Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday 3 July 2018

Raidió Ráiméis eip 2 RnaG

(Táimid chun seansceitsí de chuid Raidió Ráiméis a fhoilsiú anseo. Seans go gcuirfear suim iontu nó gur féidir úsáid éigin a bhaint astu. Is féidir gur craoladh leaganacha de na sceitsí seo ar Raidió na Life nó ar Raidió na Gaeltachta cheana)

Seo Mick McCarthy agus tá sibh ag éisteacht le Daithí agus Daithí ar Raidió Ráiméis.
Daithí agus Daithí
E: Fáilte ar ais go dtí Daithí agus Daithí!
A: Agus tá comórtas eile againn
E: Chun an dara clár mór againn a cheiliúradh
A: Eh… an dó mór!
E: Tá turas go Santa Ponza le buachan!
A: Cé hé nó hí an glór mistéireach anseo?
‘Seo Blathnaid anseo’ (fíorghlór Bláthnaid)
E: Óhh ceann deacair, seolaigí téacs isteach!
A: Seol téacs!

Laldi
[Ceol d’fhógra Ollmhargaidh]
Roghnaigh Lildi, d’ollmhargadh Eireannach (Gearmánach) áitiúil
Tar don lascaine speisialta ar angle grinders agus fan do na scuainí!
Má chuireann sé isteach ort má ghlacann an duine os do chomhair níos ó na 1.5 soic
ag pacáil a malaí ná bí buartha, is féidir linn na daoine sin a mharú duit.
(Schnell, schnell!)
Aimsigh na brandaí ar fad a thaitníonn leat! Flakeycorns, Walken’s Crisps, Cacchóla,
11up, Sunny B, Brendan’s Tea, Mr.Muscular, Red Bullock, Ballydehob Relish
Agus díreach don tseachtain seo tá láscaine speisialta ar metal detectors. Ní
úsáidfidh tú riamh é, ach tá sé an-saor!
Agus! Beidh tú ag tacú le postanna Éireannacha ag d’ollmhargadh Éireannach

Gearmánach áitúil.
Téarmaí agus Coinníollacha ag baint leis an tairscint. Alles Geld wird direkt nach
Angela Merkel geschickt

RTE ag plé a gcuid moltaí Gaeilge 50 soic
A: Óicé leaids, tá an plean nua RTE don Ghaeilge le seoladh, tá 93 moladh againn. CAITHFIMID dul go 100.
E: Em, cad faoi Ryan Tubridy ag caitheamh t-léine glas?
A: Nó, nó tá sé sin ar an liosta cheana
E: Ó, tá sé agam, cad faoi chur isteach ar rithim chlár Ray Darcy?
A: Em, déanaimid sin cheana
E:Cad faoi níos mo hair gel i ngruaig Eoghan McDiarmada?
A: Nó nó bheadh orainn cead pleanala a fháil ag an bpointe sin….   

A: Óicé níl éinne ag fágáil dtí go sroichfimid 100, is féidir linn seo a dhéanamh, CAITHFIMID 100 a shroichint.
[FADE AMACH]
[FUAIM: fuaimeanna preasócáide sa chúlra]
Rónán: Tá an-áthas orm an 93 beartas Gaeilge seo a fhógairt agus anois déanfaidh Ryan Tubridy agus Eoghan Mac Diarmada damhsa gaelach i rith chlár Ray Darcy.


GPS Gaelach 90 soic)
(tiomáint, báisteach, whippers sa chúlra)
Eoin: táimid iomlán caillte, beimid déanach don chluiche mór, bhfuil gps nó aon rud agat?
Andy: Tá an rud seo agam… rud nua, GPS gaelach?
Eoin: Cuir ar siúl é.
(didylbíp)
Andy: Tabhair muid chuig Páirc an Chrócaigh.
Tríú duine: (glór Mícheál UÍ Mhuircheartaigh) Is cuimhin liom Ciarraí ag imirt ann 1949, lá fuar samhraidh a bhí ann, bhí 450,000 duine ag an gcluiche, agus 2 bhilliún ag éisteacht sa bhaile ar an réidio
Eoin: Níl se sin cabhrach, an féidir an chanúint a athrú?
Andy: Ya brúfaidh mé an cnaipe seo le canúint a athrú.
Tríú duine(glór Chonamara) Céard é an chraic leaids? Cá bhfuil sib ag driveáil?
Andy: Páirc an Chrócaigh
Tríú duine: Bhuel dhá mbeinn a’ dhul ansin ní thosíonn uaidh seo, ach má théann tú siar i dtreo lavins, chas Micheal Phadaí Uí Conghaile ansin siar an bealach agus tabharfaidh sin thú back chuig an main road a mbíodh an garda ag díol an phoitín ann bhfuil fhios a’t?
Eoin: Ah canúint eile!
Tríú duine (glór BHÁC) eh Páirc an Chrócaigh? An bhfuil sibh ag iarraidh ticéad a cheannach? Hats, scarves and headbands!
Eoin: Athraigh é!
Andy: An bhfuil fhios agat cá bhfuil Páirc an Chrócaigh?
Tríú duine (glór Bhéal Féirste crua) Níl mise ag dul freagairt ceisteanna go dtí go labhraím le mo dhlíodóir.
Eoin: Athraigh!
Tríú duine (glór ríomhartha Meiriceánach) Tá cead amháin eile agat canúint a athrú.
Féachann Eoin agus Andy ar a chéile
Eoin: Oh jesus, Óice, seo hé, Páirc an Chrócaigh.
Iontach galánta maith, caidé a bhfuil sibh ag iarraidh eolas a fháil fá dtaobh de Bhaile Cliath?
Eoin agus Andy: ah f----(didylbíp)/nó díreach isteach sa chéad radharc eile.

Daithí agus Daithí
E: Agus tá duine éigin tar éis glaoch orainn don chomórtas!
A: Tá mé sásta!
E: Iontach smaointeach!
A: Sásta... páiste?
E:Cé atá linn ar an líne?
A: Pat
E: Pat ó cén áit?
A: BAC
E: Ok, Pat, ó Mhaigh Eo, céard é an glór mistéireach?
(Seinn an glór aris)
A: Em, an Blathnaid Ní Chofaigh atá an?
E:Mícheart, is John Creedon a bhí ann,(A: Eh what? Is Bláthnaid Ní Chofaigh atá ann!) ceann deacair a bhí ansin! Tá brón orm Pat as Maigh Eo níor bhuaigh tú an duais.
A: Yay Daithí beidh orainn dul ar an turas sin go Santa Ponza muid fhéin Daithí!
Yay!

No comments:

Post a Comment