Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Monday 14 December 2015

Inimirce agus teifigh san Eoraip

Tá an dá thaobh ar an mbád agus an dá thaobh ar an scéal leis.

Dá gcreidfeá lucht na heite deise bheadh i do chroí istigh gur slua gioblach de Mhoslamaigh chraosacha gan mhaith a alpfaidh siar thú i do chodladh Críostúil duit atá ar nuachtáin na hEorpa le seachtainí. Os a choinne sin dá bhfíorófaí focail na heite clé boige bogásaí chreidfeá gur truán bocht gach teifeach nach féidir déanamh gan liobrálaigh an Iarthair a bheith ag cur a mbundún dearg amach ag cabhrú leis agus gur chóir do gach duine eile ar domhan teacht abhus agus cur fúthu linne, ar an tolg sa seomraí suí, tuigeann tú.

An chéad dream acu sin ní smaoineoidh siad meandar ar na teaghlaigh atá i mbaol báis agus atá faoi anró is chruatan. An dream eile ní luafaidh siad ar ndóigh gurbh é deireadh an bheartais chéanna, dá dtabharfaí é chun críche ar fad é, go lonnófaí an uile mhac máthar de thíortha iomlána ón Afraic, cuid mhór den Áis, agus áiteanna eile nach iad anseo san Eoraip. Rud nach mbeadh chun ár leasa, ná a leas siúd acu oiread.

Is dána an té, agus is fuar an croí chuile sheans, nach ndeachaigh pictiúr ríbhrónach Alan Kurdi, é báite, bídeach, bithleochaileach, i bhfeidhm air. Mar sin féin nach i dtosach na haicíde is fusa a leigheas, agus nach i mball na haicíde leis? Ní fiú míochaine dá fheabhas mura bhfeidhmíonn sé ar chúis an angair. Cloisim ansin gurbh fhearr an uile phingin a chaithfear ag cur caoi ar chórais na dtíortha as a bhfuil na truáin seo ag teitheadh, ná cent rua anseo. Nach bhfágfadh sin go mbáfar is go mbascfar is go mbrisfear idir an dá linn iad siúd atá tar éis triail orainn as tíortha i bhfad i gcéin?

Cuimhnigh leis gurb iad seo lucht rachmais a dtíortha féin, cuid mhór, daoine a raibh de ghus agus de ghustal acu sleamhnú thar teorainn amach. Fágann sin gur fágadh ina ndiaidh daoine níos anróití arís. Titeann an dualgas orainn mar sin dul i ngleic le bunfhadhbanna na dtíortha sin, cobhsaíocht pholaitiúil a chur sa treis, cinnteacht soláthar bia agus dí agus mar sin de.

D’fhógair an rialtas in Éirinn go gcuirfí slí ar fáil do 4,000 duine agus is cosúil go mbeidh buiséad ar leith ag dul leis an líon seo ach mar is eol dúinn is fusa go mór briathar ó bhéal ná lámh as póca. Tá a fhios sin go dóite ag éinne a fhaireann lucht ceannais a deir ar leibhéal íseal éigin na síceolaíochta nach cuma má bheidh dearmad déanta ar Alan Kurdi beag nuair a thitfidh amach i gceann trí bliana nár cuireadh ach a leath den tsuim a gealladh ar fáil. Tharla cheana.

Cá bhfuil an fhírinne más ea agus cá bhfuil an freagra deas tomhaiste críochnúil? Ní hann dó ar an drochuair, amhail gach rud a chuirtear faoi shúil an mhiondearcáin; tá cúrsaí níos casta ná mar a shíltear. Is eagal le daoine a aithint go minic gur áit éigin sa lár atá an fhírinne, áit éigin idir seafóid na heite deise faisistí agus ráiméis na heite clé is amaidí. Dá dtógfaí gach duine isteach a mbeadh bheith istigh uathu, chuirfí sinn féin amach faoin doirteadh. Ar an taobh eile den scéal bhainfí cuid dár ndínit mar dhaoine daonna mura ndéanfaimid iarracht cuid mhór níos mó ar son an dreama sin atá tar éis an oiread sin cogaíochta agus cos ar bolg agus scrios ar chathracha agus sceon ar chlanna a sheasamh. Mar sin glactar le go leor acu ach réitigh an bhunfhadhb thall.

Amhail an báidín atá ag treabhadh na dtonn go tréan thall chuig oileán iathghlas seo na naomh is fearr a bheith ina lár istigh ná ag aon cheann dá dhá fhoirceann. Is lú seans titim i bhfarraige uaidh seo. Seachain a ghob is fainic an tsuíóg. Is socra go mór anseo é ina chorplár istigh. Buail fút.


No comments:

Post a Comment