Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Sunday 19 March 2023

Bella Ciao / Slán a Chroí (ó Misneach na Gaillimhe)

Bella Ciao i nGaeilge (aistriúchán)

Séamus Barra Ó Súilleabháin agus Seanán Mac Aoidh, beirt ghníomhaithe de chuid Misneach a d'aistrigh an t-amhrán ar na mallaibh. Leagan eile le fáil anseo https://twitter.com/COBrolchain/status/1256557819463155712

Ar maidin moch
do mhúscail mé
o bella ciao bella ciao
bella ciao ciao ciao
Ar maidin moch
do mhúscail mé
agus fuaireas an t-ionróir


A pháirtínigh
tabhair ar shiúl mé
bella ciao bella ciao
bella ciao ciao ciao
A pháirtínigh
tabhair ar shiúl mé
is sa bhearna baoil atáim.


Má fhaighim bás
mar pháirtíneach
slán a chroí slán a chroí
slán a chroí chroí chroí
Má fhaighim bás
mar pháirtíneach
déan tusa mé a chur


Déan mé a chur
thuas ar an tsliabh
bella ciao bella ciao
bella ciao ciao ciao
Déan mé a chur
thuas ar tsliabh
faoi scáth an bhláithín úd


Is na daoine
ag dul thar bráid
bella ciao bella ciao
bella ciao ciao ciao
is na daoine
is iad a' rá
nach álainn an bláth úd


Seo é bláth
an pháirtínigh
slán a chroí slán a chroí
slán a chroí chroí chroí
Seo é bláth
an pháirtínigh
fuair bás ar son saoirse.

No comments:

Post a Comment