Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday 3 July 2018

Rogha sceitsí Bealtaine 2016

(Táimid chun seansceitsí de chuid Raidió Ráiméis a fhoilsiú anseo. Seans go gcuirfear suim iontu nó gur féidir úsáid éigin a bhaint astu. Is féidir gur craoladh leaganacha de na sceitsí seo ar Raidió na Life nó ar Raidió na Gaeltachta cheana)


Gaeilge Amháin 2 nóiméad

BÁC: Is breá liom Gaeilge Amháin, tá 7,000 cara nua agam, is breá liom Facebook!

Conamara: Gabh mo leithscéal is “Aghaidhleabhar” atá air!

Tír Chonaill: Seo pictiúr díomsa agus mo mhadra Bran is a bhreithlá atá ann, tá Gaeilge líofa aige, labhraíonn sé le blas Thír Chonaill seachas woof, woof deir sé woof, faoi dtaobh de woof, woof.

Meiriceá: Cén focal Gaeilge is fearr libh?

Corcaigh: Is breá liom féin an focal óinseach!

Meiriceá: Iontach! Táim chun tatú de a fháil ar m’aghaidh!

BÁC THEAS: Uh féach rinne mo shiopa áitiúil iarracht Gaeilge a chur ar na comharthaí agus d’fhág siad fada ar lár - uh na hAMADÁIN!!!!

Gaelú: Cuireann an Hi guys, focal garáiste isteach orm, céard faoi “leaba gluaisteáin?”

Na Déise: B’fhearr liom féin “bothánín carranna” do bheadh sé sin níos Gaelaí.

BÁC: thuaidh: Cén Ghaeilge atá ar 'easily accessible online dictionary'?

BF: An bhfuil éinne ag iarraidh cabhrú liom cathair lán-Ghaeilge utóipiach a bhunú amárach?

Meiriceá: Dia duit is mise Murphy McShane as Meiriceá agus ceapaim gur Éireannach mé mar go líonann sé folús i mo shaol, agus i mo chroí!

Páiste BHÁC: Ta clár agam ar Rnalife anocht, agallamh ar fhear an phoist, beimid ag caint faoi litreacha agus pacaistí.

Conamara: Uh- agus dhiúltaigh an freastalaí Gaeilge a labhairt liom.nné rinne sa siopa Is fuath liom na Fraincigh.

BF: Tá Iosrael ag scrios na Palaistíne

D4: Is na Palastínigh atá á marú!

Corcaigh: Cén fáth go bhfuil daoine ag troid leaids?

BF: Ach nach iontach go bhfuilimid á dhéanamh sa Ghaeilge!

Ciarraí: Ciarraí: Ba chóir TG Lurgan a chur chuig an Eurovision. An bhfaca sibh an físeán is déanaí uathu Ghlac mé Pill i Tí Josie/ ?

Gnáth: Hi a chairde, bhunaigh mé ciorcal comhrá i mBotswana. Beimid ag bualadh ag 7 anocht ag Cearnóg Morúbísí, díreach ós comhair Supermacs.



Ardteist go luath! - An Institiúid Staidéir thar a bheith Strusmhar
An bhfuil tú féin nó éinne a bhfuil aithne agat orthu sa séú bliain ar scoil?

Mol an óige agus tiocfaidh sí...
Eh yeah right! Ní hé sin mar a oibríonn an saol!
Cuimhnigh go bhfuil an ardteist ag teacht!
Mura n-éiríonn go maith leat san ardteist teipfidh ort sa saol!
80% de dhaoine a dteipeann orthu san ardteist faigheann siad bás taobh istigh de 3 uair a chloig - Ach ní thuigfeadh tusa é sin mar go bhfuil tú uafásach ag matamatic!!
Mura bhfaigheann tú níos mó ná ceithre chéad pointe, an féidir le daoine grá a bheith agat duit ariamh arís? Ní dócha é!
Mar sin tar chugainn ag “An Scoil Staidéir thar a bheith Strusmhar” áit a mbeidh scrúduithe cleachtaidh, strus, foghlaim, brú millteanach, múinteoirí maithe, caidreamh mísláintiúil le hobair agus an saol, agus obair leis na hiarpháipéir le
marcanna maithe a fháil!

Agus cuimhnigh níl aon sport, ceol, drámaíocht, nó taitneamh sa scoil, mar sin is féidir díriú go hiomlán ar an strus!
An Institiúid Staidéir thar a bheith Strusmhar - ag cur daltaí faoi strus ó 1990

Forógra na Cásca dá dtarlódh sé sa lá atá inniu ann
[ceol Éireannach traid]
Dá scríofaí Forógra na Cásca sa lá atá inniu ann…
Duine: Coinnigh ort a Phiarsaigh!
PmacP: Óicé, tosóidh mé, “A fheara na hÉireann, In ainm Dé agus in ainm na nglún a..
Duine: Woah, woah, woah, a Phádrag, cad faoi na mná?
PmacP: Óice, a fheara agus a mhná na hÉireann, in ainm Dé agus in ainm na nglún a chuaigh...
Duine: Gabh mo leithscéal tá sé sin ag déanamh leithcheal ar dhaoine nach nglacann le sainmhíniú teorannta inscne, mothaím faoi sceimhle anseo cheapas go raibh áit shábhailte í seo?
PmacP: Tá go maith, breathnóidh mé air arís..
níos déanaí
PmacP: Tá go maith, a fheara agus a mhná agus a dhaoine nach gcomhlíonann na rudaí sin agus lucht LGBTQ+ agus eile agus daoine de gach tír agus cumas agus cumais eile ar domhan agus gach grúpa mionlach na hÉireann, in ainm Dé agus búda, agus Jeohvah agus Allah agus in ainm na nglún a chuaigh… sin an teorainn don méid carachtar
Cnag
Duine: Á shit tá na Sasanaigh anseo…


Foras na Gaeilge ar Dragons Den
Ferdia: Dia dhaoibh dragons, is mise Ferdia agus tá comhlacht agam darbh ainm a Foras na Gaeilge. An plean ná an Ghaeilge a athréimniú mar phríomhtheanga na tíre le ciorcail chomhrá agus Tráthanna Ceist. Agus dragons tá mé ag iarraidh infheistiú de €150 míle do 15% den Ghaeilge. Na focail ó ‘s’ ar aghaidh.
Gavin: Hi Ferbie, is mise Gavin, bhí cúpla ceist agam, cén fhianaise atá agaibh go gcuireann ciorcail chomhrá an Ghaeilge chun cinn?
Ferdia: Fianaise, bhfuil fianaise...táimid chun coiste a bhunú leis an gceist sin a phlé.
Gavin: Tá brón orm, tá mise amuigh Ferbie.
Dragon 2Meiriceá:: Hi Ferbie is mise an Dragon Meiriceánach, is mise an t-aon duine a bhfuil airgead aige, abair liom cé mhéid tomhaltóirí atá agaibh?
Ferdie: An margadh atá againn ná an 1.7 milliún duine a bhfuil Gaeilge acu.
Dragún 2 Meiriceá: Go maith, is maith liom é, só maidir le cúrsaí airgid cé mhéad brabúis atá tuillte agaibh go dtí seo?
Ferdia: Ó bhí teacht isteach de €15 milliún againn anuraidh, agus chaitheamar 15 milliún. Sin brabús de náid, agus i mbliana bhí teacht isteach agus caiteachas de €13 milliún, sin brabús de náid, ach tá súil againn é sin a mhéadú 25% an bhliain seo chugainn, go dtí
náid.
RnaHÉ: Wow seo iontach, gabh mo leithscéal is mise an dope dragon, níl aon eolas eile uaim, táim ag iarraidh infheistiú 100% a dhéanamh.
Ferdia: Wow, sin nuacht iontach, cé tusa?
Is mise Rialtas na hÉireann. sure
Dá mba rud é go raibh tú faoi scrúdú béil...
Múinteoir: Sin iontach Mark, tá tú tar éis labhairt faoin tsaoire a bhí agat an samhradh seo caite, faoi na pleananna atá agat don ollscoil an bhliain seo chugainn, ceist amháin eile anois, céard a dhéanfá dá mbuafá an crannchur náisiúnta?
Mark: ehhhh dá mbuafá… eh eh actually, bhuaigh mé an crannchur náisiúnta an bhliain seo caite!
Múinteoir: Bhuaigh tú an crannchur náisiúnta Mark?
Mark: Ya bhí sé go hiontach cheannaigh mé gluaisteán agus teach agus…. réitigh mé fadhb na ndrugaí in Éirinn. Is fadhb uafásach é fadhb na ndrugaí in Éirinn agus níl an rialtas…
Agallóir: Ceart go leor, ceart go leor stop, cad a dhéanfá dá mbuafá an crannchur náisiúnta arís Mark?
Mark: Ah ní bhuafaidh, ní imrím a thuilleadh é, sure tá loadsa airgid agam.

Múinteoir: (ag éirí dúdóite) Ceart go leor, ceist EILE. Cad a dhéanfá dá mbeifeá i do Thaoiseach??
Mark: Mark: Tá bron orm is ball de Pháirtí an Lucht oibre mé.



Feachtas tábhachtach Seachtain an Bhéarla.

Bain trial as ar scoil.

At school!
Bain triail as i d’áit oibre. Work place!
Ní fada go dtitfidh tú i ngrá leis!

Use your proverbs - Many hands make light work
Is dócha go bhfuil níos mó Béarla agat ná mar a cheapann tú! Raibh fhios agat gur focal Béarla é bicycle? Agus happy sa bhfrása ‘tá mé an-happy.’

Iontach, can I go to the toilet.
Glac páirt i conversation circle, nó téigh ag breathnú ar Eastenders. Its soo eazy!
Seachtain an Bhéarla!
Hearts of language is tusa atá ann!

A bird in the hand is worth two in the bush



Bord Fáilte BÁC mar atá
[ceol Molly Malone] agus [ceol fair city]
Seo fógra ar son Bord Fáilte do BHÁC
Duine breá sásta: Tar go BÁC áit a gcasfaidh tú le daoine áitiúla!
Scabhtéir: Céard sa bhfoc a bhfuil tusa ag breathnú air?
Duine breá sásta: Foghlaim roinnt nathanna cainte áitiúla:
Scabhtéir: uruuughhg
Le córas iompair den chéad scoth! I gceann roinnt blianta b’fhéidir.
Glac páirt sa chultúr áitiúil! Maraigh duine éigin de dhrong Kinahan, nó mura féidir leat duine acu sin a fháil, aon duine amuigh ar na sráideanna! Is cuma leis an gardaí!
BÁC príomhchathair na hÉireann agus na Heroin.
Tá an fógra seo dírithe ar Mheiriceánaigh shaibhre, níl fáilte roimh boggers.


Smaoineamh an lae
Bhfuil fhios agat nuair atá tú sa scuaine san aerfort agus leagann tú do lámh ar do phóca agus síleann tú go bhfuil do phas caillte agat?
Sin é, smaoineamh an lae…


(seo thíos roinnt abairtí breise don chéad sceitse thuas)


Ha féach ar an tweet seo a sheol z list celeb as Meiriceá dúirt sé “Sláinte” iontach

An Ghaeilge abú, “tweet” iontach!

Nach bhfeadfadh sibh ‘giolc’ a abair?

Níl sé ceart ‘abair’ a rá.

Níl cead againn bheith ag ceartú daoine anseo ar GA

Féach ar an bpóstaer seo ta Gaeilge air agus tá sé mícheart, nílim sásta ach nílim chun an rud a dhéanamh faoi seachas é a roinnt libh anseo.

An bhfaca sibh an t-amhran seo ó avici i nGaeilge a cuireadh suas dhá bhliain ó shin?

An cuimhin libh glas vegas ar TG4 bhí sé sin iontach!

Cén Ghaeilge atá ar 'easily searchable online dictionary'? Tá deacracht agam teacht air.
Tá an Ghaeltacht ag fáil bháis! :-(

An bhfuil éinne ag iarraidh cabhrú liom cathair lán-Ghaeilge utóipiach a bhunú amárach?

An bhfuil aon duine raybans a cheannach, ag iarraidh?

Dia duit is Mise Tyler McShane, Is as Meiriceá mé agus ceapaim gur Éireannach mé!

Seo 300 pictiúr ó mo shaoire ag breathnú ar charrigeacha na hÉireann #IsBreáLiomCarraigeacha

Is mé Frederico, ón Espagne, an bhfuil tú chun a bheith cairdeas a chur ionam liom?

An focal is fearr liomsa ná ‘suaimhneas’

Seo picitúr de mo pásití tabhair likes dó.

Is taighdeoir mé le TG4, an ndéanfaidh duine éigin mo phost dom agus daoine a fháil do mo phost seol chugam iad, grmíle

Seo alt ó Tuairisc.ie, oibrím le Tuairisc.ie

Féach rinne mé pictiúr, mise sa nip le fáinne Gaeilge orm.

Tá facebook go hiontach!

Gabh mo leithscéal aghaidhleabhar.

No comments:

Post a Comment