Deir Mac Giolla Chomhghaill ann gur thug an scoláire Eoghan Ó Comhraí cuairt ar an ngleann sa bhliain 1837 le heolas faoi na logainmneacha a fháil. Tá an t-eolas sin le fáil i Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis.[31]

2nd August 1837

  I met an interesting old man at the bottom of the glen from whom I collected the subjoined list of local names. His name is William Rafter — Uilliam Ó Rachtabhra, he is now 84 years old, with all his faculties in full vigour, and with more activity and buoyancy of spirit than his son, a man of about 50 years of age....  I speaks [sic] as good Irish as ever I heard spoken, as does his sister Una. He says that 40 years ago very few spoke English in the Glen except the Dublin Carmen — very few men of 40 years of age even now in the Glen that don’t understand tho’ they don’t speak the Irish.[32]

Tá Ó Comhraí, dar le roinnt mhaith foinsí, iontaofa go maith agus is féidir muinín a bheith againn gurbh ann don Reachtúrach seo, gur bhain sé leis an gceantar agus go raibh Gaeilge mhaith aige. Aithnítear nach dtagraíonn Ó Comhraí d'éinne eile a bhí in ann an Ghaeilge a labhairt seachas an bheirt seo, áfach.

Labhair Seán Ó Donnabháin, scoláire mór eile na linne, faoi ainm an ghleanna in 1852:

'... in the glens of the County of Dublin, where the people still speak Irish,'[33]

Is cosúil nach raibh luí ag an Donnabhánach áibhéil a dhéanamh ach oiread.
Áirítear go raibh an teaghlach fós sa Ghleann de réir an daonáirimh in 1911, gach seans go bhfuil gaol éigin leo fós ann agus iad dall ar an gcáil theangeolaíoch atá ar a sinsir.
Mar chomparáid déanann Piatt tuairisc ar mheascán idir Ghaeilge agus Bhéarla a bhíodh in úsáid ó dheas ó Rath Fearnáin sa bhliain 1893.

Áitíonn Malachi Horan[34], a rugadh sa bhliain 1847 agus a tógadh trasna an ghleanna ó Bhóthar na Bruíne nach raibh aon chainteoirí dúchais Ghaeilge ann agus é óg, agus tá sé siúd iontaofa go maith leis.
Déanann Piatt cur síos ar náire uafásach a bhain le Gaeilge i sléibhte BHÁC in alt dá chuid ar Feasta. Iarrtar ar fhear an bhfuil Gaeilge aige agus freagraíonn i mBéarla 'Seans go bhfuilim aineolach ach nílim chomh dona sin'. Is féidir go gceileann tuairimí mar seo aon eolas a bhféadfaí a bheith ag súil leis ó chainteoirí nó ó leathchainteoirí deireanacha agus nach mbeadh aon Oisín i ndiaidh na Féinne béalscaoilteach faoi aon rian den Ghaeilge a bheith acu.

Aithnítear leis nach ndeir Ó Comhraí ná na Reachtúraigh gur Gaeilge a labhair an pobal an tráth sin ach gur tuigeadh í. Tá amhras ar William Nolan i dtaobh róléamh a dhéanamh ar chás na Reachtúrach.[35]
"Commentators have taken this single statement as definitive evidence of widespread Irish-speaking in the glen in the eighteenth century [sic: recte nineteenth]. However... The appearance of English fieldnames in the late eighteenth century may pinpoint the period of language transition." 

Ag tagairt do thuairimí Piatt atá sé ba dhóigh leat. Ceist eile a bhí ag dó na geirbe ag roinnt ná seo, má bhí suim mhór chraosach ag lucht na hathbheochana as BÁC sa Ghaeilge cén fáth nár thugadar cuairteanna ar Ghleann an Smóil in áit dul chomh fada le hÓméith. Nár dhóigh leat, leis, go scaipfeadh scéal Uí Chomhraí?

Tá tagairt ag Piatt do Mr Doyle éigin a bualadh as Gaeilge a labhairt ar scoil sa bhliain 1900 gearr don áit agus sa dara alt dó ar Feasta luann sé bean gan ainm a bhí 'ag rámhallaigh as Gaeilge'[36] agus tinneas uirthi. I bhfírinne ní féidir bheith cinnte gur Gaeilge a bhí i gceist fiú amháin 'níor éirigh liom ach abairt anseo is abairt ansiúd a thuiscint' a deir an dochtúir a thug cúram di, agus nuair a bhisigh sí cuimhne dá laghad ní raibh aici ar aon teanga a bheith á labhairt aici. Bhásaigh sí sa bhliain 1933.

I litir a foilsíodh ar an Irish Times sa bhliain 1933, litir a luann Piatt in Feasta, luaitear an eachtra seo a leanas.

'[w]hen the new chapel at Bohernabreena was opened in 1870, the first sermon was preached in Irish, it being the language used in the district.'

Cé gur féidir gur tugadh seanmóir i nGaeilge is deacair a chreidiúint gurbh í teanga an phobail í má ghlactar le tuairisc Uí Comhraí. Is fiú a thabhairt chun cuimhne nach ndúirt éinne ann go raibh Gaeilge acu i ndaonáireamh na bliana 1901, cé nach fiú mórán seo i bhfírinne.

Cá bhfuil an fhírinne mar sin? Is cosúil go raibh an Ghaeilge mar theanga an phobail i nGleann an Smóil go dtí 1800 agus go raibh Gaeilge agus Béarla araon ag an gcéad ghlúin eile, ach faoi 1840 seans gur leathchainteoirí a bhí iontu as seo amach. D'fhéadfadh go mbeadh duine nó beirt de na leathchainteoirí seo in aois a gceithre scór sa bhliain 1920. Ba leor seo le corrchainteoir, Oisín i ndiaidh na Féinne, a d'fhágfadh go ndéanfaí searmanas Gaeilge sa séipéal. Seans fiú go míneodh seo an rámhaillí Gaeilge. Ainneoin sin tagaim leis an tátal gur bhásaigh an Ghaeilge timpeall is 1860 i nGleann an Smóil.[37]

Chuireas an cheist orm féin ar mhair aon rian den Ghaeilge seo i dtríochaidí na haoise seo caite? Chuas le súil a chaitheamh ar Bhailiúchán na Scol(BNS).[38] Bhí roinnt mionainmneacha Gaeilge ann ach tá siad sách truaillithe mar leaganacha agus gach seans gur féidir na leaganacha leath-Ghaelacha a leagan ar an múinteoir féin.

Seachas iad sin an t-aon fhocal Gaeilge in iontráil Scoil Ghleann an Smóil ná 'céidlidhe'.[39] Is lú go mór é seo ná ceantair eile ar bailíodh eolas do BNS iontu. Rinne mé póirseáil trí roinnt scoileanna a chuir ábhar isteach i mBNS i Loch Garman mar chomparáid agus ba mhinic liostaí focal Gaeilge ón gceantar sna blianta céanna.

Tá tagairt i leabhar Scoil Theach na Giúise do Ghleann an Smóil agus do roinnt logainmneacha Gaelacha sa cheantar máguaird ach arís eile is beag fianaise gur mhair mórán Gaeilge sa cheantar in aon chor. D'fhéadfaí a áiteamh mar sin féin gur fianaise áirithe gurb ann don mhéid seo féin.[40]

Is é an trua é nár bhailigh Ó Comhraí ná éinne eile scéalta nó tuilleadh eolais faoin gcineál Gaeilge a bhí ag na Reachtúraigh. Ag breathnú dúinn ar scéalta leithéidí Phádraig Paor as Gleann Mór i gCill Chainnigh tuigtear a thábhachtaí atá scéalta is fogharscríobh agus muid ag iarraidh canúint a athshamhlú.[41] Seans fiú amháin go mbeadh pointe eile againn ar Atlas Wagner mura mbeadh Ó Comhraí ag obair ar a bhionda leis na logainmneacha!

An Ghaeilge i dTuaisceart an Chontae

I dTuaisceart an Chontae ní hamháin go raibh an Ghaeilge agus an Béarla ann ach an tríú teanga leo, Sean-Bhéarla Fhine Gall. Bhí sí seo cosúil le Yólais, teanga úd Forth agus Bargy. An chanúint Bhéarla sin a bhíodh i bhFine Gall bhíodh béim uirthi mar a bhí i mBéarla Loch Garman Theas, agus í ag deireadh na bhfocal, ní hamháin sna hiasachtaí sin ón nGaeilge ach i bhfocail Bhéarla de bhunadh Fhraincis na Normannach.[42] Dar le Piatt go raibh Gaeilge san Aill go dtí 1899, ach tá amhras ann faoi seo. Sna focail as an Aill, tá béim ar an gcéad shiolla sna focail sin a bhfuil '-ach' agus '-ín' iontu.[43]

Tátal

Cad atá faighte amach againn mar sin?

Ainneoin fadhbanna go leor le cinnteacht agus iontaofacht an ábhair is féidir treochtaí ginearálta a aithint. Déantar amach gurb é an cineál Gaeilge a labhraíodh sa chontae ná Gaeilge a bhain le Gaeilge Chonnacht agus le Gaeilge Uladh níos mó ná Gaeilge na Mumhan agus gur ar an gcéad shiolla a bhíodh an bhéim i mBÁC theas. Ba í an réamhbhéim a bhí i bhfeidhm i dtuaisceart an chontae. Ó thaobh an fhuaimnithe d'fhuaimnítí '-adh' in ainmhfhocail mar  '-a', '-adh' san fhaí chéasta '-a' agus '-amh' in ainmfhocail mar '-ú' i dtuaisceart BHÁC agus '-a' i ndeisceart an chontae.

De bharr na dtagairtí is na leaththagairtí iomadúla don Ghaeilge sa cheantar sin laisteas de Thamhlacht go dtí an bhliain 1870, agus go bhfuil fianaise áirithe go mb'fhéidir gur mhair a cuimhne sin beagán níos faide, déanaim amach go bhfuil seans ann go raibh cainteoirí nó leathchainteoirí dúchais BHÁC ann go 1900 nó mar sin. Is dócha, ar ndóigh, go raibh aon chainteoir cumasach imithe ar shlí na fírinne roinnt mhaith blianta roimhe sin ach mar sin féin léiríonn sé go raibh Gaeilge dhúchais an chontae thart beagnach chomh fada leis an tráth ar bunaíodh an stát. Cuireann sin athleagan ar chúrsaí teanga agus staire don mhóramh.

Níor mhiste do dhuine éigin an t-iar-Aire a chur ar an eolas.

  

Leabharliosta

Archer, Peter, 'Fair Fingall', scríobhadh roimh 1949.

Bailiúchán na Scol, imleabhair Gort Inse Guaire, Loch Garman.

Bailiúchán na Scol, uimhir rolla 8927, Gleann an Smóil, Co. Bhaile Átha Cliath, 1/10/37 - 20/12/38, lch 13, Múinteoir: Sr. Ó Móráin

Cassidy, Daniel, How the Irish Invented Slang, AK Press, 2007.

Damien Ó Muirí, Léirmheas, Comhar, Iml. 44, Uimh 7, Iúil., 1985, lch. 34 Comhar Teoranta.

Gaedhilg Chontae Chill Choinnigh, RA Breatnach, 1939, Teuxsanna, An Feirmóir agus an Garsún Aimsire. Tráchtas, Leabharlann COBÁC.

http://dublingaelic.blogspot.ie/ faighte 20/5/2016.

http://middleclassdub.blogspot.ie/ faighte 20/5/2016.

Jenkinson, Biddy, 'Duinnín agus Na Beacha', An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire, Coiscéim, BÁC., 2008.

Little, Dr. George A. Malachi Horan Remembers, M.H. Gill and Son, LTD., BÁC, 1944.

Mac Giolla Chomhghaill, Aindí, Brainse an Logainmneacha, comhfhreagras le ball den phobal, mar a thuairiscítear é ar an mblag http://aonghus.blogspot.ie/ faighte 20/5/2016.

Mooney, Máirín, Irish in the Liberties: An Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, 1985.

O’Rahilly , Thomas, Irish Dialects Past and Present, IALBÁC, BÁC, 1972.

Ó Broin, Colm, 300 words of Dublin Irish, Lá Nua 10 Samhain, 2008.

Ó hÓgáin, Daithí, Labhrann Laighnigh, Coiscéim, BÁC, 2011.

Piatt, Donn S., 'An Dara Cuid-Seanghaeltacht Átha Cliath, An Naoú Céad Déag Agus Go Deireadh' in Feasta, Márta 1952, lgh. 2-4

Piatt, Donn S., Béaloideas, 1945 agus 1947.

Piatt, Donn S., Caint Phiatt faoi Ballymorefin " 'Letters from Harold's Cross', Joly Pamphlet, Leabharlann Náisiúnta.

Piatt, Donn S., Gaelic Dialect in East and Mid-Leinster, 1933, féinfhoilsithe.

Piatt, Donn S., Mhaireadar san Ardchathair, 1957.

Piatt, Donn S., 'Seanghaeltacht Chontae Átha Cliath (1536-1933)' in Feasta, Feabhra 1952, lgh. 9-12.

Rev. T. Lee, Eugene O'Curry Vol. 1 No. 3, 1899 Journal of the Limerick Field Club, 1897-1908. http://www.limerickcity.ie/media/054%20vol%202.6%20Eugene%20O'Curry%20cont.pdf de nós aige Gaeilge a labhairt leis na boicht

Titley, Alan, Opinion: Cancelled TG4 leaders debate speaks volumes about attitudes to Irish, Irish Times, (ag tagairt d'eachtra an Aire)

Wagner, Heinrich, Irish Dialects Past and Present, Thomas F. O’Rahilly, IALBÁC, BÁC, 1972.

Williams, Nicholas, Stair na Gaeilge: in ómós do Phádraig Ó Fiannachta / Maigh Nuad: Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Phádraig, 1994 (Caib: Williams, Nicholas, Gaeilge Laighean.)




[1] Gearrscéal ina athshamhlaítear an tAthair Pádraig Ó Duinnín ina bhleachtaire Sherlock Holmes-úil.
[2] Blag anaithnid, ach pé duine atá ina bhun tá cur amach maith aige nó aici ar chúrsaí teangeolaíochta http://dublingaelic.blogspot.ie/
Blag le Colm Ó Broin (iar-iriseoir le Lá Nua) - http://middleclassdub.blogspot.ie/
Blag le hAonghus Ó hAlmhain - http://aonghus.blogspot.ie/
[3] Labhrann Laighnigh, lch xiv agus xv, cé gurb é an 18ú haois a luann Williams i SNG.
[4] Ibid.
[5] Ua Broin, 1943, Lch. 25.
[6] Piatt, Donn S., 'An Dara Cuid-Seanghaeltacht Átha Cliath, An Naoú Céad Déag Agus Go Deireadh' in Feasta, Márta 1952, lgh. 2-4
[7] Irish Dialects and Irish-Speaking Districts, Ó Cuív, 1951, lch. 77.
[8] Labhrann Laighngh lch xiv agus xv.
[9] SNG, lch 446.
[10] O’Rahilly, Thomas, Irish Dialects Past and Present, IALBÁC, BÁC, 1972.
[11] Piatt, Donn S., Gaelic Dialect in East and Mid-Leinster, 1933, féinfhoilsithe.
[12] 1652, Williams 1986, 157 SNG.
[13] Breatnach, RA, Ceangal, Gaedhilg Chontae Chill Choinnigh, 1939, Tráchtas, Leabharlann COBÁC.
[14] Piatt, Donn S., Gaelic Dialect in East and Mid-Leinster, 1933, féinfhoilsithe.
[15] Ibid. lch 29.
[16] Piatt, Donn S., Gaelic Dialect in East and Mid-Leinster, 1933.
[17] O’Rahilly, Thomas, Irish Dialects Past and Present, IALBÁC, BÁC, 1972.
[18] Ibid.
[19] De hÓir 1975, lch 136, SNG.
[20] Crockaunadreenagh= Cnocán na nDraighneach, Crocknabrookey= Cnoc na Brocaí. Obair Choilm Uí Bhroin ar Lá Nua. Anuas air sin as na liostaí focal tá 'cregg' agus 'crig' againn ar 'cnag' agus 'criog'. Glendoo = Gleann Dubh, Skidoo = Sceach Dhubh, Trumondoo = Triomán Dubh, Lugdoo = Log Dubh.
[21] Williams, Nicholas, 1975 SNG.
[22] Piatt, Donn S., Gaelic Dialect in East and Mid-Leinster, 1933, féinfhoilsithe.
[23] O’Rahilly, Thomas, Irish Dialects Past and Present, IALBÁC, BÁC, 1972.
[23] Piatt, Donn S., Gaelic Dialect in East and Mid-Leinster, 1933, féinfhoilsithe.
[24] Ó hÓgáin, Daithí, Labhrann Laighnigh, Coiscéim, BÁC, 2011.

[25] Ó hÓgáin, Daithí, Labhrann Laighnigh, Coiscéim, BÁC, 2011.
[26]  Piatt, Donn S., Gaelic Dialect in East and Mid-Leinster, 1933, féinfhoilsithe.
[27] 1945.
[28] Cassidy, Daniel, How the Irish Invented Slang, AK Press, 2007.
[29] Piatt, Donn S., Gaelic Dialect in East and Mid-Leinster, 1933, féinfhoilsithe.
[30] Tá an t-eolas ar an mblag ag teacht le foinsí eile dar ndóigh.
[31] An Brainse Logainmneacha
[32] http://aonghus.blogspot.ie/ faighte 20/5/2016. Deir Mac Giolla Chomhaill linn go bhfuil teaghlaigh Liam Uí Reachtúra agus a dheirfiúr “Winifred” chomh maith le muintir Aindréis Uí Ghabhann le rianú siar go dtí an 18ú haois ann ach ábhairín bleachtaireachta a dhéanamh.
[33] The Fenian Traditions of Sliabh-na-m-Ban’, Transactions of the Kilkenny Archaeological Society, iml. 1, cuid 3, lch. 358 (1852).
[34] Little, Dr. George A., Malachi Horan Remembers, M.H. Gill and Son, LTD., BÁC, 1944.
[35] 'Society and Settlement in the Valley of Glenasmole' in Dublin City and County: from Prehistory to Present, BÁC: Geography Publications, lch. 201, 1992.
[36] 1933 lch 4 Feasta.
[37] http://dublingaelic.blogspot.ie/ faighte 20/5/2016. Táim ag brath cuid mhór ar eolas a cuireadh ar fáil anseo don alt seo ach feictear dom go luíonn sé le ciall.
[38] "Nearly every field in this area has a name - but the pronunciation of the names may have got twisted in tradition. I give them as far as possible phonetically and would be glad of some explanation for some of them (some seem intelligent enough) (S. Ó. M.) Curt óg "far na tramps", grittor, gravale, ord, inch, Cricán, Corrach eal, The reisk, secáin, Sliabh na muan, put mór, Árd na Cruise, parchel, oil vogar, the corrig, lug 'a' púca, the Milleán, the red scar, the hilly inch", uimhir rolla 8927, Gleann an Smóil, Co. Bhaile Átha Cliath, 1/10/37 - 20/12/38; lch 13, oide: Sr. Ó Móráin.
[39] Ibid, lch 19.
[40] "Glen na Smól or Glenasmole. Glen of "the Black Patch" The black patch been (it is said) the black patch mark left on the ground after the old Poruidhean (Bóthar na Bruidhne) has been burned down... tobar na cluas... 
[41] Breatnach, RA., Gaedhilg Chontae Chill Choinnigh, 1939, Teuxsanna, An Feirmóir agus an Garsún Aimsire, mar shampla.
[42] O’Rahilly, Thomas, Irish Dialects Past and Present, IALBÁC, BÁC, 1972.
[43] Piatt, Donn S., Gaelic Dialect in East and Mid-Leinster, 1933, féinfhoilsithe.

No comments:

Post a Comment