Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Tuesday 31 July 2018

Eip 7 RnaG Raidió Ráiméis

(Táimid chun seansceitsí de chuid Raidió Ráiméis a fhoilsiú anseo. Seans go gcuirfear suim iontu nó gur féidir úsáid éigin a bhaint astu. Is féidir gur craoladh leaganacha de na sceitsí seo ar Raidió na Life nó ar Raidió na Gaeltachta cheana)

 

Daithí agus Daithí: 45 soic

E: Fáilte ar ais go Daithí agus Daithí:
A: Ná déanaigí dearmad faoinár mórchomórtas Serial Killer Raidió Ráiméis, tá €5,000 le buachan!
E: Cé atá chun Serial Killer Raidió Ráiméis a aimsiú?
A: Daithí cad iad na leideanna go dtí seo?
E: Tá sé thart ar 5 throithe 9, gruaig dhorcha air agus tá tracksuit gorm nó dúghorm á chaitheamh aige.
A: Iontach agus abair céard is cóir déanamh má fheiceann sibh é!
E: Cuimhnígí, ná téigí suas chuige má tá sé foréigneach agus an-dainséarach.
sting: dddddáinséarach.
A: Tá sé tar éis seachtar a mharú go dtí seo!
sting: bbbbrúidiúil!
E: Glaoigí ar uimhir rúnda na ngardaí agus tabharfaidh na gardaí an duais mhór
daoibh!
 
Rugbaí 50

Tá sé seo dochreidte ar fad ar fad, cluiche ceannais rugbaí an domhain. Éire, a tháinig anseo tríd an gcúl-doras 2 phointe taobh thiar den Nua Shéalainn agus nóiméad fágtha.

Seo anois imirt dheiridh an chluiche, agus ní chreidim é, tá Paul O’Connell ag teacht ar an bpáirc i gcathaoir rotha agus fan soic, cé hé seo, Ronan O’Gara! Éire ar an ionsaí. Ní raibh éinne ag súil leis seo, 30 soicind ar an gclog, Éire ag dul chun cinn, agus titeann O’Gara isteach sa phóca. An féidir leis dropchúl a fháil chun corn an domhain a bhuachaint?! Seo hé, O’Gara!!

agus glacaimid sos beag fógraíochta Tv3


Is maith an t-anlann an tOcras 30 soic

Anlann álainn, an t-anlann is fearr, téann sé le gach rud!
Ocras - Déan cócaráil éasca le Ocras!
bean tí: “Thosaigh mise ag úsáid Ocras, anois tá sé ar nós go bhfuil grá ag mo pháistí dom arís!”
(Pic heinz athraithe go Ocras)
Canta: Is maith an t-anlann an tOcras
Ordaigh Ocras anois agus faigh paicéad ‘Beagán’ saor in aisce.
Bíonn blas ar an mbeagán!
Canta: Is maith an t-anlann an tOcras

Tuairisc speisialta: An Geata 80 soic
Eibhlín Ní Choisteala: Bhí conspóid i Ros na Mara inniu, áit ar osclaíodh geata nua. Linn ar an bhfón tá an comhairleoir áitiúil, Máire Ní Dhonncha, a Mháire céard é do mheas faoi ngeata seo?
Máire: Lá iontach é seo do Ros na Mara fhéin, dhon tír ar fad. Déanfaidh an geata an-difear, is féidir le muintir na háite é a oscailt agus é a dhúnadh. Ba mhaith liom tréaslú leis an gcoiste ar fad agus leis an bhfochoiste péinte a dhein scoth na hoibre. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an sagart a tháinig leis an ngeata a oscailt go hoifigiúil, agus fér plé dhó, dhún sé ina dhiaidh é. Go hoifigiúil.
Agallóir: Ach níl gach éinne sásta leis an ngeata tá Diarmuid Ó hEalaí, crank áitiúil, liom ar an líne, a Dhiarmuid níl tú sásta leis an ngeata?
Diarmuid: Níl mé pioc sásta, ní maith liom an geata, ní fheicim aon chall leis. Seo PC gone
mad a Eibhlín. Seo polasaithe Bhleá Cliath á mbrú orainne, ní raibh geata ann agus muid
óg ach bhíomar sásta. Tosaíonn an scéal le geata an chéad rud eile beidh gach éinne ag
díol hearóin leis na gasúir. Eibhlín an é sin atá uathu? Hearóin agus striapachas agus facebook.
Agallóir: Eh, grma a Dhiarmuid. Má theastaíonn tuilleadh eolais uaib, agus an scéal ag titim amach beo leanaigí muid ar an gcóras giolcaireachta áit a mbeidh muid ag tweetáil leis an haischlib #geataGate.

(geata ag dúnadh)

Daithí agus Daithí: 50

D: Fáilte ar ais chuig Daithí agus Daithí!

D: Tá duine ar an líne anois atá ar thóir serial killer raidió ráiméis chun €5,000 a bhuachaint. Cé atá ar an líne?
Glaoiteoir:  [FUAIM: guth “Saw”] (análú trom) An bhfuil sibh ag iarraidh cluiche a imirt?

D: haha ehhhmm (neirbhíseach) táimid ag imirt cluiche! An bhfuil tú tar éis serial killer Raidió Ráiméis a aimsiú?!
G: [FUAIM: guth “scream”] An maith libh scannáin uafáis?
D: ha ha tá tusa greannmhar! Cá bhfuil tú?

G: Cá bhfuil sibhse?
D: Táimid ag Raidió Ráiméis Towers, 27 Sráid Pharnell, Baile Atha…

D: Daithí STOP!

[FUAIM: Guthán crochta]

D: Daithí, is amadán thú! Ní iomaitheoir sa mhórchomortas a bhí ansin, b’shin Serial Killer Raidió Ráiméis!!! Agus anois… tá sé… ag teacht chugainn….

Guthú: Faigh amach céard a tharlaíonn le Daithí agus Daithí an Satharn seo chugainn, oíche Shamhna mwah hah hah hah hah




 

No comments:

Post a Comment