Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Wednesday 27 June 2018

Raidió Ráiméis eip 1 RNAG

(Táimid chun seansceitsí de chuid Raidió Ráiméis a fhoilsiú anseo. Seans go gcuirfear suim iontu nó gur féidir úsáid éigin a bhaint astu. Is féidir gur craoladh leaganacha de na sceitsí seo ar Raidió na Life nó ar Raidió na Gaeltachta cheana)

Daithí agus Daithí
[Theme tune agus ceol upbeat sa chúlra fhad is atá siad ag labhairt. Stíl Spin1038]
Sting ceoil: Raidió Ráiméis... an ráiméis ar fad an t-am ar fad! RRRRráiméis!
Guthanna éagsúla: ceol, idirlíon, celebs, duaiseanna, craic, spraoi
Eoin: fáilte isteach go Daithí
Andy: agus Daithí
Inniu an Satharn agus inniu táimid chun caint faoin Satharn
Céard é an scéal leis an Satharn, bíonn daoine like ‘ó níl mé ag obair inniu céard a dhéanfaidh mé?’
Ach caithfidh go mbíonn roinnt daoine ag obair ar an Satharn Daithí, mar bíonn siopaí ar oscailt, agus busanna, conas go n-oibríonnn sin?
Má tá a fhios ag éinne seol téacs isteach!
Má tá scéal suimiúil agat faoin Satharn, nó má tharla aon rud duit riamh seol téacs isteach!
Mura seolann ní bheidh aon rud againn le rá
Mar ní dhearnamar aon réamhobair!
Fan linn mar níos deanaí beimid ag caint faoi rudaí… (sting: rrrrr rudaí?)
Anois trasna linn go stiúideo Chonamara do fhógraí an iarthair!
Fógraí an Iarthair
[FUAIM: páipéir ag russláil]
Fáilte romhaibh isteach go fógraí an iarthair.
Ceann anseo ó na Mine, tá seit do hubcaps le díol, bhuel trí cinn, níl fhios am baileach cén carr lena mbaineann siad ach cuirígí téacs isteach.
Anois, tá seanteaink do shiorcannaí, nó sharktank le díol i Ros Muc, tagann sé le scata  siorcannaí fiáine a deir sé anseo, más mian libh a thuilleadh eolais a fháil mar gheallt air sin is féidir sin a dheánamh ach glaoch ar an Dochtúir Nó, beidh aithne agaibh ar an bhfeár é fhéin, bíonn kimono liath a chaitheamh aige, más mian libh breathnú ar an teainc siorcannai is féidir bualadh isteach aige ag an evil lair ata aige i gCill Bhriocáin ansin.
Sin iad fógraí an iarthair.
An Chluastuiscint (ardardleibhéal)
[FUAIM: Bíp ó chluaisthuiscint Ardteiste]
A Sheáin, ar mhaith leat dul go dtí an phictiúrlann le breathnú ar Spiderman anocht?
A Pheadair, ba mhaith liom dul chuig Spiderman anocht sa phictiúrlann. Cén t-am a bhfuil sé ar siúl?
Tá sé ar siúl ag a 8.
Ceart go leor. Feicfidh mé ag a 8 thú. Slán tamaill.
Bíp
Ceist a haon: Cé a stiúraigh an scannán Spiderman?
Platoon
[CEOL: Adagio for Strings ón scannán Platoon]
[FUAIM: fuaimeanna helicopter ón taobh istigh]
‘Sarge’: seo do chéad thuras? (ag gáire, guth dóite)
‘Saighdiúir’: ya, tú féin?
Sarge: 7 dturas déanta agam, lean na treoracha agus an traenáil, beidh tú togh
Saighdiúir: Níl fhios agam an féidir liom, nílim réidh
[FUAIM: duine ag cur amach]
Sarge: Ó a dhiabhail tá Ó Deá tar éis caitheamh aníos ar fud na háite. Roinnt daoine, just níl siad in ann dó seo. Leaids, cuimhnigh go mbeidh sé fián thíos ansin
[FUAIM: helicopter ag tuirling]
Ó nó, ceapaim go gcloisim shots
(glinc, glinc)
(slua ag screadaíl, yahú Inis Mór!)
Fear áitiúil: Ó a mhac go deo, steaig eile leaindeáilte...
Fox News
[Ceol don nuacht, meirceánach, Fox News]
Fear leanúnachais (guth Meirceánach): Agus anois tá sibh ag éisteacht le Fox News
[FUAIM: Fuaimeanna ó shionnach tafann/gnúsachtach]
[Ceol don nuacht arís]
Fear leanúnachais(guth Meirceánach): B’shin agaibh Fox News anseo ar Raidió Ráiméis
An Chluastuiscint Comhra a dó
[FUAIM: beep ó chluasthuiscint ardteiste]
An bhfuil gach rud i gceart a Shíle?
Tá, táim go breá.
[FUAIM: beep ó chluasthuiscint ardteiste]
Ceist a dó: An bhfuil gach rud i gceart le Síle?
Cinn línte  Nuachta
(Illy) An tseachtain seo ar ‘Ceannaíonn Hector Chip Van’, tugann Hector Salmonella do 500 duine ag Body & Soul.
Ach roimhe sin na Cinnlinte nuachta
(Caoimhe Ní Chonchoille) Tá polasaí seolta ag RTÉ le níos mó Gaeilge a úsáid. Ag an seoladh oifigiúil dúirt láithreoir 2fm Eoghan Mac Diarmada go raibh sé “absolutely delighted”.
Agus tá muintir Árainn ag tnúth go mór leis an Air Show an deireadh seachtaine seo. Príomh-imeacht na féile ná rás idir eitleán agus helicopter i lár stoirme.
Daithí agus Daithí
Sin an méid ama atá againn an tseachtain seo, grma as na téacsanna ar fad.
(go híseal) Daithí ní bhfuaireamar téacs
Shhh, dún do chlab, ba mhaith buíochas a ghabháil le gach duine a d’éist linn.
Agus ba mhaith liomsa buíochas a ghabháil le Justin Bieber mar is maith liom é!
Slán tamaill!
Go híseal: An bhfuil cead againn fágáil anois Bláthnaid?(ag caoineadh)

No comments:

Post a Comment