(foilsíodh leagan den alt seo ar nós.ie cheana)
Is breá le daoine na difríochtaí idir
canúintí na Gaeilge a aithint agus a phlé ach conas mar a roghnaíodh na
teorainneacha le canúintí na teanga, agus cá háit a stopann canúint amháin is a
dtosaíonn ceann eile?
Tá coincheap chanúintí na Gaeilge fite
fuaite le teorainneacha tíreolaíocha na tíre. Bhí agus tá stráicí móra in
Uladh, i gCúige Mumhan agus i gConnacht a bhfuil an Ghaeilge á labhairt iontu
agus leagadh na hainmneacha sin anuas ar na canúintí.
Léiríonn an léarscáil seo taobh eile
den scéal. Is éard atá breactha uirthi ná 'iseaghluaiseanna' nó 'teoirlínte' de
roinnt de na difríochtaí is tábhachtaí idir na canúintí. Is éard is 'iseaghluais'
ann ná líne a mharcálann an teorainn a bhfuil difear i dtréith teanga le brath
ar dá thaobh. Mar shampla líne 2, an líne chorcra, taispeánann sí an áit a
n-úsáidtear an focal 'cha' in áit 'ní' go traidisiúnta, bhíodh 'cha' in úsáid
sa taobh ó thuaidh den líne, ar ndóigh. An chéad sampla baineann sé leis an limistéar
ó thuaidh den líne an dara ceann leis an gcuid ó dheas.
Nuair a thagann grúpa de na línte seo
le chéile tugtar 'crios iseaghluaiseanna' air. Feictear go bhfuil crios mar sin
idir Ulaidh agus Connachta ar an léarscáil, rud a léiríonn go bhfuil an teorainn
theangeolaíoch ag teacht, cuid mhór, le teorainn an chúige.
Tá an rud céanna fíor faoin ngrúpa sin
de línte os cionn Chontae an Chláir agus féach líne 10, an áit a mbíodh an
difear idir na deirí san fhocal 'rugadh' (was born) 'rugú' ó thuaidh den líne
agus 'rugag' ó dheas. Tarlaíonn an t-athrú céanna le focail den sórt céanna go
minic. Bíonn difríochtaí comhréire nó ord na bhfocal ann chomh maith agus
leiríonn go bhfuil difríocht ag teacht ar an teanga de réir mar a bhogann tú ó
áit go háit.
Léiríonn 5 an áit a n-athraíonn 'ar an
chlaí' go 'ar an gclaí' ó dheas. Is féidir difear ó thaobh béime a fheiceáil
chomh maith in uimhir 9 áit a bhfuil an bhéim ar an '-ín' san fhocal cailín.
Tá an léarscáil seo bunaithe ar obair a
rinne teangeolaithe éagsúla i lár an chéid seo caite den chuid is mó. Tá eolas
ann as roinnt áiteanna nach raibh taifead fiú ar an nGaeilge a bhíodh á
labhairt iontu. Bhíothas in ann a dhéanamh amach ó na logainmneacha a fágadh
cén cruth a bhíodh ar an nGaeilge in áit faoi leith. Sa tslí seo is féidir
línte áirithe a leanúint chomh fada soir le BÁC. Ar an iomlán cabhraíonn a
leithéid seo linn tuiscint a fháil ar chanúintí agus mar a n-athraíonn siad ó
áit go háit, nach spéisiúil é!
- 'ao' in 'taobh' fuaimnithe cosúil le 'ú' ó thuaidh.
- 'cha' in áit 'ní'.
- Guta gearr anseo.
- An leagan seo ag na hUltaigh, anuas ar 'Cé leis a raibh tú ag caint?'
- Séimhiú in áit urú.
- Guta fada /o:/ in ionad défhoghair /au/ mar 'leabhar' mar 'leór'.
- Ó thuaidh 'am', 'ball', ach mar 'ám', 'báll' i nGaillimh.
- Ó thuaidh ainmfhocal 'moladh' mar 'molú', 'mola' ó dheas.
- Béim ar thosach an fhocail 'cailín', béim ar an dara siolla ó dheas.
- Rugadh - 'rugú',ó thuaidh, 'rugag' ó dheas.
- 'ao' i 'caoch' mar 'í' ó thuadh, mar 'é' ó dheas.
- D'imigh an 'mh' as 'cuimhin' ó dheas, 'is cuín liom'.
- Comhréir éagsúil anseo.
- Béim ar an '-ach' i bhfocail ó dheas.
- An guta in 'poill' mar 'í' ó dheas, défhoghar(dhá ghuta a fhuaimnítear mar shiolla amháin) suas go Gaillimh.
(Tá simpliú mór déanta ar an scéal i roinnt
cásanna anseo. Má tá eolas eile uait féach Atlas Teangeolaíochta Wagner.)
No comments:
Post a Comment