Bhí sé ag dó na geirbe agam fáil amach ar chreid na daoine seo a ndúradh fúthu gur hechiceras iad, ar chreideadar féin go raibh sé sin fíor. Ní fhéadfaí ceist a chur orthu glan amach ós rud é go mbeadh a leithéid míbhéasach. Bhí ort dul timpeall air sa chaint. Tuigeadh dom tar éis go leor den chomhrá seachránach seo nach raibh aon bhean acu seo a cuireadh ina leith gur chailleacha iad ar an eolas go raibh aon chumhachtaí asarlaíochta acu, agus is cinnte nárbh eol dóibh go raibh ar a gcumas eitilt ag tráth éigin. Bhíodar ar fad tar éis a mheas gur duine eile a bhí sa chailleach. Tagann seo ar fad salach ar theoiric na hIníne Magaret Murray gur cultas réamhbheartaithe atá in asarlaíocht na caillí, comharba díreach ar adhradh na ndéithe págánacha agus iomaitheoir comhfhiosach na Críostaíochta. Ach a bhfuil aon bhunús leis an teoiric seo i bhfírinne? An tráth ba mhó gur creideadh san asarlaíocht ná an tráth a ndeintí na déithe páganacha a adhradh go hoscailte, rud is féidir le haon duine a léifidh An tAsal Órga le hApuleius a fheiceáil. Bhí piseoga eile againn, a bhí chomh suimiúil céanna a bheag nó a mhór. Mar shampla, creideadh go raibh bua ar leith ag an naoú páiste a rugtaí do bhean a raibh naonúr páiste ar bhuachaillí iad as a chéile, creideamh a bhí le fáil ar fud Andalucia.
Nuair a d'fhéach mé amach tríd an bpoll ollmhóir aeir a bhí os mo chomhair amach, bhí mé in ann spota beag bán a fheiceáil trí mo chianghloiní. Bhí sé naoi éigin míle uaim i líne dhíreach. Is éard a bhí ann ná feirm darbh ainm an Cortijo del Inglés agus is ann a bhí cónaí ar Shasanach, nó Albanach ba chirte a rá. Ar uairibh thug fear an phoist a chuid litreacha siúd dom trí dhearmad, agus chonac ansin gur Mac an t-Sagairt a bhí air. Is dócha gurbh é an t-aon Bhéarlóir seachas mé féin a bhí ina chónaí sna hAlpujarras - nó a chónaigh ann riamh is dócha. Aon tráthnóna den bhliain dá dtogróinn é d'fhéadfainn breathnú ar an bpúir dheataigh ag éirí in airde óna theach agus a d'fhógair don saol mór go raibh a dhinnéar curtha síos.
Mac an t-Sagairt = Gaeilge na hAlban.
Ní hamháin gurbh lárionaid don oideachas reiligiúnach a bhíodh sna scoileanna ardeaglaise ach b'acadaimh iad leis. Acadaimh ina bhfaigheadh mic léinn oideachas ginearálta sna healaíona, snaheolaíochtaí agus san fhealsúnacht, idir Chríostaí agus phágánach. Mar a tharla sna mainistreacha, d'fhoghlaim daoine le bheith deabhóideach, ar ndóigh, agus d'fhoghlaim chomh maith le staidéar a dhéanamh ar na scrioptúir agus grá a thabhairt do Dhia; ach áiteanna ina bhféadfaí foghlaim faoin saol mór a bhí sna scoileanna, leis.
Ní shin le rá gur ghá go mbíodh an clár acadúil iontu dian nó liobrálach; ó thráth go chéile bhíodar neamhchothrom, nó dogmach agus bhíodar ag brath go mór ar chaighdeán na máistrí iontu.
No comments:
Post a Comment