Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Sunday 28 December 2014

Fine Gall Hayes agus an Ghaeilge

(foilsíodh an t-alt seo sa bhliain 2010 sa College Tribune COBÁC i gcéaduair)
Tá Fine Gael tar éis fogha a thabhairt faoi theanga na Gaeilge. D’fhógair Brian Hayes go gcreideann a pháirtí go mba chóir go mbeadh an Ghaeilge roghnach tar éis an Teastais Shóisearaigh.  Is de bharr fianaise a thugann le fios go ndéanann 1,326 den 2,297 duine a fhaigheann díolúine ón Gaeilge staidéar ar theanga éigin eile a tháinig seo chun cinn, agus polasaí atá ag an bpáirtí le tamall maith de bhlianta anois.
Is aisteach an cur chuige seo áfach agus ní gá é a chíoradh go rómhion le tuiscint go bhfuil loighic na tuairimíochta seo gan bhunús ar fad. Is é ata á rá acu ná de bharr go bhfuil teipthe ar mhúineadh na Gaeilge, dar leo, agus go bhfuil roinnt daoine ag éalú ó fhoghlaim an ábhair, ba chóir an t-ábhar a dhéanamh roghnach. Ach nach gciallódh sin go ndéanfadh dream níos lú staidéar uirthi? a deir Séamas Saoránach. Bhuel de réir an taighde idirnáisiúnta, an t-aon toradh a bheadh air ná go mbeadh titim shuntasach i líon na ndaoine a bheadh ag foghlaim na teanga. Ainneoin seo tá Fine Gael diongbháilte air.
Léirítear baol an bheartais atá pleanáilte go follasach sna tíortha a ghlac an cinneadh seo cheana. I Sasana bhíodh 88% den daonra scoile ag déanamh staidéir ar theanga éigin sa bhliain 2001 ach sa bhliain 2004 tugadh rogha do na scoláirí. Faoi 2008 ba léir torthaí an chinnidh úd, gan aon teanga idir lámha ag 56% de na scoláirí.
Más rud é go bhfuil Fine Gael go mór i gcoinne na teanga cén fáth nach bhfuil siad sásta é seo a rá go neamhbhalbh? Seans maith go bhfuil siad ina coinne agus go gceapann siad go dtuillfidh a leithéid seo de bheart vótaí dóibh ón lucht frithGhaeilge. Áfach ní dócha gur dream iontach mór é seo a vótálfadh ar an mbonn sin amháin agus is cinnte go bhfuil dream éigin, chomh mór céanna is dócha, a chuirfidh i gcoinne Fhine Gael ar an mbonn céanna.
Tá an baol ann go mbeidh Fine Gael i gcumhacht agus go dtacóidh Páirtí an Lucht Oibre leo faoi bhrú. Ach an rud is baolaí ar fad ná go dtacódh Páirtí an Lucht Oibre leis an mbeartas ó bhun.
Deir Hayes, ar urlabhraí Fhine Gael i dtaobh chúrsaí oideachais agus eolaíochta é, go bhfuil thar am a aithint gur chóir go mbeadh an rogha ag duine ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh ó thaobh na Gaeilge. Ní luaitear aon cheo faoin mBéarla nó faoin Mata, ábhar eile a bhfuil ceisteanna ann ina thaobh toisc easpa suime nó caighdeáin a cuireadh ina leith ar na mallaibh. Rud eisceachtúil is ea an Ghaeilge áfach. Teanga í a bhfuil maitheas ann inti féin, beag beann ar chúinsí fostaíochta, ach aithnítear leis gur mó go mór an seans atá ag duine post a fháil má tá an Ghaeilge acu ná a mhalairt.
Ní fhéadfainn tír ar bith eile a mbeadh féinmheas is féinurraim acu ag dul ar an mbóthar seo. Má tá lochtanna ar mhúineadh na teanga ceartaigh iad, ach bímis cáiréiseach leo. Dealraíonn sé gur beartas frithGhaeilge é seo ó Fhine Gael nár caitheadh mórán ama á roghnú, gnáthnós imeachta an pháirtí i leith pholasaithe nua, cheapfá. Dúnghaois gan dealramh é dóibh siúd a thugann aird ar bhrí ár mBunreachta is polasaithe an stáit ó gur bunaíodh é.


No comments:

Post a Comment