Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Monday 2 July 2018

Raidió Ráiméis eip 3 RnaL

(Táimid chun seansceitsí de chuid Raidió Ráiméis a fhoilsiú anseo. Seans go gcuirfear suim iontu nó gur féidir úsáid éigin a bhaint astu. Is féidir gur craoladh leaganacha de na sceitsí seo ar Raidió na Life nó ar Raidió na Gaeltachta cheana)


Raidió Ráiméis

Andy: (ag caoineadh) ní bhfuaireamar téacs ó 1999,

EoinL: Ach táimid beo ar an aer, le Daithí agus Daithí!

Andy: (caoineadh.)
Eoin: Ar aon nós tá comórtas againn!
Andy: Comórtas!
Eoin/Andy: YAY!
Eoin An duais an tseachtain seo ná €450!
Andy: rollover! agus tabharfaidh mé mo phasfhocal do netflix daoibh ar feadh seachtaine!
Eoin: Céard é an fhuaim seo?
Fuaim: móó
Agus anois na fógraí báis - an bhfuil tusa ag iarraidh bás a fháil, bhuel don tseachtain
seo dhá bhás ar phraghas aon bhás amháin, sin dhá bhás ar phraghas aon bhás
Amháin,
wow
ach nuair a bheidh siad beidh siad imithe, beidh siad imithe.

ní bheidh níos mó bás
Ach fan, tá tuilleadh, má cheannaíonn tú é anois, gheobhaidh tú scian a ghearrann oráiste i gciorcal foirfe!
Micky Mattresses sladmhargadh ar mire!
Fógra: Seán, ar chuala tú go bhfuil lascaine 50% ar thochta dara láimh i Micky Mattresses? A Phóil, níor chuala mé go bhfuil láscaine 50% ar thochta dara láimh i Micky Mattresses. A Sheáin, well, tá láscaine 50% ar thochta dara láimh i Mickey Mattresses.
(voiceover: téarmaí agus coinníollacha ag baint leis an tairscint seo. Mar shampla, níl aon lascaine 50% ar thochta dara láimh)

An tÓstán:

[Cloigín i gcóir seirbhíse]

Fáilteoir: Hello agus fáilte chuig
Óstán Suaimhneas! Conas gur féidir liom cabhrú leat?

Custamaer: Ba mhaith liom seiceáil
isteach le do thoil.

F: Iontach, anseo in Óstán Suaimhneas, tá seiceáil isteach chomh simplí le 1,2, 5. Seo duit
d’eochairchártaí leictreonacha. Oibríonn Jack, Queen nó King nó 3 chuileata as
a chéile.

grma

, chun an chith a thosú, tarraing an lámh amach, suas 45 céim go dtí go gcloiseann tú click, ansin seas siar agus cuir do lámha in airde

Chun an chith a mhúchadh, ní gá ach an fhuinneog a oscailt, an madra a ligean isteach agus cúpla briosca a thabhairt dó.

C: eeeeemmm ar fheabhas go raibh maith agat, cad faoin idirlíon?

Cód an wifi ná 786501ERFQ underscore delta YZ8 P beag P mór P meánach smileyface.

grma

F: Oh ba bheag nach ndearna mé
dearmad, seo duit do sheacláid saor in aisce. Ná ith é.

Gaelchairde (Líne ghnéis)

Eoin: Gaelchairde. Tá gaelcháilíní agus gaelbhuachaillí ag fanacht ar líne le labhairt leatsa.

Andy: briathra, Peig. TG Lurgan, Hector,(níl Hector cúl a thuilleadh) Avici(níl/ aon bhaint aige sin le Gaeilge. Cad a dhéanfá dá mbuafá an crannchur náisiúnta?

Andy: An bhfuil an tuiseal ginideach ro-éasca duit, cuir aidiacht eile leis.

Seanfhear: Ab é sin Gaelchairde? Cad tá á chaitheamh agat?

Duine óg: Ya seo gaelchairde, briste agus tleine a deir ní bheidh mo leithéid ann arís.
Seanfhear: M’anam anois nach gosnóidh sin thú ón aimsir
Duine óg: Ó gaelchara, nach tú atá greannmhar!

gaelchairde, tá gaeilgeoirí ag fanacht ar líne ortsa anois, 1850 696969669 peig

Raidió Ráiméis

Ar ais linn le Daithí agus Daithí ar Raidió Ráiméis
Andy: Comórtas!
Eoin: Comórtas!
Céard é an fhuaim seo? móó
Glaotóir óg: an bó atá ann!
Daithí: Nó! Ní bó atá ann!
Glaotóir: céard é an scéal(gearradh as)
Daithí: mar sin tá an €450 agus cuntas netflx daithí sábháilte do sheachtain eile, fuaim eile againn don tseachtain seo chugainn, céard é an fhuaim seo? Múúú




No comments:

Post a Comment