Is maith liom an aimsir bhreá. Ráiteas deas díreach. Is maith leis an mórchuid againn teas na gréine ar ár gcraiceann mílítheach agus is maith linn uile gan a bheith plúchta ag cótaí, scaifeanna agus hataí.
Tá rudaí i bhfad níos tábhachtaí ná do shócúlacht féin i gceist chomh maith, imríonn an drochaimsir tionchar ar an bpobal i gcoitinne, cuireann sé strus agus murtall féin orainn, cinntíonn sé nach dtaithíonn an pobal áiteanna oscailte sóisialta agus fágann nach bhfuil cultúr againn a bhaineann an leas is fearr as an domhan timpeall orainn agus go bhfuilimid uile, dubh, bán agus riabhach, nach mór, gafa le pórtar, puins is prosecco. Fóill ort a chloisim.
Is mithid dom rá ar an gcéad dul síos gur maith liom aimsir na hÉireann trí chéile. Cé go bhfeicfidh tú spéirlingí agus stoirmeacha agus anfaí agus hairicíní ag síobadh leo fud fad an domhain mhóir is annamh mórán de ghaoth againn abhus. I bhfírinne is leoithní boga a shéideann anseo de ghnáth cé is moite den bhleaisteáil is den bhatráil a tharla Oíche na Gaoithe Móire. Agus féach nach bhfuil ann ach í, agus i bhfad siar atá anois. I bhfírinne tír shéimh í Éire ó thaobh na haimsire trí chéile, cineál de Chinnín Óir, gan a bheith róthe ná rófhuar, sa lár, díreach i gceart.
Rinne an t-iar-Aire Dlí agus Cirt iarracht cultúr na gcaiféanna oíche a bhunú in Éirinn tráth den saol. Na háiteanna sin a suíonn tú ar an tsráid ag breathnú na ndaoine ag dul thar bráid. Theip air agus bhí an teip úd i ndán dóibh riamh. Teip scun scan, cé gur smaoineamh le dealramh a bhí ann. Tuige? Drochaimsir a deirim. Drochaimsir a deir tú go caidéiseach, eachtraigh dom! Bheul, féach, níl ach tréimhse ghairid den bhliain againn go mbeifeá ar do chompord i do shuí duit taobh amuigh de phub nó caifé ag diúgaireacht leat agus ag tarraingt ar ghal. I ngeall air sin ní chuireann na caiféanna troscán sráide ar fáil. Más rud é go bhfuil tú istigh i gcaifé nárbh fhearr a bheith i bpub. Seo linn thall go Tigh Neachtain a bhuachaill!
Tá rian den rud céanna le feiceáil agus bunáite an phobail, agus liosta le háireamh alt ar Waterford Whispers, ag gearán faoi na daltaí Spáinneacha a dhéanann ionradh an tsamhraidh ar an tír seo. Suíonn siad thall is abhus gan cíos, cás ná cathú orthu, shuífidís i scabhat sa dorchacht, nó clais thaobh an bhóthair fiú amháin. Tuige? Toisc go bhfuil siad taithíoch ar an aimsir a bheith deas agus dá bhrí sin sóisialú a dhéanamh ar áiteanna oscailte poiblí. Má fheiceann tú Gael sa chlaí tuigeann tú gur caitheadh amach as tacsaí é agus go bhfuil aiseag leis ina shlaoda, an fear bocht. I bhfad uainn an dea-aimsir.
Luíonn neamhord mothachtála de dheasca solais go trom ar roinnt againn agus is i ndúluachair na bliana is mó a ghoilleann sé ar dhaoine dólásacha. Ceann de na bealaí leis an neamhord seo a leigheas ná teiripe solais a thabhairt do lucht an dolais nó lucht an dóláis (más ceadmhach sin a bhaisteadh orthu), míochaine bhreá éifeachtúil. Dar le hanailís a rinneadh ar cheistneoirí féintuarascála bíonn tionchar ag teocht, gaofaireacht agus solas gréine ar ghiúmar diúltach i measc an phobail.
Suimiúil go maith tá comhghaolmhaireacht an-ghar ag an teocht leis an bhforéigean. Do gach diall caighdeánach ón mbunteocht ardaíonn na cásanna de choimhlint idir grúpaí suas le 14%. An cuma linn ar fad go bhfuil teocht an domhain ag ardú as éadan agus gach súil go mbeidh sé chomh hard le dhá dhiall ón mbunteocht mar sin? Má thagann póilín ort agus duine sínte i gcrólinn os do chomhair amach, miodóg fhuilteach sa láimh agat, cad a déarfaidh tú feasta ach 'An teas mór a rinne é a gharda!'
Hormón stéaróideach atá sa chortasól a chuidíonn le frithsheasamh na colainne i gcoinne struis fhisiciúil nó shíceolaíoch. Ach tá sé fealltach mar sin féin. Cabhraíonn sé linn dúiseacht agus dul a chodladh(agus é ar lár). Tá an-nasc idir é agus an dúlagar. Ar na saolta seo tá fadhb mhór le róspreagadh córtasóil. Má tá tú i dtimpeallachtaí a bhfuil an-iomad solais iontu, mar a bhíonn go mion minic sa chuid seo den domhan is baol duit é. Tá léirithe ag taighdeoirí go bhfuil nasc idir uileláithreacht an tsolais agus fadhb na hotrachta.
Seans go nglanfaidh an iarmhairt cheaptha teasa mar a bhí agus an téamh domhanda mar atá an scór dúinn daoine. Is é is dóichí a thiocfadh dá bharr, áfach, ná tuilleadh rudaí a mharóidh sinn, a chuirfidh as dúinn agus a scriosfaidh an saol orainn. Nach mise atá éirithe cantalach deilgneach tráthnóna.
Mar mhíniú, bhí samhradh an-fhliuch in Éirinn agam agus chaitheas seachtain saoire ar Eilean Sgitheanach 'an Cheo' in Albain. Ansin féin ar éigean samhradh beag na féile Michíl againn abhus. Seans gur leor sin mar chúis mé bheith i mo chancrán. É sin agus sceana gréasaí ón spéir anuas inniu a thug fliuchadh dom idir threabhsar agus T-léine. Is maith liom an aimsir bhreá agus nára fada uainn í!
No comments:
Post a Comment