Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Friday 9 August 2024

SPLICED: Lúbadh na fuinseoige agus na hintinne (Léirmheas drámaíochta)

Dráma faoin iománaíocht é SPLICED. Cuireann sé scéal agus saol Timmy Creed i láthair. Iománaí óg as Corcaigh a dhéanamh iarracht barr a chumais a bhaint amach ar an bpáirc imeartha. De réir a chéile éiríonn leis agus ar feadh na mblianta fada ní bhuailtear iad i gcluiche craoibhe.

First Fortnight: Timmy Creed on Spliced and telling his GAA story 

Dráma faoin bhfearúlacht Éireannach é SPLICED. Déanann sé cur síos an duine ar an taobh istigh de shaol CLG na hÉireann. Léiríonn sé na buanna atá leis agus na míbhuntáistí ar fad a théann leis freisin. Saol a chruthaíonn daoine atá dírithe ar fad ar an spórt, ach díriú é sin a fhágann iad iomlán scartha óna gcuid mothúchán. Luaitear scéal captaen nach raibh in ann an focal 'grá' a rá fiú agus é ag aifreann pósta a chairde.

Seó ilmheáin suíomhbhunaithe i bpinniúir agus i hallaí liathróid láimhe é SPLICED atá le feiceáil fud fad na tíre. Chonaic mé féin é i bpinniúr CLG Na Fianna.



I seisiún ceisteanna agus freagraí i ndiaidh an tseó ba léir go raibh roinnt daoine a bhí tar éis freastal air ach nach raibh in ann dul i ngleic le lárphointe an dráma fós. Bhíodar ródhírithe ar fad ar an spórt agus ba dheacair dóibh féin an méid sin a aithint. Pléadh gnéithe éagsúla den scéal ann; an tslí a bhfuil an iomad béime ar an mbua, mar bhua amháin, agus go bhfágtar daoine gan forbairt iomlán mar dhaoine taobh amuigh den spórt. Tá an baol ann nach gcuirfí aon luach ar an duine nach gcabhraíonn leis an bhfoireann an bua a fháil.

Tuilleadh eolais faoin seó agus faoin drámadóir anseo: https://www.rte.ie/culture/2023/0104/1344644-first-fortnight-timmy-creed-on-spliced-and-telling-his-gaa-story/ 

 (Sean-léirmheas drámaíochta é seo nár fhoilsigh mé ag an am - chonac na blianta ó shin é, in 2019!)

No comments:

Post a Comment