Monday, 29 September 2014

An Ghréig, splancfhicsean

Chuaigh ag rith sa Ghréig ón mbád sa chaladhphort i dteas mór an iarnóin, mé ag bárcadh allais sular shroich mé na seanbháid ag seasamh ar éigean ar a gcuid cosa talaimh
báid na gcosa fada tanaí ag fanacht le go gcuirfeadh saor bád groí éigin deis orthu bhí na creatlacha ag fanacht go gclúdofaí iad agus cinn eile le díol
rith mé síos feadh an chalaidh is chonac na fógraí móra
ag cur de fhainic orm gan tobac a chaitheamh
ós rud é gur stáisiún peitril do na báid a bhí ann
bhí an t-aer tiubh leis an artola, é meisciúil
lean thart faoin gcaladh go bhfaca seanchreatlach foirgnimh
timpeallaithe ag sceacha is mion-chrainn
óstán nár tógadh, colúin agus urláir agus staighrí coincréide
liath ar fad, agus íoslach oscailte faoi lán le miodamas plaisteach an tsaoil
chuaigh isteach ann le radharc a fháil ar an gceantar
suas liom na staighrí gan taobh
bhí an áit mar a bheadh teach cártaí agus beagán eagla orm go dtitfeadh
shamhlaigh mé an plean a bhí ann don áit
agus an rath a d'imigh
suas liom staighre eile go dtí an triú hurlár
cac sa chúinne, seantinte; ciorcail dhubha anseo is ansiúd
ar an tríú hurlár thánag air
buachaill sna déaga luatha cheapfainn rothar aige, é ag luí in aice leis é suite ar chairtchlár
cuma fhiosrach air;
bhí mé tar éis baint siar uaidh ní cuimhin liom anois an raibh drugaí leis ar fáth éigin samhlaím go raibh sé ar scoil tearmann olc aige an áit seo, is go raibh se ag fanacht ar dhuine teacht ann ní fheadar rith mé leis timepall an bhaile na turasóirí Sasanacha ag déanamh iontais dem éadan corcairdhearg faoin úr gur shroich mé an bad arís bhí salannn mo chuid allais do mo phianadh tríom chraiceann ag titim leis isteach sna súile agam agus níor fhéad mé a ghlanadh

No comments:

Post a Comment