Sunday, 14 February 2016
Dos na Cailíní Uile Dar Thugas Póg
An bhféadfainn sibh a áireamh, no cuimhneamh oraibh
nó sibhse orm meas sibh?
Mo leithscéal as an gcéad iarracht sluparnach slaparnach úd,
bhí sé ar nós an mhothúcháin sin a fhaigheann tú nuair a bhaineann tú an nuibín miotalach de channa coke agus píosa de do theanga a mhothú tríd an bpoll ann.
nach ndearna tú sin riamh?
déan
feol eile, beol eile, beo eile.
Go dtí na hoícheanta fada,
is na póga fadálacha
nach raibh cead againn ár muiníl a bhogadh iontu
mar bhíomar sáite
nó súile a oscailt
ach leathshoicind anseo is ansiúd
yep tá sí togh,
ceol a bhog ár gcroíthe beaga seargtha chun grá, is chun gráine ar deireadh
oícheanta inar dheargaíos do phlucaí le mo chuid seile,
oícheanta eile fós, inar dheagaíos do smig le géire mo thúsféasóige.
Chuirfeadh sé cric sa mhuineál ceart go leor.
A chailíní uile, bhí sibh álainn, iontach,
uafásach, uaibhreach,
cíochrach, cíochach,
lán seile, lánlámha,
faiteach, fuinniúil, feargach, is sinn uile
anróiteach...
is mise libh,
seod é uaigneas fuar ár laethanta.
Is bhíos chomh huaigneach,
chomh lag
chomh hard
chomh hólta céanna nó níos measa ná sibhse.
Cuma an aiseag, glanfar é. cuma an aiseag glanfar mé.
An cailín sin a phóg mé le go bhféadfainn éalú ó súile a himpí,
na cailíní uile
a phóg mise le héalú ó bheocht mo chomhrá.
Is sinne an t-aon ainmhí a bhfuil luach chomh mór seo ar an bpóg.
Meastar páirtnéir saoil as an gcomhmheascadh teanga seo, an có is an códmhalartú úd laistigh dár mbéil.
Sleamhnú nach sceithfear. Slíoc, sleas, saigheadh.
Leithscéal faoi sin.
Leithscéal faoin ainm mícheart a thabhairt oraibh,
is tá brón orm as gan glaoch,
is tá brón orm glaoch, i roinnt cásanna
An shift a bhog sinn.
Smaoiním oraibh anois.
Smaoiním chomh maith gur dúradh liom tráth
nach bhfeicfinn fíorghrá
i gKebablann
ach is ann a bhí an phóg is milse a bhí riamh agam.
Kebablann
Kebablann ár ngrá.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment