Monday, 8 February 2016

Cúinne an Ghiorria le Colm Mac an Iomaire


I radharc cáiliúil as Alan Partridge cuirtear ceist ar Alan cén t-albam leis na Beatles is fearr leis. Deir sé go neamhbhalbh '...I think I'd have to say, the Best of the Beatles.' Agus cá bhfios ach go bhfuil an ceart aige. Is dócha gurb é an t-aon slat tomhas atá oibiachtúil faoin meastóireacht shuibiachtúil ná toil an phobail. Ní chuirfeadsa féin i gcoinne an bhanna is mó díol ar domhan. Ná toil an phobail.
Ar nós mórán chuile rud eile ar an saol ní ann don eispéireas atá stoite amach ón uile rud eile. Ní féidir leabhar a léamh gan smaoineamh ar na leabhair a léigh tú roimhe, an áit a bhfuil tú ag suí, an aoibh atá ort ag an am, ná ní féidir comhrá a bheith agat gan píosaí de sheanchomhráite gobadh aníos isteach i gclár d'intinne, agus bí cinnte de nach féidir éisteacht le ceol gan suíomh, am agus comhthéacs an cheoil sin bheith ag imirt a sheanchleas féin ort.

Sa seinnteoir CD inniu againn, más ea, Cúinne an Ghiorria, sáralbam Choilm Mhic an Iomaire. Nach greannmhar anois go léiríonn sin an aois orm cheana, bí buíoch nach mbeidh aon trácht thíos ar vinyl.
Nós ársa in Éirinn ab ea é, aimsir an fhómhair, barraí gan bhaint a fhágáil i gcúinne amháin de pháirceanna ionas go mbeadh áit éigin ag an ngiorra le héalú chuici. Dúirt Ó Cadhain gur cúinne an ghiorria í an Ghaeltacht, is é sin, go bhfuil sí slán faoi láthair ón spealadóir; tá sí fágtha gan bhaint lena raibh inti. Ach faoiseamh sealadach amháin atá ann – tá sí go mór i mbaol a spealta. - Colm Mac an Iomaire, agallamh le Beo.ie

Seans nach é an t-albam is fearr ar bith é ach tá ceol Choilm Mhic an Iomaire tar éis léim orm as cúinne úd an ghiorria de mo bhuíochas ag tráthanna éagsúla den saol. Seans gurb é an t-albam is fearr liom, cé gur rídheacair bheith cinnte faoina leithéid. Tháinig trasna ar Cholm féin ar dtús nuair a thug faoi thionscnamh idirbhliana faoi cheoltóirí a d'fhreastail ar an meánscoil ar a raibh mé féin, lá eile ceol sí a shíothlaigh isteach i mo chluas agus mé i mbun mo mhúin i bportaloo ag an gcéad mhórfhéile cheoil dom agus ansin arís eile mé suite go teann i measc cairde ag mionghig i bpáirc agus sinn uile faoi gheasa. Suíomh, am agus comhthéacs.

Cé go samhlaítear Colm Mac an Iomaire leis na Frames is túisce, bhí lámh aige i mbunú Kíla agus is ceoltóir aonair aitheanta anois é a bhfuil dhá scothalbam eisithe aige. Albam é CAG a bhfuil scóip mhór ann, cé gur éasca ceapadh nach bhfuil an oiread sin ann toisc gur foinn ar fad é is gan aon fhocal canta ná ráite ann. Ar an gcuid is fearr níl ann ach Colm agus a fhidil agus an lúb-throitheán. Pedal taifeadta a ligeann dó giotaí éagsúla a thaifead agus a leagan anuas ar a chéile.

Sa rí-amhrán Bróga Gorma, tá sábhadóireacht is siar is aniar na fidle mar thús a chuireann drithlíní a bhfuil buairt agus anbhá iontu ort agus ansin é íseal mar a beadh dord ann ann le ceol compordach sócúil, ansin veidhleadóir chun tosaigh ár mealladh chun suain, ár mbréagadh, ciseal ar a chéile ag lúb-throitheán Choilm. Taifead giotaí beaga a athsheinnfear arís is arís, mar chúlra agus ansin chun tosaigh, 8 leibhéal den cheol fidle ann agus ansin iad a bhaint de réir a cheile. Na hamhráin leaththraidisiúnta agus leathchlaiseach in aon soicind amháin. Ansin arís blaiseadh de Kíla-chas anseo is ansiúd.

Mothaíonn an t-albam mar a bheadh barróg ann, seo leat isteach i ndomhan eile ar fad, leathchois ar thairseach na cruinne sí agus leathchois eile fréamhaithe ina bhfuil cloiste cheana againn. Tá brón agus macnas agus grá agus maithiúnas agus briseadh croí ann.

Ansin Aisling Eimear, le pianó agus damhsa an ghiotáir. Anseo is léir an mháistreacht atá bainte amach ag Mac an Iomaire agus é i mbun cumadóireachta do scannáin. Cloistear tonnta anseo, siar is aniar, idir ann is as, agus an ceol ag teacht chun buaice arís is arís. Cloisfear armóin a bhraitheann tú ar feadh soic iad a bheith leath ar eolas agat cheana ach nach gcuimhin leat trí dheatach na díchuimhne iad.

Tá an dara albam curtha amach ag Mac an Iomaire ó shin agus tugann sé meascán idir an dá cheann i láthair ina chuid gigeanna. Seans gur CAG a rugann an chraobh leis maidir le brónbhinneas an cheoil ann. Tumann tú i linn nótaí sonda ann agus ceolta sí agus suantraí.

Chonac Mac an Iomaire mar cheoltóir tacaíochta ag Damien Rice i nGairdiní Uíbh Eachach an samhradh seo caite. Suíomh gleoite agus slua séimh a thug cluas cheart le héisteacht don valsáil mheisciúil is don bhinneas is don doimhne ann. Oireann an ceol don fhiántas leis, é ag seinm ag an bPuball Gaeilge ag an bPicnic le scata de bhlianta chomh maith, ag meallann pótairí caillte agus meisceoirí strae gan deacracht cuma cén barr-chairtamhránaí a bhíonn ag seinm timpeall an chúinne uaidh.

Chonac den chéad uair é, tamall de bhlianta siar, tráth a raibh sé leis na Frames go díreach. Ar na gigeanna is fearr dá raibh mé ann riamh. Electric Picnic na Bliana 2005, bhí taispeántas iontach tugtha uathu ag banna Dance the Devil an oíche roimhe agus bhíos féin agus cara ag feamaíl thart ag fanacht ar na Pet Shop Boys. Sa phortaloo dom chuala glór sainiúil Glen Hansard is fidil bhinn Choilm i mbun múin dom. Gig leathrúnda ar Ardán an Chrainn Mhóir, Damien Rice, Rónán Ó Snodaigh agus maithe is móruaisle shaol an cheoil singersongwriter-úil in Éirinn. Fágadh muid ar deireadh le Glen ag tathant orainn amhrán Mic Christopher a cheol agus muid ag imeacht linn le nach mbeadh deireadh leis an ngig ach go n-imeodh sé linn. Rinneamar rud air agus tá sé fós liom.
An ghig is mo a thaitin liom riamh agus mé meallta as teach an asail ag ceol Mhic an Iomaire. Ní beag sin.

Is dóigh liom go raibh albaim na Frames ar na chéad albaim a cheannaíos. B' iad an chéad bhanna Éireannach a bhí cúl, dar liom. Fuair mé amach ar ball mar gheall ar an gcultúr a bhí ann an t-am sin, agus roimhe arís, go ndéanaidís buscáil le chéile agus cultúr an DIY go mór sa treis. Níor éirigh Mac an Iomaire as sin riamh agus thaifead sé féin cuid mhór de CAG é féin, agus é féin agus scata cairde leis ag seinm air.

Luann Colm a cheol bheith suite idir ceol Philip Glass agus ceol Planxty, ráiteas muiníneach a n-éiríonn leis a chruthú go hiomlán. Luann sé, leis, tionchar a athar as Conamara agus an cultúr ar fad a théann leis an méid sin agus a mháthair a chinntigh go raibh cur amach ar cheol clasaiceach aige.
Is cumadóireacht a thugann sé féin ar an bpróiseas, murab ionann agus an té a scríobhfadh ceol nó amhrán. Tá stíl ar leith aige, rud a bhaineann, mar a mhíníonn sé, leis an uirlis speisialta atá aige. Veidhlin chúig théad a ligeann dó ceol an viola a chur leis na rianta, a ligeann dó ceolfhoireann bheag aonair a chruthú nuair a nasctar é lena bhosca beag draíochta.

Is cosúil gur thug an t-albam seo cead dó imeacht le scód lena chuid cumadóireachta féin. Ní raibh sé ag freagairt do riachtanais an bhanna rac-cheoil ná do scannán faoi leith a thuilleadh, bhí cead a chinn aige tabhairt faoi pé rud ba mhian leis ann.

Agus is maith mar a éiríonn leis seo. I Neosfaidh An Aimsir cloistear téaduirlisí bríomhara ann, a chuirfidh ceol feannta na farraige i gcuimhne duit. Tugann Cuaichín Ghleann Neifín nótaí dorcha blasta dúinn, mar a bheadh caife ar an teanga agus sróil ar an gcluais, na nótaí ísle veilbhite ag spraoi in éineacht.

Ansin tá Cúirt Bhaile Nua amhrán a bhfuil blas i bhfad níos traidisiúnta air as contae Mhaigh Eo, amhrán grá tugtha inár láthair i mbealach neamhthraidisiúnta, a léiríonn an tógáil a fuair sé sa cheol traidisiúnta i dtús aimsire.

Tá a chuid oideachais sa cheol faighte aige in áiteanna éagsúla iomadúla, ó fhleánna go seisiúin bhuscála ar Shráid Ghrafton go tréigean Kíla do na Frames a bhí ag cleachtadh san fhoirgneamh céanna lá. Uaidh sin go na hardáin ollmhóra nuair a tháinig clú agus cáil ar na Frames, ansin an chumadóireacht don scáileán mar oide eile a leagann méar ar a chuid rianta ar fad anois.
Agus ní leasc leis léimt in airde ar an troitheán arís d'Osna An Sciath, ina bhfuil leibhéal thar leibhéal ag titim thar eas chugainn. An ceol mar atá scéal a bheatha mar cheoltóir, cisil éagsúla ann, chomh luath is ceann bainte agat go nochtann ceann eile chugat. Tá an cúinne gan spealadh fós, agus cloch bheag fátha sa charn anois ag Colm a chuireann tráth a spealta siar, chuile sheans. Déanaimis giorraithe macnas.



No comments:

Post a Comment