Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Thursday 8 August 2024

Súile Gorma Tais le Braon (Blue Eyes Crying in the Rain - Willie Nelson) Mícheál Ó Flaithearta a d'aistrigh


Sa leathsholas ansin a chím í
Na súile gorma tais le braon
Nuair a phóg muid is nuair a scar muid
Bhí fhios 'am nach bhfeicfinn í aríst choíche.
 
Is ionann grá is smearóid spíonta
Níl fágthaí ach cuimhní ina dhiaidh
Cuimhneoidh mise tríd na blianta
Ar shúile gorma tais le braon.
 
Casfar ar a chéile aríst sinn, sílim
Is siúlfaidh muide taobh le taobh
I dtír nach eol an focal scarúint
Súile gorma tais le braon.

No comments:

Post a Comment