is beidh blas aisteach
ar ár leasainmneacha
óga
is reicfear iad i
séipéal an mhairbh
níos faide anonn
ná cuirtear mise
i gcré na cille
fuaróidh m'ainm
m'anam (nó pé rud é)
leo
agus séidfidh gaoth na gcianta
móilíní is adaimh mo choirp
ó
chéile
No comments:
Post a Comment