Friday, 23 September 2016

Gaeilge na Gluaiseachta, Gaeilge ar Strae - Pádraig Ua Maoileoin

(ó An Ghearb ar Poliitics.ie)

Aiste a scrígh Pádraig Ua Maoileoin blianta ó shin, a athfhoilsíodh sa chnuasach Iomairí Críche (atá anois as chló, go bhfios dom). Ciall agus réasún le fáil ann, don gcuid is mó, léargas géarchúiseach ón nGaeltacht ar Ghaeilgeoireachas; prós blasta snasta, gan amhras ... Cuíosach fada ach é gan a bheith fadálach.

Gaeilge na Gluaiseachta, Gaeilge ar Strae
Ghabh bus strainséartha Ceann Sléibhe aniar, soir trí Dhún Chaoin, agus níor stop nó gur bhain sí amach an Buailtín. D’éiríodar amach aisti agus scaipeadar i measc a bhfuil de phobanna ar an mbaile — ceithre cinn acu.

Chuaigh dream amháin acu isteach go tigh Dhónaill Uí Chatháin, agus shuíodar síos le chéile. Ordaíodh deoch agus blaiseadh; ba dheacair é a lochtú tar éis an bhóthair ó Oileán Ciarraí anoir, lá brothaill mar é. Bhí dhá dhream, trí dhream eile istigh rompu. Ach an dream ba ghiorra dóibh, agus iad féin ag cadráil le chéile, Sualannaigh ab ea iad. Chuir muintir an Oileáin cluas le héisteacht orthu féin, agus Sualannais ag gabháil lástuas díobh.

Faoi cheann tamaill, tháinig sámhnas ar dhream na Sualannaise. Labhair duine de mhuintir an Oileáin lena chomhluadar féin, agus ní i gcogar é: ‘Jasus,’ a dúirt sé, ‘idn’t she a nate language when she is spoke right!

Phléasc muintir na háite. Thuigeadar san an botún go maith. B’iad na Sualannaigh féin is lú a bhain greann as. Bheidís ag féachaint ar a chéile fós mura mbeadh gur mhínigh Dónall an cúram dóibh. Bhí sé féin lúbtha, gan dabht. Phléasc na Sualannaigh chomh maith le cách.

Tá deich mbliana chead go hard ó thit sé seo amach agus tá deimhniú agam air gur scéal fíor é. Anois cuirimis é seo i gcomórtas leis an mbus is déanaí a ghabh aniar an bóthar céanna agus a stop. Ó Chorcaigh a tháinig sí seo agus bheadh sí ag bualadh bóthair i gceann uair an chloig nó mar sin. Ghabh cleas acu isteach go dtí Dónall agus sheasadar i lár an tí. Iad ag cur astu go teann ina dteanga féin, níor mhór linn sin dóibh. Níor chuireadar caduaic ar aoinne ná níor bheannaíodar. Ach ghlacadar seilbh ar an áit, agus ní raibh aoinne istigh ach iad. Bhí teanga eile á labhairt i gcomhchlos dóibh; más ea, níor chualadar nó níor ligeadar orthu. Bhí sé le haithint orthu ná raibh a fhios acu go rabhadar sa Ghaeltacht agus gur chuma leo sa tsioc.

Dhá bhus. Dhá shaol. Agus gan eatarthu ach breis is deich mbliana chead. Léiríonn an chéad bhus go raibh daoine taobh thoir de Thrá Lí a bhí báidhiúil leis an dteanga a fuaireadar rompu thiar. Bhí a fhios acu go raibh a leithéid ann agus bhíodar sásta éisteacht léi. Ach an dara bus…scéal eile ar fad. Má bhí teanga eile thiar ní raibh a fhios acu é ná é ag cur puinn tinnis orthu. Bhí a dteanga féin acu agus b’in í teanga an mháistir, an teanga a bhí in uachtar.

Ach is í an tríú bus a cháisímse, an ceann ná tagann feasta. Bus na bhfoghlaimeoirí atá i gceist agam. (Agus ní áirím mar shampla díobh seo busanna na gcoláistí samhraidh, cé gur maith ann a leithéidí do mhná tí agus dá múinteoirí.)

Thagadh na foghlaimeoirí inár measc ó réitigh daoine mór le rá an chonair rompu, leithéidí Mharstrander, Bhláithín agus Sheoirse Mac Tomáis. B’iúd iad a chraobhscaoil an focal agus a baisteadh i gcríostaíocht an fhocail. Ní bheidís siúd sásta leis an earra a bhí faoi bhun caighdeáin…chaithdís an rud ceart a chlos agus a thabhairt leo. Tá a rian air, bunaíodh scoil litríochta anuas ar na máithreacha a d’fhágadar ina ndiaidh, rud a chuir ainm Chorca Dhuibhne ar mhapa an domhain. B’iad a d’adhairt an tine bheo, agus í ar lasadh fós ann.

Nuair a thosnaigh an litríocht seo ag bláthú, ba ghearr gur thuig daoine gurbh fhiú dóibh féin aithris a dhéanamh ar na haspail seo, agus gur chinnte go raibh rud éigin luachmhar thiar arbh fhiú dóibh dul ar a thóir. Rud a dheineadar ina sluaite. Ní túisce a bheadh an fháinleog llte ar a nead i bhfraitheacha an bhotháin amuigh agat ná a bheadh ceann acu chugat, agus dhá cheann, trí cinn lá arna mháireach. Gan uathu, nó óna bhformhór ach go háirithe, ach caint a chur ort agus a bheith ag éisteacht leat, agus ar ndóigh ag foghlaim uait.

Tharraingíodar seo meas ar an earra a bhí agat féin agus gan air roimhe sin ach lagmheas , agus ú amháin drochmheas , leis na céadta blian. Bhí crá croí ag baint le cuid acu, go háirithe an dream go mbíodh leabhair nótaí acu (breacáin, mar a bhaist Seán an Chóta orthu), cé go gcaithdh mé a rá gur mó go mór d’fhoighne a bhíodh lena leithéidí an uair sin ná mar a bheadh inniu. Níl aon namhaid againn inniu ach fear an bhreacáin chéanna…is ag teitheadh uaidh a bheifeá.

Scéal thairis: Lá múchta modartha a bhí ann agus an ceo chomh trom is go raibh sé d’iarraidh na doirse a bhriseadh isteach orthu. Ghabh Tom na hInise chugam.
‘Nach gránna an ceo é,’ arsa mise.
‘Ní hea, ach tabharthas ó Dhia is ea é sin,’ a dúirt sé.
‘Tabharthas ó Dhia?’ arsa mise.
‘Is ea,’ a dúirt sé, ‘chun ná cífeadh lucht na notebooks sinn.’

Mar sin féin, sin mar a thosnaigh Gaeilge na Gluaiseachta, le notebooks agus a leithéidí. Ach, mar a deirim, ní thagann an tríú bus seo a thuilleadh. Cá dtéann siad anois? Cad a dheineann siad chun slacht a chur ar a gcuid Gaeilge? Is é a fhaid ar a ghiorracht duit ná téann siad in aon áit agus ná deineann siad aon rud. Is é sin, aon áit ná aon rud chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú.

Feabhsú, ab ea, a dúraís? Sea, feabhsú! Nach againn féin atá an Ghaeilge cheart. Canathaobh go mbeadh orainn dul siar i measc prioslaí tobac agus bualtaí bó? Siar ar thóir canúintí, ab ea? Beag an baol, a bhuachaill.

Scéal thairis: Bhí Seosamh Ó Cadhain, deartháir Mháirtín, é féin agus P.A. Ó Síocháin, Abhcóide, i gcomhluadar a chéile aon oíche amháin. Gaeilge shaibhir Chois Fharraige ag Seosamh agus ‘Géilge na Gliúiseacta’ ag an Síochánach, bail air. Ag babhtáil tuairimí faoi cheart na Gaeilge a bhíodar le chéile nuair a dúirt P.A. sa deireadh:
‘Ní thuigim do chanúint, a Sheosaimh.’
‘A’atsa atá an chanúint; Gaeilge atá a’amsa,’ arsa Seosamh. Ach níor chuir sé sin deireadh leis an argóint, is baolach liom. Ní chuirfeadh carúl mar seo an Síochánach síos, ná aon dul air.

Is é an meon agus an dearcadh céanna atá in uachtar i nGaeilge oigiúil na Gluaiseachta. Conradh na Gaeilge, Gael-Linn, Bord na Gaeilge, na Teaghlaigh Ghaelacha, agus taobh thiar, cuid mhaith, de ghluaiseacht na nGaelscoileanna. Ní hí Comhdháil Náisiúnta is measa sa chomhthéacs seo. Dálta an scéil, ní áirím anseo Institiúidí Léinn toisc nach cuid den ghluaiseacht iad, agus ar aon chuma, ní hé an cáineadh is measa i mo phus a bheadh agam dóibh ar an mórgóir. Dá fheabhas Gaeilge a bhí ag Daithí Ó hUaithne, agus dá mhéad an léann a bhí air, chuirfeadh sé abairtí i do chead . Agus is é an dálta céanna é ag Tomás de Bhaldraithe, Máirtín Ó Murchú agus Seán Ó Tuama Chorcaí. Umhlaíocht an léinn, gan dabht. Ní bhraithim an umhlaíocht chéanna ag baint le cuid den ghlúin óg atá ag teacht ar a sála sna hinstitiúidí céanna. B’fhéidir, mar a dúirt Séamaisín Ó Néill uair, nach gá dóibh dul ’on tobar a thuilleadh agus ná fuil aon rud breise le foghlaim thiar acu. Is maith an té a dúirt, agus a déarfadh, é sin, ach níor chaill Séamaisín riamh é.

Is beag oíche i mBaile Átha Cliath ná go mbímse ag éisteacht le Gaeilge na gluaiseachta. Agus sin í Gaeilge na hainnise: tá sí bacach, dronnach , camchosach , caolspágach. Mura mbeadh Béarla agat ní thuigfeá in aon chor í. Cúpla oíche ó shin chuala an péarla seo ag duine dá deisceabail: ‘Níl aon comhartha de Seán istigh fós.’ Cloisim rudaí níos measa ó am go ham ach tá siad chomh dona, cuid acu, go ndúnaim mo chluasa orthu agus doirse m’aigne. Ar an ndrochfhoghraíocht atá acu ina theannta sin, is minic a deirim liom féin gurbh fhearr liom dá labharfaidís Béarla liom.

Is cinnte gurb as an ithir lom chéanna seo a d’fhás an mana a bhí ag cur lena bhfeachtas is déanaí ag an gConradh: ‘TÁ AN GHAEILGE TÁBHACHTACH DÁR dTODHCHAÍ.’ Cuimhnigh air sin, agus cogain é. Máta a tháinig cruinn díreach amach as caolán dearg an Bhéarla. An spreagann sé thú? An ardaíonn sé do mheanma ? An gcuireann sé osc troda ort? (Má chuireann is in aghaidh na cúise é.)

Buail siar an bóithrín tamall agus machnaigh ar na manaí a bhíodh ann an tan do bhí Gaeil, agus Gaeilge, in Éirinn beo: ‘NÍ TÍR GO TEANGA’, agus ‘TÍR GAN TEANGA TÍR GAN ANAM.’ Is san ithir dhúchais a phréamhaíodar seo, tá blas an dúchais orthu, tá meon na Gaeilge iontu. Chuireadar daoine ag caint agus ag obair.

Cuirtear ráiteasaí aite i leith an Chadhnaigh, agus b’fhéidir ná dúirt sé cuid acu riamh. ‘Go saora Dia muid ar Chúil Aodha,’ ceann acu. Agus: ‘B’fhearr liom sráid amháin i mBaile Átha Cliath a bheith ina Gaeltacht ná a bhfuil de Ghaeltachtaí eile ann.’ Is cinnte go bhfuil an dá ráiteas maite ag Dia dó faoi seo.

Is cinnte nach í an Ghaeilge a chloisimse i mBaile Átha Cliath ag cuid mhaith acu a bhí i gceist ag Máirtín, ach Gaeilge a tháinig aniar mar a tugadh aniar go Ráth Cairn í. Ach an mairfeadh a leithéid i mBaile Átha Cliath? Ní mhairfeadh sí thar ghlúin ann. Mhúchfadh an phraiseach bhuí agus an buachalán í, agus ní mhairfeadh ina háit ach ‘aile , iodh , agus neantóg’.

Dúirt Séamas Ó Grianna (‘Máire’) tráth go mbeadh Gaeilge á labhairt i nGaoth Dobhair go dtí nárbh fhiú í a labhairt. Ba dhiail an chaint í, agus ba bhinbeach . Níor chuala riamh gur thug sé aghaidh a chaoraíochta ar Bhaile Átha Cliath — b’fhéidir narbh fhiú leis é, ar an aithne a bhí agamsa air. Ach dúirt sé rud eile: ‘The killers are in the saddle,’ ag tagairt do photanálaithe Gaeilge a bhí ag éirí os a chionn agus á chur as a mheabhair.

Síorchúis ghearáin a bhíodh ag lucht na gluaiseachta agus foghlaimeoirí trí chéile ab ea go raibh an iomarca canúintí sa Ghaeilge. Chuireadar chun cuid de seo a leigheas trí lárchanúint a thabhairt isteach agus í a chur i bhfeidhm ar RTÉ. Bhí an Blaghdach taobh thiar de seo go mór, é féin agus a leifteanant, Donncha Ó Laoire, sa Chomhdháil (duine, dálta an scéil, a raibh Gaeilge bhreá aige nó gur imigh sé ar leataoibh an bhóthair leis an mBlaghdach).

Cuireadh gunnaí móra i bhfeighil na lárchanúna seo a leagan amach. Cuireadh mé féin den aer ar ordú cruaidh ón mBlaghdach, a bhí faoin am sin ina bhall d’Údarás RTÉ. Ní fhéadfadh aoinne (gabh mo leithscéal, ‘aon duine’) mé a thuiscint, a dúirt sé. Gan dabht, é féin a bhí i gceist le ‘aon duine’.

Ar aon nós, ar aghaidh le rás na lárchanúna, ach níor éirigh riamh léi. Níor thug aoinne aon toradh uirthi, ach a bheith ag léamh agus ag caint leo go nádúrtha mar a mhúin Dia dóibh. Níorbh é sin deireadh an scéil, áfach: athraíodh an córas ó bhonn aníos ansin. Cuireadh deireadh le léamh nuachta ag cainteoirí dúchais (toisc iad a bheith chomh deacair a thuiscint, gan amhras) agus cuireadh an cúram ar léitheoirí na nuachta Béarla an nuacht a thabhairt amach sa dá theanga, Charles Mitchel agus a chriú. Ach mar atá a fhios againn inniu, thit an tón as an socrú sin sa deireadh, agus táimid arís ar ais mar a bhí againn.

Scéal fairis: Is i mo thaobh tíre féin a d’fhoghlaim an Blaghdach pé Gaeilge a bhí aige ach ní bhfuair sé aon mháistreacht cheart riamh uirthi. D’fhág seo blas ina bhéal, ach níorbh é blas na Gaeilge é!

Ach chun dul thar n-ais ar na canúintí. Níl, agus ní raibh an uair sin, ach trí mhórchanúint sa teanga. Dá mbeadh sí i réim i gceart ar fuaid Éireann, bheadh che ceann ann, agus gá leo. Ba é ár mbuac dá mbeadh . Ba é a bhí i gceist san iarracht a bhí ar siúl acu siúd na trí chanúint a bhí againn a leibhéal go talamh, nó, chun é a chur ar shlí eile, deireadh a chur leis an nGaeilge mar theanga náisiúnta agus an earra réchaite a bhí acu féin a chur ina hionad.

Ach bhí, agus tá, sé seo le rá i dtaobh na gcanúintí a bhí fágtha againn, go rabhadar i bhfad ní ba ghiorra agus ní ba ghaolmhaire dá chéile ná mar a cheap na potanálaithe. Bhí, agus tá i gcónaí, cnámh droma ag rith tríothu a dhein deirúracha dílse díobh taobh amuigh den stór focal agus nathanna a bhí acu, agus ba é sin an fhoghraíocht. Is geall le míorúilt an tslí ar mhair an caighdeán foghraíochta seo sna canúintí trí chéile. Tá a rian air, sa tréimhse ghearr atá Raidió na Gaeltachta ar an aer, cé gur beag athrú a tháinig ar na canúintí féin, tá na Gaeilgeoirí dúchais ag druidim chun tuisceana ar a chéile, thuaidh, thiar agus theas, ar shlí ná creidfeadh aoinne a tharlódh daichead éigin bliain ó shin. An gréasán foghraíochta a bheith chomh cosúil sin eatarthu is cúis le cuid mhaith de seo, i mo thuairimse.

Scéal thairis: Ar nós an Chadhnaigh, chuirtí cainteanna i leith an Ríordánaigh ab fhéidir ná dúirt sé riamh. Mar sin féin, faghaim blas an-Ríordánach ar an gceann áirithe seo a deirtear a dúirt sé. ‘Tá trí cinn de chanúintí againn,’ ar seisean, ‘Canúint Uladh, canúint Chonnacht agus Gaelainn na Mumhan.’ Caint seóigh, gan dabht.

Anois, cuir ceist ar aon fhoghlaimeoir inniu cén chanúint atá aige nó cén cineál Gaeilge atá aici. Níl aoinne de bheirt acu róchinnte. Bhíodh tráth ann a mbíodh a leithéidí seo cinnte — tá deireadh leis an lá sin. Saol liom leat is ea an saol atá inniu ann, ar mhórán slite, agus oireann an patrún saoil seo dóibh sin, ní maith leo a bheith pósta go hiomlán le duine ná le cúis. Ach is é an fear is macáinte a bhuail fós liom nuair a chaitheas an cheist seo chuige go ndúirt sé go neamhbhalbh agus le siúráil mhaith: ‘Tá mo chanúint féin agam.’

Agus sin mar atá sé, cuid mhaith. Tá a chanúint féin ag gach duine acu, ú amháin sa teaghlach Gaelach céanna. Tá sé ina Thúr Baibil i gceart, mar a déarfá. Pé easpa eile atá orainn, mar sin, ní easpa canúintí é.

Ach, an féidir canúintí a thabhirt orthu seo? Ní féidir, na aon dul air. Ní féidir a thabhairt orthu ach gibris chainte. An chanúint cheart in aon teanga tá sí faoi smacht ag rialacha áirithe tríd síos, idir fhoghraíocht agus dheilbhíocht agus chomhréir. Ní mar sin atá acu seo, ach iad go léir neamhspleách ar a chéile, agus gan gaol ag aon cheann acu le haon chanúint atá fós ina teanga phobail i gceantar éigin. Buaildh an chuid ‘Géilge’ leat i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh agus in áiteanna eile, ach ní teanga phobail in aon áit í, is é sin, ní pobal daoine á labhairt mar theanga laethúil. Agus an lá ná fuil, caith uait teanga ná canúint. Agus ní fhéadfadh gurb in í an sórt earra a bhí i gceist ag an gCadhnach chun gan éagóir a dhéanamh air.

Sa Ghaeltacht go háirithe, ní raibh de bhrí i bhfad siar le ‘Gaeilgeoir’ ach duine a bhí ag foghlaim Gaeilge. Tá an téarma leathnaithe amach ó shin agus déarfaí le haon chainteoir Gaeilge inniu é. Bhíodh cuid mhaith acu seo ag caitheamh an Fháinne i mbóna a gcasóige, an ceann geal nó an ceann óir de réir a gcumais is a líofachta. Staonadh ó Bhéarla, staonadh ó ól, b’in é an mana agus a n-aithne chreidimh. Ní fheicfeá an dá shuaitheantas seo ach ar strainséirí, ar ‘Ghaeilgeoirí’.

Ní bhíodh aon cheap magaidh againn féin an uair sin agus ar feadh blianta ina dhiaidh sin ach cainteoirí dúchais ag caitheamh an Fháinne. Radharc an-annamh ab ea é, cé gur chaith cuid againn féin stumpa d’Fháinne ar feadh cúpla bliain i bhfad siar. Ach de ghnáth, an cainteoir dúchais a chaitheadh ceann acu, bheadh sé sáite sa ghluaiseacht go minic. Ach ní raibh aon radharc in Éirinn chomh suaithinseach le fear Gaeltachta ag caitheamh an Fháinne ar a fhód dúchais féin. B’fhiú linn é sin a fheiscint.

Ach b’in sular tháinig an deighilt idir an foghlaimeoir agus an chainteoir dúchais. Is ina dhiaidh sin a tháinig an Fáinne Nua, an ceann daite agus an ceann óir — níor ghá duit a bheith i do chainteoir líofa d’aon cheann acu seo, níor bheag duit fonn líofachta a bheith ort agus chaithfí chugat é. Agus díreach an cúpla focal a bheith agat don cheann daite. Díluacháil ar an nGaeilge ab ea an dá cheann, agus gluaiseacht na Gaeilge ag imeacht le sruth. Is beag radharc ar aon cheann acu trí chéile inniu, pé rud atá le léamh as sin, n’fheadar.

Níor sháraigh aoinne riamh, áfach, fear an ‘chúpla focal’. B’in é máistir na gceardaithe ar fad. Polaiteoirí is mó a bhí ag cleachtadh an nóis seo. ‘A chairde Gael agus a mhuintir na hÉireann tá áthas mór ormsa a bheith anseo in bhur measc inniu… and now to turn to the tongue of the foreigner, etc.’ Agus, dá mbeadh ceart le fáil, gan ceachtar den dá theanga go rómhaith aige…b’fhéidir da mbeadh ná héisteofaí leis! Théadh a leithéid seo síos go maith leis an slua an uair sin; bheifí ag faírigh faoi inniu. Cor eile sa tsaol; is fadó a fuair saonta bás, cé go bhfuil na slíomairí fós linn.

Níl aoinne is mó a dhein a bhuilín ar an smaoineamh seo ná Liam Trom is Éadrom Ó Murchú lena chlár teilifíse. Féar plé dhó, bhí sé go maith faid a mhair sé, agus thug sé cuisle na tíre leis níos fearr ná mar d’eirigh le cuid dá chomhghleacaithe ar an mbosca beag. Duine nár thaitin Liam leis, agus bhíodar ann, an-chomhartha ar fhear, ach dúirt sé seo i bpáirt fonóide agus i bpáirt mhagaidh ag an am céanna gur sin-seanuncail do Liam a chum an t-amhrán úd, Cáit Ní Dhuibhir. ‘Tá a fhios agat an líne úd atá ann,’ ar seisean: ‘Tá leabhar aici den Ghaelainn agus beagáinín den Bhéarla tríd. Bhoil, d’athraigh Liam an líne sin is chuir sé an Béarla in áit na Gaelainne. Ach is ón amhrán a fuair sé an smaoineamh bunúsach féin.’

Ach is cuma cad deir fear an tsuainseáin . D’éirigh le Liam an dubh a chur ina gheal ar dhaoine, cuid mhaith, agus ní le droch-chroí a deirim é seo. Bhí a laghad sin Gaeilge ar an gclár sa deireadh aige, agus í sin féin simplí go maith, gur thosnaigh daoine ag rá leo féin, toisc gur thuigeadar í, go raibh Gaeilge acu féin. Nó, ar a laghad, ná raibh aon droch-Ghaeilge acu. Agus ar ndóigh, bhí lucht na cúise agus na foghlaimeoirí go lántsásta leis an dtabhairt amach.

Cúis, ar mh’anam! Bhí fear a raibh a chúilfhiacla go maith aige a d’óladh in aon chomhluadar liom i mBaile Phib anseo i mBaile Átha Cliath fadó, agus b’í an Sláinte a bhíodh i gcónaí aige nuair a d’ardaíodh sé a ghloine inár measc: ‘Sea, ar son na cúise,’ a deireadh sé. Bhí beagáinín den alfraitsíocht ina bholg a bhí foghlamtha ar bhóthar na polaitíochta aige. ‘Ní chuirdh tú aon olc go deo ar aoinne leis an tSláinte sin,’ a deireadh sé, ‘mar níl aoinne gan a chúis bheag féin aige.’

Sea, tá a chúis féin ag neach na gluaiseachta. Ach chun na fírinne a rá, níl a fhios agam cén leagan amach atá ar an gcúis sin inniu. An bhfuil a fhios aige féin? An Ghaeilge a chur ar a bonnaibh arís? An Ghaeilge a thabhairt ar ais agus a chur i réim arís? Ní raibh sí i réim riamh, d’fhéadfá a rá. An Ghaeilge a bheith ina dara teanga le hais an Bhéarla? Siondróm an chúpla focal a athmhúscailt? Géilge na Gliúseacta a chur in ionad Ghaeilge na Gaeltachta? Deireadh a chur leis an nGaeltacht ionas gurbh í a ghibris féin a bheadh in uachtar?

Is cuma leis, tá cúis aige. Níl an sprioc tábhachtach, nó níl sí chomh tábhachtach leis an gcúis per se. Buail placard ar a ghualainn agus siúlóidh. Abair leis béic a dhéanamh, agus liúfaidh. Abair leis a bhfuil de Bhéarlóirí in Éirinn a dhamnú, agus damnóidh le fonn. Mo ghraidhin sinn. Mar a dúirt Liam Dall Ó hIfearnáin: ‘Go bhfóire Dia ort, a Chaitlín Ní Uallacháin.’

Scéal fairis: Sampla eile de ghalar na gluaiseachta is ea cuid den Ghaeilge atá á scríobh inniu, ú amháin ag Gaeilgeoirí maithe. Go minic, is lagaithris, focal ar fhocal, ar an mBéarla atá ann, ach é gléasta i gculthairt ghalánta. Cúpla lá ó shin bhuail péarla dá leithéid seo liom, agus é curtha i mbéal ár dTaoisigh Cathal ag duine de na killers a bhí i gceist ag ‘Máire’. Ag labhairt dó i gCléire, dúirt sé de réir na scripteanna mar a leanas:—

‘Is sócmhainn chultúrtha de chuid an náisiúin seo an Ghaeilge,
agus is í an ghné is leithlí dár bhféiniúlacht í.’

Anois, cuir leis seo an drochfhoghraíocht atá ar ár gCathal féin ar an nGaeilge (Fíne Fál a thugann sé ar a pháirtí féin) agus beidh tuairim agat cén sórt manglaim abairte a tháinig óna bhéal. Ach an abairt féin, Dia linn, agus a pheacaí foghraíochta a mhaitheamh do Chathal, léigh arís í. Is ú é, más maith leat olc a chur ort féin. Is furaist an abairt Bhéarla a shaolaigh í a shamhlú, cultural asset, etc. Ó dhuine éigin nár thuig cad is teanga ann ná conas í a aistriú go teanga eile a tháinig sí.

An tan do bhí Gaeilge in Éirinn beo agus nach i mBéarla a bhí daoine ag smaoineamh, ní mar sin a bheadh sí. Rud éigin mar a leanas a bheadh againn:

‘Níl seod chultúrtha againn is fearr a léiríonn gur cine ar leith sinn ná an Ghaeilge.’

Beag beann ar an mBéarla agus ar chastróvaics na teanga sin, ábharthacht agus simplíocht curtha in ionad na teibíochta. Mar ní mhairfeadh an Bearla gan teibíocht. Agus is í a thachtfaidh an Ghaeilge sa deireadh thiar.

Ach cad ab áil liom ag caint? Bheadh sé chomh maith agam a bheith ag cuimilt mo mhéire do chloich.

No comments:

Post a Comment