Cnuasach gearrscéalta é seo
a rianaíonn scéal ghrúpa de charachtair ghreannmhara óga atá in adharca le
húdaráis scoile, lena chéile agus lena saol féin. Cé gur gearrscéalta a thugtar
orthu agus a thugaimse, leis, tá tréithe áirithe den úrscéal ag roinnt leis an
gcnuasach seo chomh maith. Leanann snáithe áirithe ó scéalta isteach ina chéile
anseo is ansiúd agus bíonn na carachtair chéanna le feiceáil ó thús deireadh an
leabhair, i suímh éagsúla agus ó thráth go chéile.
Ar an gcéad léamh duit is
deacair aon téama faoi leith a bhrath air ach gur casadh nua ar scéalta faoin
gcineál saoil atá ag leaideanna atá ag freastal ar an scoil maille le daba mór
seanscéalaíochta agus ruainne beag fantaisíochta caite ar a mbarr. San iomlán
tá 16 scéal ann mar atá thíos. Athraíonn na carachtair róil agus na scéalta á
gcur dínn againn; uaireanta is an príomhcharachtar atá i gceist, uaireanta eile
níl i gceist le duine ach mioncharachtar.
Is cur chuige an-suimiúil
atá in úsáid do na gearrscéalta seo, agus is ceann é nár tháinig mé air
go dtí seo. Tá bearna mhór ann ó thaobh scéalta na Gaeilge nach bhfuil forbairt
mar seo déanta abhus fós. Cuirtear na carachtair inár láthair lena
leasainmneacha. Tá tábhacht ar leith ag baint leis na leasainmneacha sa
chnuasach seo agus go leor de na scéalta ainmnithe astu, go deimhin.
- Bàrdachd Mhurchaidh Bhig
- An Tocasaid
- Dòmhnall Iain
- A' Chliutag
- Am Bromaire Mòr
- 'Sport'
- Calum Iain Thormoid
- Cock of the Walk
- Na Brògan Donna
- Iain Geur
- Cailean Mi Fhìn
- Am Fear Nàimhdeil, Neimheil
- A' Tilleadh
- Turas Thormoid a Sgoil Steòrnabhaigh
- An Sleapan
- An Sleapan A-Rithist
An t-údar
Is as Nis i Leòdhas do
Dhonnchadh MacGilliosa. Rugadh ann é sa bhliain 1941 ach tá sé lonnaithe i
Londain le tamall de bhlianta.[1] Bhí sé mar mhac léinn in
Ollscoil Obar Dheathain agus bíonn sé ag plé le múinteoireacht agus
garraíodóireacht i Londain.
Tháinig an cnuasach seo
amach sa bhliain 2004, an leabhar a scríobh sé roimhe ná Thall 's A-Bhos
(1991), a raibh an-tóir air, is cosúil, ar leabhar é a scríobh sé in éineacht
lena leathbhádóir Leodhasach Calum Greum. Is aistriúcháin ar ghearrscéalta as
gach cearn den domhan a bhí sa leabhar seo. Is féidir gur thug an cur chuige
seo blaiseadh ar éagsúlacht gearrscéalta dó, mar is cinnte go bhfuil stíleanna
éagsúla á gcleachtadh aige anseo.
Tá Nis féin agus Leodhas le
sonrú go tréan ar an leabhar seo, sa Ghaeilge ann agus sna scéalta féin.
Na scéalta
Bàrdachd Mhurchaidh
Bhig
Tosaíonn cúrsaí le Bàrdachd
Mhurchaidh Bhig. Caitheann Tormod nó An Tocasaid, a bhfuil léamh agus scríobh
aige ó bhí sé trí bliana d'aois lá faoin dtor, ní fada an léimt go leithéidí
mhargadh muc Gharumna Uí Chonaire. Seo scéal simplí faoi dhaltaí scoile, ar nós
go leor de na scéalta sa chnuasach.
Tá deacracht ag Tormod leis
an scoil toisc a éasca atá. Carachtar ar leith is ea é agus mínítear dúinn mar
a scríobh sé a chéad leabhar The Social Life of the Starling gan ach dhá
bhliain déag aige. Is sampla é Tormod den rud normálta(an ginias scoile) a
bhfuil taithí againn ar fad orthu ach é éirithe dochreidte ar fad (ginias os
cionn cáich). Tá go leor samplaí den chineál seo ruda tríd síos. Castar orainn
Tormod cúpla babhta eile chomh maith agus is é is lárnaí ar fad ann is dócha.
Is éasca a shamhlú gur fíordhaoine iad seo ach de réir a chéile tuigtear dúinn
nach eachtraí fírinneacha amháin atá ag titim amach agus iad sa timpeall.
An Tocasaid
Sa dara scéal seo ar
Thormad, faightear amach conas mar a cumadh a ainm. Mar atá ráite, tá na
hainmneacha fíorthábhachtach sa chnuasach seo, rud a bhaineann le scitsifréine
ainmneolaíoch na nGael, seans. Daoine a mbíonn scata ainmneacha; cearta agus
pearsanta, oifigiúla is neamhoifigiúla, gaelacha agus gallda ag gach mac
máthair againn.
"Tormod Beag,
Tormod Beag againn fhìn,
Tormod Noraidh, Norman McLeod One, mac Thormaid 'Ain Tuirc, an donas beag ud,
am bastard na bids' ud, am balach gòrach,
an dòlas duin' ud... ...agus
a bhàrr orra sin uile,
quintisentially and perenially an Tocasaid agus Tocasaid 'Ain Tuirc."
(lch 18)
Cad a chuireann an liosta
seo i gcuimhne dom ach liostaí fada Titley? Is dóigh liom go bhfuil ceist á cur
tríd síos ar céard is ainm dúinn i bhfírinne agus leasainmeacha, ainmneacha
ceanna, masluithe agus eile in úsáid ag daoine éagsúla. Feictear anseo, chomh
maith, an códmheascadh ar mhaithe le grinn agus tugtar faoi deara gurb é an
reacaire atá á chleachtadh, rud nach bhfuil le feiceáil chomh minic sin i
litríocht na Gaeilge, seachas saothair Shéamais Mhic Annaidh, is féidir.
Titeann Tormod isteach i
hoigiséad atá ar chúl an halla spóirt agus greamaíonn an t-ainm de. I Nis beidh
cuimhne air go deo, deirtear linn, de thoisc an ruda neafaisigh seo. Deirtear
linn gur cailleadh a athair sa chogadh ar H.M.S.
Forfar a chuaigh go tóin poill sa bhliain 1940, is fiú a lua gur rud é seo
a tharla sa saol iarbhír. Scéal simplí atá anseo ach go bhfuil macallaí bróin sa
chúlra ann agus tuiscint ann leis. Tá an scríbhneoireacht breá ealaíonta agus
an chiall a bhain mise as ná go maireann cuimhne ar dhaoine ina ndiaidh go fiú
is más cuimhne nach bhfuil iomlán dílis don duine féin.
Castar orainn Tormod arís
sa scéal Cock of the Walk, áit a mbíonn imreas idir é is Am Pluicean,
ach ar deireadh is é Am Pluicean a obann an troid. Cuirtear scata scéalta
draíochtacha a insíonn seanmháthair Tormod leis inár láthair mar ghearrscéalta
iontu féin, an dá cheann seo a leanas ina measc.
Am Fear Nàimhdeil,
Neimheil
Dúisíonn bróga draíochta, coisbhirt
a bhfuil caint acu, an Sgeilbheag a rá go bhfuil duine ag bagairt air. Tagann
neach de chineál éigin agus bíonn ina chogadh dearg acu ar feadh i bhfad ach
tugann an Sgeilbheag na sála leis ar deireadh. Scéal simplí atá anseo atá ar
nós na seanscéalta, ceann a bhaineann úsáid as na trí fhocal chosúla a
thosaíonn ar an litir chéanna, is a bhaineann earraíocht as ruthaig anseo is
ansiúd, agus tá seantaithí againn ar a leithéid. Is scéal é atá go mór faoi
thionchar na scéalta dúchais.
'Duine dorch, balbh,
molach, molanach, mùdanach,
nach do rinn gàire
riamh'
Chuirfeadh sé liostaí an
Titlígh i gcuimhne duit athuair chomh maith. Scéal é seo nach dtarlaíonn an
oiread sin ann agus a bhaineann úsáid as múnlaí sean-aimseartha na
scéalaíochta. Ní dóigh liom go seasfadh sé leis féin mar scéal aonair, i
bhfírinne níl ann ach radharc de na scéalta faoi Sgeilbheag.
Iain Geur
Tosaíonn an chéad scéal
eile agus Sgeilbheag tinn tuirseach tar éis a ghreadta, feiceann fear ag teacht
faona dhéin. Ar nós go leor de na seanscéalta tá an tomhas ina chuid dhílis den
scéal seo. Mar is eol dúinn bhíodh an traidisiún béil an-tógtha leo. Feictear
iad i litríocht atá ábhar seanchaite anois, i roinnt de dhrámaí thús na
hAthbheochana agus i gcnuasaigh amhail an chinn le Seán Ó hEochaidh.
Tosaíonn na bróga ag
tabhairt cúnaimh do Sgeilbheag agus é ag iarraidh dúcheisteanna an fhir a
réiteach. Bíonn an bheirt acu ag sáraíocht ar a chéile sa tslí seo, cuireann an
Sgeilbheag ceann chuige ach tá an freagra ag Iain Geur cheana agus cuirtear
ceist eile air. Ar deireadh buaileann An Sgeilbheag ar aghaidh gan spéis a
bheith aige sa chluiche a thuilleadh agus leanann Iain Geur é ar an mbóthar ag
iarraidh é a mhealladh le tomhais níos fusa. Tugann sé aon tomhas amháin eile
do Sgeilbheag, an seancheann úd 'Ní trom leat é, ach tá sé ort mar sin féin'
tugann Sgeilbheag liodán de fhreagraí samplacha, an tart, an t-ocras, an
dithneas ach ar deireadh is a ainm atá ann. Ansin tugann Sgeilbheag s’againne
faoi deireadh nach raibh Iain Geur tar éis a ainm a iarraidh air nó an raibh
tart nó ocras air agus imíonn sé leis. Damnaíonn Iain é, mar a dhamnaigh gach
duine roimhe mar dhuine a bhí tiubh sa cheann. Agus sin sin.
A'Chliutag
Sa scéal brónach seo
dírítear ar a'Chliutag nach nglacfaí leis san arm, ach duine é a chaitheann go
cóir leis na buachaillí a bhfuil aithne á cur againn orthu de réir a chéile.
Mínítear dúinn faoin mbealach a mbíonn náire orthu nach bhfuil eolas maith acu
ar an mBéarla. Tosaíonn an rang agus an múinteoir féin ag gáire faoin mbealach
a fhuaimníonn sé 'demon' rud a chuirfeadh 'Fotters' Ghleann Easna
Sheáin Mhic Mhathúna i gcuimhne duit. Faightear amach ansin gur briseadh a'Chliutag
as a phost as buille a tharraingt ar shaoiste a bhíodh ag spochadh as
buachaillí na Gàidhlig, rud a nascann iad.
Fadhb shíoraí litríocht na
dteangacha mionlaithe áfach, róthrácht ar an teanga ina bhfuil sí á scríobh.
Déarfadh duine le dearcadh eile gur léiriú é seo ar an gcineál saoil a bhíonn ag an dream a
labhraíonn an teanga dhúchais i dtír a bhfuil an meon iarchóilíneach go tréan i
réim ann. Cuirtear an teachtaireacht trasna go cúramach mar sin féin agus níl
praeitseáil le brath air.
Turas Thormoid a
Sgoil Steòrnabhaigh
Sa scéal seo faightear
litir scoile ag gearán nach bhfuil an t-uasal McLeod ag freastal ar scoil, is
deir seanathair an bhuachalla go bhfuil sé in Éirinn. Tá sé, is cosúil, ag
scoil cheoil Willie Clancey, áit a bhfuil Séamus Ennis agus ceoltóirí eile agus
an-spraoi aige agus go leor á fhoghlaim aige.
Insíonn Willie Clancy féin le
Norman faoi shreangscéal a mhíníonn an drochnuacht dó. Cuireann seo muid ag
ceistiú ansin an bhfuil an scéal seo fíor in aon chor? Seo an cineál amhrais a
bhíonn i gceist le roinnt mhaith de na scéalta, ní féidir talamh slán a
dhéanamh de bhriathra an reacaire ná cinn na gcarachtar féin.
Nuair a fhilleann sé
beartaítear go mb'fhearr go rachadh sé chun na scoile i Steòrnabhagh ar feadh
tamaill, go dtabharfadh seo deis dó marcanna maithe a fháil sna scrúduithe.
Deir Tormod go rachaidh sé ar feadh seachtaine. Téann sé ann agus is deas leis
an áit gona shiopaí breátha agus radhairc úra agus mar sin de, ach tugann sé
faoi deara go bhfuil seanchancráin sa scoil a thugann léasadh agus leadradh do
pháistí bochta na scoile, rud nach raibh taithí aige féin air cheana.
Déantar cur síos ar chailín
beag gleoite ann a raibh gruaig uirthi "a bha mar an t-òr mas urrainear sin a ràdh mu dheidhinn tè à air an robh falt cho dubh, (lch
114) tá an scríbhneoireacht seo chomh deas sin go measaim go ngoidfidh mé é!
Bíonn sé ag pleidhcíocht ach ní bhíonn sé sásta glacadh le buillí, agus tosaíonn
ar rann maslach a rá faoin múinteoir a chuireann le ceangal é. Imíonn an
máistir ar lorg cabhrach agus deir cailín beag poimpéiseach leis go bhfuil rud
olc ceart déanta aige.
"that was very
wrong, very very wrong"
Ós duine síochánta é imíonn
leis, filleann abhaile ar an mbus agus filleann ar Choinneach a deir leis go
bhfuil cabhair uaidh ó tá mórán le déanamh. Is dócha go n-aithníonn sé nach
n-oireann an scoil dó faoin am seo.
An Sleapan A-Rithist
Tugann an scéal deireanach
seo Tormod agus Sleapan le chéile den chéad uair. Deirtear linn nach dtaitníonn
ach b'fhéidir triúr ar chlár na cruinne leis an Sleapan.
Tá na tréithe a bhí le
sonrú sna scéalta roimhe seo ar fad le brath sa scéal deiridh seo; an tuath
faoina cuid móna, an saol sa Ghàidhealtachd agus an dúchas, an Tocasaid go dána
in airde ar Chlach an Truiseil.
Feiceann an Sleapan rud
éigin ar bharr na cloiche móire airde seo agus téann ann le fiosracht. Thuas ar
an mórghallán seo, arís sinn nascatha leis an timpeallacht agus leis an dúchas,
tá carachtar eapainmneach an chnuasaigh. Taitníonn sé leis ar an gcéad amharc
agus seo mar a chastar an Tocasaid ar an Sleapan. Fásann cairdeas mór idir an
bheirt agus is iomaí uair iad ag taisteal chun a chéile. Agus seo ag tarlú
feictear beannachtaí sa chaint acu, agus léamha salm agus tionchar sin an
reiligiúin go tréan ar an leabhar arís.
Fágann deireadh an scéil,
agus an leabhair, muid le radharc den Sleapan in eaglais le solas á líonadh,
ansin dúisíonn sé agus déanann iarracht ciall a bhaint as a bhfuil feicthe
aige. Mar atá an leabhar ar fad, is idir an rud fíor agus rud aislingeach
atáimid agus tionchar an leabhair mhaith le brath arís anseo. An dánaíocht ón
údar atá ann nod do líne úd na mbuachaillí scoile "agus ansin dhúisigh mé,
ní raibh ann ach brionglóid, bhí mé déanach don scoil"? Tá an chríoch sa
scéal seo doiléir ach déanann sé na snáithe éagsúla as na scéalta ar fad a fhí
le chéile in aon taipéis amháin, dá dhoiléire é.
Ar an iomlán
Tugadh an-mholadh don
chnuasach seo.“Gaelic literature as it ought to be!” [2] Cé nach mbeinn inniúil
ar bhreith a thabhairt air sin i bhfianaise m'easpa eolais ar a litríocht trí
chéile is cinnte go n-aontóinn leis an méid seo “This writer displays the gifts
of a true storyteller”[3] Is scéalaí cumasach é
gan amhras ach is nós liom gan gearrscéalta a léamh in ord, seo an chéad uair
ar theip an cur chuige sin orm, bhí orm roinnt scéalta a athléamh nó léimt siar
le cinntiú go raibh an scéal agam i gceart. Caithfear a léamh ó thús go
deireadh.
Deirtear chomh maith go
bhfuil na scéalta " humorous, quirky and, above all, highly
entertaining."[4] Ní deacair gur i gcoinne
an imeartais ach ní hiad is spéisiúla liom toisc go mbítear ag plé le go leor
téamaí, suíomh agus cur chuige traidisiúnta a bhfuil seacht sram na seanaoise
orthu, go fiú is má tá leagan éigin nua ar chuid acu.
Dar le roinnt meabhraíonn
an ton aisteach scéalta ón traidisiún meascaithe le hábhar Beckett. Is deacair
liom glacadh leis an méid seo. Más aon rud bhí an leabhar foclach bríomhar agus
annamh go raibh loime Beckettúil ag roinnt leis.
Deirtear go bhfuil tionchar
na nGael agus na nUigingeach le brath ar na scéalta seo. Braitheann Aonghas
MacNeacail glórtha Uigingeacha "breathing and pulsing smartly through this
book." Is cinnte go bhfuil dúchas na nGael ann ach ní mór dom admháil nár
bhraitheas tionchar Lochlannach air. Is féidir gur locht ar an léitheoir seo a
bhí ann. Déanann MacNeacail trácht ar chisil ann agus tagairtí folaithe a
bheith sna scéalta chomh maith le tionchar an Bhíobla a bheith air. Tá sé sin
ann go cinnte, tá domhan ar leith cruthaithe anseo, agus é iomlán inchreidte.
Scéalta réadúla nó
leathréadúla an mhórchuid acu go mbuailtear linn an tsraith nach bhfuil san
fhíordhomhan beag ná mór, is iad sin; Na Brògan Donna, Iain Geur, Cailean Mi
Fhìn, Am Fear Nàimhdeil, Neimheil, A' Tilleadh.
Ó am go chéile bhraitheas
go raibh roinnt de na carachtair gan fód, na cinn a bhí sáite sa traidisiún ach
go háirithe, mar a bheifeá ag súil seans. Roinnt eile fós is carachtair iad a
bhfuil taithí againn orthu cheana agus níor cuireadh an oiread sin leo,
carachtair éagsúla an ranga a bhí i ngach rang ó tosaíodh ar scoileanna.
Tá filíocht ann cinnte agus
cuimsíonn seo rannta áille mórchúiseacha go rannta beaga seafóide a spochann as
daoine. Tugann sé le fios gur rud iomlán nádúrtha é a bheith tógtha leis an
bhfilíocht agus go mbeadh ról aige sa saol laethúil. Tá bleaisteanna filíochta
ó thús deireadh agus í ina dlúthchuid d'eachtraí agus d'atmaisféar an leabhair.
Tugann na dánta le fios go bhfuil na carachtair fréamhaithe sa dúchas, is go
bhfuil diabhlaíocht agus dánacht ag baint leo. Tá rud eile ann chomh maith
áfach. Cé gur maith liom an fhilíocht agus go gcuireann sé leis an leabhar ar
an iomlán is deacair liom an rian den rómhaoithneachas agus den rómhistéiriú ar
Ghaeil agus ar Ghaeilgí, a bhaineann leis seo. An rud nach maith liom ná go
mb'fhéidir go bhfuiltear ag tabhairt le fios go bhfuil tuiscint ar leith agus
thar na bearta ag Gaeil toisc gur filí mistéireacha de chuid an cheo iad, agus
ní dócha go bhfuil seo níos fíre ná mar a bheadh i gcás teanga ar bith.
Insítear na scéalta mar a
bheadh scéal á reic, beagán neamhfhoirimiúil ó thráth go chéile, píosaí beaga
Béarla anseo is ansiúd[5], ar son an ghrinn go
minic, agus le ruthaig scéalaíochta i roinnt áirithe acu.
Deirtear linn go bhfuil Gàidhlig
Leòdhais le braith ar leithéidí bhoill' (lch. 45), 'doras a' bhùird-isein'
(lch. 47), 'chan urra dhòmhs' a ràdh' (p. 118), 'cha robh 'n còrr ac' air
fhaicinn' (lch. 61), 'cleachdt'' (p. 61), [6] agus is cinnte go bhfuil
canúint i bhfeidhm sa chaint agus go leor focal litrithe i mbealach ar leith ar
fud an bhaill.
Tá an comhphobal tuaithe le
brath go mór ar na scéalta seo, a bhfuil níos mó ná leathchosúlacht aige leis
na comhphobail thuaithe agus imeallacha a bhfuil taithí againn orthu i saothair
Uí Chadhain, Uí Conaire, Mháire agus eile.
Ní luaitear go sonrach, ar
feadh m'eolais, na tréimhsí lena mbaineann na scéalta ach braitear orthu gur
dtiteann siad amach thart ar an am a raibh an t-údar ar aois scoile. Luaitear
H.M.S. Forfar a bádh sa bhliain 1940. Déanaim amach ar an gcaoi sin gur scéalta
iad a fhaigheann a gcuid tinfidh ó chuimhní scoile MhicGilliosa. Déantar neartú
ar an tuairim seo leis na noda sochtheangeolaíocha, staire, agus cur chuige
múinteoireachta atá le feiscint atá iontu.
Tá fantaisíocht ann leis,
agus draíocht, mar atá sna scéalta dúchais Gaeilge cé go mb'fhéidir go bhfuil
an cur síos anseo níos giorra don réalachas draíochtúil ná draíocht an
bhéaloidis, ó am go chéile.
Tá rian éigin de Just
William agus de shoineantacht Lake Wobegon Gharrison Keillor ar na
scéalta scoile chomh maith. Tá na carachtair ar fad beagán méadaithe, beagan as
alt agus beagán corr.
Ar
an iomlán is cnuasach fíorshuimiúil é seo a bhriseann múnla na ngearrscéalta
traidisiúnta trí rith isteach ina chéile go mór, é dea-scríofa, le carachtair
shuimiúla shamhlaíocha ó scéal go chéile, agus tá an greann caolchúiseach ina
orlaí tríd. Dúradh cheana go raibh againn anseo "a splendid storyteller,
fluent, celebratory, accomplished." An bua is mó a bhraithim air ar fad ná
an léargas úr, an blas aisteach ar an rud a bhfuil seantaithí againn air agus
sin is mó a fhanann liom i ndiaidh a léite.
Foinsí
[1] http://www.scottisharts.org.uk/1/artsinscotland/gaelic/bookofthemonth/archive/tocasaidaintuirc.aspx
No comments:
Post a Comment