Seo na rudaí nár éirigh leo éalú ó m'fhillteán dréachtaí, agus cúpla rud fánach eile le cois...

Eoin P. Ó Murchú ag caint i gceanncheathrú Twitter faoi na meáin shóisialta agus an Ghaeilge.

Wednesday 27 June 2018

Raidió Ráiméis 1 RnaL

(Táimid chun seansceitsí de chuid Raidió Ráiméis a fhoilsiú anseo. Seans go gcuirfear suim iontu nó gur féidir úsáid éigin a bhaint astu. Is féidir gur craoladh leaganacha de na sceitsí seo ar Raidió na Life nó ar Raidió na Gaeltachta cheana)

 Daithí 1: Fáilte isteach go Daithí agus Daithí liomsa Daithí

Daithí 2: agus Daithí
Daithí 1: Agus anois chuig an nuacht - tá one direction ag caint ar bhriseadh suas, aw deirtear go bhfuil Rhianna ag súil amach le himreoir cispheile, boing boing agus tá an nasdaq trí phointe chun tosaigh! Yay!
Daithí 2: Is é nasdaq an rapper is fearr liom!
Daithí 1: Anseo beo ar Raidió Ráiméis bímid ag seinm na cnaga ar fad, agus anois beo, gan aon bhriseadh trí chnag as a chéile!
[cnag cnag cnag]
Daithí 2: Haha rinneamar jóc,
Daithí 1: Rinneamar jóc, Gheobhaimid bónas!
Daithí 2: Gheobhaimid bia, ta súil agam!
Daithí 1: Ar aon nós ar ais go dtí an ceol beo, ar an gclár beo seo, ar an aer beo go deo
Guthú: Is athchraoladh é an clár seo a bhfuil sibh ag éisteacht leis, craolfar arís amárach agus gach lá é

Ashley Madison
Guthú: An lá deireanach ag Joe McHugh, Aire na Gaeltachta ar an gcúrsa Gaeilge ag Oideas Gael ag Gleann Cholm Cille, faigheann Joe cuairteoir speisialta.

(fuaimeanna na trá)
Joe - smugairle róin, griangraifeadóir, táim ar aistear teanga ar an trá
Enda: Joe, éirigh as an tseafóid agus tar anseo chugam
Joe: ah Enda, a Thaoisigh, tá tusa ar an gcúrsa Gaeilge chomh maith!
Enda:  Aon rud le héalú ón bpáirtnéir. Táim cráite aici. Ceapann sí gurb í atá ag caitheamh na treabhséar. Teastaíonn pairtnéir nua uaim.
Joe: Ah tuigim a Thaoisigh is mar sin a bhíonn siad ar fad. Ar chuala tú faoi Ashley Madison - is suíomh idirlín atá dóibh sin atá ag iarraidh páirtnéir nua a fháil, agus pairtnéir eile acu cheana féin.
Enda: Ash-ley Madison an ea? Sin díreach an cineál suímh atá uaim, maith an fear Joe. Agus an bhfuil mórán páirtnéirí le fáil air?
Joe: oh tá Enda, agus gach cineál na laethanta seo Enda. Seanpháirtnéirí, pairtnéirí óga
Enda: Páirtnéirí óga, b’fhéidir go mbeadh Lucinda ar an suíomh, sin díreach an rud atá uaim. Duine a thuigeann mo mhianta agus conas na cnaipí cearta a bhrú.
Joe: Táim cinnte gur fhoghlaim sí go leor thall san Eoraip ach ní raibh fhios agam gur mhothaigh tú mar sin faoi Lucinda
Enda: ní chuirfinn éinne as an áireamh Joe.
Joe: Óicé a Thaoisigh
Enda: Maith dom an chaint shalach dána, agus is idir an bheirt againn a méid seo - An mbeadh Mícheál Martin ar an suíomh seo meas tú?
Joe: Ó a Thaoisigh, thuig mé go raibh tú i Panti Bar, ach níor thuigeas gur ag lorg grá a bhí tú.
Enda: Ha? Níl aon bhaint ag grá leis Joe, is páirtnéir rialtais atá uaim.
Joe: aaaaaaaaaaaaaaa…istear
DJ St3V

DJ ag bainis, ag seinm tiúnacha damhsa an-trom, íslíonn an ceol le gur féidir leis caint
DJ: Líonaigí an t-urlár damhsa don banger seo, mashup idir Skrillex agus deadmaus. Mothaigí an bass, mothaigí an ceol, agus bainigí an focain díon den teach seo!
Athair cúthail: Gabh mo leithscéal Stephen?

Dj: Eh, DJ St3V!

Athair: Bhuel, ya, an bhféadfaimis an t-amhrán sin a sheinm do Shíofra anois?
Dj: Ugh, Jesus, i lár Skrillex?
Athair: Bhuel, ya,
DJ: Ok, ok….   Bhuel tuigimid ar fad an fáth go bhfuilimid anseo, cóisir Síofra atá 12 inniu. Lá breithe sona duit Síofra, seo banger eile duit Lá Breithe Sona Duit, an remix.
[Tosaíonn Lá Breithe sona]

Tá mé Gaeilge
Agallóir: Inniu ar Tá Mé Gaeilge, táimid plé ceist mór - géarchéim iminimirce in san Eoraip Tá mé caint le Stiofán.
Stiofán, an bhfuil iminimirce Afghanistan?
An bhfuil Siria inimirce?
Tá,
Cén fáth?
Ehhh Mar tá an ghrian ag scoilt na gcloch agus isis ag scoilt na gach rud.
An bhfuil imirce Éire?
Tá.
An bhfuil imirce Éire go maith?
Níl,
Cén fáth?
Mar go tobann, níl me postanna.

3 comments:

  1. This comment has been removed by a blog administrator.

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by a blog administrator.

    ReplyDelete
  3. This comment has been removed by a blog administrator.

    ReplyDelete