Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Monday 29 September 2014

N11- splanc-chuimhneamh

Thurlaing luath den bhus le beirt chara, deartháireacha, is muid ag dul ar scoil
ar an N11, bhí rud eigin le taispeáint ag an gceann ba shine dúinn, dúirt sé,
seanfhoirgneamh BSL, réidh le díol, folamh le míonna.
bhí an féar ard agus sceacha ag fás as na boscaí plandaí
chuaigh isteach faoi ghliondar-uafás
graifítí dearg agus cáirpéid fhliucha
sluaghairmeacha gáirsiúla smeartha ar na ballaí,
an troscán imithe paistí glana ar an mbrat
scáileáin bhriste sa chúinne, corrchathaoir cionn-os-bun
agus na tincéirí tosaithe ar na sreanganna copair a bhaint ón síleáil
thóg sé rud éigin trom agus chaith le fuinneog é, ceann acu nach raibh briste
bhí taitneamh sa bhriseadh sin
phiocamar beirt cloch nó leathbhríce is chaith le fuinneog
is le fuinneog sa díon
smidiríní calláin agus ciúnas
ar an mbealach amach dúinn
gan aird orm ar shiúl mo chos
shleamhnaigh cos léi isteach in umar marbhuisce ag tairseach an dorais
donnuisce bréan lofa
suas go rúitín leis
chauigh ar ais leis an mbus a fháil im aonar
d'fhan an bhróg shlacah liom feadh an lae agus an boladh bréan ag sníom aníos chugam
tógadh bloc mór árasán ar an suíomh cúpla bliain ina dhiaidh sin
'fine living' a thug siad air is pictiúir de chraobhóga asparagais
tá cuid acu fós gan díol 

No comments:

Post a Comment